Panu Höglund a chuir an leathanach seo ar fáil duit.
Nuair a bhí mé féin i mo bhrín óg ba mhinic do na daoiní fásta caitheamh anuas ar na greannáin mar "litríocht ó bhoth na nuachtán", a mb'é an locht ba mhó ab fhéidir a fháil orthu san am sin. Déanta na fírinne, áfach, ba bheag an t-ábhar adhnua a bhí iontu mar ghreannáin, agus stair is traidisiún dá gcuid féin acu san Fhionlainn cheana.
Bhí Ola Fogelberg ar duine de na chéad ealaíontóirí Fionlannacha ag líniú greannáin, comh maith le gnáthleabhráin phioctúirí do pháistí. Siúd is nach rabh "Fogeli" ina bhall chláraithe d'aon pháirtí riamh, bhí teachtaireacht pholaitíochta ag roinnt lena chuid greannáin agus cartúin. Nó bhí dáimh aige le gluaiseacht na gcomharchumann, agus é ag caidreamh uachtaráin na gluaiseachta. I measc lucht a aitheantais, bhí daoiní ar nós an pholaiteora dhaonsóisialaigh Yrjö Kallinen, a bhí ina shíochánaí mhór i dtír sách míleata, agus suim aige sa Bhudachas agus i bhfealsúnacht an Oirthir i bhfad bhfad roimh aon duine eile san Fhionlainn. B'é an fear seo a d'fhostaigh Fogeli d'iris na gcomharchumann sna fichidí. Ansin a chruthaigh an t-ealaíontóir an carachtaeir ba mhó cliú is ráchairt dá chuid - Pekka Puupää.
Ciallaíonn Pekka Puupää Peadar an Chloiginn Adhmaid, rud a bheir le fios cheana gur carachtaeir greannmhar, cineál frithlaoch agus amadán atá i gceist. Ní díol gáirí amháin a bhí ann mar Phekka, áfach, nuair a tháinig an cruth ar an tairne. Nó bhí an greannán ina ghléas chumhachtach bolscaireachta freisin ag lucht na gcomharchumann, agus iad ag cur troda in éadan Lucht Lapua, gluaiseacht radacach na heite deise a chuir eagla ar an lucht oibre sna tríochaidí. Ar ndóighe, bhí Fogeli, fosta, ábalta ar thábhacht an chomharchumannachais a mhíniú go sothuigthe do na léitheoirí leis an ghreann is dual don ghreannán.
Siúd is go bhfuil cuma sách simplí ar Phekka Puupää, ní carachtaeir amaideach amach is amach a bhí ann. Bhí dearcadh polaitiúil ag Pekka comh maith le duine - nó comh maith le fear a línithe! - agus a bhean chéile, Justiina, gníomhach i gcumann ban an lucht oibre.
Chuaigh an sracadh as Pekka i ndiaidh an darna cogadh domhanda le teacht na ngreannán Meiriceánach a chuir ruaigeadh ar an mhuintir dhúchasach as nuachtáin is irisí ár dtíre. Scannánaíodh sraith cóiméidí sna caogaidí fá eachtraí Phekka Puupää agus a chara Pätkä ("An Stumpa"), ach má rinneadh féin, ní rabh na scannáin ach breacbhunaithe ar na greannáin. Is mó is cuimhin le Fionlannaigh an lae inniu na scannáin ná na greannáin, siúd is nach bhfuil siad ag cur go rómhaith leis an tsaoldearcadh a léirigh Fogeli. Cóiméidí éadroma ropánta den chineál is simplí atá iontu mar scannáin, agus iad réidh ar fad leis an idéalachas pholaitiúil a ba dual d'Fhogeli. Thiocfadh iontas ar a lán Fionlannach dá n-abórfá leofa go dtáinig an greannán roimh na scannáin: is dócha nach gcreidfidís go rabh greannáin ar bith le fáil as Fionlainnis roimh ionradh na gceann Meiriceánach.
