Panu Höglund a chuir an leathanach seo ar fáil duit.
B'ins an Éigipt a thoisigh an athbheochan chultúrtha, nuair a tháinig Muhamad Ailí i gcumhacht ansin i dtús na naoú haoise déag. Fear neamhspleách éirimiúil a bhí ann a rialaíodh a thír gan a chloigeann a bhuaireamh le cibé ordú a gheobhadh sé ó Shabhdán na Tuirce, siúd is go rabh sé ina ghéillsineach don tSabhdán go foirmiúil. Theastaigh ó Mhuhamad a thír a fhorbairt agus a thabhairt i gcrann, agus an t-oideachas ar ceann de na clocha ba mhó ar a phaidrín - siúd is go mb'é an t-arm a phríomhchúram: b'fhéidir go rabh eagla air roimh ionsaí ón Tuirc. Bhunaigh sé clólann le saothair chlasaiceacha Araibise a athfhoilsiú, agus chuir sé tús leis an chéad nuachtán sa teanga. Chuir sé freisin dornán mac léinn ag foghlaim teangacha an Iarthair i bPáras, agus nuair a tháinig siad ar ais, chrom siad ar litríocht agus smaoiteachas na hEorpa a aistriú go hAraibis.
Lárionad eile a bhí i mBeirut ins an Liobáin. Ós rud é gur Críostaithe atá i gcuid mhór de mhuintir dhúchasach na tíre sin, bhí intleachtóirí na Liobáine ní b'fhoscailte do thionchar an Iarthair ná an chuid eile de na hArabaigh. Scríbhneoirí Críostaí ón Liobáin a chuir tús le traidisiún na húrscéalaíochta Araibise, mar sin.
B'é Júirjí (nó Seoirse) Zaigheadán an chéad duine acu seo. Ar nós go leor intleachtóirí eile, d'aistrigh sé ón Liobáin go dtí an Éigipt chun leas a bhaint as an mheon agus as an atmaisféar chaoinfhuilsteanach a bhí cruthaithe thall ansin ag athbheochan Mhuhamad Ailí. (Is gádh a chuimhneamh nach daoiní comhaimseartha a bhí iontu; nó rugadh Zaigheadán sa bhliain 1861, agus Ailí trí bliana déag ag iompar na bhfód cheana féin.) Scríobhadh Zaigheadán úrscéalta stairiúla: siúd is nach bhfuil mórán fiúntais iontu do léitheoirí an lae inniu, agus an dóigh ar chum sé iad go géar gasta ceann i ndiaidh a chéile gan mórán marana a dhéanamh ar an tslacht ná ar an tsnoiteacht liteartha, bhí an-ghail orthu ag lucht comhaimsire an údair. Thug Zaigheadán spreagadh do scoil iomlán úrscéalaithe.
Ins na Stáit Aontaithe a chuaigh scríbhneoirí na scoile seo i mbun pinn an chéad uair, áit a rabh siad ar imirce le theacht slán ar shrianta polaitíochta a dtíre féin. Críostaithe ón Liobáin a bhí iontu, nó ins an chuid ba mhó acu, cosúil le Zaigheadán: b'iad Kahlil Gibran (Jiobrán Chailíl Jiobrán) agus Mícheál Naimy (nó Míocha'éil Nú'aidheamá) an bheirt ba tábhachtaí de na scríbhneoirí seo. Scríobhadh Gibran as Béarla agus as Araibis, agus é ag cardáil téamaí Críostaí nó ábhair mhisticiúla reiligiúnda ar bhealach a tharraing súil na mílte léitheoirí Iartharacha ar a chuid saothar - ar a chuid saothair Bhéarla thar aon rud eile, ar ndóighe. Fuair Gibran bás sa bhliain 1931, agus tháinig scabadh ar an scoil scríbhneoirí ansin; ach cibé scéal é, bhí an-tionchar acu ar an tsaol liteartha ins na tíortha Arabacha féin.
