Panu Höglund a chuir an leathanach seo ar fáil duit.

Pasi Jääskeläinen:
AN ÁIT
A nIOMPAÍONN
NA TRAENACHA

Cuid a Dó

Pill ar an Chéad Chuid anseo

"D'fhéach an traein le sinn a mharbhadh", arsa Ruupert.

Bhí sé ina shuí ar a leaba, agus a chuid irisí greannán leata thart timpeall air, ag triomú allais dá chlár chruinn éadain agus ag starógacht go dímheabhrach ar an choirceoig de sholas an tráthnóna a chuir na gráinníní smúite ag glioscarnaigh eadar na mionsamhlacha d'eitleáin a bhí ag crochadh den tsíonóil. Bhí mé féin cuachta cúbtha ar an urlár in aice leis an leaba ag iarraidh freagra a thabhairt ar radharc a shúlsan.

"D'fhéach an traein le bhur marbhadh", a d'aithris mé gan malairt gnúis a chur orm féin, le cur in iúl go rabh mé dáiríribh ag éisteacht is ag tabhairt airde ar a chuid focal.

"Bhí muid, mise agus Deaidí, ag dul síos an t-iarnród. Bhí mise i mo shuí thuas ar a ghuailneacha. Bhí sé te agus an ghrian ag baint allais asainn agus ag cur an aeir ar crith, agus cuma cineál barrúil ar achan rud. Chuir Deaidí, fiú, an cóta de agus d'fhoscail sé cnaipí a veiste agus chorn sé suas muinchillí a léine. Ní chuirfeadh sé an carabhata de, cibé cé chomh te a bheadh an aimsir. Deir sé gur prionsabal ata i gceist leis, nó is dóigh leis go nglacann an fear cinneadh tromchúiseach i leith cé hé féin, gach uair dá gcuireann sé a chuid éadaí air, agus is cuid de seo an carabhata, dar leis. Anois, tháinig muid trasna ar rian iarnróid eile, raillí a bhí suite taobh thall den tollán fhada agus den charraig mhóir. B'éigean dúinn astar fada den bhóthar mhór a chur dínn agus ansin cuid mhór bóithre beaga a thógáil ag teacht i malairt treo aríst dúinn, leis an áit sin a bhaint amach. Tá boladh eile ar fad ansin as na raillí. Boladh i bhfad níos láidre. D'úirt Deaidí go mb'é ba bhrí leis ná go rabh muid ar shéala a theacht ar rún na mbóthar iarainn. D'fhiafraigh mé de cad é an cineál rún a bhí ann, ach b'é an t-aon fhreagra a fuair mé ná an meangadh aistíoch gáirí a chuir sé air féin liom."

"Ansin mhothaigh muid tormán na traenach. Tormán agus torann agus tamhach táisc, díreach mar a bheadh céad buicéad ann agus gach aon cheann acu á ghreadadh lena phíopa iarainn féin de réir rithim ar leith. Fuaim sách scanrúil atá ann, mar a bheadh tóirneach ag siúl an talaimh. Taobh thiar dínn a chuala muid ar tús é."

"I dtús báire, ní rabh lá faitís orm, ach ansin thoisigh mé a shílstean go rabh rud ínteacht as gléas. An boladh féin bhí sé ag éirí róláidir i mo shrón, agus é bunoscionn leis an chineál boladh a mbeifeá ag súil leis."

"Ansin chaith mé súil thar mo ghualainn agus fuair mé radharc ar an traein. Bhí sí ag teacht ár mbealach féin. Bhí sí cineál dofheicthe, agus an ghrian ag taithneamh ar a cúl, ach ina dhiaidh sin féin chonaic mé í. Ar tús bhí sí ag teannadh linn go fadaraíonach furchaidh faichilleach, ach nuair a tuigeadh daoithi gur chuir mé sonrú inti chuir sí dlúthas léithi féin. Bhí sí ag géarú a luais. Agus d'aithin mé gurbh é an rud a theastaigh uaithi ná sinne a mharbhadh. Chuala Deaidí chugainn í comh maith, agus sinn ag dul ar ghruaibhín an bhóthar iarainn, ach níor leor é, nó ansin féin bheadh breith ag an traein orainn. Ach níor thuig Deaidí é, agus an cineál néal nó codladh a bhí air. B'éigean domh é a mhuscailt go n-éalóchaimis linn sula rabh ár gcnaipe déanta."