B'éigean fanúint go dtí na déagaí is trí scór le h-athbheochan an traidisiúin Fhionlannaigh. Ar ndóigh bhí na greannáin Mheiriceánacha ag teacht isteach go talcánta tréan an t-am ar fad, agus dímheas ag go leor daoiní orthu: b'eagal leis na tuistí gur spreag na greannáin na páistí chun droim láimhe a thabhairt leis an cheartlitríocht. Is iomaí feachtas a d'eagraigh an preas in éadan na ngreannán, agus na coimeádaigh ar aon fhocal leis na Cumannaigh ag cur troda ar an "truflais Mheiriceánach" seo. "Tabhair leabhar do do chlainn - pléasc na boilgeoga cainte" , a d'éiligh fógrán amháin - na boilgeoga cainte ar na greannáin a bhí i gceist leis.
Bhí mise i mo bhuachaill bheag san am sin, agus mise do mo mhothachtáil féin i mo chráiteachán truaillithe, tugtha is uile mar a bhí mé do na greannáin comh maith le duine. Bhí mé iontach doirte don "dea-litríocht" freisin, ar ndóighe, ach má bhí féin, tuigeadh domh ó na fógráin gur drochrud iontu féin a bhí ins na greannáin, agus nárbh aspalóid domh a bheith ag cur suim i litríocht níos fearr ná iad.
Níor athraigh dearcadh na ndaoiní ar an ghreannán ach de réir a chéile. Nuair a bunaíodh Cumann Greannánaíochta na Fionlainne i Mí na Samhna den bhliain 1971, áfach, cuireadh tús le hathchruthú an chultúir dhúchasaigh ghreannánaíochta sa tír seo aríst. B'iad an lánúin Kaukoranta - Soile agus Heikki - thar aon duine eile, a chruinnigh le chéile na daoiní a rabh suim acu sa ghreannánaíocht mar fhoirm dháiríre ealaíne. B'iad an lánúin seo a chuir Fionlainnis ar an chuid ba mhó de ghreannáin chlasaiceacha na hEorpa, ar nós Astérix nó Tintin sna blianta a bhí le theacht.
Taispeántas greannánaíochta a cóiríodh i nDánlann Amos Anderson ab údar le bunú an Chumainn, is dealraitheach. Tharraing an taispeántas ina leith go leor daoiní a rabh suim acu sna greannáin, agus iad ag fáil aithne ar a chéile. Bhí an taispeántas ag imeacht i gcónaí nuair a tháinig an cruinniú bunaithe le chéile i seomra de chuid na Dánlainne.
Ní lucht greannánaíochta amháin a bhí i láthair ag bunú an Chumainn, ach daoiní a rabh suim ní ba leithne acu i gcúrsaí an phopchultúir; d'éirigh siad siúd as an Chumann seo de réir a chéile, agus iad ag cur ar bun cumainn eile dá gcuid féin sna seachtóidí - mar shampla, le seanscannáin Fhionlannacha de chuid an chomhlachta "Suomi-Filmi" a chumhdach le haghaidh na todhchaí agus le suim lucht an taighde a mhúscailt iontu.
Sa bhliain 1972 chóirigh Cumann na Greannánaíochta Féile Phuupää lena cheart a thabhairt ar ais do Phekka Puupää a bhí faoi dhímheas le fada an lá anuas, eadar greannán agus scannán. Ní rabh ann ach drámhchultúr - nó b'é sin an breithiúnas ba mhinicí a tugadh air. Bhí a mhalairt de bharúil ag lucht an Chumainn, agus d'éirigh leofa a chur ar a súile don náisiún uilig nach díol náire ná ceann faoi é popchultúr, nó cultúr éadrom sothomhailte, a bheith againn inár dteanga féin, agus é eascraithe ónár bhfód agus ónár n-ithir féin. Nach údar cineál bróid a bhí ann tar éis an tsaoil go rabh "Hollywood" - an comhlacht scannánaíochta udaí Suomi-Filmi - dár gcuid féin againn tráth - agus má bhí na scannáin ag breathnú cineál páistiúil agus diansúil ár lae féin á caitheamh orthu, nach mb'fhíor go mb'é locht na scannán locht lá a ndéanta? B'fhéidir go rabh an iomarca aird ag lucht eagraithe Fhéile Phuupää ar na scannáin, á chur san áireamh gur baill de chumann greannánaíochta, seachas scannánaíochta, a bhí iontu: phronn siad Hata Phuupää, Duais an Chumainn, ar an bheirt fhear a rinne na príomhpháirteanna sna scannáin, mar atá, Esa Pakarinen (Pekka Puupää) agus Masa Niemi (Pätkä). Duais iarbháis a bhí ann do Mhasa Niemi, nó chuir sé lámh ina bhás féin sa bhliain 1960, nuair a tháinig deireadh leis an tsraith scannán. Fuair Toto Kaila, nighean Ola Fogelberg, Hata Phuupää thar ceann a hathara, nó bhí Fogeli ag iompar na bhfód ó thús na gcaogaidí anuas.
