Einstein agus na Dúphoill - Cuid a Dó

Ar ais

Is Cam liom do Dhíreach, is Cam leatsa mo Dhíreach féin

Ghinearálaigh Einstein idé seo an spáis chuaraithe agus na línte geodasacha ar an tsamhail a rinne sé den spás cheathairthoiseach, nó den spás-am. Ghlac sé leis go bhfuil línte geodasacha ann ins an spás-am a tchíthear a bheith díreach don té atá ag cloí le líne acu agus é ag gluaiseacht leis ar aghaidh - gur féidir an spás féin a chuarú as a riocht, i gcruth is nach dtig leat féin sonrú a chur ann (tá tú féin do do chuarú in éineacht leis an spás-am i do thimpeall, ós rud é gur cuid den spás sin tú), siúd is go dtugann an breathnadóir seachtrach (agus é suite sách fada ar shiúl ó réimse na bhfórsaí a bhfuil tú féin faoina dtionchar) go bhfuil rud ínteacht as bealach, agus, thar aon rud eile, é ag sílstint nach bhfuil tú ag dul ar aghaidh go colgdhíreach. - Déanta na fírinne, bheadh an bharúil chéadna agat féin i dtaoibh an bhreathnadóra sheachtraigh féin: shílfeá gurb eisean agus a thimpeallachtsan atá as a riocht, seachas a mhalairt. Agus deir teoiric Einstein go bhfuil an chuid chéadna den cheart ag gach duine agaibh féin: níl aon dearbhmhiosúr ann a ghéillfeadh an chuid is mó den cheart do cheachtar agaibh. Ní hamháin nach ionann an cam agus an díreach do bheirt bhreathnadóirí - thairis sin, is féidir a rádh nach bhfuil aon dearbhdhíreach ann a tchífí díreach d'achan bhreathnadóir.

Is í an imtharraingt a chuireanns cor ins an díreach féin, rud is féidir leis na saineolaithe a chruthú agus iad ag déanamh a staidéir ar réaltaí na spéire. Na gathanna solais féin a chloíonns le línte geodasacha an spáis, níl de dhíth ach mais na gnáthréalta lena gcamadh. Ós rud é go bhfuil an Ghrian s'againn comh cóngarach sin dúinn, agus í ag soilsiú comh geal dallraitheach is atá, níl sé ró-éascaidh staidéar a dhéanamh ar an chamadh a ghní sí ar na gathanna solais. Le linn urú iomlán na gréine, áfach, is féidir na réaltaí a fheiceáil timpeall na Gréine.

Ar ndóighe, ní mór do na saineolaithe sin bheith an-chúramach agus an obair sin eadar lámhaibh acu: is rogha leofa íomhá na gréine a fhortheilgean ar scáileán seachas - Dia eadar sinn agus an urchóid! - a bheith ag breathnú isteach an teileascóp iad féin. (Aon duine a dheánfadh a leithéid d'amaidí, bheadh sé fágtha ar leathshúil go lá a bháis!) Le linn an uraithe, bíonn réaltaí le feiceáilt timpeall na Gréine a mba chóir dófa a bheith folaithe aici, de réir a ngnátháite ar an spéir. Ar ndóighe, fanann na réaltaí féin ina seanáiteanna, ach is é an solas atá ag teacht uathu nach bhfuil ag dul a sheanbhealach, fad is a mhaireanns an Ghrian eadar sinn agus iad, agus í ag camadh an tsolais le teann a himtharraingthe. Is féidir a rádh go bhfuil an Ghrian ag feidhmiú ina lionsa imtharraingthe, ansin.

Ábhar iontais é do Thadhg an mhargaidh camadh an tsolais féin faoi thionchar na himtharraingthe, ach dáiríribh, níl ann ach gnáthréaltacht laethúil don fhisiceoir. Is iad na dúphoill, áfach, an iarmhairt choibhneasaíoch is mó a spreaganns fantaisíocht an duine - fantaisíocht an tsaineolaí ins an áireamh.

Cad é an cineál rud é an dúpholl?

Cad é an cineál rud é an dúpholl, áfach?