Fán am chéadna, bhí filí an nua-Chlasaiceachais ar nós Ahmad Seabhaqaí ón Éigipt agus an tIarácach Ma'ruf al Rúsaifí ag pilleadh siar go bun ar thraidisiún na seanfhilíochta; náisiúntóir Arabach a bhí i Seabhaqaí, ach b'fhearr le Rúsaifí éagóir na sochaí a lochtú ina chuid scríbhinní. Ina dhiaidh sin, tháinig an nua-aoiseachas féin isteach, nuair a bhunaigh Ahmad Zaicí Abú Seaidí Cumann Apolló ins an Éigipt sna tríochaidí.
Is é Ailí Ahmad Sa'íd - "Adonis" - an file is mó le rádh dá bhfuil ag cumadh dánta as Araibis inniu: tarraingíonn sé ar thobar an tSúfachais, nó misteachas agus rúndiamhróireach reiligiúnda an Ioslaim, ach níl a leithéid róthipiciúil ag na filí Araibise lenár linn: an náisiúnachas agus an Marxachas a bíos ag saighdeadh an chuid is mó de na filí tábhachtacha Araibise, agus iad go mór faoi thionchar na bhfilí Iartharacha.
Maidir le forbairt an úrscéil ins na tíortha Arabacha féin, i ndiaidh Zaigheadán agus Gibran, caithfidh muid Taha Husain a lua roimh aon duine eile. Fuair Taha Husain bás sa bhliain 1973 i ndiaidh cion fir, nó cion cupla fear, a dhéanamh ag tabhairt chultúr a thíre i gcrann: is féidir a mhaíomh nárbh é an prós cruthaitheach an chuid ba mhó de shaothar a shaoil. Mar sin féin, níl aon chaill ar a chuid saothar liteartha. Scríobh sé úrscéal dírbheathaisnéisiúil agus díolaim ghearrscéalta a bhí bunaithe ar shaol an Fháidhe, Muhamad.
Ar ndóighe, ní mór tagairt a dhéanamh do Naguib Mahfouz (Najíb Mahfúz) a bhain amach Duais Nobel sa bhliain 1988. Rugadh an scríbhneoir bisiúil seo sa bhliain 1911. Ar tús, scríobh sé cupla úrscéal stairiúil, ach ansin chrom sé ar na scéalta móra a chumadh a thabhaigh a chliú dó: cur síos réadúil coscarthach atá iontu ar shaol na mbocht i gCaireo. Sna seascaidí a chuaigh sé a scríobh leabhartha nua-aimseartha fá chruachás phearsanta an duine aonair, úrscéalta a rabh blas an nua-aoiseachais Iartharaigh go mór orthu.
Scríbhneoir tábhachtach eile a bhí in Emil Habibi a fuair bás sa bhliain 1996. Palaistíneach a bhí ann a ghlac le saoránacht Iosraeil, rud a d'fhág go rabh meas an tréigtheora ag cuid mhór dá mhuintir féin air. Is cosúil go rabh sé inbharúla go mb'fhearr do na Palaistínigh leas a bhaint as córas daonlathach Iosraeil lena gcás a fheabhsú ná a saol a chur amú ag troid go héadóchasach in éadan na muilte gaoithe. Cibé scéal é, chaith Habibi fiche bliain ina Fheisire i bpairlimint Iosraeil, knesset, agus é ina bhall de Pháirtí Chumannach Iosraeil (!). Is é an t-úrscéal fán "duarcán dea-dhóchasach" udaí Sa'íd Abú al Nahs (The Pess-Optimist a thug an t-aistritheoir Béarla ar an leabhar - An Dóigh Aistíoch a dTeachaigh Ceal i Sa'íd Abú al Nahs, Fear na nIlcheisteanna an teideal Araibise) ba mhó a thabhaigh cliú agus cáil do Habibi. Úrscéal greanntraigéideach fá ghéarchéim an MheánOirthir atá ann.
