Panu Höglund a chuir an leathanach seo ar fáil duit.

Pasi Jääskeläinen:
AN ÁIT
A nIOMPAÍONN
NA TRAENACHA

Cuid a hAon

Guím thú, más féidir leat ar aon nós:
an rud atá déanta, cuir ar neamhní é aríst!
Díolfaidh mé ar a shon cibé a n-iarrfaidh tú orm.

(guí thipiciúil an pháiste chuig Dia nó neach uilechumhachtach ar bith a tharla ina éisteacht)

Ó d'fhág mé aois an chailín óig i mo dhiaidh, is fánach súil a chaith mé ar leabhartha a bhfuil cumadóireacht iontu, imeachtaí nó daoiní nach rabh ann riamh, cibé is ainm don té a chum - Hemingway, Joyce, Aho, Polva, Christie, Jansson nó duine ar bith eile den bhilliún ar tharla ciall ínteacht don obair seo acu. Is fearr liom na fíricí glana, agus is iad na ciclipéidí an cineál leabhartha is mó a mbainim sult astu. Tá sé sách deacair an saol réadúil seo, mar a bheirthear air, a bharraíocht; dá gcuirfinn borradh faoi mo chuid speabhraoidí le scéalta cumadóireachta, is dócha go dtréigfeadh an crothán deireanach céille mé. Is ar éigean má aithním fíor-imeachtaí thar na cuimhní bréige agus an scéal mar atá.

Ní maith liom mo mharana a dhéanamh ar na laetha a bhí, nó cuireann sé mearbhlán i mo cheann agus sciodar i mo phutóga, gan aon trácht a dhéanamh ar an tinneas cinn. Ach ní thiocfadh liom dearmad a dhéanamh de mo mhac. Sin é an fáth gur minic domh turas a thabhairt ar reilig na gcuimhní fá choinne iarsmaí ón tsaol a bhíodh agam le m'aonmhac, Ruupert, agus an caidreamh aistíoch dúchinniúnach a bhíodh aige leis na traenacha; laetha a ratha agus a bhlátha a d'fhág a leithéid de bhród orm; agus imeachtaí de chineál eile fosta.

Ar son mo mhic atáim ag breacadh síos na smaointíocha seo, ag dul ar a lorg i mbrionglóidí, i gcuimhní cinn, gach áit. B'fhéidir go bhfuil eagla orm é a ligint i ndearmad; ach an dtiocfadh liom a leithéid a dhéanamh?

Tá mé ar thóir mo chuid cuimhní, á gcíoradh go dian, ag baint gach lúb nó cor astu, ag iarraidh a thuigbheáilt cad é a tharla agus cén fáth. De gheall ar Ruupert, cromaim ar chiorcal síoraí loighciúil na cúise is an toraidh a scrúdú, ag déanamh mo throm-mheabhrú ar an pháirt atá agam féin ins na himeachtaí agus ag féacháilt le bun nó barr a dhéanamh díofa, siúd is go bhfuil a leithéid d'obair ag teacht crosach ar mo dhúchas.

* * *

Cha rabh ionam ach cailín beag, nuair a thuig mé an chéad uair comh tábhachtach is a bhí sé cóiriú comh réasúnta, comh loighciúil a choinneáilt ar an tsaol i mo thimpeall agus ab fhéidir. Níor lig mé do na mothachtálacha móra maoithneacha riamh an ceann is fearr a fháil orm, ach ina dhiaidh sin féin chaithinn an chuid ba mhó den am faoi shéan (nó faoi shuaimhneas réasúnta, ar a laghad), ach ansin rugadh Ruupert domh. Domhsa a rugadh a leithéid de mhac, domhsa thar mhná na cruinne!