Is fearr leis an fhisiceoir cliseár a thabhairt ar an dúpholl mar théarma eolaíochta, ós rud é gur réalt "chlisiúnach", réalt "bhancbhriste", atá ann, ar bhealach, nó iarsma de réalt a bhí ina caor mhór mhillteanach na milliúin bliain ó shin. Le léargas a fháil ar an dóigh a ngintear na dúphoill, ní mór súil a chaitheamh ar bheatha agus ar bhás na réaltaí go léir.

Breith na Réalta

Siúd is go bhfuil cuma an fholúis ar an spás eadar na réaltaí, na grianchórais, na réaltraí is na réaltbhuíonta, níl sé comh folamh is a shílfeá. Dáiríribh, tá cuid mhaith damhna ar foluain amuigh ansin, eadar ghás agus dheannach. Go háithrid, tá hidrigin ann - an dúil is coitianta ar fud na hollchruinne, ós í an dúil is simplí: níl in adamh na hidrigine ach prótón amháin, agus leictreon amháin á thimpeallú. Nó sin é an gnáthchineál den hidrigin, an próitiam, mar a bheirthear air, uaireanta.

Comhdhéanamh an Damhna: Leictreoin, Núicleoin, Leaptóin, Baróin...

Coinnímis cuimhne air go bhfuil an damhna, mar is aithnid dúinn féin é, comhdhéanta as trí chineál caithníní. Is iad na caithníní seo ná an neodrón, nach bhfuil aon lucht leictreach aige; an prótón, a bhfuil lucht deimhneach (+) aige, agus é comh trom leis an neodrón; agus an leictreon, a bhfuil lucht leictreach ag roinnt leis agus é diúltach (-). Mar sin, sáraíonn - neodraíonn - leictreon amháin agus prótón amháin lucht leictreach a chéile, siúd is go bhfuil an leictreon i bhfad Éireann níos lú, níos éadroime ná an prótón agus an neodrón.

Is iad na neodróin is na prótóin is comhábhair don núicléas, arb é croí an adaimh é, agus sin é an fáth go dtugtar núicleoin orthu fosta. De réir a meáchana, is gnách na caithníní seo a aicmiú mar bharóin - cáithníní troma. Ní barón é an leictreon, áfach, ach leaptón - caithnín éadrom. Tá caithnín ann atá níos éadroime ná na leaptóin féin - nó deir teoiric an chandaim gur féidir caitheamh leis an tsolas mar a bheadh sruth cáithníní ann, agus fótóin a bheirthear ar na caithníní seo. Ós rud é nach bhfuil mais ar bith ins an fhótón, tá sé ina aicme féin i measc na mbuncháithníní.

Maidir leis na leaptóin, neoidríonónna de chineálacha éagsúla is mó atá iontu. Caithníní beaga baoideacha iad na neoidríonónna nach bhfuil lucht leictreach acu (sin é an fáth go dtugtar neoidríonónna orthu), ná mórán saintréithre eile a cheadóchadh do na fisiceoirí féin sonrú a chur iontu, a laghad eadarghníomhú is a ghní siad leis an damhna ina dtimpeall. Gintear neoidríonónna ins na himoibriúcháin núicléacha, áfach, agus tábhacht theoiriciúil leofa, ar a laghad, ins an taighde a ghní na fisiceoirí ar na himoibriúcháin seo.

