Panu Höglund a chuir an leathanach seo ar fáil duit.

CAIGHDEÁNÚ NA CUIRDÍNISE I MEÁIN CHUMARSÁIDE AN LAE INNIU

Le MICHAEL CHYET (Seirbhís na Cuirdínise, Eagarthóir Sinsearach, Guth Mheiriceá/Voice of America).

Gabhaim buíochas ó chroí le SIAMAK REZAEI, a cheadaigh domh an t-alt seo a aistriú go Gaeilge. Go maire sé an céad agus go maire sé an chuid is fearr den chéad ins an Churdastáin neamhspleách!
I extend my deepest gratitude to Mr SIAMAK REZAEI, who allowed me to translate this article. May he live one hundred years, and may he spend the best part of it in independent Kurdistan!

Ós rud é go bhfuil críochdheighilt curtha i bhfeidhm ar thír dhúchais na gCuirdíneach ag an cheithre thír udaí, an Tuirc, an Iaráin, an Iaráic agus an tSír, chan ionann tionchar na dteangacha is na gcultúr eile ar na Cuirdínigh fré chéile. Déanta na fírinne, fágann an chríochdheighilt obair mhór mhaslach acu sin a chuireanns rompu teanga chaighdeánaithe a chur chun cinn i measc na gCuirdíneach.

Ina n-ainneoin féin, bíonn Cuirdínigh na hIaráice is na Síre ag tarraingt orthu focail is leaganacha cainte ón Araibis ina gcuid Cuirdínise, agus forbairt den chineál chéadna ar cois i measc Chuirdínigh na hIaráine agus na Tuirce. Ar na logainmneacha is mó a aithnítear lorg na dteangacha oifigiúla. Ag brath ar an teanga atá á labhairt sna scoltacha, bíonn na logainmneacha éagsúil go leor i gceantair dhifriúla an MheánOirthir, go h-áithrid na hainmneacha a bheirthear ar áiteanna taobh amuigh den MheánOirthear féin.

Mar shampla, tá trí ainm éagsúla sa Chuirdínis ar an Ostair: Nemsa, Otrîsh agus Awistirye. Focal de chuid na hAraibise is eadh é Nemsa; tháinig Otrîsh ó Autriche na Fraincise ar glacadh leis ins an Pheirsis (Farsi, teanga oifigiúil na hIaráine), agus fuarthas Awistirye ar iasacht ó Avusturya na Nua-Thuircise. Sampla eile é ainm na Polainne. Bulanda an t-ainm Araibise, agus Polenda a ghnítear de go minic i gcaint na gCuirdíneach ins an Iaráic. Lehistan a deirtear ins an Iaráin, agus Polonya a bheir Tuircigh an lae inniu ar an tír - Poloniye a ghnítear de i gCuirdínis na Tuirce.

Luíonn sé le réasún nach féidir glacadh leis an éagsúlacht seo mar chuid de ghnáthiriseoireacht an stáisiúin raidió Voice of America sa teanga; is fearr linn-ne foirm chaighdeánta a roghnú agus cloí léithi. Ós rud é go bhfuil formhór na gCuirdíneach ina gcónaí sa Tuirc, b'iad na foirmeacha Awistirye agus Poloniye a roghnaíodh, siúd is go dtiocfadh linn foirm ar bith acu sin thuas a chur chun cinn thar an chuid eile. Lena chinntiú, áfach, go dtuigfidh formhór ár n-éisteoirí linn, is minic muid ag cur míniúcháin leis na téarmaí caighdeánta, mar "Poloniye, is é sin, Lehistan" nó "Awistirye, sin le rádh, Nemsa".

Tá súil agam go nglacfar leis an fhoirm chaighdeánta go forleathan de réir a chéile, ionas nach mbeimid i dtuilleamaí an chineál seo rubaill a thuilleadh. Ní chuirtear an ruball leis an fhocal ach an chéad uair, agus an fhoirm chaighdeánta amháin á h-úsáid ina dhiaidh sin go deireadh an téacs áithrid sin.

Caithfear a thuigbheáilt nach bhfuil inár gcuid iarrachtaí ach moltaí, nó ní féidir a labhairt fá aon fhíorchaighdeánú, a fhad is nach bhfuil córas comhchoitianta oideachais ag na Cuirdínigh lena údarás a phronnadh ar an phleanáil teanga. An oiread is féidir linn, tá muid ag iarraidh monatóireacht a dhéanamh ar na foilseacháin scríofa sa teanga agus ag coinneáil ár bhfoclóir féin bord ar bhord leis an téarmaíocht ins na foinsí clóbhuailte seo.