"Cad é mar a bhéarfadh an traein oraibh ansin?" a d'fhiosraigh mé de ghuth a bhí comh suaimhneach le bheith cineál mínádúrtha.

D'fhreagair Ruupert ar mo radharc lena dhá shúil féin a bhí ina gcaora tine lán fíoreagla. "Bhí an traein sin taobh amuigh den sceideal. Bhí na raillí féin tréigthe aici. Bhí sí ag ligint uirthi go rabh sí ag cloí leis na raillí, ach déanta na fírinne bhí sí ag dul píosa beag i leataobh uathu. Chonaic mé é. Rinne mé iarracht a áitiú ar Dheaidí an chontúirt a bhí ag bagairt orainn, ach ní rabh sé in ann, ar tús, mo chuid cainteanna a thuigbheáilt, agus muid, fiú, go díreach i ndiaidh trácht a dhéanamh ar an tseort sin traenacha."

Bhí mé ábalta a aithne go rabh an buachaill ag slogadh seile. Sheangaigh sé a fhad leis an fhuinneoig le sásamh a shúl a bhaint as an radharcra, agus é ag dearcadh go faiteach ina thimpeall mar a bheadh siabhrán géarleanúna air.

"An seort sin traenacha, a deir tú", arsa mise. Bhí cineál codladh grífín ag teacht i gcúl mo chloiginn. "Abair anois, a Ruupert, cén cineál traenacha atá i gceist agat ar aon nós?"

"An cineál traenacha a thréigeanns an sceideal is na raillí", arsa Ruupert in aon osna amháin.

Bhí sé ag dearcadh amach ar an fhuinneoig i gcónaí. Bhí craobhacha an chaorthainn ag luainíocht ar an taoibh amuigh den fhuinneoig, díreach mar a bheidíst ag iarraidh an t-aer brothallach a rúscadh nó scabadh a chur ins na mílte feithidí a rabh an garraí foirgthe leofa ag eitilt ar fud na háite mar a bheadh meadhrán orthu.

Bhí méara an stócaigh ag útamáil le chéile go giongach, agus a chliabhrach á airdiú go gasta de réir mar a bhí sé ag tarraingt anála. Chuir mé sonrú in aithne an phlúchta ar an dóigh a rabh sé ag análú, rud a tháinig aniar aduaidh orm.

Chaithfinn é a chur ar bhealach a leasa agus sin gan mhoill. Chuir mé meangadh séimh na máthara tuigsí orm agus scar mé mo liopaí leis an chéad fhocal a labhairt:

"Cén tseafóid faoi rothaí na gréine a sháith an diabhal fear mire sin in do cheann?" a sciorr orm a rádh go cársánach.

Bhuail seort scaoll mé féin ag cluinstint an chineál glór a tháinig agam i nganfhios domh féin. Sheas mé suas gur ghortaigh mé mo chloigeann in éadan leac na fuinneoige. Lig mé ochbhadh le pianaigh.

D'iompaigh Ruupert i mo leith agus gnúis iontais air. Ar a laghad, bhí sé ag éisteacht liom go cúramach anois.

"Ní thréigeann an traein na raillí", arsa mise comh soiléir is a tháinig liom na focail a fhuaimniú. "Cloíonn siad leis na raillí le dhul ó áit amháin go háit eile. Nó is amhlaidh nach bhfuil iontu ach..."

Bhí Ruupert ag amharc orm agus sceitimíní air roimh an chéad fhocal eile a labhróchainn.

"...Nó is amhlaidh nach bhfuil iontu ach meaisíní móra gan anam dá gcuid féin, agus daoiní daonna á dtiomáint."