An Hidrigin - Príomhghás na hOllchruinne

Ach bhí muid ag trácht ar an hidrigin, comh coitianta is a bíos sí amuigh ins an spás. Nuair a d'úirt mé gur leor prótón amháin agus leictreon amháin le hadamh hidrigine a ghiniúint, luaigh mé gurb é seo an gnáthchineál den hidrigin - próitiam. Bheir an méid seo le tuigbheáilt go bhfuil cineálacha eile ann seachas an gnáthchineál. Má thig prótón amháin agus neodrón amháin le chéile le núicléas d'adamh a dhéanamh in éineacht, hidrigin a bhéas i gceist aríst, ach ní hé an gnáthchineál é, ach an cineál ar a dtugtar deoitéiriamhidrigin throm; an cineál núicléas a bíos i lár adamh an deoitéiriam, bheirthear deoitéarón air. Deirtear gur iseatóip atá ins an dá chineál hidrigine: tá siad mar a chéile ó thaobh na ceimice de, agus iad ag imoibriú ar an bhealach chéadna leis na substaintí céadna. Mar shampla, thig leis an deoitéiriam a dhul i gcomhdhúil leis an ocsaigin le huisce a dhéanamh, agus dá n-ólfá gloine uisce den chineál seo, is éadócha go n-aithneofá thar an ghnáthuisce é. (Baintear úsáid theicniúil as an chineál seo tromuisce ins na stáisiúin chumhachta adamhacha, dála an scéil, leis na neodróin a mhoilliú.) Anois, tá iseatóp eile fós ag an hidrigin - an tritiam, agus dhá neodrón ann in éineacht leis an t-aon phrótón. Iseatóp radaighníomhach atá ann, dála an scéil, nó is maith leis prótón a dhéanamh de cheann den dá neodrón seo fríd leictreon amháin agus neoidríonó amháin a astú uaidh. Is cuma dúinn fá dtaobh den neoidríonó, ach ó tharla go bhfuil an-fhuinneamh ins an leictreon, thig leis dochar a dhéanamh agus é ag bualadh fá struchtúir chasta íogaire bhithcheimiciúla an orgánaigh bheo, go dtí go socróchaidh sé síos, agus na constaicí á mhoilliú. (Sin é an fáth go mbíonn an oiread sin eagla orainn roimh shubstaintí radaighníomhacha, go bunúsach.) Agus an tritiam ag caochló go héiliam, tá sé ag astú leictreoin ardfhuinniúla den tseort seo - béite-cháithníní a bheirthear ar na leictreoin seo, agus ós rud é go bhfuil siad comh beag baoideach sin, is féidir dearcadh orthu mar radaíocht - béite-radaíocht. Chan í an bhéite-radaíocht an cineál radaíocht is dainséaraí amuigh - is í an gháma-radaíocht í, agus radaíocht cheart atá ann, nó tá sí comhdhéanta as fótóin - as an chineál chéadna candaim nó "pacáistí tonnta" agus atá ins an ghnáthsholas, ach amháin go bhfuil i bhfad bhfad níos mó fuinnimh iontu ná i gcandaim an tsolais.

Ní hí radaighníomhacht an tritiam is ábhar suime dúinn anseo, ach an claonadh atá ann chun an t-imoibriú núicléach a dhéanamh ar a dtugtar comhleá na núicléas.

Mar is eol dúinn, bhí an chéad bhuama adamhach ag baint úsáide as dúile troma ar nós úráiniam agus plútóiniam, ós rud é go bhfuil claonadh i núicléis comh trom sin eamhnú a dhéanamh, is é sin, titim as a chéile ina dhá leath agus pléasc mhór mhillteanach d'fhuinneamh á scaoileadh saor. Sin é an cineál imoibriú a úsáidtear i gcónaí ins na himoibritheoirí núicléacha le fuinneamh leictreach a tháirgiú. Ar na saineolaithe a bhí ag forbairt buama Hiroshima faoi cheannas Julius Robert Oppenheimer agus an Ghinearáil Leslie Groves, bhí fear darbh ainm Edward Teller, agus siabhrán air fá chomhleá na núicléas hidrigine, nó bhí sé inbharúla go dtiocfadh leis buama i bhfad níos láidre ná an buama eamhnaitheach a fhorbairt a bheadh bunaithe ar an chomhleá. Bhí an ceart ag Teller: buama hidrigine a bheirthear ar an chineál sin buama inniu. I bhfianaise an léirscrios is an ródach atá sé in ann a dhéanamh, tá sé i bhfad níos measa ná an gnáthbhuama adamhach féin. Nó is amhlaidh go bhfuil buama eamhnaitheach de dhíth mar mhaidhmitheoir leis an bhuama hidrigine a lasadh. Is iad an deoitéiriam is an tritiam - an dá chineál troma hidrigine - na fíor-ábhair phléasctha ins an bhuama hidrigine, nó nuair a théifear le pléasc eamhnaitheach iad, buailfidh adaimh an dá chineál hidrigine fá chéile comh láidir is go dteánfaidh siad comhleá. Mar sin, ginfear pléasc mhór fuinnimh, comh maith le núicléas héiliam agus neodrón amháin in aghaidh gach deoitéarón is gach núicléas tritiam a ghní comhleá.