Rinne mé trácht cheana ar Astérix agus Tintin, ach go gairid ina ndiaidh thoisigh na greannáin Eorpacha eile a theacht isteach: Natacha, Benoît Brisefer, Yoko Tsuno, Chlorophylle, Iznogoud, Lucky Luke, Valerian, Spirou agus Fantasio nó Gaston Lagaffe. Cuireadh cupla leabhrán fán ghearrchaile sheanchríonna udaí Mafalda leis an Airgintíneach Quino i gcló an chéad uair i dtús na seachtóidí. Maidir le greannáin Bheilgeacha nó Fhrancacha, tháinig dhá iris ar leith ar an fhód lena bhfoilsiú sin: Ruutu (nó Non Stop, mar a hathbhaisteadh air go sciobtha) agus Zoom. B'ins an bhliain 1973 a bunaíodh iad, agus má bhí ráchairt mhór ar na greannáin féin, chuir an modh foilsitheoireachta go mór isteach ar na léitheoirí. Cha rabh iontu ach sraithscéalta, rud a d'fhág go mb'éigean duit síntiús a bhaint amach leis an iris le bheith in ann sult a bhaint as na heachtraí. B'fhéidir go mb'é aduantas na léitheoirí roimh an mhodh foilsithoireachta, agus drogall na dtuistí roimh an chineál seo léitheoireachta a mhaoiniú dá gclainn, a thug bás Zoom go sciobtha. B'fhaide a mhair Ruutu/Non-Stop: siúd is nárbh ionann an teach foilsitheoireachta don bheirt acu, fuair Non-Stop cupla greannán ("Chlorophylle" le Raymond Macherot, mar shampla) le hoidhríocht ó Zoom. ("Timjami" nó Lus na mBrat ab ainm do Chlorophylle ar an iris Zoom, ach fuair sé a cheartainm ar ais ar Ruutu/Non-Stop - "Klorofylli" de réir litriú na Fionlainnise.) Mar shraitheanna de leabhráin aon eachtra bhí Alix le Jacques Martin agus an Ridire Ardent le Francois Craenhals ag teacht amach go tiubh fá lár na seachtóidí, ach d'éirigh na tithe foilsitheoireachta astu roimh chríochnú na sraitheann.
Ní rabh mórán greannán dár foilsíodh sna seachtóidí dírithe ar dhaoiní fásta amháin. Bhí meas na páistiúlachta nó an drámhchultúir ag muintir na Fionlainne ar na greannáin i gcónaí, siúd is go rabh siad ag toiseacht is ag tuigbheáil nach drochrud amach is amach a bhí iontu, ós rud é gur minic a bhí siad ina gcuidiú mhaith leis an léamh a fhoghlaim do na páistí. Is féidir a rádh go mb'é an greannán Corto Maltese le Hugo Pratt a chuir lucht léite Ruutu/Non-Stop i dtreo na dea-litríochta an chéad uair, gidh gur chuir cosúlacht ró-"ealaíonta" agus imeachtaí ardlitríochtúla an ghreannáin seo go mór as do na léitheoirí óga ar dtús. Ní rabh súil ag na daoiní le greannáin fá choinne daoiní fásta amháin, áfach. Nuair a thoisigh foilsitheoir amháin a chur amach greannáin phornagrafaíochta ón Iodáil faoin teideal "Aikuisten sarjakuva" - "Greannán na nDaoiní Fásta" (b'iad na buachaillí ins na déagaí ba mhó a léadh é, ar ndóighe) níor tharraing sé mórán calláin, toisc nach mbeifeá ag súil lena mhalairt ó fhoilsitheoir míchliúiteach gáirsiúlachta. Ón taoibh eile áfach, chuir sé alltacht ar a lán daoiní nuair a tháinig aistriúcháin Fhionlainnise ar na greannáin anghrácha udaí Paulette le Pichard agus Valentina le Guido Crepax amach ó chomhlacht mheasúil foilistheoireachta. Cha rabh aon duine ábalta ná ullmhaithe bun ná barr a dhéanamh de ghreannán anghrách a rabh uaillmhian litríochta fiú ag roinnt leis.