Dhrann an gasúr aoibh gháirí liom, ach má dhrann, cha rabh aithne an tsóláis ná an fhaoisimh air. Bhí sé ag meangadh gáirí ar an dóigh shainiúil is dual do lucht an tsaineolais agus iad ag caint le lucht an aineolais.

"Bíonn na traenacha ag dul ó áit go háit, agus iad ag cloí leis na raillí, an chuid is mó den am", a ghéill Ruupert go cairdiúil. "De ghnáth. Sin í an fhírinne oifigiúil. Ach tá malairt fírinne ann nach bhfuil aithne comh forleathan uirthi. Rún atá ann. Uaireanta, tréigeann siad an sceideal is na raillí, agus iad ag tarraingt trioblóide. Ansin, ní bhíonn siad mar ba chóir dófa a bheith, agus ní ceadmhach muinín a bheith agat astu. Ba chóir dófa cloí leis an sceideal agus na raillí, ba chóir dófa bheith ina meaisíní aingiallta agus iad umhal don duine. Ó am go ham, áfach, léimeann siad de na raillí, agus iad ag déanamh neamhshuim den sceideal comh maith. Thig athrú orthu ansin. Thig a ndúchas féin chun tsolais, agus iad ag éirí glic, cliste, slítheánta. Bíonn an drochbhraon ina leithéid de thraein, agus í as pabhar contúirteach."

"An é sin!" Bhí saothar orm mo bhéal a fhoscal. "Ag tréigbheáilt na raillí a bíos siad?"

"Sin go díreach, ag tréigbheáilt na raillí", a mhínigh Ruupert. Tháinig an tocht ina ghuth, nuair a lean sé leis:

"An Áit a nIompaíonn na Traenacha."

* * *

Cupla lá ina dhiaidh sin, fuair muid tásc a athara, ach má fuair, is beag a chuidigh sé liom aon bhail cheart chiallmhar a chur ar na cúrsaí ins an bhaile (tá mé aidmheálach go mba chóir gan aidiachtaí cosúil le "ceart", "normálta" nó "ciallmhar" a shamhailt le Ruupert in aon nós). Ní bhfuarthas aon leideadh fá cérbh é an duine a maraíodh i dtaisme ag crosaire comhréidh Dé Domhnaigh ach an lá arna mhárach, nuair a tháinig scaifte malrach ar an uimhirphláta a bhí ar lár. Thit an pláta i sruthlán uisce a bhí ag sní thart le láthair na timpiste, agus siabadh leis an eas é píosa maith go dtí go dteachaidh sé i bhfastó i ndamba a bhí tógtha ag na stócaigh.

Bhain lucht an údaráis an-úsáid as an leagan cainte udaí "imthoscaí doiléire". Tháinig póilíní agus gach cineál cigirí a chur agallaimh i ndiaidh agallaimh orm, ach ní cuimhin liom a dhath a thuilleadh na ceisteanna a bhí acu ná na freagraí a thug mé orthu.

Nuair a chuaigh mé a shiopadóireacht in íochtar an bhaile, chuala mé bunadh na háite ag tarraingt orthu an taisme traenach a thit amach fiche éigin bliain roimhe sin. Shílfeá go rabh aithne na cumhaidhe ar a nglór agus iad ag scéalaíocht. Nó, an taisme sin fadó, chuaigh sí i dtáin na dtimpistí ar bhealach eile ar fad, seachas an ceann beag seo ag an chrosaire nach rabh ábhar oiread is aon alt nuachtáin amháin ann. An uair sin sna laetha a bhí, bhí an-drámatúlacht i gceist, nó chuaigh traein iomláin earraí de na raillí i gKoirakkala agus rinne an-léirscrios. Ansin, i lár na gcaogaidí, bhí an traein á tarraingt ag ceann de na seaninnill ghaloibrithe ar chuir an díosal ruaigeadh orthu sna seachtóidí.