Tabhair fá dtear nach ionann an cineál héiliam a ghintear i gcomhleá an deoitéiriam agus an tritiam, agus an cineál is toradh do bhéite-mheath an tritiam. Is é héiliam a ceathair is toradh don chomhleá, agus é comhdhéanta as dhá phrótón is dhá neodrón. An cineál héiliam a chruthaítear nuair a fháganns an béite-cháithnín an núicléas tritiam, is é héiliam a trí é, nach bhfuil ach neodrón amháin ina núicléas, maille leis an dá phrótón.

Tá an dá héiliam seo - an dá iseatóp seo - ar fáil ins an dúlra, ach tá héileam a trí i bhfad níos éagoitianta. Níl ceachtar den dá chineál héiliam radaighníomhach ar aon nós.

Anois, is é an comhleá an rud is ábhar suime dúinn, nó is é an comhleá an cineál imoibriú atá ar siúl ins na réaltaí fad is a mhaireanns siad ag soilsiú is ag taithneamh (agus tréimhse mhaith thairis sin, mar a tchífeas muid anseo thíos). Imoibritheoir ábhalmhór comhleá atá ins an Ghrian s'againn féin.

An hidrigin atá amuigh ins an spás, nuair a thig sí le chéile ina néal, is féidir daoithi réalt a dhéanamh. Nó tá imtharraingt ins an damhna, agus na hadaimh nó na núicléis nochta ag aomadh a chéile. Ní bhíonn an t-am gann amuigh ansin, agus de réir a chéile, éiríonn an gás comh tiubh i gcroílár an néil, agus an teocht ag dul i méadaíocht de réir mar a fháisctear na hadaimh is na núicléis in aice a chéile, nuair a fhásanns brú an gháis ina dtimpeall. Ins an deireadh thiar thall, sroichfidh an croílár an teorainn teochta atá le sárú le tús a chur le comhleá na núicléas.

Saol na Réalta

Ansin, beidh an réalt ag mairstint ina caor núicléach thine ag soilsiú a fhad is nach dtéid sí in anás hidrigine. Réaltaí den ghnáthchineál seo, bheirthear réaltaí an phríomhsheichimh orthu. Réalt de chuid an phríomhsheichimh atá inár nGrian féin, agus is dócha gur mar sin a fhanfas sí go ceann cupla míle milliún bliain eile ar a laghad.

An Ghrian le hIompó ina Fathach

Is í an todhchaí atá daite don Ghrian s'againn ná go dtitfidh a croí níos dlúithe isteach ann féin, agus an sceall taobh amuigh á fhairsingiú agus ag dul i bhfuacht, i gcruth is go dtiocfaidh dath dearg air. Beidh an Ghrian ina fathachréalt dhearg ansin. De réir a chéile, áfach, séidfidh brú na radaíochta ó chroílár na Gréine an sceall seo ar shiúl. Ní fhanfaidh ach an croí féin ina dhiaidh sin: an tráth seo, ní bheidh an Ghrian níos mó ná ár nDomhan féin, ach tharla go mbeidh an chuid is mó de sheanmhais na Gréine comhdhlúite comhchruinnithe ann, beidh an réalt bheag seo tiubh trom, agus as pabhar te, fosta. Is féidir go mairfidh iarsmaí an scealla dheirg ag timpeallú an chroíláir seo, cosúil leis na pláinéid - amach ón chupla cheann, Mearcair, Véineas, agus b'fhéidir an Domhan s'againn féin, agus iad slogtha ag an sceall dhearg le fada. Tá lucht an tsaineolais i ndiaidh fáinní den chineál seo a thabhairt fá dtear anseo agus ansiúd, agus is féidir linn néal pláinéadach a thabhairt ar a leathbhreac.

An cineál réalt a mbíonn néal pláinéadach á chasadh ina timpeall, is dócha gur abhacréalt bhán atá ann. Abhacréalt den chineál seo a bheas inár nGrian féin i gceann aimsire. Bíonn na habhacréaltaí seo iontach te, agus an cineál solais a astaíonns siad, bíonn sé bán, agus iarracht bheag den ghorm ann: is é an breo bán an breo is teo, ar ndóighe. Thairis sin, chan fhuil an t-ábhar ins an abhacréalt bhán cosúil leis an tseort damhna a bhfuilimid féin ina thaithí. Is amhlaidh go bhfuil roinnt mhaith folúis ins an ghnáthdhamhna, agus na leictreoin ag timpeallú an núicléis i bhfad amach uaidh. Tá na habhacréaltaí comhdhéanta as damhna comhdhlúite, ina bhfuil na leictreoin is na núicléis fáiscthe in aice a chéile ag brú mhór na himtharraingthe.