Ag tógáilt patrún leis na réamhshamplaí nua ón iasacht dófa, chrom ealaíontóirí óga na Fionlainne ar a gcuid saothar féin a chruthú agus a chur ar fáil. Bhí an comhlacht scaipeacháin eadarnáisiúnta udaí Williams ag déanamh a ionradh ar mhargadh na ngreannán i mbothanna nuachtáin na Fionlainne, agus ba le foireann Williams ba túisce a rith an smaointiú úr ná iris greannán a bhunú fá choinne ealaíontóirí dúchasacha, "Sarjis". (Giorrúchán leathchainte is eadh é an focal "sarjis" de "sarjakuva" a chiallaíonns "greannán" - nó "sraithphioctúir", más focal ar fhocal a aistrítear é.) B'ar an iris seo a tháinig JORMA "JOPE" PITKÄNEN i gcrann mar ealaíontóir greannáin.
Áirítear Jope ar an chéad ghreannánaí fíorphroifisiúnta a d'eascair ó ghlún na seachtóidí. Chruthaigh sé go sciobtha stíl ghreannmhar líníochta a chuirfeadh Albert Uderzo agus "Astérix" i gcuimhne duit, agus é ag tabhairt a bhreithiúnais féin ar chúrsaí an tsaoil chomhaimseartha ina chuid greannán scigiúil. Is rogha leis ábhair dhúchasacha, agus é fiú ag cleachtadh canúnachas Fionlainnise ina chuid greannán. Ins an tsraith "Näkymätön Viänänen" ("Viänänen, an fear dofheicthe") pósann sé le chéile móitíf an fhir dhofheicthe (a fuair sé ón tsraith teilifíse The Invisible Man, agus í ag imeacht san Fhionlainn fán am seo) agus saol na tuaithe in Oirthear na Fionlainne, a mb'é fód a dhúchais é. Fear dífhostaithe é Väänänen (nó "Viänänen", mar a deirtear sa chanúint) agus é ina chónaí i gceantar tuaithe leathbhánaithe ar an iargúltacht in oirthear na tíre. Tá sé dofheicthe, ach amháin go gcaitheann sé caipín a thaispeánanns don léitheoir cá háit a bhfuil sé. Is é an míniú ar an dofheictheacht seo ná an tuairim a bhí ag go leor daoiní sna cúlriasca seo gur dofheicthe ar fad a bhí siad ag údaráis agus uachtaráin na príomhchathrach agus iad siúd comh mall sin ag iarraidh fadhbanna na gceantar faoi leatrom a fhuascailt.
B'iomaí sraith ghreannáin a línigh Jope do na hirisí pornagrafaíochta fosta, agus a n-ábhar ag cur le h-ábhar eile na bhfoilseachán seo, ar ndóighe. B'iad na greannáin ghrinn ba mhó a thabhaigh a chliú dó, cibé. Rinne sé athfhorbairt ar ábhar Viänänen leis an tsraith "Cabaree Työnvälitys" ("Cabaret an Mhalartáin Oibre"), agus é ag cáineadh an mhaorlathais aríst. Ghlac sé céim fhada i dtreo an mhíréasúnachais agus an osréalachais leis an ghreannán seo i bhfarradh is a rabh déanta aige go dtí sin. Nó tharraingíodh sé na maorlathaigh anseo gan chloigeann, agus a gcuid cainte ag teacht as an stumpa muiníl nuair a bhí siad ag tabhairt orduithe aiféiseacha dá gcuid íochtarán (ar ndóighe, cha rabh aon chaill ar a gcuid cloigneacha siúd). Chuir an stíl seo as do na léitheoirí, áfach, agus iad ag éileamh ar Jope na cloigneacha a thabhairt ar ais do na maorlathaigh!