Bhí an buachaill giongach corrthónach ina leanbh féin dó, is féidir go mbíodh tromluithe ag luí ar an tsampla bhocht ins an oíche, agus ba ghéar gasta a thiontaigh sé amach nach páiste róréasúnta a bhí i Ruupert na rosc gorm. Lig sé fad an scóid le hanord a intinne: bhí sé ní ba díchéillí ná mar a bíos an gnáthpháiste féin. De réir a chéile, rinne sé ealaín den chuid a bhí aige féin de mhíréasúntacht uileghabhálach na cruinne. Nuair a bhí sé cúig bliana d'aois, bhí sé faoi shiabhrán aistíoch a thugadh air an dáta contráilte a fhágáilt ar na féilirí agus an t-am mícheart a chur ar na cloig. Nuair a shlánaigh sé seacht mbliana, cheannaigh mé uaireadóir dó; Timex órga a bhí ann. Thaitin an t-uaireadóir leis, agus thochraiseadh sé go tráthrialta é, ach bhíodh sé cupla uair an chloig chun tosaigh nó chun deiridh, nó níos measa fós.

Níos minicí ná uair amháin, buaileadh leis an imprisiún mé go rabh mé fágtha i lár Shorcas na Míréasúntachta, agus Ruupert ina ghealt mhórluachach de stiúrthóir ar an tsorcas. Gheibhinn tinneas cinn fiú ag amharc air, ach mar sin féin, ní imíonn lá nach mbeadh cumhaidh orm i ndiaidh mo mhic. Uaireanta, agus mé ag gléasadh bhiadh an lae, caithim spléachadh amach ar an fhuinneoig, ag súil go bhfeicfinn ag súgradh amuigh é - nach mise an tseanóinseach! - mar ba ghnách domh é a fheiceáilt ansin, corradh is fiche bliain ó shin, in am eile - i saol eile ar fad...

Bhí Ruupert ag súgradh amuigh, mar a bheadh guairneán beag gaoithe ag caitheamh T-léine ghrianbhuí agus gearrbhríste ghorm: ó ghráig an chrainn go dtí tor na gcuiríní, ón tor go dtí an seanóir ardnósach de chrann troim a bhí, mar a shílfeá, ina sheasamh i lár an chlóis ó chruthú an domhain; agus suas leis ansin go mullach creathnach an chrainn. Ansin a labhraíodh sé duanóga cainte dá chuidsean leis na héanacha, leis na scamaill, leis an spéir, leis an ghrian agus leis an chrann féin.

Choinnigh mé siar an fonn a bhuail mé reachtáil amach agus scairteadh ar Ruupert pilleadh ar an talamh go sábháilte sula dtitfeadh sé. Níor theastaigh uaim go loitfeadh sé an lá álainn samhraidh ag briseadh a mhuinéil fhannlaig, i gcruth nach bhfágfadh sé ina dhiaidh ach ceann de na giobóga nuaíochta ins na páipéir ag tabhairt cur síos ar pháistí díchéillí a tharraing an bás orthu féin.

Thug mé droim le fuinneog na cistiní. "Cá mbeidh bhur dtriall inniu?" a d'fhiafraigh mé de Ghunnar. Bhí mé ag iarraidh stiúir comh sibhialta a choinneáil fúm agus a thiocfadh liom le corraí m'intinne a choinneáilt faoi cheilt. Dhoirt mé tuilleadh caife i gcupa mo dhuine. Caife a d'ullmhaínn dó riamh, siúd is go mb'fhearr leis cócó. Bhí próca cócó agam ceart go leor in uachtar an drisiúir taobh thiar de na málaí plúir, ach má bhí, fá choinne Ruupert amháin a bhí sé ansin: bhí mé barúlach go mba chóir do dhaoiní fásta caife nó tae a ól, diabhal cócó.

"Níl a fhios agam. An áit a dtabharfaidh ár dtallann muid."

"Tá a fhios agam féin, áfach: i dtreo an iarnróid, mar is dual daoibh. Ní thuigim cad é a tharraing ansin sibh an chéad uair, áfach", arsa mise de mhonamar.