Is féidir a rádh go bhfuil an abhacréalt bhán "múchta", is é sin, ní bhíonn imoibriúcháin núicléacha ar obair aici a thuilleadh. Ós rud é go bhfuil damhna comh dlúth sin inti, áfach, is féidir don abhacréalt bhán a teocht agus a breo a choinneáil i gceann i bhfad. Le himeacht na mílte milte de bhlianta, áfach, imeochaidh an teas léithi go dtí nach mbeidh fágtha ach abhacréalt dhubh, dhuairc, fhuaraithe.

Anois, ní mór cuimhne a choinneáil air NACH ionann an cineál sin abhacréalt agus an dúpholl. Scéal eile ar fad é scéal an dúphoill, scéal atá i bhfad níos casta.

Má tá an réalt i bhfad níos mó ná an Ghrian s'againn - níos mó ná réaltaí an phríomhsheichimh - is féidir daoithi ollnóva a dhéanamh, seachas a dhul in éag go síochánta.

An Nóva is an tOllnóva

Cad é is ollnóva ann?

I dtús báire, caithfidh muid míniú ínteacht a fháil ar choincheap an nóva. Giorrúchán atá ann agus é ag teacht as stella nova na Laidine, nó "réalt nua". Ní réalt úr atá in aon nóva, áfach, ach seanréalt a bhfuil a gile ag dul i méadaíocht i dtoibinne gan choinne. Is é is fáth leis an nóva, dar le lucht an tsaineolais, ná gur córas dhá réalt atá ann, agus an dá réalt ag teacht comh cóngarach dá chéile is go bhféadann siad damhna a bhaint as a chéile le teann a n-imtharraingthe, ar dhóigh is go lasann bladhmanna móra suas ins an spás eatarthu.

Le linn brúchtaíola den chineál seo, is féidir don réalt éirí deich míle oiread níos gile ná mar is gnách daoithi a bheith. Mar sin féin, bíonn na hollnóvaí níos gile fós. Pléasc atá i gceist le hollnóva: is é an buama adamhach is mó amuigh atá ag pléascarnaigh ansin.

Bíonn mais agus téagar na réaltaí seo i bhfad níos mó ná mais ár nGréine féin, agus nuair a bhéas an hidrigin ar fad caochlaithe go héiliam iontu, éireochaidh croí na réalta comh te is go dtoiseochaidh na núicléis héiliam á gcomhleá le chéile, agus iad ag déanamh carbóin. Tá an t-imoibriúchán seo in inmhe, áfach, i bhfad níos mó fuinnimh agus teasa a chruthú ná gnáth-chomhleá na hidrigine go héiliam. Mar sin, agus an teocht ag dul i méadaíocht i lár na réalta, toiseochaidh na núicléis charbóin á gcomhleá le núicléis níos troime fós a dhéanamh, agus iad ag scaoileadh le fuinneamh comh mór millteanach agus go madhmfaidh sé an réalt ina hollnóva.

Nuair a iompóchas an réalt ina hollnóva, chan ionann sin is a rádh go n-imeochaidh sí ina smionagar ar fad. Is é an chéad rud a ghinfear ná sceall nó caor thine agus í á fairsingiú i ngach treo ins an am chéadna, thart ar chúig mhíle ciliméadar in aghaidh uair an chloig. De réir a chéile, áfach, agus an fuinneamh ag imeacht, tiocfaidh fuacht i leaba an teasa, agus an sceall ag éirí dorcha aríst. Ina dhiaidh sin, fiú na mílte bliain in éis don ollnóva a dhul in éag, bíonn iarsmaí an scealla seo le haithne ag lucht na dteileascóp.

Mar shampla, ins an bhliain 1054, bhreac réalteolaithe na Síne go dtáinig "réalt iasachta ar cuairt go dtí réaltbhuíon an Tairbh". Ollnóva a bhí i gceist, agus a iarsmaí fágtha thuas ansin go dtí an lá atá inniu ann, le feiceáilt ag aon té a bhfuil gléas a bhfeiceála aige. Cineál gásnéal atá ann, go bunúsach.