Ar ndóighe, siúd is go gcreideann cuid mhaith de bhunadh na hEorpa nach bhfuil ins na mná Arabacha ach sclábhaithe baile ag caitheamh bráillíní, tá mná ag scríobh leabhartha as Araibis le fada. Cha dtáinig na hArabaigh glan ar mhúscailt mhór na mban sa naoú haois déag. B'í Bharda al Ghiázaijí an chéad scríbhneoir mná i stair na nua-litríochta Araibise: d'fhoilsigh sí díolaim dánta sna míle ocht gcéad seascaidí. Fuair mná na Liobáine spreagadh ón dóigh a rabh fir dá gcomhdhúchas, ar nós Gibran, ag cur sracadh nua i litríocht na hAraibise.
B'í Maigh Zígheád a bhí ina príomhcheangal eadar Kahlil Gibran agus na mná liteartha ins an Liobáin, nó bhí sise agus Gibran ag seoladh litreacha chuig a chéile ar feadh i bhfad. Tháinig sraith iomlán de leabhartha beathaisnéise ó pheann Zígheád, agus í ag tabhairt cuntas ar shaol na gceannródaithe a chuir bun le gluaiseacht na mban ins na tíortha Arabacha.
Is iad Emily Nasrallah, Ghada al Samman agus Laidheala al Ba'albaicí na banúdair is tábhachtaí dá maireann i mBeirut inniu. Saolaíodh an triúr acu thart ar an bhliain 1940, agus iad ag iarraidh mná na Liobáine a shaigheadadh chun troda ar son a gcúise.
Mar is eol dúinn, tá gluaiseacht na mban an-láidir ins an Éigipt fosta, agus cáil eadarnáisiúnta bainte amach ag an scríbhneoir fheimíneach udaí Nabhal al Sa'dabhaí thar aon mhnaoi Arabaigh eile sna tíortha Iartharacha féin.
Siúd is go bhfuil an Araibis ar a eanléim aríst ina teanga liteartha chultúrtha inniu, is iomaí fadhb a chuireanns cúl ar na scríbhneoirí Araibise ina gcuid oibre. Ar ndóighe, tíortha neamhfhorbartha iad na tíortha Arabacha, agus iad go mór faoi shlabhraí na héagóra agus na holagarcachta. Siúd is go saothraíonn cuid mhór de na tíortha seo an-airgead ar an artola, ní bhíonn mórán den éadáil sin ar fáil do na sluaite bochta. An Sóisialachas a bhí ag gealladh nua-aoisiú agus athbheochan an tsaoil Arabaigh, lá, faoi bhrat na saoltachta, tá sé ag trá is ag tréigbheáilt le roinnt mhaith blianta anuas, agus an bunchreidmheachas biogóideach ag teacht ina leaba. Ní dream iad lucht seo an ghlanIoslamachais a bheadh ró-fhabhrach don litríocht shaolta, ar ndóighe.
Is toradh don chruachás é fosta ná go bhfuil na daoiní in anás scolaíochta, agus iad dall ar an teanga scríofa; ní maolú é ar an fhadhb ach an oiread go bhfuil an teanga scríofa bunaithe ar chaighdeán a rabh blas na seanársaíochta air le linn an Fháidhe féin. Thairis sin, ní bhíonn lucht rialtais na dtíortha Arabacha róchlaonta chun daonlathais ná ródhoirte do na scríbhneoirí a bíos ag fáil locht ar an tsochaí agus ag déanamh a ngearáin fán éagóir agus fán leatrom a tchí siad ina dtimpeall. Mar sin, is iomaí leabhar a cuireadh faoi chois agus a coinníodh le láimh láidir ó na léitheoirí; agus is iomaí scríbhneoir a chaith téarma fada i dtóin phríosúin.