"An dáiríribh atá tú á fháil comh dothuigthe sin?" a d'fhiafraigh Gunnar, agus cuma aistíoch air. "Nach dtuigeann tú go santaíonn do mhac comhluadar na dtraenach, agus a radharc féin ag cur dlús ar bhualadh a chroí?"

Chroith mé mo chloigeann, agus iontas orm go hiomlán. Níor thuig mé cad é a bhí mo dhuine a mhaíomh. Bhí súil agam le oiread agus focal amháin mar mhíniú, ach má bhí, a dhath ar bith ní bhfuair mé: mhair Gunnar ag meangadh gáirí leis mar a bheadh Mona Lisa ann, agus ba leasc liom m'intinn a chur fríd chéile lena chuid rámhaillí.

Bhí sé ina shuí ag tábla na cisteanaí agus a dhroim colgdhíreach aige: bhí sé ag breathnú iontach néata, nó ní rabh punt meáchain thar a cheart le haithne ar a chorp, ná bunchleite isteach nó barrchleite amach ar a chulaith. Bhí aghaidh dhea-chumtha aige, siúd is go rabh dath beagáinín ró-mhílitheach ina chlí - cosúil le Ruupert, dála an scéil. Bhí sé comh héadrom ag bogadh leis, agus géaga comh comair aige, agus go dtabharfá in amhail bandacht a chur ina leith; ach ón taoibh eile de, ní shéanfá ach an oiread an fhearúlacht aistíoch a bhí ag síolrú óna chroí istigh, in áit a bheith go so-aitheanta ar an taobh amuigh. Chaitheadh sé cultacha liathdhaite dea-tháilliúrtha, agus an cineál carabhataí a chuireadh sé air, bhí praghas gnáthchulaithe ar achan cheann acu, dar liom. Inniu, bhí sé ag caitheamh carabhata galánta ar dath copair a phronn mé féin air thar cionn Ruupert, Lá an Athara cupla bliain ó shin. Bhí sé le haithne air cén cineál duine a bhí ann - boc mór an ghnóluchta shuntasaigh a rabh airgead, cumhacht agus cairde sa chúirt aige i bhfad thar cheart aon duine amháin.

"Abhae linn anois", ar seisean fá dheireadh. Chuaigh sé a fhad leis an halla, áit ar stad sé tamaillín le focal a labhairt liom. "Bhéarfaidh mé an gasúr ar ais tráthnóna fá leathuair i ndiaidh a cúig a'chlog, mar is gnách. Bhail, a Elina, bain do shult as do scíste. An bhfuil tú le rud éigin ar leith a dhéanamh inniu? An-lá a bheadh ann d'aghaidh a thabhairt ar an bhaile mhór, le dhul chun na bpioctúirí, cuir i gcás."

"Fágaim na pioctúirí ag na buachaillí óga, nó is fá choinne a leithéidí sin amháin a ghníthear na scannáin go léir", arsa mise. "Tá a fhios go sármhaith agat gur cuma sa diabhal liom fá dtaobh de na pioctúirí."

"Tá a fhios agam, ach bíonn mo chuimhne ag cliseadh orm uaireanta", arsa Gunnar, agus an chuma air go rabh fíor-aithreachas air fán dearmad a rinne sé. "Gabh mo leithscéal."

Dhrann sé meangadh fannlag gáirí liom agus d'imigh sé leis. Chonaic mé na huimhreacha 11:14 ar an chlog, rud a d'fhág go rabh tuilleadh is sé uair an chloig acu le dhul a smúrthacht fá na traenacha.

