I ndiaidh dom tuirsiú de na daoiní a bíos ag tuar báis don teanga.
Chuala mé go rabh sí marbh, ach b'é an t-éitheach é.
Beo breabhsánta atá sí. B'fhurast coinne a shocrú léithi.
Nuair a casadh orm í, fuair mé cineál seanfhaiseanta í,
agus is cinnte go rabh deannach ar a cuid éadaí
b'fhéidir go rabh corrfhiacail ar lár
ach bhí sí ag gáirí mar sin féin.
Cha rabh cuma an bháis uirthi, ná baol air.
Bhí dath folláin ina grua
agus ní ag stiúgadh a bhí sí:
chuaigh sí i raimhe ó chonaic lucht na dtásc bréige í.
Nach millteanach an chraic a bhí inti!
Is iomaí uair a casadh orm í ó shin i leith
agus is fíor gur iarr sí iasacht cupla fiacail orm
nach bhfuil súil agam leofa ar ais,
ach is cuma: níl sí ag fáil bháis ná á fhoghlaim.
A bhréagchairde bhradacha, cad é an cat mara
a chuir ag tuar báis daoithi sibh?
Is olc an seanadh a leithéid.
Siocracha sólásacha á soláthar
don té nach mbacann léithi.
Tchí Dia sibh do bhur ngléasadh chun a hadhlactha
in éineacht le díogha na namhad.