Panu Höglund a chuir an leathanach seo ar fáil duit.

An Chatalóinis - El Català

Sa lá atá inniu ann féin is iomaí duine a shíleanns nach bhfuil ins an Chatalóinis ach canúint Spáinnise, ach an té a chaithfeas corrshúil ar an dá theanga i gcomparáid le chéile, nó cluais a thabhairt dófa á labhairt, ní mór dó a aidmheáilt gur minic don Chatalóinis bheith níos cóngaraí don Fhraincis agus don Iodáilis ná don Spáinnis, rud is éascaidh a aithne ar bhriathra ar nós menjar (Fr. manger, Sp. comer) "ithe" (menjar, manger < manducare na Laidine, "mungailt"; con-edere "ithe le chéile" is bunús don fhocal Spáinnise); parlar "labhairt, canadh" (Fr. parler, Sp. hablar, platicar, charlar); trobar "aimsiú, fionnadh, fáil, teacht ar rud" (Fr. trouver, Sp. encontrar); fer "déanamh" (Fr. faire, Sp. hacer). Thairis sin, is féidir saintréithre a fháil ins an Chatalóinis nach bhfuil i bpáirt aici le teangacha eile, go h-áithrid an úsáid a bhaintear as an bhriathar anar "dul" le haimsir chaite an bhriathair a chur in iúl go timchainteach: tá an úsáid seo bun os cionn ar fad leis an Spáinnis, mar shampla, nó nuair a deir an Spáinneach voy a comer ("théid mé a dh'ithe"), is é is brí leis ná "íosfaidh mé"; ach nuair a deir an Catalóineach vaig menjar, ciallaíonn sé "d'ith mé"!

Siúd is gur teanga ar leith í an Chatalóinis de réir chosúlachta, níor bhain lucht a labhartha a gcearta teanga amach roimh na seachtóidí den fhíchiú haois. Áirítear gurbh é an cogadh fá ríchomharbacht na Spáinne i dtús na hochtú haoise déag ba phríomhábhar leis an leatrom a h-imríodh ar an Chatalóinis i saol phoiblí na Spáinne, nó thaobhaigh na Catalóinigh leis an pháirtí a chaill, agus is follasach go mb'éigean dófa a dheachú sin a íoc i ndiaidh an chogaidh. Nuair a tháinig poblacht fhorásach ar an fhód ins an Spáinn i dtús na dtríochaidí den fhíchiú haois, fuair bunadh na Catalóine rialtas dúchais, agus na cearta teanga mar chuid de. Cha rabh fad saoil i ndán don phoblacht áithrid seo, nó chuaigh an ginearál Francisco Franco Bahamonde chun cearmansaíochta uirthi go gairid i ndiaidh a bunaithe; agus in éis Cogadh Cathartha na Spáinne a bhuachan is deachtóireacht a chur i bhfeidhm ar an tír dó bhain an ginearál na cearta teangan de na mionlaigh eitneacha reigiúnda aríst. Dealraíonn sé, áfach, nach rabh an cosc seo leath comh dian ins an Chatalóin riamh agus a bhí sé i dTír na mBascach, nó tháinig borradh úr faoin ghnoithe foilsitheoireachta aríst comh fada siar leis na caogaidí.

Nuair a fuair Franco bás, tháinig an daonlathas i bhfeidhm athuair, agus ba chuid den bhunreacht úr dhaonlathach é cearta teangan a athphronnadh ar na mionlaigh. I dtús na n-ochtóidí fuair an trí mhór-réigiún Catalóinise - an Chatalóin féin, Cúige València agus na hOileáin Bhailéaracha - féinriail chuimsitheach.

Inniu, is féidir a mhaíomh go bhfuil an teanga slán sábháilte, agus scéimeanna dearcasacha fadcheannacha cuimsitheacha ar obair in achan mhór-réigiún Catalóinise leis an teanga a chur chun cinn i gcúrsaí oideachais, ins an tsaol phoiblí agus i measc na glúine óige, clann na muintire isteach san áireamh. Chan ionann an stádas don teanga sa trí réigiún, áfach. Ins an Chatalóin féin, ar nós Bharcelona, tá an mhuintir isteach ag teacht ón Andalúis, an cúige is boichte amuigh ar fud na Spáinne, rud a fháganns go bhfuil gradam agus céimíocht ag baint leis an Chatalóinis ansin, agus blas an phrólatáireachais ar an Spáinnis. Mar sin, tá an teanga áitiúil ag déanamh talaimh i measc an aos óig féin ins an Chatalóin.

Níl gnúis comh gealgháireach sin ar mhuintir València ná na nOileán Bailéarach, áfach. Ós rud é go bhfuil an teanga níos láidre fán tuaith agus níos laige i measc na maithe is na móruasal i València, níl an stádas céadna aici ansin. Mar sin, níl sí comh lárnach ins na scoltacha ach an oiread. Thar aon rud eile, chan í an Chatalóinis teanga an teagaisc ins na scoltacha Valenciacha. Sa Chatalóin féin tá beirt as achan triúr ag freastal ar scoil ina bhfuil ábhair eile, i mbreis ar an teanga féin, á múineadh frí mheán na Catalóinise; i València, áfach, níl ach mionlach beag de na scoltacha ag tairiscint a leithéide, agus an chuid is mó de na daltaí ag foghlaim na Catalóinise amháin frí mheán na Catalóinise.