D'aithin mé ar Ghunnar riamh go rabh sé cruaidh cranraithe, míthrócaireach fiú, mar fhear gnoithe, agus ní bheifeá ag súil lena mhalairt ó dhuine a bhí ag déanamh comh maith sin i saol an airgeadais. Ba léir domh go dtiocfadh leis aghaidh chruálach a chraois a chur air féin, agus mar sin, bhí meas agam ar an chairdiúlacht mhúinte a chleachtaíodh sé i m'fhianaise féin. Bhí foirmiúlacht áithrid ag baint leis an chúirtéis sin, áfach, díreach mar a bheadh gnoithe tábhachtach fadálach aige liom.

Agus sin a rabh ann dáiríribh. An t-ailiúnas a dhíoladh sé liom, chuaigh sé an oiread sin thar an méid a bhí dlíte domh agus go rabh mé ábalta fanúint sa bhaile ag amharc i ndiaidh Ruupert: an páiste a chlannaigh sé orm agus a thigeadh sé a dh'fheiceáilt uair in aghaidh na míosa. Cha rabh a dhath eile i bpáirt againn le chéile. Cha rabh comhchuimhní cinn againn, ná bocsaí seacláide á bpronnadh, ná póga, ná bruíonachas grámhar, ná focla seirce, siúd is go rabh an corr-ionraiceas á dhéanamh: "Ó, a Elina, nach tusa atá ag amharc go hálainn inniú agus an chulaith bhéis sin ort!" Uaireanta gheibhinn deacair a thuigbheáilt nach rabh ach ocht mbliana thart ó chuaigh muid i dteagmháil le chéile ar an dóigh is dlúithe dá bhfuil ann d'fhear is do mhnaoi. Ach ó bhí Ruupert ann mar chruthúnas air seo, cha dtiocfadh linn a shéanadh.

Cha dtearn an fear iarracht riamh le diúltú dá pháirt féin i gcoimpeart an chruthúnais seo. Bhí a fhios agam go maith gur bhain sé taithneamh as ról an fhir uasail (agus tá a dhualgaisí féin ag dul leis an ról sin), ach ina dhiaidh sin fuair mé an uaisleacht seo cineál aistíoch, agus na himthoscaí neamhghnácha faoinar cuireadh tús leis an tsuth.

Bhí mé ag coinneáil súil eadar cuirtíní flannbhuí na cisteanaí ar Ghunnar a d'iarr ar Ruupert a theacht anuas den chrann: léim an mac síos go ceanndána agus muinín iomlán aige as a athair a cheapfadh é sula mbuailfeadh sé an talamh. Agus ceart go leor, ghabh Gunnar é, agus ar shiúl leis an bheirt acu ansin ar an BhMW a bhí ar dath na toirní.

Mhothaigh mé crambaidh nimhneach ag teacht i mbun mo ghoile, siúd is nach rabh sé ina am don mhíostrú go fóill. Ba leasc liom gan radharc a bheith agam ar Ruupert. Ó bhraith mé an leanbh ag ciceáil an chéad uair i mo bhroinn, tháinig an chéad eagla orm roimh an pháiste a chailleadh ar bhealach do-thuartha, do-thomhaiste, do-réamhinste ar fad (míréasúnta is uile mar a bhí an cineál sin siabhrán), agus caithfidh sé nach bhfuair mé biseach ceart ón eagla sin riamh.