An té a rabh d'ádh aige ollnóva a fheiceáilt le súile a chinn féin, cha dtearn sé dearmad de go dteachaidh an trí shluaiste air. Nuair a chonaic an t-eolaí Danmhargach Tycho Brahe ollnóva na bliana 1572, chrom sé ar ais ar an réalteolaíocht - siúd is go rabh spéis aige inti riamh, bhí sé ar tí éirí aisti ag an am, ar chúiseanna praiticiúla - agus chaith sé tréimhse fhada ag taighde na réaltaí is ag déanamh léarscáiliú orthu. Is dócha gur chuir an t-ollnóva sin cor i gcinniúint na réalteolaíochta, nó mhair na saineolaithe ag baint úsáid as torthaí oibre Bhrahe i bhfad i ndiaidh dó síothló.

Is minic nach bhfágtar a dhath i seanáit na réalta féin i ndiaidh an ollnóva, agus a hiarsmaí ar foluain i bhfad ar shiúl amuigh íns an spás, an dóigh ar séideadh thart timpeall iad. Níl sin fíor gan eisceacht, áfach. Nó is minic a fhananns rud éigin ansin ins an deireadh thiar thall - neodrónréalt nó an dúpholl féin.

Thrácht mé cheana ar an dóigh a mbíonn na leathréaltaí i gcórais dhá réalta (réaltaí dúbailte) ag baint ábhair dá chéile. Is féidir le headarghníomhú den chineál seo neodrónréalt nó fiú dúpholl a dhéanamh de réalt nach rabh ábhar déanta a leithéide inti ó thús. Ós rud é go dtig leis na leathréaltaí bheith iontach difriúil le chéile ó thaobh na méide, na gile is na saintréithre fisiciúla eile de, tá sé incheaptha nach bhfuil ceann acu ag coinneáil bord ar bord le forbairt a leathbhádóra.

Mar sin, is féidir go bhfuil ceann den dá réalt ina habhacréalt bhán cheana féin, agus an leathréalt eile á forbairt is á fairsingiú ina fathachréalt dhearg. Ansin, beidh imeall an fhathaigh ag teannadh comh cóngarach don abhac dhlúth throm agus go bhféadfaidh an t-abhac damhna a shú isteach ón réalt eile. Ní bheidh an t-abhac, áfach, i bhfad ag sroicheadh na maise criticiúla, agus nuair a bhéas sé sách trom, pléascfaidh sé amach ina ollnóva. Scabfar an taobh amuigh den abhac i ngach treo ina sceall, agus fágfar neodrónréalt nó dúpholl in áit an abhaic.

Sula gcromaidh muid ar na dúphoill féin a phlé, ní miste cupla focal a rádh i dtaobh na neodrónréaltaí. Bíonn siad níos dlúithe, níos troime ná na habhacréaltaí bána féin, nó is amhlaidh go bhfuil an damhna iontu níos díchineálaí. Ins an abhacréalt bhán, brúitear na leictreoin is na núicléis in aice a chéile, i gcruth is nach mbíonn adaimh den chineál is aithnid dúinn féin ann a thuilleadh, ach mar sin féin, fanann na núicléis dealaithe ó chéile, agus na dúile inaitheanta thar a chéile. (Le déanaí, chualathas an nuaíocht go dtáinig na saineolaithe trasna ar abhacréalt bhán a rabh a croílár criostalaithe ina dhiamant ábhalmhór. Más fíor é sin, is féidir go rabhthas ag súil le brú i bhfad níos airde taobh istigh den abhacréalt bhán ná mar atá ann dáiríribh; nó siúd is go bhfuil imthoscaí antoisceacha de dhíth le gnáthcharbón a iompó go diamant, tá an diamant féin comhdhéanta as adaimh charbóin den ghnáthchineál.) Ins an neodrónréalt, áfach, fáisctear na núicléis is na leictreoin comh dlúth le chéile is go dtugann na leictreoin (le lucht diúltach leictreachais) agus na prótóin (le lucht deimhneach leictreachais) a chéile chun neodrachta, agus ní fhágtar ins an deireadh ach brachán dlúth neodrón. Caithfear cuimhne a choinneáilt air nach bhfuil lucht leictreachais d'aon chineál, diúltach ná deimhneach, ag an neodrón, rud a fháganns nach bhfuil aon fhórsa éarthach leictreachais ann leis na neodróin a ruaigeadh ó chéile, agus an imtharraingt mhór á gcarnadh in aice a chéile. Nuair a bhéas siad comh gar sin dá chéile, toiseochaidh a gcuid fórsaí núicléacha á n-aomadh i leith a chéile - mar sin, beidh an neodrónréalt comh dlúth le gnáthnúicléas adaimh!