Fuair beirt dhaoiní bás ins an mhórthubaiste sin: fear an innill, agus gearrchaile bheag. Bhain na nuachtáin is an raidió fad agus leithead as an taisme sin, nó tá dúil nimhe ag na meáin chumarsáide ins na fuilsteanaigh neamhchiontacha, ar an dianchuantar nach bhfuil barraíocht acu ann ná iad ina gcónaí rófhada i gcéin ins na tíortha cúil. An traein a thit de rian na raillí, rinne sí ciolarchiot d'Aliisa bheag, nighean an dochtúra Holmstén, a casadh ag súgradh in aice leis an bhóthar iarainn.

Mura rabh dul amú orm, bhí Aliisa Holmstén in aon leabhar liom ins an bhunscoil, agus caithfidh sé go rabh caradas ínteacht againn le chéile. Ní féidir liom bheith suite ná siúráilte de, áfach, nó is iad cuimhní an chéad óige na cuimhní is dothuigthe, is suibiachtúla amuigh. Déanta na fírinne, ba leasc liom barraíocht meabhrú a dhéanamh ar na laetha a bhí, nó fuair mé an saol i láthair na huaire sách deacair le tuigbheáilt cheana féin.

De réir chosúlachta, i ndiaidh an áit s'againn a fhágáilt, thug Gunnar aghaidh ó dheas, agus é ag tiomáint na bealtaí cúil 'na bhaile - bhí cónaí air i Heilsincí, an t-am nach rabh sé ag déanamh gnoithe i mBonn, i Londain, i bPáras, i dTóició nó in áit ínteacht ní b'fhaide i gcéin, fiú (gheibheadh Ruupert cártaí poist le pioctúirí de thraenacha is de bhóithre iarainn ó áit ar bith dá dtigeadh Gunnar ar a chamruathar). Bhí an crosaire comhréidh deich gciliméadar is fiche ar shiúl, agus siúd is nach rabh mórán tráchta ansin, ní rabh an rian iarnróid sin tréigthe go fóill. An traein bhreise ar a dó a chlog iarnóna ó Tampere go hoirthear na tíre a thug bás Ghunnar.

D'úirt fear innill na traenach leis na póilíní nach bhfaca sé constaic ar bith ar na raillí eadar é agus fíor na spéire, agus é ag tarraingt ar an chrosaire chomhréidh. Ansin, áfach, nocht an gluaisteán corcra i dtoibinne os a choinne - caithfidh sé nach rabh an crann féin ag obair ná ag cur stop leis an charr. An traein a bhí ag cur daoithi soir, fuair sí greim ar ghluaisteán Ghunnar mar a bheadh origami as páipéar tanaidh corcra ann, agus stróic as a chéile í agus d'fhág smionagar an chairr i measc na saileach in aice an iarnróid.

Chinn mé ar an scéal a chaitheamh as mo smaoitíocha, a fhad is a thiocfadh liom. Bhí Gunnar ar shiúl, bhí an mordadh déanta. Cailleadh le taisme é, nuair a rinne sé imbhualadh le traein, thar aon dóigh eile le bás a fháil. Bhí sé as a stuaim ag an racht a fuair Ruupert roimhe sin, ní rabh an crann thíos mar ba chóir, agus níor chuir Gunnar sonrú ins an traein a bhí ag teacht. Sin a rabh ann, agus cha rabh aon neart air, ná gá le bheith ag gol in áit na maoiseoige.

Bhí a fhios agam daoiní a bheith ann a chreideanns nach bhfuil in imeachtaí éadrócaireacha an ghnáthshaoil ach cineál pioctúir ceilte de chuid iris na bpáistí: tarraing línte eadar na poncanna go bhfaighfidh tú amach cad é atá ann. Bhí fáth le gach toradh, agus ba toradh do bhunsiocair ínteacht eile gach fáth. An duine a bheadh ar thóir na loighice, ag iarraidh fios fátha is siocair a fháil amach le gach aon taisme a mhíniú dó féin, ní bheadh sé ach ag tabhairt soncadh dó féin i dtreo pholl domhain na mire is na gealtachta, agus ga in aice gach ging ina seasamh i dtóin an phoill sin. Níorbh acmhainn domh m'aigne féin a chur ag guagaíl is ag giongaíl le trom-mheabhrú in aisce. Bhí mé i gcall gach crothán céille le fortacht a thabhairt do mo mhac, nó anois, agus a athair caillte aige, bhí mise ag teastáil uaidh i bhfad ní ba ghéire ná riamh.

