AN ÁIT
A nIOMPAÍONN
NA TRAENACHA

le

PASI JÄÄSKELÄINEN

An Chéad Chuid

An Darna Cuid

AN TREAS CUID

Bhí mé in ann é a fheiceáil le ruball mo shúl, agus é ag briseadh a lámh ar a chéile. Bhí a chuid fiaclaí ag greadadh ar a chéile. Bhí sé ag amharc amach ar na fuinneoga agus é ag casadh a chuid súl cosúil le giollaí gorma Tarzan ins na scannáin a rabh sé comh tugtha dófa - na giollaí gorma agus iad ag cluinstint drumaí na gcanablach fiain i gcroí na dufaire.

Bhíodh sé de dhíth orm scíste a ghlacadh ó chéapars Ruupert.

Ba mhór an t-ábhar faoisimh domh gur thoisigh an scoil, agus mo mhac i bhfad ar shiúl uaim roinnt uaireanta an chloig gach lá. Ní rabh sé ag baint mórán suilt as an scoil, ar ndóighe. Bhí sé thíos leis an mhaistíneacht - níor loit sí an saol air ach go measartha, ach is léir nach rabh sé ar duine de na scoláirí ab ansa leis an chuid eile.

I ndiaidh bhás Ghunnar cha rabh i Ruupert ach cineál ainmhí beag fuaiscreach agus síoreagla air roimh arrachtach mór millteach éigin. Bhí mé féin ag tolgadh an tsiabhráin uaidh: chuirfeadh gach criongán agus gach tormann scaoll ionam. *Bhíodh tromluithe agam istoíche, ach ba bheag ba chuimhneach liom iad agus mé dúisithe aríst, amach ó dhochma agus ó mhéala na brise, nó ón chomhrádh a bhí agam le neach doiléir do-aitheanta, cineál teibí, agus an chuma air go rabh sé déanta as raillí iarainn: d'iarrainn rud ínteacht air seo agus mé cinnte roimh ré go mbeadh a aithreachas orm.

Uaireanta, thigeadh torann agus támhach táisc na traenach le gaoith na hoíche ón bhóthar iarainn a bhí suite i bhfad ar shiúl, taobh thiar de chnocáin na coille. Ní tháinig an t-iarnród ní ba ghaire ná cúig chiliméadar déag dár n-áit riamh, ach ó am go ham ba dóigh leat go rabh na traenacha ag gluaiseacht creathnach cóngarach dúinn, fiú ins an choill taobh thiar dár dteach. Mhothaigh mé pian i mo ghoile agus mé ag smaoitiú ar an dóigh a rachfadh iomrall seo na gcluas i bhfeidhm ar Ruupert. Scaití, agus mé ag seiceáil go ciúin ina sheomra nach rabh sé imithe, d'fheicinn é ag folú a chloiginn faoin bhlaincéad, agus é ar crith ó mhullach a chinn go barraicíní a chos.

Ba léir nach bhféadfainn cur suas lena leithéid mórán eile. Ón taoibh eile de, áfach, ba leasc liom mo mhac a thabhairt go dtí an siciatraí, go ceann tamaill ar a laghad. Níor theastaigh uaim stampa na gealtachta a fhágáilt ar a chuid dintiúirí go lá a bháis. Bhí mé féin ar an tsaineolaí ab fhearr ar chúrsaí mo mhic féin, agus fúmsa a bhí sé an fhadhb áithrid seo a leigheas. Agus b'é ba chúis leis an trioblóid iomlán an dóigh a rabh fantaisíocht Ruupert iompaithe ina harrachtach uafásach a shlogfadh síos an buachaill féin in aon ailp amháin, ach mise a dhul á chosaint a fhad is a thiocfadh liom.

I dtús báire, rinne mé mo mharana ar na rudaí a bhí ag méadú ar chruachás mo mhic, agus nótaí á mbreacadh síos agam. Nuair a bhí an plean glactha agam, chrom mé ar an obair féin. B'fhacthas domh nach rabh ionam ach drochmháthair agus tíoránach ar mire, agus go rabh mé ag iarraidh dea-rún a úsáid mar shiocair le ainghníomhartha barbartha a chur i gcrích. Ach mar sin féin, lean mé liom leath in éadan mo thola féin. Bhí mo mhac i ndrocháit, agus chaithfinn é a shábháil as an fhaopach, beag beann ar a rabh ar an bheirt againn a íobairt ar a shon sin.