Sna hOileáin Bhailéaracha, aríst, tá dhá chlaonadh forbartha ag teacht crosach ar a chéile: an Spáinnis ag teannadh ar bhunadh na n-oileán i ngnoithe na turasóireachta, na cuairteoireachta is na fámaireachta (ar ndóighe, is iad na fámairí an teacht isteach is fearr atá ag muintir na n-oileán seo), agus lucht labhartha na Catalóinise ag éileamh a gcirt san am chéadna, cosúil le muintir na Catalóine is València.

Scéal ar leith é Andorra. Tá an stáitín beag baoideach seo suite i gcomhrac na Fraince is na Spáinne, agus uachtarán na Fraince is easpag Urgell sa Spáinn ag déanamh sealaíochta i gceannas ar an tír. B'í an Chatalóinis a bhí ina teanga oifigiúil ansin riamh, ach ós rud é go mb'iad an dá thír mhóra a sholáthraíodh an t-oideachas is an scolaíocht de réir a gcuid gnáthchuraclam, bhí an Spáinnis agus an Fhraincis chun tosaigh sna scoltacha go dtí le déanaí. Anois áfach tá Andorra ag cur leis an ollchlaonadh i leith na Catalóinise, agus dlíthe úra teanga á reachtú is á gcur i ngníomh ansin.

Ó tá difríochtaí suntasacha eadar na canúintí éagsúla Catalóinise, chan ionann an caighdeán féin ins an trí réigiún. Nuair a tháinig sracadh nua i gcultúr liteartha na Catalóinise sa naoú haois déag, toisíodh a dh'éileamh athchaighdeánú na teanga, ó bhí seanteanga na litríochta clasaicí as dáta ar go leor bealtaí. Sa bhliain 1913 tháinig an chéad lámhleabhar ceartlitrithe amach ó Phompeu Fabra a chuir ar bun caighdeán nua-aimseartha don teanga. Chuaigh Fabra i muinín na seanteanga agus é á cur in oiriúint do riachtanaisí a lae féin frí go leor ábhair a thabhairt isteach ó chanúint chomhaimseartha Bharcelona. Ó nach dtearn sé mórán taighde ar chanúintí eile riamh, fágadh blas ró-Bharcelonach ar an chaighdeán; aguso bhí an Chatalóinis scríofa ag streachailt léithi faoi chuing na Spáinnise blianta fada na deachtóireachta i ndiaidh bhuaidh Franco, cha rabh de mhisneach ag aon duine "truailliú" a ligean isteach ó na canúintí eile - is dócha nach n-aithneochadh uachtaráin na gluaiseachta náisiúnta focail chanúnacha thar "thruailliú" ón Spáinnis.

Mar sin, nuair a tháinig an daonlathas ar an fhód aríst, cha rabh cuid mhór acu siúd a bhí ina gcónaí i València nó ins na hOileáin sásta leis an chaighdeán Chatalónach, agus sa lá atá inniu ann tá leasuithe dá gcuid féin curtha i bhfeidhm acu air. Tá sé de nós acu, fiú, a rádh nach Catalóinis ar bith atá á labhairt acu ach "Vailéinsis" nó "Mallorcuínis", ach ba chóir gan an iomarca creidiúna a thabhairt do na lipéid seo: is í an teanga chéadna í i gcónaí.

Ag cromadh ar litríocht na Catalóinise a phlé domh anois, ní mór domh ainm Ramón Llull a tharraingt orm ar dtús. Fear ileolach a bhí ann a rabh léargas cuimsitheach aige ar léann a lae féin: b'ins an tríú haois déag a mhair sé. D'fhág sé dhá chéad go leith d'altanna is de théacsanna ina dhiaidh.

Sa chúigiú haois déag chuala bunadh na Leathinise Íbéirí iomrá ar Ausias March a bhí ar duine de na filí ba chliúúla lena lá. B'é Joanot Martorell, áfach, an mórscríbhneoir próis, nó chum seisean an t-úrscéal mór ridireachta udaí Tirant lo Blanc a bhfuil 1200 leathanach ann. D'aidmhigh Cervantes féin - Miguel de Cervantes Saavedra, fear bunaithe na litríochta Spáinnise - go rabh sé faoi thionchar an leabhair seo - "an leabhar is fearr ar domhan" agus é ag déanamh na chéadsceitseanna le haghaidh a scigaithrise féin ar na húrscéalta ridireachta, Don Quijote.

San fhíchiú haois, aríst, b'é Josep Pla (1897-1981) an chéad údar tábhachtach Catalóinise. Siúd is gur Catalóineach a bhí ann, thaobhaigh sé le Franco, rud a d'fhág cead foilsithe a shaothair aige i ndiaidh an chogaidh chathartha. A fhriotal snoite thar aon rud eile a thabhaigh a chliú dó. Scríobh sé lear mór leabhartha, eadar úrscéalta, chuimhní cinn agus nótaí taistil.