Beag beann ar an loighic agus ar sceideal na dtraenach, bhí Ruupert suite siúráilte go mb'ionann iad an traein a mharaigh a athair agus an ceann a thug iarracht a marfa ar an bheirt acu roimhe sin. Ní cuimhin liom, ar 'úirt sé an méid seo gos ard, ach is cuma, nó bhí a aithne ar an ghasúr ar fad gur mar sin a shíl sé. Agus cé a bheadh ina dhiaidh air? Bhí a intinn bheag bhocht á crádh is á cnaí ag na scéalta aistíocha a d'inis Gunnar dó, míthuigseach is uile mar a bhí an diabhal fear. Is dócha gur eachtra mhór mhiorúilteach a bhí ins an bhóthar iarainn i súile Ruupert, i dtús báire: fantaisíocht gan chríoch gan teorainn; agus fad is nach rabh a dhath eile ann, mhair sé ag baint suilt is subhachais as. Anois, áfach, bhí an maisiú bréige ar shiúl, agus na dathanna duairce, tháinig siad chun tsolais: an t-anord, na tromluithe agus eagla an bháis, an trí chuid a bhí taobh thiar d'achan chineál fantaisíochta.

Chuir mé an fhírinne i dtoll le chéile as píosaí dothuigthe conamair le léargas ínteacht a fháil ar a mbíodh eadar lámhaibh ag an athair is a mhac le chéile. Tuigeadh domh gur rudaí neamhurchóideacha amháin a bhíodh Gunnar a inse dá mhac ar tús, agus iad ag spaisteoireacht le chéile. Ansin, chuir Ruupert suim ins na traenacha agus na bóithre iarainn, agus an fear fásta, nuair a bhí sé tuirsithe ag ceisteanna a mhic, thoisigh sé a thabhairt freagraí nach rabh iontu ach dathadóireacht is cumadóireacht, rud a spreag Ruupert chun é féin a shárú le ceisteanna ní b'aistí fós. Bhí siad ag saighdeadh fá chéile, agus ansin, leis an bhuachaill a chur ina thost, rith le Gunnar eagla a chur air leis an tsaobhscéal duairc uafásach udaí:

- A Dheaidí, cá fhad ar shiúl a théid na raillí seo?
- Théid siad thart timpeall ar an domhan go dtí an áit chéadna seo.
- An dtéid siad a fhad leis an tSín féin?
- Théid. Théid siad a fhad leis an Astráil agus an Fhrainc agus an Afraic. Uaireanta, ritheann le leon ínteacht a bhfuil leadrán air, ritheann leis a theacht a fhad lenár dtír féin ag leanstaint na raillí. Ar an dea-uair, ní minic a bíos a leithéid ag titim amach.
- Má chuirtear sruth leictreachais ins na raillí, an baol do na daoiní ar an taoibh eile den domhan turraing leictreach a fháil?
- Is baol, má bhaineann siad do na raillí. Ach níor de do chríonnacht a leithéid a dhéanamh, nó thiocfadh an leictreachas thart timpeall ar an domhan le turraing a thabhairt duit féin.
- Cad é mar a bíos a fhios ag na daoiní an áit a bhfuil na traenacha ag dul agus an t-am atá siad le himeacht?
- Léann siad ar na sceidil é. Cloíonn na traenacha le sceidil atá leagtha amach roimh ré, agus sin go mionchruinn ar fad.
- Nach dtréigeann siad na sceidil riamh?
- Tréigeann, an chorruair. Uaireanta, ní chloíonn corrthraein lena sceideal mar ba chóir. Ansin, ghní sí an-mhioscais do na daoiní. Creid uaim é, nó d'éirigh a leithéid domh féin, tráth.
- Na traenacha a théid an bealach sin, an gcaithfidh siad an domhan uilig a thimpeallú le theacht 'na bhaile? Caithfidh sé nach dtig leofa cúlú ar ais a fhad sin uilig.
- Cha dtig, leoga. Tá áiteanna ann ina n-iompaíonn na traenacha ar ais. Ach is fearr na háiteanna sin a sheachaint. Rún é seo, ar ndóighe, ach fan go n-insí mé scéal duit...