Roimh aon rud eile, tharraing mé anáil, rug mé ar an teileafón agus chuir mé deireadh le síntiús Dhonald Duck. An mhaidin a bhí chugainn, agus Ruupert i ndiaidh a bhealach a dhéanamh go dtí bus na scoile, chuartaigh mé a sheomra le theacht ar achan ghreannán dá rabh aige, Donald Duck, Superman, Star Trek agus King Kong, Phantom agus Frankenstein, Pink Panther nó Woody Woodpecker - agus nuair a bhí an t-iomlán dearg acu carnaithe cruinnithe le chéile agam, dhóigh mé iad go léir faoi thinteog an tí allais.

Bhí na céadta acu ann, agus mise ag caitheamh uair an chloig i ndiaidh a chéile ag stócáil liom. Fágadh iarsmaí leathdhóite, leath inléite díofa ar foluain ar fud na comharsanachta.

Ní rabh mé comh meáite sin ar na leabhartha finscéalta a dhíothú. Nach suarach an mháthair a bhí ionam, agus mise ag cur cleathainsí mo mhic féin le thine mar a bheadh oifigeach de chuid Gestapo ionam?

Ach ní rabh malairt comhairle ann. Chruaigh mé mo chroí le solas na leabhartha á ndóghadh.

Chaith mé isteach finscéalta Ghrimm agus úrscéalta C.S.Lewis fá Narnia agus Aslan, comh maith le gach aon leabhar a tháinig ó pheann Astrid Lindgren. Ar eagla a heagla, sháith mé na leabhartha líníochta féin i gcraos na tine.

Ansin, chuaigh mé ar lorg a chuid crián agus peann agus páipéar líníochta, gach aon phioctúir aistíoch dá rabh tarraingthe aige, beag beann ar fheabhas na healaíontóireachta, agus nuair a bhí siad go léir agam, d'adhlaic mé taobh thiar de sceach na sméar dubh iad ins an chúlchlós. Leag mé amach liosta na gcláracha teilifíse ar fhág mé cead a bhfeicthe ag Ruupert i gcónaí, agus is follas nach rabh scannán nó eachtra ar bith ar an liosta sin. Chláraigh mé Ruupert in óg-eagraíochtaí fónta folláine ar nós club na fichille, cumann na mionsamhlach d'eitleáin, club na heitpheile, na scátálá is na potadóireachta. I ndiaidh mo mheabhrú a dhéanamh ar an scéal in athuair, bhain mé an photadóireacht den liosta. I ndeireadh na dála, d'ordaigh mé dó a uaireadóir a choinneáil cothrom leis an cheart-am feasta agus an lá is an mhí cheart a chur ar fhéilire an uaireadóra - nó déanamh in uireasa a airgead póca.

Níor chuir athrú seo a shaoil mórán áthais ar Ruupert, ach níor bhac sé le cur ina aghaidh ach an oiread. Nuair a chonaic sé a chuid greannán agus leabhartha imithe, d'amharc sé orm agus iontas ciúin air, ach ní chualathas gíocs ná míocs ag teacht as. Bhí mé ag súil go dtuigfeadh sé go mb'é lár a leasa é. Chrothnaigh sé a chuid gléasanna línitheoireachta, ach ansin chuaigh sé ina thost, nuair a chuir sé sonrú ins an ghnúis a bhí ormsa. Thuig sé go rabh siad ar shiúl, cosúil le gach rud eile nach bhfuair mé fóirsteanach aige. Ní fhéachfadh sé, ach an oiread, le súil a chaitheamh ar na cláracha teilifíse ab ansa leis go nuige seo, nó thomhais sé nach rabh siad ceadaithe. Uaireanta, chuirinn an teilifíseán ag obair, agus thigeadh sé a dh'amharc go ciúin ar an chlár cheadaithe, go dtí go dtáinig deireadh leis: ansin ní bhíodh aon moill orm an bocsa draíochta a chur as aríst. - A Ruupert, caithfidh tú a dhul a chodladh anois, a deirinn. - Agus, a Ruupert, cad a'chlog atá sé agus cad é an cineál lá atá inniu ann?