Cibé scéal é, ós rud é go bhfuil an neodrónréalt "neodrónaithe" mar sin, ní féidir a thuilleadh núicléis ná dúile éagsúla a aithne ansin - ní thig linn a rádh cé acu hidrigin nó héiliam, iarann nó carbón atá ann dáiríribh.

Dá thoradh sin is uile, bíonn na neodrónréaltaí as pabhar trom. Thairis sin, bíonn siad á gcasadh thart - ag déanamh bulla báisín - go han-sciobtha ar fad. Toradh é seo don dlí nádúrtha a deir gur dual d'aon réad atá á chasadh thart air féin a shean-mhóiminteam uilleach a choinneáil - dlí imchoimeádta an mhóimintim uilligh. Dlí tábhachtach nádúrtha é seo agus muid go mór mór ina chall ag tabhairt cur síos ar iompraíocht na neodrónréaltaí is na ndúpholl.

Go bunúsach, cainníocht fhisiciúil atá ins an mhóiminteam uilleach, cainníocht ar miosúr í ar an dóigh a bhfuil an réad á chasadh thart ar a acastóir féin - ar acastóir shamhlaitheach, nó ais, atá ag dul fríd lárphointe an réada féin. Tá an móiminteam uilleach ag brath ar comh fada ón ais is a shíneanns an réad é féin. Is maith leis na fisiceoirí sampla an scátálaí ar an leac oighir a tharraingt orthu féin leis an dlí imchoimeádta seo a léiriú agus le míniú a thabhairt ar choincheap an mhóimintim uilligh: Ar tús, tá an scátálaí ag síneadh amach a lámha, agus é á chasadh cuíosach mall an áit a bhfuil sé. De réir mar a tharraingeochas sé na lámha isteach chuig a bhrollach féin, áfach, tiocfaidh dlúthas is luas leis an dóigh a bhfuil sé á chasadh.

Cosúil le sin, má imphléascann fathachréalt, nó fiú abhacréalt bhán féin, ina neodrónréalt, mar atá léirithe thuas, beidh an neodrónréalt á casadh thart i bhfad níos luaithe ná an réalt a bhí ann roimh an imphléasc. (Is é is imphléasc ann ná an dóigh a dtiteann an chuid inmheánach den réalt isteach inti féin le teann na himtharraingthe, le linn an taobh amuigh daoithi a bheith á scuabadh ar shiúl ag an ollnóva.) Tá cuid mhór den tseanmhais fágtha ins an neodrónréalt, diomaite den chuid a phléasc amach i sceall an ollnóva, ar ndóighe; an mhais a fágadh ann, áfach, níl sí sínte amach ins an spás leath comh fada fairsing is a bhí sí ins an fhathachréalt nó fiú ins an bhac bhán.

Ós rud é go bhfuil an neodronréalt ag rothlú comh géar gasta sin, is féidir le lucht na réalteolaíochta sonrú a chur inti ar na bíoganna raidió atá sí a astú, bíog in aghaidh gach aon rothlú. Nó tá réimse láidir maighnéadach ag an neodrónréalt, agus é ag rothlú in éineacht leis an réalt féin; is é an réimse maighnéadach seo is foinse do na tonnta raidió, agus é á ligint amach in aon treo amháin, ach amháin go bhfuil an treo seo ag rothlú in éineacht leis an réimse mhaighnéadach. Ceart go leor?