Uair amháin in aghaidh na míosa, áfach, ní bhíodh éaló agam ón aonarántacht: thigeadh míchompord orm leis an chiúnas a ghlacadh an teach i ndiaidh do Ruupert agus a athair imeacht. Chaithinn gach aon lá de mo shaol i gcuideachta mo mhic. Mise a roghnaínn agus a cheannaínn na héadaí dó, gan trácht ar obair a nite; mise a d'ithinn ag aon tábla leis, agus cibé iad na cúrsaí a luíodh ar a intinn, ba mise a chardálainn leis iad. Mise a mhúsclaínn é ar maidin agus mise a chuirinn a chodladh é tráthnóna. Mise a bhaininn amach síntiús le hiris ghreannáin Disney dó. Mise a chuirinn bréid le cibé cneá nó gránú a thigeadh air. Mise a choinnínn cuntas ar an dóigh a rabh sé ag fás. Mise a thógainn grianghrafanna de fá choinne an albaim. Cupla lá roimhe sin, bhácáil mé cáca dó lena bhreithlá a cheiliúradh, cáca a chaith an bheirt againn siar in éineacht le chéile ar an lá chéadna gan ár gcloigne a bhuaireamh le hiarsmaí na craosaireachta, agus ba mise a choinnigh a chloigeann os cionn dhoirteal an leithris nuair a bhí sé ag teilgean ina dhiaidh sin. Mar sin féin, agus an bheirt eile ar shiúl, b'fhacthas domh go rabh mé tréigthe, fágtha ar an bhlár fholamh, ag na turasanna seo a bhíodh acu siúd le chéile. Shílfeá go bhfuair Ruupert iad ní ba tábhachtaí ná an chuid eile dá shaol.

Agus má fuair, cad fáth?

Fear gnoithe a bhí i nGunnar agus é ag saothrú na scórtha airgid. Chreidfeá nach mbeadh a leithéid d'athair ach ag tiomáint a mhic ó ionad siamsa go hionad siamsa, agus é ag sluaistriú isteach ina bhéal doshásaithe reoiteog i ndiaidh reoiteoige, agus praghas rothair ar achan cheann acu; liomanáid piorra de luxe; martbhorgairí lena rogha tarsainn - le fiche focal a chur in aon fhocal amháin: chreidfeá go gceannóchadh sé gach rud dá mbeadh de dhíth le himpire na bpáistí ar neamh a dhéanamh den ghasúr. Thiocfadh leis Ruupert a thabhairt ar bord eitleáin go dtí Disneyland le lámh a chroitheadh le Donald Duck uair in aghaidh na míosa, comh toiciúil is a bhí sé; d'fhéadfadh sé, fosta, dímheas Ruupert a tharraingt orm agus ar ár dteach leis na pronntanais a cheannóchadh sé; ach níor fhéach sé le beart comh suarach sin a imirt orm riamh. Thiocfadh leis an fhear pócaí an pháiste a líonadh le nótaí móra airgid, nó an ghealach féin a cheannach dó agus dhá cheann eile a sholáthar mar chúltaca.

Níor tharla a leithéid riamh, áfach. Ar bhealach eile ar fad a chrithaítí na heachtraí móra i saol suaimhneach mo mhic. Uair amháin ins an mhí thigeadh an fear le paca ceapairí, buidéal sú agus, b'fhéidir, cupla briosca ina phóca, agus abhae leis an bheirt acu le sásamh a súl a bhaint as na raillí. As an iarnród, as na bóithre iarainn ar a mbíonn na traenacha ag dul ó áit go háit. Dheamhan eilifintí nó sioraif nó moncaíocha ins an zú, diabhal scannáin nó crosáin ag damhsa, an drae iontais i rannóg na mbréagán i mórionad siopadóireachta, ná a leithéid: raillí iarnróid a bhí rua le meirg, sin é an cineál iontais a théidís a dh'fheiceáil. Chaithidís an lá i gcomhluadar a chéile ag cuartú an mhapa is na n-áiteanna le theacht trasna ar rian iarnróid nach bhfaca siad go fóill, ag siúl na raillí agus ag baint suilt as cuideachta a chéile, b'fhéidir go stopaidís anseo agus ansiúd le greim a bhaint as na ceapairí; agus nuair a thiocfadh an gasúr 'na bhaile, bheadh sé ar crith le teann áthais agus díograise agus sásaimh, díreach mar a bheadh sé in éis iontais an tsaoil seo agus an tsaoil eile a fhoghlaim, nó castáil le Deaidí na Nollag agus míle réinfhia a bhí bácáilte as taos mhilis agus buaidh na cainte acu.