- Tá sé trí bhomaite fichead i ndiaidh a hocht, iarnóna, agus is é an dáta atá ann ná an dóú lá déag de Mhí Deireadh Fómhair, Dé Céadaoin.

- Ar fónamh ar fad, a Ruupert. Anois, oíche mhaith agus codladh sámh duit.

I ndiaidh an iomláin, cha rabh an t-athrú saoil seo comh deacair sin le tabhairt i gcrích. Théadh Ruupert go tráthrialta go dtí club na fichille le smaoiteachas loighciúil a fhoghlaim, agus tháinig sé aniar aduaidh orm an dul chun cinn a rinne sé ins an mhatamaitic. Cha mbíodh sé ag déanamh ach go lagmheasartha go dtí seo, ach anois, bhí sé ar an dalta ab fhearr matamaitice ar an rang, i gcruth is go dtáinig Miriam Kissala, múinteoir dathúil gealghruaigeach Ruupert - go dtáinig sí ar cuairt chugam leis an athrú miorúilteach a thréaslú liom go pearsanta. (Is fíor, ins an am chéadna, go dtáinig a mhalairt d'athrú ar na tuairiscí a fuair sé sa líníocht agus sa scríbhneoireacht chruthaitheach, ach má tháinig, bhí mé breá sásta leis an iomlaoid seo. Nó bhí eagla orm riamh go rachadh Ruupert le healaíontóireacht de chineál éigin mar ghléas beatha, rud nach mb'é lár a leasa é ar aon nós.)

I gclub na samhaileitleán chuir Ruupert, agus é ag cloí le dlíthe cruinne na haeraidinimice, eitleán beag i dtoll a chéile, comh maith le duine. Nuair a bhain sé an chéad triail aisti, áfach, chuaigh sí i bhfostó i measc chraobha mullaigh an chrainn inár gclós, áit ar fágadh í, agus an sneachta ag titim uirthi le teacht an gheimhridh. Bhí Ruupert in ann a theacht isteach ar an eitpheil, fiú, agus é á himirt i gcuideachta na mbuachaillí eile: bhí an chuma ar an scéal nach rabh sé comh hamscaí céadna is a bhíodh sé roimhe seo, agus é ag bualadh liathróide. I ndiaidh cupla mí, áfach, cheadaigh mé dó éirí as aon eitpheil, nó ghlac mé trócaire leis, agus an ghnúis chráite a bhí air.

Níor thoiligh Ruupert le dhul sna scabhtaí riamh, áfach, nó d'úirt sé go rabh a sainéide ag breathnú comh hamaideach is nach gcuirfeadh sé air féin choíche í. Chuaigh seisean i gclub grianghrafadóireachta a scoile as a stuaim féin, agus bhí mé sásta an caitheamh aimsire sin a cheadú dó, nó thaitin an smaoitiú liom. Is amhlaidh go rabh mé comh saonta sóntach le sílstean go mb'é an grianghraf an bealach ab fhearr le réaltacht oibiachtúil a chur ar taifead.

Chuireadh Ruupert an t-am ceart ar a uaireadóir láimhe gach tráthnóna, de réir bhíoganna an raidió. Bhí na míosa is na séasúir ag sleamhnú thart ceann i ndiaidh a chéile, agus mise ag toiseacht is ag sílsten go rabh buaidh beirthe againn ar shiabhráin mo mhic.

Ach ansin, oíche amháin sa gheimhreadh, bhí mé ag seiceáil sheomra mo mhic i ndiaidh cith a ghlacadh roimh dhul a chodladh domh - agus fuair mé an seomra folamh, agus an gasúr ar shiúl!