Sampla eile is eadh é foclóir na hiriseoireachta nua-aimseartha, focail ar nós agallamhiarrthóir. Má chaithimid súil na heolaíochta ar chumadh na dtéarmaí nua, is iad na teangacha MeánOirthearacha eile is túisce a scrúdóchas muid - teangacha ar nós na hAraibise, na Tuircise is na Peirsise, thar aon cheann eile, gan dearmad a dhéanamh den Eabhrais ná den Airméinis ach an oiread - le fáil amach an bhfuil na teangacha seo ag baint úsáid as an mhúnla chéadna, rud a cheadóchadh dúinn aithris a dhéanamh ar an mhúnla inár nua-théarma Cuirdínise.

Mar sin a d'éirigh linn an focal agallamh a aistriú. Tá an patrún soiléir céadna le haithne ar na focail a úsáidtear san Araibis, an Tuircis agus an Pheirsis sa chiall áithrid seo. Is é muqâbalah an gnáth-théarma san Araibis; úsáidtear focal eile Araibise san Pheirsis, musâhabâh. Tá teacht ar théarma eile Araibise sa Tuircis: mûlâkatmulâqâh na hAraibise) - comh maith leis an fhocal nuachumtha glanTuircise söyleshi agus focal iasachta ón Fhraincis, röportaj.

Ag amharc ar an trí fhocal Araibise udaí muqâbalah, musâhabah agus mulâqâh dúinn, is léir dúinn gurb é an fhoirm chéadna gramadaí atá i gceist - mufâ3alah, nó ainm briathartha na tríú foirme - a chuireanns in iúl gníomh a bhfuil beirt dhaoiní ag glacadh páirt ann. Go bunúsach, ciallaíonn muqâbalah "daoiní a dhul i láthair a chéile"; is é is brí le musâhabah, aríst, ná "teanntás a dhéanamh do dhuine" nó "comhrá cairdiúil a bheith ag daoiní le chéile"; tagraíonn an focal mulâqâh do theagmháil beirt dhaoiní. Cosúil le sin, ciallaíonn an focal nuachumtha Tuircise söyleshi, leis an inmhír -sh-, "agallamh beirte": más ionann söylemek agus "insint", is é is ciall do söyleshmek ná "insint dá chéile".

Anois, agus sinn i ndiaidh léargas a fháil ar an phatrún shoiléir ansei - "duine amháin ag déanamh gníomh ar dhuine eile" - ag labhairt le duine eile sa chás seo - is é an chéad cheist eile ná, cad é an Chuirdínis a chuirfeas muid air?

Ar ámharaí an tsaoil, tá freagra fóirsteanach le fáil san fhocal is minicí a úsáidtear i leagan nua-aoiseach scríofa na canúinte Kurmanji inniu. Más minic don Pheirsis an réimír ham- a úsáid le tagairt a dhéanamh do ghníomh nó rud a bhfuil páirt ag beirt daoiní ann, mar shampla hamvatan "comhdhúchasach", is é an leagan Cuirdínise den réimír chéadna ná hev- sa chanúint Kurmanji, agus haw- sa chanúint Sorani. Is é hevpeyvîn an focal nuachumtha, agus é cruthaithe as an réimír thuasluaite udaí hev- in éineacht leis an bhriathar peyivîn a chiallaíonns "labhairt". Tá teacht ar an fhocal seo ins achan pháipéar nuaíochta nó iris dá bhfoilsítear as Kurmanji inniu.

Focal coitianta eile le h-agallamh a aistriú go Cuirdínis is eadh é çavpêkeftin ins an chanúint udaí Badinani, mar atá, an leagan den Kurmanji a labhraítear ins an Iaráic, agus çawpêkewtin, a mhacasamhail ins an mhórchanúint udaí Sorani. Focal comhshuite atá ann, agus é comhdhéanta as na focail çavçaw ="súil"; = "chuige(san)" nó b'fhéidir pêk = "chuig a chéile"; agus keftinkewtin "titim", is é sin, "súil duine ag titim ar dhuine eile", "daoiní ag fáil radhairc ar a chéile".