Thuig mé anois cad é ba phríomhchúram domh feasta: chaithfinn intinn an ghasúir a ghortghlanadh agus luibhearnach na nóisiún dainséarach a stoitheadh is a ruaigeadh, a fhad is nach mbeadh sí préamhaithe ar fad agus fómhar tubaisteach ag eascairt.

* * *

Bhí cónaí orm in uachtar an tsráidbhaile bheag udaí Koirakkala (inniu, tá "cathair" le gairstint den áit go hoifigiúil, siúd is go bhfuil blas na meigleamáine ar a leithéid sin). Déanta na fírinne, bhí an dá Khoirakkala ann, nó má bhí cuma na nua-aimsire ag teacht go tiubh ar íochtar an bhaile, níor bhain fiacla coincréite na forbartha a ngreim as an uachtar go fóill, agus seanbhail na gcaogaidí air i gcónaí. I dtús na seachtóidí phlódaigh blocanna úrthógtha árasán, gléasraí tionsclaíochta ar beagán táirgíochta agus ollmhargaíocha ocracha íochtar an bhaile in imeacht cupla bliain. Muidne a rabh cónaí orainn in uachtar an bhaile, bhí ár ndóthain tithe beaga saoithiúla againn fós, comh maith le garranta glasa fiaine, uisce glan le haghaidh snámhaíochta, agus foraoiseacha in aice láimhe. Bhí ár gcuid cosán ag caismearnaigh ó áit go háit as radharc na dtithe is na mbóithre asfailt, ach mar sin féin, thiocfadh linn turas a thabhairt ar íochtar an bhaile lenár sult a bhaint as na seirbhísí; ní rabh an chéad chathair eile rófhada ar shiúl ach an oiread. Bhí an t-ádh orainn, mar mhuintir uachtar an bhaile, gan aon agó.

Bheinn lánsásta mo dhá chíoch a mheilt agus a thabhairt mar bhiadh do na minceanna, dá dtiontóchadh a leithéid de bheart Ruupert ina dhuine de na páistí folláine a rabh a nglórtha is a ngleo le cloisteáil ar fud ár gceantair féin den áit. Bhí siad ag eagrú rásaí reathaíochta, ag baint lán an luais as a gcuid baidhseacailí, ag imirt caide nó haca oighir, ag scairtigh, ag scréacharnaigh, ag troid le chéile, ag briseadh fuinneoga, ag dul a shnámh, ag pléascadh buamaí beaga dá ndéantús féin, ag goid úllaí glasa le húsáid an urchair a bhaint astu.

Dá nglacfadh Ruupert páirt ina leithéid, ghearrfainn pionós éigin air, ná bíodh amhras ort. Ach dá ngearrfainn féin, bheinn breá sásta le mo mhac, nó chiallóchadh sé nach rabh ann ach mac den ghnáthchineál fholláin: ní bheadh de dhíth air ach meascán ceart as grádh a mháthara agus smachtú a chrostachta le fear ceart críochnaithe a mhúnlú as.

Chan ag bualadh liathróide a bhíodh Ruupert, áfach, agus má chonaic mé corruair ina rith é, bhí sé ina aonar gach aon uair acu, gan aon chéile comórtais aige. Níor bhris sé fuinneog agus níor ghoid sé úll. Shamhlaigh mé go mba chuimhneach liom é gloine uaine óil amháin a bhriseadh in aois a dheich mblian dó, ach b'é sin an t-aon chleas crostachta a rinne sé lá a shaoil. Ní bhíodh sé ach ag líniú a chuid pioctúirí, ag léamh a chuid leabhar agus ag súgradh leis féin.