Dealraíonn sé gurb í Lempi an carachtaeir is fadsaolaí ag Jope. Seanbhean is eadh í agus cónaí uirthi i dteach bheag bhaoideach i lár na cathrach, faoi léigear na mblocanna móra árasán: déanta na fírinne tá a teach ar crochadh in airde san aer cheana féin faoi chrann tógála, ar shéala a chartaithe leis an bhealach a fhágáil do bhloc eile fós. Is de thógáil na Cáiréile í Lempi, agus í ag síor-thagairt don tsaol a bhíodh aici thall ins an Rúis ina hóige daoithi. Bean iontach codarsnach í Lempi maidir leis an dearcadh atá aici i leith an chomharsanaigh mhóir thoir. Bíonn sí ag caint i gcónaí fá dtaobh de na ceantair a ghabh an tAontas Sóibhéadach ón Fhionlainn, nó b'ansin, a deir sí, a chaith sí bláth a hóige ag ragairneacht in Viipuri (an chathair is mó sa taobh sin den tír). San am chéadna, áfach, is minic daoithi gaisce a dhéanamh as a cuid eachtraí agus í ina mnaoi luí ag Léinín féin!
Tá Lempi á foilsiú inniu féin, agus an tsraith á cur i gcló ar leathánach greannáin an tablóidigh udaí Ilta-Sanomat. Tá sí tar éis báis cheana, déanta na fírinne, agus a cuid eachtraí ag titim amach sna Flaithis anois, mura dtoilí sí pionta a chaitheamh siar in éineacht leis an Diabhal. B'í a deirfiúir Lyyti a fuair an teach beag le hoidhríocht, rud a cheadaíonns don ealaíontóir an príomhlaoch mná a sheoladh ar ais chun an tsaoil seo lena hairneál a dhéanamh ag Lyyti ag cur cúrsaí an dá shaol fríd chéile.
B'é Jope an chéad phroifisiúnaí greannánaíochta i bhFionlainn na seachtóidí ceart go leor, ach ní rabh aon mhoill ar Tarmo Koivisto a theacht ar a lorg. Chuir seisean tús leis an tsraith ghreannáin Mämmilä a mhair ó lár na seachtóidí go lár na nóchaidí ag trácht ar shaol sráidbhaile bhig i gCúige na Tabhastlainne (cúige in iarthar na Fionlainne i gcroí na tíre thart ar an chathair mhór udaí Tampere) agus ag tabhairt a chur síos féin ar fhorbairt is athruithe na Fionlainne le himeacht na mbliantach ar an dóigh seo. Mämmilä an t-ainm a cheap mo dhuine dá shráidbhaile, ach is furasta fód dúchais Tarmo Koivisto, Orivesi, a aithne taobh thiar den ainm seo. Déanta na fírinne ghní Koivisto corrthagairt d'"Urovesi" mar cheantar tuaithe láimh le Mämmilä. Bheireadh Koivisto a bhreithiúnas ar imeachtaí a chomhaimsire go géar gasta fríd aithris a dhéanamh orthu i Mämmilä: nuair a bhí borradh mór ar an tsaol eacnamaíochta ag druidim le deireadh na n-ochtóidí, tháinig comhlucht nua tionsclaíochta ar an fhód i Mämmilä; le teacht na géarchéime eacnamaíochta i dtús na nóchaidí chlis a ghnoithe ar an chomhlucht seo, agus fágadh an fear is saibhre i Mämmilä, Toivo Rönkä, - fágadh ar an bhlár fholamh é. Ar ndóighe, bhíodh na carachtaeirí féin i Mämmilä ag teannadh anonn in aois, ag fás aníos nó ag teacht i gcrann ar nós fíor-dhaoiní: ba nuáil é seo i gcomparáid le lachana Disney a mhaireanns go deo gan athrú ó thángadar ar an tsaol.