Ós rud é go bhfuil na neodrónréaltaí ag tarchur bíoganna raidió, bheirthear pulsáir orthu fosta - as an fhocal Béarla udaí pulse a chiallaíonns "bíog" a hainmníodh iad. Déanta na fírinne, nuair a baisteadh an t-ainm seo ar na pulsáir an chéad uair, ní rabh a fhios ag na saineolaithe féin go fóill go mb'ionann iad agus na neodrónréaltaí. Ar tús, cha rabh ins na pulsáir ach reanna neimhe agus iad ag astú bíoganna aistíocha raidió uathu.

Is gádh a chur ar a shúile don léitheoir nach gcoinníonn na pulsáir seanrithim a gcuid bíoganna go deo deo na ndeor. Agus é ag cailleadh fuinnimh - fuinneamh atá ins na tonnta raidió féin agus iad á n-astú aige - thig moilliú ar an bhulla báisín atá an pulsár a dhéanamh thart ar a aise féin, agus na bíoganna níos scáinte ins na sálaibh ar a chéile. Chreidfeá nach dtiocfadh a leithéid de mheath ar an réalt ach de réir a chéile, agus na mílte, mílte bliain ag sleamhnú leofa, ach is é an rud ar chuir na réalteolaithe sonrú ann ná gur féidir don rithim athrú de thailm. Is é an míniú atá acu air ná go mbíonn cineál "talamhchreathanna" nó "réaltchreathanna" ann agus iad ag rúscadh na neodrónréalta as a riocht, ó am go ham.

Creidtear go bhfuil sceall sách cruaidh ag an neodrónréalt, agus é comhdhéanta as adaimh atá dlúite go tiubh in aice le chéile. Faoin sceall seo, tá sceall eile a bhfuil núicléis ann. Tá an dá sceall seo cosúil le solad - le hábhar sholadach - agus mar sin, táthar ag déanamh go bhfuil dromchla soiléir ag na neodrónréaltaí - is é sin, is féidir a rádh go neamhdhébhríoch cá háit a bhfuil deireadh an spáis fholaimh agus tús na réalta. Na gnáthréaltaí áfach, gás atá iontu go bunúsach, rud a chiallaíonns nach bhfuil dromchla soiléir acu.

Taobh istigh den sceall chruaidh atá an chuid is mó den neodrónréalt - dá mais ach go háithrid. Is maith leis na heolaithe a rádh gur leacht atá ann, comh saor is a bíos na neodróin ag sní agus ag reachtáil i measc na gcáithníní troma. Le fírinne, áfach, ní gnáthleacht, cosúil leis an uisce a ólanns muid, atá i leacht na neodrón. Tá sí níos cosúla leis an fhorleacht a ghintear nuair a chuirtear an oiread sin fuachta ins an héiliam agus go dtig sé i gcóngar don dearbhnialas. (Is é an dearbhnialas an sioc is fuaire atá ann ar aon nós, an sioc a stopfas gluaisne an teasa go hiomlán. Ní féidir an dearbhnialas - thart ar -273oC nó -459oF - a shroicheadh, ach d'éirigh le foireann go leor saotharlanna teicniúla, fiú anseo ins an Fhionlainn, an-druidim a dhéanamh leis.) Níl aon táimhe inmheánach ins an fhorleacht a choimeochadh ó shruthú í, rud a fháganns go bhféadann forleacht an héiliam dreapadh amach as soithí agus as coimeádáin fhoscailte. Tá feasbhaidh na táimhe seo ag roinnt le leacht na neodrón i neodrónréalt, fosta, siúd is nach bhfuil an neodrónréalt in aon ghaobhair don deaerbhnialas, a mhalairt ar fad. Bíonn na neodrónréaltaí i bhfad níos teo ná na gnáthréaltaí, go háithrid an chéad am i ndiaidh an ollnóva, nuair nach bhfuil an fuinneamh imithe leis na tonnta raidió go fóill.

Tá neodrónréaltaí ann agus iad ag tarchur bíoganna x-ghathacha in áit na dtonnta raidió. Difríocht bhunúsach atá i gceist, nó is amhlaidh go bhfuil tonnfhad na dtonnta raidió i bhfad níos mó, agus a minicíocht i bhfad níos lú, ná tonnfhad agus minicíocht an tsolais infheicthe. Ón taoibh eile de, tá na x-ghathanna i bhfad níos giorra agus níos airde minicíochta ná an gnáthsholas, gan trácht ar bith a dhéanamh ar na tonnta raidió.

Ar aghaidh go dtí CUID A TRÍ