Uaireanta, chuir mé ceist ar Ruupert fá dtaobh de seo uilig, ach ní bhfuair mé ach tinneas cinn ar son m'fhiosrachta; nó chuireadh sé geáitsí an tseanmóirí air féin agus é ag toiseacht is ag inse fá Bholadh Draíochta an Iarnróid agus rúndiamhrachtaí an domhain a bhí folaithe ann.

Bhí mé in ann a aithne nach rabh baint dá laghad agam leis na cúrsaí seo, ná baol air. Ghabh mé leor leis nach rabh i gceist ach an cineál caitheamh aimsire príobháideach a bíos ag athair lena mhac. Mar sin, cibé fá dtaobh den urchóid a bhí á taibhsiú go doiléir domh, d'fhág mé an scéal faoin bheirt acu.

Ansin áfach, lá amháin, phill Ruupert chun an bhaile i ndiaidh ceann de na turasanna udaí agus é scanraithe as a mheabhair: bhí sé ag smeacharnaigh is ag creathnú, agus dath aolbhán ina ghnúis, mar a bheadh sé in éis lámh a chroitheadh leis an Rógaire Bás féin.

* * *

Ba léir domh ó thús go rabh rud éigin as gléas agus mé ag airdiú mo shúl ó leaba na mbláth a bhí mé a thochailt, nó ní rabh sé ach cúig bhomaití is fiche i ndiaidh a trí a'chlog, agus an bheirt sin ag teacht ar ais óna gcamchuairt cheana féin.

Fuair mé mo sháith saothair ag cur bail ar na cúrsaí. Roimh aon rud eile chuir mé brachladh ar Ghunnar, agus é sách gránaithe é féin. Rinne mé an rud a tháinig ó dhúchas liom, mar mháthair: chuaigh mé ar mire mar a bheadh dineasár faoi chulaith bhán samhraidh ionam. D'fhéach Gunnar leis an scéal a mhíniú ar dhóigh ínteacht. Cha rabh sé ábalta a thuigbheáilt cad é a tháinig ar an ghasúr, ar seisean, nó cha rabh sé ach á iompar ar a dhroim agus é á chúbadh siar ón iarnród nuair a mhothaigh sé an traein ag teacht; ansin, i dtoibinne, chuaigh an stócach as a mheabhair, nó thoisigh sé a réabadh aghaidh agus gruaig a athara agus é ag scréacharnaigh leis mar a bheadh moncaí buile ann.

Má bhí Ruupert faoi sceimhle ag pilleadh chun an bhaile dó, níor thaise dá athair é. Bhí sé á iompar mar a bheadh madadh ann agus breacthuigse aige go rabh páirt i gcoir a chrochta aige.

Ghlac mé cineál truaidhe leis.

An dineasár ionam áfach, níor ghlac sé truaidhe le duine ar bith, bhí sé ag ionsaí. Bhí mé ag búirfigh in ard mo ghutha. Is dócha fiú go dtug mé buille do Ghunnar, nó tháinig fuil lena ghaosán.

Bhí sé ag croitheadh a chloiginn agus é ar mearbhall ar fad, agus é ag dul ó chearn go cearn an chlóis is ag cuimilt haincearsan lena shróin is ag baint díriú as a chulaith a bhí clúdaithe ar fad le deannach liath. An ghnáthstiúir réchúiseach a bhíodh faoi, bhí sí caillte ar fad aige inniu, agus ní mór domh a aidmheáilt gur bhain mé an-sult mailíseach as an chineál feic a bhí ann. Ansin chaith sé taobhshúil orm go tobann, d'airdigh sé a radharc - is dócha gur chrom sé ar fhuinneoig sheomra Ruupert a scrúdú - agus thoisigh sé a labhairt: "Má tá trioblóidí tarraingthe agam, gabh mo leithscéaö, nó tá brón orm go hionraic. Más é do mhian é, greadfaidh mé liom as seo. Ach ina dhiaidh sin féin, caithfidh mé a rádh nach mothaím mé féin ag glacadh páirt in aon rud ar mó é ná an gnáthshaol ach amháin le linn mé a bheith i gcuideachta an ghasúir s'againn. An bhfuil a fhios agat, dheánfaidh an stócach sin éacht is éifeacht, an lá is faide anonn, éacht miorúilteach, éacht nach bhfuil aon duine againn in ann a shamhailt. Sin é an cineál rudaí a thaibhsítear domh. Agus má éiríonn leis..."