Siúd is go mb'éigean do Mhämmilä go minic fóram a fhoilsithe a athrú, fuair an phoiblíocht blas agus aithne air de réir a chéile. I lár na n-ochtóidí bhí cliú náisiúnta ar an tsraith ghreannáin seo cheana féin, agus muintir na Fionlainne ag tagairt do na pearsana mar ab aithnid do chách iad. Chonaic muid Rauno Santanen, rógaire beag arbh é mac bhainisteoir an bhainc é, chonaic muid é ag éirí ina bhithiúnach mhór, agus é ag cur spéis in airgead lochtach mhaifia na Rúise is i gcraiceann a cuid cailíní; chonaic muid suasóg na scoile, Atte, ag titim i ngrádh leis an ghirsigh ab áille i Mämmilä, Anu; agus chonaic muid seanchaí is seanChumannach greannmhar na háite, Jalmari Lepola, ag fáil bháis leis na gáirí a rinne sé fá na maslaí a fuair sé ó Toivo Rönkä, an fear is saibhre agus is míthaithneamhaí sa trí phobal. Ach mar a luaigh mé cheana féin, díol trua a bhí i Rönkä féin faoi dheoidh, nuair a d'éirigh le fear gnoithe neamhscrupallach ón phríomhchathair an chluain a chur ar an tseanfhear fríd charadas a ligean air féin leis agus é a bhréagadh isteach in amhantar airgeadais inar chaill Rönkä a chuid go hiomlán dearg.
D'éirigh Tarmo Koivisto as Mämmilä agus na nóchaidí ag teannadh chun deireanais; chrom sé ar an tsraith "Tää kaupunki" ("An chathair seo") a líniú, agus í suite i bpríomhchathair na Fionlainne, Heilsincí. Foilsítear an greannán seo ar fhorlíonadh sheachtainiúil an nuachtáin is mó san Fhionlainn, áit a gcuirtí Mämmilä féin i gcló na blianta deireanacha.
Bhíodh leathanach nó cúpla acu tiomnaithe do "ghreannán an léitheora" ar iris na ngreannán Francach is Beilgeach, Non-Stop, agus a chead ag na healaíontóirí dúchasacha triail a bhaint as. I ndeireadh na seachtóidí chuaigh an iris in éag, ach má chuaigh féin, bhí na línitheoirí dúchasacha tar éis an chéad seans a fháil, agus iad ar lorg fóram nua anois lena gcuid saothar a chur i gcló. B'í an iris ráithiúil grinn is aoire, Pahkasika ("An Mhuc Fhaithneach") a thairg an fóram seo. Siúd is nach le haghaidh na greannánaíochta amháin a cuireadh an iris ar bun an chéad uair, b'iomaí eagrán ina rabh na greannáin ní ba tábhachtaí ná na téacsanna loma.
B'iad Vanhat Herrat ("Na Seanuaisle") agus Peräsmies an dá ghreannán ba tábhachtaí de chuid Pahkasika. B'iad príomheagarthóir na hirise, Markku Paretskoi, agus Pauli Heikkilä, duine de línitheoirí na hirise, a chum is a cheap na "Seanuaisle", agus iad ag cardáil a saoil féin go scigiúil ins an ghreannán: beirt fhear singil leath-mheánaosta ag ragairneacht is ag ól, ag déanamh a mharana ar imeachtaí an domhain agus ag glacadh na gcúrsaí go réidh.
Is féidir a rádh, áfach, go mb'é an carachtaeir ba mhó a bhain gáirí as léitheoirí Phahkasika. Ní rabh an smaointiú féin róbhunúil, is gá a aidmheáil; nó nuair a thig an cruth ar an tairne, is iomaí duine a tháinig air cheana féin beag beann ar a chéile. Nó is scigaithris é Peräsmies ar "Superman", nó Teräsmies, "An Fear Cruadhach", inár dteanga-ne. Chuirfeadh tús a scéil sárlaoch nó superhero ar bith i gcuimhne duit: pótaire sráide a bhí ann ó thús, go dtí go dtáinig sé trasna ar channa píseanna radaighníomhacha: tar éis dó na píseanna a ithe scaoil sé broim comh millteanach is go dtug sé léim mhór in airde. Tuigeadh dó go rabh sé in ann eitilt fríd úsáid an scairdinnill a bhaint as a chuid putógaí; thairis sin bhí boladh comh bréan as a chuid broime agus go bhféadfadh sé néal a chur ar bhithiúnaigh. Ar ndóighe, níor éirigh sé as na bratógaí éadaigh ba dual don druncaeir, ná as an chorrphionta ach an oiread. Thairis sin, is beag uair a theipeanns an tuathal air agus é ag iarraidh gníomh galach is gaisce a dhéanamh, agus má éiríonn leis corruair rud ínteacht fónta a chur i gcrích dháiríre, is mó den dearg-ádh ná dá laochas féin is cúis leis. Mar sin, siúd is go bhfuil fógrán aige ar na Leathanaigh Órga, ní bhíonn na daoiní rófhonnmhar cuidiú a lorg air.