Rinne mé mo dhicheall le breith ar mo stuaim agus anáil a tharraingt. Ba léir nár tugadh ar bhealach neamhshaolta uaim é: bhí a chuid stocaí ansin, a mhála droma ansiúd, agus a chuid mioneitleán ar crochadh as an tsíonóil. Nuair a bhí an t-áras iomlán cuartaithe agam, tuigeadh domh go rabh sé amuigh.

Chuir mé sonrú ann go rabh a scíanna ar shiúl, comh maith leis an cheamara nua ghalánta a choinníodh sé ar an tábla bheag in aice lena leaba, in éineacht le gloine uisce.

De réir a chéile, tháinig an tuigbheáilt agam nach mb'é seo an chéad uair dó a leithéid a dhéanamh - nó rith liom anois go mbíodh sé, uaireanta, i bhfad ní ba tuirsí ar maidin ná mar ba chóir dó a bheith, agus mise ag déanamh mo mharana ar a lán mionrudaí eile a rabh díol drochamhrais iontu ach iad a thabhairt fá dtear: cad fáth a mbíodh na bróga fliuch ar maidin, mar shampla, agus mise i ndiaidh iad a fhágáilt ar triomú os cionn an radaitheora an oíche roimhe sin?

Chuaigh mé i mo shuí ag tábla na cisteanaí, agus mise ag toiseacht ar lán an chéad tobán caifé a shlogadh síos. I ndiaidh ceithre uair an chloig ag fanúint domh, chinn mé go mba mhithid domh scairt ghutháin a chur ar Heimo Kottarainen, an póilín, nó a dhul ar lorg an pháiste mé féin. Ansin, áfach, chuala mé na scíanna ag cuimilt leis an tsneachta amuigh.

Fosclaíodh an doras mór, agus Ruupert ag déanamh a bhealaigh isteach. Bhí sé mílítheach ina ghnúis mar a bheadh an Bás féin ann.

Bhí sé ar maos le sneachta. Bhí dath cineál gorm ar a cheannaightheacha i ndiaidh an fhuachta, siúd is nach rabh sé ag sioc go ródhona amuigh. Bhí lorg an leacoighir ar a mhalacha. Thairis sin, bhí boladh aistíoch ag teacht as a chuid éadaí, boladh a chuaigh greamaithe iontu amuigh, de réir dealraimh. Fuair mé deacair an boladh sin a aithne, go dtí go dtáinig mé i ngaire an bhóthar iarainn an chéad uair eile: b'é boladh an chineál leachta a chuirtear leis na trasnáin iarnróid lena ndíonadh ar an tsíon.

Cha rabh mé ábalta mórán a rádh go ceann tamaill, ar eagla go rachainn ar mire ar fad ag scréacharnaigh is ag gol. Ní fhéadfainn oiread is cor a chur díom, ar eagla go n-ionsóchainn an páiste agus greadadh a thabhairt dó le díoltas a agairt air ar son an scanrú a bhain sé asam.

Ins an deireadh, tháinig sé aniar aduaidh orm féin comh stuama is a labhair mé: - Rachaidh mé a bheiriú cupa cócó duit. Ólfaidh tú suas é go múinte béasach agus rachaidh tú a chodladh aríst. Fágfaidh tú an ceamara ansin. Níl mé ag dul a ghearradh aon phionós ort, ach bí cinnte, má ghní tú a leithéid eile seo feasta, nach mbeidh scrupall dá laghad orm biadh na minceanna a dhéanamh díot fá choinne Riistahauta, an pótaire d'fheirmeoir agus é ina chónaí thall ansin. An t-airgead a gheobhas mé ar a shon sin, is leor é mar bhreab leis an Chonstábla Kottarainen a chur ó dhoras, má éirínn sé fiosrach fán dóigh a dteachaigh ceal ionat. Má thig aon duine eile a chur ceisteanna i do thaoibh, ní aidmheochaidh mé go rabh tú riamh ann ar scor ar bith. An dtuigeann tú an méid sin?

Stán Ruupert ar an cheamara, agus leathadh ag teacht ar pholláirí a ghaosáin. Phointeáil sé méar ar an cheamara agus d'úirt sé:

- Ach tá cruthúnas ansin!