D'ordaigh mé dó a bhéal a éisteacht agus é féin a ghlanadh as mo radharc (bhail, níorbh iad sin na focail chruinne a bhí agam leis), agus rinne sé amhlaidh. Nuair a shuigh fear na maidhme isteach ina ghluaisteán, agus abhae go brách leis, bhí an dineasár ionam sásta, agus an bhuaidh aige.

Níor samhlaíodh domh go mb'é seo an uair dheireanach a chonaic mé ina bheo an t-aon fhear amháin a dtug mé a chuid dó riamh. Nó leathuair ina dhiaidh seo fáisceadh deireadh beatha as mo dhuine taobh istigh dá ghluaisteán, agus níor fágadh dá cholainn sheang ach taos fola agus conamar cnámh is miotail fríd a chéile. Is eol domh é, nó i gceann cupla lá fuair mé súil a chaitheamh ar an ghrianghraf a thóg na póilíní d'iarsmaí na taisme.

Ansin áfach, ní rabh a fhios agam a dhath. B'éigean domh srian a choinneáil le mo chuid mothachtálacha le bheith in ann Ruupert a thabhairt chun suaimhnis, nó comh túisce is a bhí a athair ar shiúl, dhruid sé é féin isteach ina sheomra thuas an staighre agus ghlasáil sé an doras ina dhiaidh.

Chuaigh mise suas an staighre ar a lorg agus chnag mé tailm ar dhoras a sheomra. "Lig isteach mé", a scairt mé agus bhrúigh mé leathchluais liom ar an chomhla. "Cad é atá as ord anois?"

"Na traenacha!" ar seisean i gcogar taobh istigh. "Na traenacha!"

"Cén cineál traenacha?" Chuir mé strus orm ag iarraidh guth suaimhneach a ligint orm. Bhí mé go mór ag streachailt liom, agus ansin tuigeadh domh go rabh mé ag iarraidh radharc a fháil fríd an doras bhán a rabh an tseanphéint ag titim de. Go díreach mar a shamhlóchainn gurbh é Superman na súl nimhe a bhí ionam, an laoch ab ionúine le Ruupert acu go léir. Féach an dóigh a rabh mé ag tolgadh galar na míréasúntachta ó mo mhac! (Níor thaitin Superman, crosán an chlóca dheirg, liom riamh. Ní rabh meas an mhadaidh aige ar réasún ná ar loighic, ach oiread leis an pháipéir leithris a d'úsáideadh sé lena thóin gan pholl a ghlanadh. Is eagal liom gurb iomaí páiste a bhris a mhuineál ag léim amach as an fhuinneoig le tuáille thart ar a ghuailneacha in aithris ar Superman.)

D'amharc mé ar an stócach le fáil amach an rabh sé ag drannadh saobhgháirí na geilte cheana féin, agus an scanradh ag sáthadh a dheanna fríd mo ghoile mar a bheadh miodóg ann. An amhlaidh go dtáinig an tromluí ba mheasa isteach fíor mar seo? An rabh mo mhac bocht le fuíoll a shaoil a chur de i ngealtlann na bpáistí, ag caitheamh veist cheangail agus í maisithe le pioctúirí beaga deasa den bheár teidí?

Chuala mé Ruupert ag iarraidh orm de ghuth thachta: "A Mhamaí, le do thoil, caith súil amach ar an fhuinneoig."