Cha rabh mórán i bpáirt aige le Xavier Benguerel - Xavier Mór a ba chóir a thabhairt ar mo dhuine, nó is ceoltóir agus ceolchumadóir é a mhac, Xavier Óg. Scríobh Benguerel úrscéal tábhachtach fá dtaobh de shaol na mbruachbhailte, Suburbi, a tháinig amach sa bhliain 1935. I ndiaidh bhuaidh Franco ar lucht leanstana na poblachta b'éigean do mo dhuine a dhul ar deoraíocht chun na Síle i Meiriceá Theas. Réadúlacht shíceolaíoch is príomhéagasc dá chuid scríbhinní. Fuair Xavier Mór bás sa bhliain 1990.

Bhunaigh Pere Calders an nuachtán Catalóinise Avui sa bhliain 1933. I ndiaidh an chogaidh chathartha d'éalóigh sé go Meicsiceo, nó ghlac sé páirt ins an chogadh i bhfórsaí na poblachta ag líniú mapaí. Scríobhadh sé gearrscéalta. Ábhar tábhachtach ab eadh é an cogadh ina chuid saothar, ach ba mhór an fear fantaisíochta é comh maith - ní theorannaíodh sé é féin don réadúlacht ná don réadúlachas amháin.

Rugadh Mercè Rodoreda sa bhliain 1909, agus más bisiúil féin a bhí sí, ní bhíodh sí sásta ach le cuid bheag dá dtigeadh ar pár uaithi. Chum sí slám úrscéalta fá chogadh chathartha na Spáinne, mar shampla; ach b'é Aloma (1937) an t-aon cheann acu a cheadaigh sí a fhoilsiú lá a saoil. Nuair a theann díormaí Franco uirthi, chuaigh sí ar deoraíocht go Páras. Rinne sí éacht mór scríbhneoireachta sna 1960idí, go h-áithrid leis an úrscéal La Placa del Diamant, atá i gcónaí ar an leabhar Catalóinise is mó a h-aistríodh go teangacha eile (tá fáil ar aistriúchán Fionlainnise, fiú). Déanta na fírinne, bhí ráchairt comh mór ar an úrscéal seo agus ar na cinn a chum sí ina dhiaidh is go rabh sí in ann blianta deireanacha a saoil a chaitheamh i dtuilleamaí an airgid a fuair sí ar son a cuid leabhar - rud nach minic a éiríonns le scríbhneoir mionteangan. D'éag Rodoreda sa bhliain 1983.

Maria Aurèlia Capmany (1918-1991) ar an bheagán de scríbhneoirí lár na fíchiú haoise sa Chatalóinis nach dteachaidh ar deoraíocht. Scríobh sí úrscéal stairiúil Un lloc entre els morts a rabh cur síos siombaileach ann ar an tsaol chomhaimseartha faoi thíorántacht Franco: b'é ab ábhar don scéal ná saol file sa Chatalóin i gcomhrac na hochtú is a naoú haoise déag, le linn chogaíocha Napoleon.

Is fiú triúr scríbhneoirí den ghlúin níos óige a ainmniú fós: Montserrat Roig (1946-1991), Jesús Moncada (1941-) agus Quim Monzó (1952).

Feimíneach a bhí i Roig, bean dhriseogach neamhshotalach a rabh cáil uirthi mar chraoltóir comh maith. Scríobh sí úrscéalta feimíneacha, ar nós Ramona, adèu (1982), ar chuir muintir na Spáinne an-spéis iontu sa bhunteanga comh maith leis an aistriúchán Caistílise; scríobh sí leabhartha neamhfhicseanúla freisin, mar leabhar taistil ar Léiníngrád agus leabhar agallóireachta fá na cimí Catalóineacha i sluachampaí géibhinn Hitler.

Scríbhneoir tíre atá i Jesús Moncada. Chuir sé bun lena chuid scríbhneoireachta le gearrscéalta, agus níor tháinig an chéad úrscéal uaidh roimh an bhliain 1988. B'é sin Camí de sirga - "an t-úrscéal Catalóinise is fearr lena linn", mar a h-úradh. Úrscéal lánléargais atá ann, scéal comhchoitianta a chaitheanns súil ar bheatha is ar bhás na nglúinte éagsúla i sráidbhaile dúchais an scríbhneora. Sa deireadh caithfidh an ghlúin dheireanach glanadh ar shiúl ón áit, agus damba nua le tógáilt a fhágfas an sráidbhaile faoi uisce ar fad. Ar ndóighe, tá stíl an údair ag cur leis an ábhar agus le timpeallacht na n-imeachtaí: teanga shaibhir tíre atá ann.

Litríocht de chineál eile ar fad atá i gceist ag Monzó, mar atá, litríocht mhórchathartha. Saol nua-aoiseach atá faoi chaibidil aige, agus é ag cur síos ar fhoréigean na sráide is na slumanna. Tá blas na háibhéile ar a stíl, agus é go minic i muinín chleasanna an osréalachais.