- An dtuigeann tú an méid a d'úirt mé leat? arsa mise aríst. Thiocfadh leat úll a scamhadh leis an fhaobhar a bhí ar mo ghuth.

Chaith Ruupert tamall maith eadar dhá chomhairle go dtí gur chlaon sé a cheann go géilliúil.

Nuair a bhí an cupa cócó ólta aige, agus é ar shiúl go dtína sheomra féin, chrom mise ar an cheamara a scrúdú, agus shonraigh mé go rabh ceithre ghrianghraf nua tógtha aige, nó bhí an gléas seiceáilte agam roimhe seo. (Bhínn riamh ag iarraidh cuntas a choinneáil ar rudaí den chineál sin.)

Ní rabh mé sásta é a spreagadh a thuilleadh agus a chuid súgraidh ag cur thar fóir; mar sin, d'fholaigh mé an ceamara i gcupard an halla, taobh thiar de na prócaí folmha gloine. Níor thóg mé amach aríst é ach ins an tsamhradh: ansin féin, cha dtearn mé ach an diabhal rud a adhlacadh ins an gharraí cupla méadar faoi thalamh in aice leis na ciútraimintí dainséaracha eile, gan oiread is an scannán a thógáil amach ná na pioctúirí a réaladh.

Fiche bliain ina dhiaidh seo, nuair a bhí Ruupert ag staidéar dlí i Heilsincí , tháinig mé de thaisme trasna ar leabhrán nó cín lae dá chuid i measc na seanleabhar scoile. Is iad na focail a bhí ar an chlúdach ná NÓTAÍ BREATHNADÓIREACHTA AN IARNRÓDEOLAÍ.

Bhí roinnt nótaí fánacha ar an leabhrán a bhain le tréimhse tuairim is dhá bhliain, agus cur síos sách tranglamach ansin ar an turas a thug sé, an oíche udaí fadó.

Is mímhúinte an mhaise duit é bheith ag déanamh do staidéir ar dhialann de chuid duine eile i nganfhios dó féin. Mar sin, ba náir liom an leabhar a léamh ó thús go deireadh: cha dtearn mé go bunúsach ach sliocht anseo agus sliocht ansiúd a bhrobhsáil.

(Go bhfios domh, níor scríobh mé féin aon dialann riamh, cibé cé acu i mo chailín óg nó i mo mhnaoi fhásta domh. Is é mo ghéarbharúil nach bhfuil ins na laetha a bhí ach bruscar, cosúil le catalóg postorduithe a chuaigh thar dháta deireanach a feidhme. Thairis sin, tá na cuimhní cinn róshuibiachtúil, agus iad ag teacht comh crosach ar a chéile agus nach fiú a gcur i míotar ar aon nós.

Níl a fhios agam cén cat mara a chuir a leithéid de pheannaid orm, ach mar sin féin, agus i ndiaidh a bhfuil ráite agam thuas, is é an cineál brionglóid a bíos agam gach oíche ná go bhfuilim ag coinneáil dialann dáiríribh. Tá scéal mo bheatha go léir breactha síos ar chín lae udaí mo shuain: gach aon smaoitiú a chuaigh fríd m'intinn, gach aon fhrithchosúlacht, na himeachtaí uile, dá laghad a dtábhavht, dár thit amach ó tháinig mé ar an tsaol agus dár lig mé i ndearmad ó nár mhothaigh mé mé féin i gcall a gcuimhnithe; agus tá leathanaigh na dialainne ar maos le cuspóirí ceilte, siocracha séanta, fáthanna agus torthaí agus iarrachtaí doiléire le fáth agus toradh a nascadh le chéile.

I mbun na brionglóide domh, is léir domh go bhféadfainn leathanaigh na dialainne a bhrobhsáil ar ais le staidéar a dhéanamh ar stair mo shaoil, beag beann ar bhrat na díchuimhne a leathanns an t-am os cionn na gcuimhní cinn. Cha dtáinig na cathuithe orm ach le déanaí, agus mé ag cuimhneamh ar Ruupert. Ach is cuma. Tá an saol i bhfad níos fusa ag an té a ghlacanns leis mar a thig sé, gan a bheith ag gol in áit na maoiseoige.)