B'iad na hailtirí óga Timo Kokkila agus Sami Laitala a cheap Peräsmies. Eachtraí cúpla leathanach a bíos i gceist le Peräsmies an chuid is mó, ach foilsíodh scéal leathchéad leathanach, Herätyskellobanaani, i dtús na nóchaidí (chan fhuil i dteideal an leabhráin ach scigaithris ar an dóigh amscaí ar cuireadh Fionlainnis ar ainm an scannáin udaí Clockwork Orange le Stanley Kubrick nuair a tháinig sé go pioctúrlanna na Fionlainne). Ós rud é go bhfuil Breatnais ag Laitala, thig le bunadh na Breataine Bige blas (nó boladh?) a fháil ar eachtraí fhear broste na gaoithe ina dteanga féin. Tá sraitheanna den ghreannán seo foilsithe ins an Eastóin ("Peerukott") agus ins an Ghearmáin ("Furzmann"), ach ar an drochuair dealraíonn sé nach bhfuil lucht na Gaeilge le h-aithne a chur ar Pheräsmies fá láthair.
Ar an iris Pahkasika a fuair go leor Fionlannaigh an chéad radharc ar charachtaeir neamhchurata eile, mar atá, Pahkeinen, agus is iomaí duine a shíleanns gur le haghaidh Phahkasika a cruthaíodh é, toisc an chomhchosúlacht a bheith eadar an dá ainm. Tá Pahkeinen ag cur go hiomlán le stéiritíopa an "fhrithlaoich", agus achan rud ag cliseadh air a bheag nó a mhór. Chan i bPahkasika a foilsíodh an chéad ghreannán fá dtaobh de shaol bhrónach, bhraonach Phahkeinen, áfach, ach i seachtaineán na mac léinn in Ollscoil Tampere, Aviisi. Bhí fear línithe an ghreannáin seo, Heikki-Pekka "Heinari" Miettinen ag obair ina ealaíontóir d'Aviisi i dtús na seachtóidí, agus lá amháin bhí fadhb ag na heagarthóirí le leagan amach na hirise: nó tharla folúntas in íochtar leathanaigh amháin nach bhfóirfeadh ach greannán dó. D'úirt Miettinen i bhfad ina dhiaidh sin faoi agallamh ag Ville Hänninen ar iris an Chumainn Ghreannánaíochta (Sarjainfo 3/1998): Cheal smaoitiú chum mé ar an toirt cineál born loser i stíl sách scigphioctúrtha, agus an cliché á theannadh thar fóir ar fad. Shíl mé nach rabh ann ach fás aon oíche, agus bhí mé ar shéala a ligean i ndearmad cheana, ach ag tabhairt an chéad chuairt eile domh ar oifig na hirise bhí an príomheagarthóir ag éileamh tuilleadh de Phahkeinen! Rinne Miettinen a ghearán san agallamh chéadna ná go maireann na fáis aon oíche aige i bhfad níos faide ná na carachtaeirí is cáiréisí a ullmhaíonns sé: Má chaithim mo dhúthracht is mo scil uilig le sraith ghreannáin a phleanáil is a chruthú go hiomlán le fráma tagartha agus le carachtaeirí réamhcheaptha, ní tharrónfaidh mé ach cúpla eachtra, agus nuair a éireochas mé as, ní chrothnóchaidh aon léitheoir uaidh é.
Ós rud gurb i dTampere a rinne lucht bunaithe Phahkasika a staidéar ar iriseoireacht, fuair siad aithne ar Mhiettinen fríd bheith ag scríobh ar Aviisi go trásthrialta, mar ba dual do mhic léinn scríbhneoireachta a dhéanamh. Thug Pahkasika fóram úr foilsitheoireachta do Mhiettinen, agus ó tharla ainm Phahkeinen a bheith cosúil le Pahkasika, rud nádúrtha a bhí ann go rabh lucht na hirise seo sásta seaneachtraí ó Aviisi a athfhoilsiú ar mhaithe le poiblíocht na tíre uilig.