Is é an gnáthlocht a gheibhtear ar an fhocal seo go gcaithfear é a theorannú d'agallaimh phearsanta, nó nuair a chuireanns tú agallamh gutháin ar dhuine éigin, ní bhfaigheann tú radharc air. Dá bhfairsingeochaimist an loighic áithrid seo ar an fhocal Béarla udaí interview, agus é comhdhéanta as inter = "eadar, i measc" na Laidine agus view <- vue "radharc" na Fraincise, níorbh fholáir dúinn focal nua a chumadh don Bhéarla féin le bheith in ann trácht a dhéanamh ar agallaimh ghutháin.

Go praiticiúil, níl aon chall leis ins an Bhéarla, ach spreag an fhadhb seo lucht labhartha na Cuirdínise - na canúna Sorani ar a laghad - chun focail eile a tharraingt orthu, mar atá: wut-û-wêj agus gift-û-go: "eadarchainteanna" is bunchiall leis an dá fhocal, ach le tamall éigin anuas, úsáidtear iad sa chéill nua "agallamh gutháin", siúd is nach dteachaidh an tsean-bhunchiall i léig ach an oiread.

Ba mhaith liom cupla ceist a chur ar mo chuid léitheoirí: ceist a haon: an bhfuil a fhios agat aon teanga eile sa Mheán-Oirthear ina bhfuil an focal céadna ag freastal ar an dá thrá eadar "comhchainteanna" agus "agallamh"? Ceist a dó: an bhfuil a fhios agat aon teanga eile a bhacfadh le dhá fhocal éagsúla chun tagairt a dhéanamh do ghnáthagallamh agus d'agallamh gutháin?

Nuair a thug mé fá dtear go rabh ceithre fhocal éagsúla le fáil sa chanúint udaí Kurmanji leis an téarma iarrthóir a aistriú, tuigeadh domh gur gnáthfhadhb a bhí ann: is é sin, níl aon chomhordú ceart eadar an cineál focail a bíos á n-úsáid sna clómheáin - ag Cuirdínigh na Tuirce thar aon dream eile, agus an aibítir Eorpach á cur i bhfeidhm ar an teanga acu - ó thaobh amháin, agus na téarmaí atá á gcumadh ag mo chuid comhoibrithe ag Guth Mheiriceá (Voice of America) - ar Cuirdínigh ón Iaráic an mhórchuid acu, agus níos mó muiníne acu as córas scríofa na hAraibise. Thairis sin, tá a gcuid focal féin á gceapadh ag lucht labhartha na canúna Sorani. Is dóigh liom go bhfuil ár sáith ann agus ceithre fhocal cumtha le tagairt a dhéanamh d'aon choincheap amháin; ansin, is mithid an chuid is fearr a roghnú as measc na héagsúlachta seo, nó úsáid a bhaint as an iomlán acu le miondifríochtaí céille a chur in iúl. Is iad an ceithre fhocal Kurmanji ná:
berendam;
berbijar;
navkirî
, agus
namzet.
Is féidir na focail seo a ghrúpáil go néata mar seo: na focail berendam agus berbijar, tchíthear an réimír ber- iontu; agus navkirî is namzet, a bhfuil an focal a chiallaíonns "ainm" mar chuid iontu.

Comhfhreagraíonn an réimír ber- do réamh- na Gaeilge; mar sin, is ionann berendam agus "réamhbhall, réamh-chomhalta": seo an focal is fearr le Cuirdínigh na Tuirce. Cosúil le sin, ciallaíonn an focal udaí berbijar -- moladh a fuair mé ó Chuirdínigh Iaráiceacha -- "duine réamhthofa, duine roimh a thoghadh". An dá fhocal eile, navkirî agus namzet, tá an focal a chiallaíonns "ainm" mar bhunús iontu, cosúil le aday na Tuircise. Focal Peirsise é namzet, agus is ionann navkirî agus "duine a hainmníodh, atá ainmnithe", cosúil le nominee an Bhéarla. Diúltaíonn mo chuid comhoibrithe ag Guth Mheiriceá don fhocal berendam nó "réamhchomhalta", ós rud é nach féidir é a thabhairt ach ar dhuine atá ag súil le bheith ina fheisire sa Phairlimint. Dar leofa - agus is deacair gan aontú leofa -, ní féidir "réamhchomhalta" nó "réamhbhall" a thabhairt ar iarrthóir Uachtaránachta, nó ní bhíonn an tUachtarán ina "bhall" d'aon chineál tionóil nó comhthioláin.