Rinne mé a achainí. Bhí mo chroí tiontaithe ina chnapán fhuar fola, agus meadhrán ag teacht i mo chloigeann. Dhearc mé amach ar fhuinneoig chruinn an léibhinn cheann staighre, agus na cuileoga ag sárú a chéile ag dordán le breacsholas an tráthnóna.

"Cad é ba chóir domh a fheiceáilt? D'athair b'fhéidir? Tá sé ar shiúl cheana. B'fhéidir go scairtfidh sé ort. Nó scairt tú féin airsean."

"An bhfuil an traein ann?" a d'fhiafraigh sé go tachtach, "an bhfuil tú cinnte nár lean an traein a fhad seo mé?"

Ins an deireadh d'éirigh liom a chur i gcion ar Ruupert nach rabh traein ná cairt bheag bhaoideach féin ins an chlós, agus ansin lig sé isteach chuige féin mé, ag toiseacht is ag inse cad é a bhí i gceist aige.

* * *

B'iomaí uair a chuala mé lucht an chrèche is an chiondarghairdín nó fiú na múinteoirí ar scoil ag moladh an chineál "fantaisíocht chruthaitheach gan teorainn gan srian" a bhí ag Ruupert agua a thigeadh chun solais gach uair dá mbíodh mo mhac ag súgradh nó ag líniú pioctúirí. Bhí mé sásta glacadh leis go rabh a suáilcí féin ag an fhantaisíocht mar rud, ach smacht stuama siosmaideach a choinneáil uirthi. Scéal eile ar fad é an cineál rámhaillíocht a choinníonns an duine ag caint leis na crainn is na clocha agus ag feiceáilt rudaí nach bhfuil ann ar aon nós - an airí mholta é, dáiríribh?

Bhí an gasúr ag fáil sách deacair adhmad a dhéanamh den réaltacht fiú gan farasbarr samhlaíochta. Thairis sin, ní rabh na speabhraídí is na ciapóga ag dul chun sochair do Ruupert, a mhalairt ar fad: is mór an t-anró a d'fhuilig sé ag streachailt lena fhantaisíocht. Má bhí sé ag baint sult aisti, bhainfeadh sé an sult céadna as lámh an apa a bheith sg fás i gclár a éadain. Ní fhoghlaimeochadh sé gnáthchaidreamh le daoiní daonna, a fhad is go mb'fhearr leis comhrá a dhéanamh le héanacha na spéire ná leis na páistí eile. Na pioctúirí a tharraingíodh sé, agus an "fhantaisíocht chruthaithach gan teorainn" sin ag teacht fríd, ní bhíodh iontu ach arrachtaigh a choinníodh na sluaite síoraí de shíceolaithe ag obair go lá a mbáis.

"Ó, nach breá an pioctúir é! Bó atá ann, nach eadh? Agus ansin caithfidh sé gur gléas blite atá ann."

"Ní headh in aon chor", a d'fhreagraíodh Ruupert go feargach, agus é meallta ar fad comh mall is a bhí an tuigse cheart ag teacht ag a mháthair. "Fiachapall atá ann, agus é ag tabhairt cuairt ar an tréimhse Iúraiseach le ham-mheaisín, ach ní phillfidh sé choíche, nó íosfaidh an dineasár é ansin."

Agus abhae leis an mháthair s'aige le gloine uisce a shnáthadh le loisinséir Aspirin.

Dáiríribh, cha rabh aon chaill ar phioctúirí Ruupert, nó bhí scil teicniúil aige i bhfad thar cheart a aoise, ach ní rabh aon lorg den domhan réadúil le haithne orthu. Agus más duine fásta ciallmhar atá ionat ag iarraidh rialacha na réaltachta a fhoghlaim do do pháiste, is mór an t-ábhar díomá duit an cineál sin ealaíontóireacht.

Ar aghaidh

Ar ais