Cha rabh sé ábalta treabhadh leis na páistí eile, agus an oiread sin ama caite aige ag comhrádh leis na héanacha is na crainnte is nach dtiocfadh leis forrán ceart a chur ar dhaoiní daonna a thuilleadh. Thuirsíodh na páistí eile go luath dá chuid bealtaí aistíocha, agus iad ag tabhairt droim láimhe lena chuideachta go deo. Ba mhaith liom an cloigeann a theascadh d'achan duine acu mar nach mbeadh iontu ach sicíní suaracha, nó tar éis an tsaoil b'é Ruupert an mac ab ansa le mo chroí, ach mar sin féin, thuig mé cás na bpáistí sin in éadan mo thola.

- Caithfidh tú éirí as an tseafóid, arsa mise le Ruupert go dian. - An dtuigeann tú a bhfuil á rádh agam? Ní maith leis na daoiní lucht na seafóide. Thairis sin, tá an tseafóid ag déanamh dochair duit féin, nó is gearr nach mbeidh tú féin cinnte a thuilleadh cad é is fírinne ann agus cad é is fantaisíocht ann, agus tá a fhios ag Dia nach bhfuil sé ró-éascaidh an dá rud sin a choinneáilt scartha ó chéile ar an tsaol seo ag aon duine. Thairis sin, tá áit ar leith ann le haghaidh na ndaoiní nach bhfuil in ann an fhírinne a aithne thar an tseafóid, agus creid uaim é gur áit atá ann nach mba mhaith leat do shaol a chaitheamh ansin.

Chlaon Ruupert a cheann go géilliúil. Bhí Gunnar ag iompar na bhfód le mí anuas. B'í an mhí ba mhalltriallaí, ba dorcha i mo shaol. Bhí sé le haithne ar bhlas an aeir go rabh an fómhar ag teannadh orainn, rud a chuir cumhaidh, nó fiú siabhrán imeachta, ar na neacha beo eile comh maith leis na héanacha. Thoisigh an tsíorbháisteach fhuar a bhaint dathanna agus teas an tsamhraidh den tsaol, agus tharraing Ruupert an drochaimsir chuige mar chúis leis an dóigh a mbíodh sé ag coinneáilt an tí - rud nach mba dual dó ar aon nós, nó go dtí sin bhí sé ina phaisiún aige damhsa a rith faoin fhearthainn agus pléasc uisce a bhaint as achan linntreoig a dtigeadh sé trasna uirthi. Le ceithre seachtaine anuas cha dteachaigh sé thar ár mbocsa litreach - ba nós leis a dhul fá dhéin na hirise greannáin Dé Céadaoin thart ar a haon a chlog iarnóna ("is í an Chéadaoin an lá is barrúla amuigh, nó is ansin a thigeanns an t-eagrán úr de Donald Duck, an seachtaineán is barrúla ar domhan!") ach ag pilleadh leis an ghreannán nua dó théadh sé isteach chuige féin le dianstaidéar a dhéanamh ar eachtraí na lachan mar a bheadh sé ina mhanach ag léamh scríbhinní naofa.

B'fhéidir go mbainfinn an-sult as a chuideachta faoi thoscaí eile, ach anois, bhí sé ag cur isteach orm go dofhuilingthe ar fad.

Bhí sé ní ba chiúine ná scamaill liatha na spéire fómhair. Bhíodh sé ag smúrthacht thart mar a bheadh taibhse ann, bhí sé comh doshonraithe sin: shílfeá go rabh sé ag éirí trédhearcach nó ag seangú leis as an tsaol. Uaireanta, fuair mé riachtanach tadhall a bhaint as mo mhac le bheith cinnte go rabh sé ann dáiríribh.

Scaití, thigeadh an siabhrán orm go dteachaigh ceal i mo dhuine go hiomlán. Ansin, rithinn ó sheomra go seomra go dtí go dtiocfainn air i gceann de na clúdacha dorcha ins an teach.

Tarraing ort Cuid a Trí anseo!