Fiú i ndiaidh an moladh seo a chaitheamh i dtraipisí, caithfidh muid rogha a bhaint as an triúr eile. Thairis sin, níl sé cinnte ar aon nós go bhfuil sé de dhlúthpháirtíocht i lucht labhartha na teanga sa Mheán-Oirthear féin éirí as an fhocal a úsáid, cibé locht a gheibh muidne air.

I measc na bhfocal Sorani le "iarrthóir" a aistriú, gheibh muid leithéidí nawlêndraw = 'duine a hainmníodh', cosúil le nominee an Bhéarla, agus palêwraw = 'duine a dtearnadh scagadh air'. Lomaistriúchán atá ann ar murashshah na hAraibise, ar aithris é ar an bhunfhocal Laidine udaí candidatus, duine a chaitheanns fallaing bhán mar chomhartha glainíneachta. Chluintear an focal kandîdat féin sa Chuirdínis uaireanta. Mholfainn féin an focal céadna a úsáid sa dá mhórchanúint, más féidir é ar aon nós, lena dtabhairt níos gaire dá chéile. Mar sin, agus an méid seo tugtha fá dtear, is mian liom súil a tharraingt air gurb iad navkirî (an chanúint Kurmanji) agus nawlêndraw (an chanúint Sorani) an dá fhocal is cóngaraí dá chéile mar aistriúcháin ar iarrthóir.

Dúshlán eile é téarma Cuirdínise a oibriú amach le focal Béarla a aistriú in éagmhais téarma réamhchumtha. Sampla maith é an téarma Béarla udaí American IndianNative American. As Tuircis, is gnách KIzIl Derililer nó "lucht an chraicinn deirg" a thabhairt ar bhundúchasaigh an Oileáin Úir - cosúil le sorkhpûst na Peirsise nó an téarma Araibise al-hunûd al-humr (na hIndiaigh Dhearga). Tá an trí cinn bunaithe ar an tseanphisreog go rabh craiceann dearg ag na daoiní seo. Má úsáidtear téarmaíocht den chineál seo ar an raidió, tá an chontúirt ann go dtarrónfaidh sí orainn líomhaintí ciníochais. Is iomaí Cuirdíneach a déarfadh nach bhfuil sé inghlactha ar chúiseanna polaitíochta téarmaíocht sheanársaidh den chineál seo a athbheochan i gCuirdínis na hiriseoireachta - agus cuimhne á coinneáil air go n-aithníonn go leor Cuirdínigh comh cosúil agus atá a gcás féin le cás bhundúchasaigh Mheiriceá. Ceist ghoillsteanach é seo, agus ní mór í a réitiú go cúramach. Mar sin féin, go bhfios domh níor rith aon fhuascailt cheart chríochnaithe le haon duine go fóill, siúd is gur shocraigh muid, foireann Chuirdínise Ghuth Mheiriceá, le déanaí an téarma Emrîkîyên Resen, mar atá, "na Meiriceánaigh bhundúchasacha", a úsáid feasta.

Sampla eile den chineál seo a bhí faoi chaibidil againn le déanaí ná an Chuirdínis cheart a thabhairt ar Giofóg. Cuirtear drochamhras go forleathan san fhocal udaí Giofóg féin inniu, agus go leor daoiní ag roghnú an téarma nua Rom ina ionad, ós é an t-ainm a bheir na daoiní seo orthu féin. Tá an teanga Cuirdínise ag cur thar maoil le focail a thagraíonns do na Giofóga a bhfuil cónaí orthu sa Churdastáin féin, ach ní féidir téarma neodrach ná cairdiúil a bhaint as a measc. Thairis sin, is iomaí focal Cuirdínise nach samhlaítear ach ceoltóirí de phór na nGiofóg leis, agus focail eile nach féidir a úsáid ach le tagairt a dhéanamh don chuid sin de na Giofóga atá ag obair ina gceardaithe. Níl téarma ann ach an oiread a thuigfí ar fud na Curdastáine, rud a bhéas faoi chaibidil thíos. Leis an fhadhb seo a fhuascailt, chuir mé ar a súile don chuid eile go bhfuil an focal udaí Dome cosúil le Rom na nGiofóg féin, agus an chuma ar an dá fhocal go bhfuil siad gaolmhar le chéile. Mar sin, tá mé barúlach nach miste an focal seo a roghnú thar na cinn eile.

Taobh amuigh de chúrsaí na teangeolaíochta, b'fhéidir gur díol suime é an méid seo a inse: Siúd is gur thuig ár láithreoir raidió ón Tuirc ar an toirt go rabh muid i gcall focail a bheadh inúsáidte ar chúiseanna na "ceartpholaitíochta", ní rabh cuid mhaith de na comhoibrithe ón Iaráic ró-fhonnmhar glacadh leis: chloígh siadsan lena sean-ghnáth-théarma féin, qereç, a bhfuil blas áithrid ciníochais air.

Thagair mé cheana do na fadhbanna atá ag dul le héagsúlacht na dtéarmaí sna canúintí agus na réagúin dhifriúla. Mar shampla, is gnách leis na Cuirdínigh sa Turic "teagasc, múineadh" a aistriú leis an teilgean cainte hîn kirin, san Iaráic, áfach, úsáideann lucht labhartha an dá chanúint, eadar Khurmanji agus Shorani, an leagan fêr kirin. Thuigfeadh an dá dhream e'limanidin, ach ós rud é gur nuafhocal iasachta ón Araibis atá ann, bheadh cuid de na Cuirdínigh sách drogallach roimh úsáid a bhaint as. Muidne ag Guth Mheiriceá, áfach, is é an leigheas a rith linn-ne ná an dá théarma a chur le chéile mar hîn û fêr kirin (û ="agus"), go háithrid sa chiall "traenáil, oiliúint". Bhíodh a leithéidí seo á n-úsáid sa Bhéarla féin fadó. Creidtear gurb é sin an dóigh a dtáinig an teilgean cainte udaí last will and testament ar an fhód. Bhí gádh le téarma den chineál seo, ó tharla go rabh cuid de na daoiní dall ar an fhocal Fraincise Normannaí udaí testament, agus an chuid eile ní aithneochaidís an focal will, a mb'é an focal dúchasach Angla-Shasanach é, agus b'é ba toradh dó seo ná gur ceanglaíodh dá chéile iad le freastal ar an dá dhream.

Tá na canúintí ar maos le téarmaí réagúnda ar choincheapanna eile fós nach bhfuil aon fhocal osréagúnda amháin ar fáil orthu, ar nós an damhán alla agus an sciathán leathair, comh maith le galair áithrid. Crothnaímid uainn na téarmaí go géar, go háithrid má thig orainn clár fá chúrsaí eolaíochta a chraoladh as Cuirdínis. Má bhímid ag trácht ar na damháin alla, mar shampla, is gádh, i dtús báire, níos mó ná aon ainm amháin a thabhairt ar na neacha áithrid seo, ach ina dhiaidh sin, cloífear le haon téarma amháin go dtí deireadh an scéil. Mar fhuascailt shealadach, fágaim faoin chraoltóir féin a rogha téarma féin a bhaint astu. Ag obair do Ghuth Mheiriceá domh, chuir mé clár fá cheart na teanga ar bun, mar atá, Zimanê Me (Ár dTeanga Féin). Dé Sathairn is gnách an clár seo a chraoladh, agus is é a mbíonn eadar lámhaibh agam ná ceisteanna téarmaíochta den chineál seo agus fadhbanna eile a bhaineanns le ceart na teanga a chardáil go foscailte i gcomhar leis na héisteoirí, agus mé ag iarraidh orthu a mbarúlacha féin i leith na gcúrsaí seo a chur in iúl domh. Go nuige seo, áfach, ní bhfuair muid freagra uathu.

Níl ins na samplaí thuas ach cuid den chineál cúrsaí a bíos ina gcnámh díospóireachta ag lucht na Cuirdínise inniu. A fhad is nach dtig leis na Cuirdínigh a gcóras rialtais agus oideachais a chur ar bun, agus an teanga á cleachtadh acu go hoifigiúil, ní bheidh údarás doshéanta ann le fadhbanna cosúla teanga a réitiú. A fhad agus is féidir, beidh muid ag Guth Mheiriceá ag déanamh ár ndichill leís an Chuirdínis a chleachtaíonns muid féin a choinneáil bord ar bhord le foinsí scríofa iriseoireachta agus a dhul i dteagmháil le hintleachtóirí Cuirdíneacha lena ndearcadh i leith cheart na teanga a fháil.

Michael L. Chyet

Washington, D.C.

Mí na Samhna 1996