An dóú lá déag de Mhí Eanáir 1976. Nótaí an Iarnródeolaí. Aréirnas a rinne mé é: THÓG MÉ GRIANGHRAF DE THRAEIN A THRÉIG NA RAILLÍ. D'éirigh mé ar a dó déag a chlog ins an oíche, thug mé liom mo cheamara, agus as go brách liom ag scíáil go dtí an Áit a nIompaíonn na Traenacha.

Tá an áit cúig chiliméadar déag ar shiúl, nó fiche, nó b'fhéidir céad ciliméadar, nó tá sé iontach deacair a dhéanamh amach san oíche. Is iomaí uair a bhí mé ar tí iompó ar ais, ach tá rudaí ann nach ceadmhach droichead a dhéanamh díofa, mar a deir Mamaí, agus sa deireadh thiar thall bhain mé amach an áit i ndiaidh domh dhá uair an chloig a chaitheamh ag scíáil, agus mé fiú ar strae cupla uair, agus eagla orm go n-íosfadh mac tíre nó béar mé.

Áit RÚNDA í an áit a n-iompaíonn na traenacha, agus níl sí furasta le baint amach. Tá sí suite ag deireadh líne siúnta, ach ní tháinig mé go fóill ar an áit ina scarann an líne sin leis an phríomhlíne, siúd is gurb iomaí uair a chuaigh mé á lorg. Tá an t-iompó sách gar don áit a dtearn traein taobh amuigh den sceideal iarracht mise agus Deaidí a mharbhadh ins an tsamhradh, b'fhéidir nach bhfuil ach ceithre nó cúig chiliméadar eadar an dá áit. Níl mé cinnte an í an áit ba mhó a chuir eagla orm, nó an rabh mé níos scanraithe fós roimh Mhamaí fáil amach go rabh mé i ndiaidh an baile a fhágáil san oíche (rud a tharla an turas seo). Caithfidh sé go rabh trí uair an chloig caite agam ag fanúint liom nuair a tháinig an traein. Ar aámharaí an tsaoil, bhí biadh agam: trí bharra seacláide, guma coganta "Chicago" agus briosca amháin.

Le háit a n-iompóidh ansin i lár na coille a bhaint amach, caithfidh na traenacha achar maith bealaigh a chur díofa fríd mhothar eascairdeach achrannach. Ansin a bíos siad ag teacht agus ag imeacht. Críochnaíonn an líne shiúnta go hiomlán ansin, i gcruth is go dtig leis na traenacha tuirlingt de na raillí, casadh ar ais faoi scáth na gcrann agus a dhul ar ais go dtí cibé áit óna dtáinig siad.

Bhí mise i mo luí taobh thiar den ardán faoi chraobhacha aitil agus mé ag coinneáil súil ar an chéad traein eile ag déanamh a bealaigh fríd an choill. Tháinig sí a fhad leis an líne shiúnta, ansin stad sí tamall go dtí gur thoisigh sí a thréigbheáil na raillí.

Bhí sí mór millteanach - leis an fhírinne a rádh, áfach, bíonn sé creathnach deacair an toirt is an méid atá in aon rud a dhéanamh amach le dorchadas na hoíche. Mhothaigh mé nó d'aithin mé an t-athrú a tháinig ar an traein. Ní athrú cuma a bhí ann den chineál a tchífeá ar an taobh amuigh, ach athrú inmheánach. An traein a bhí ina codladh, tháinig sí chuici féin, agus í ag múscailt is ag éirí furchaidh, agus í ag dornásc ina timpeall mar a bheadh a fhios aici go rabh mé ag amharc uirthi.

Rinne mé iontas liom féin, an rabh aon duine á tiomáint ar aon nós. B'fhacthas domh, más duine a bhí ann, nach duine beo ná saolta a bhí ann.

Go tobann, thoisigh sé a shioc. Tháinig fuacht orm a chuir ag creathnú ó bhearradh go diúra mé agus na fiaclaí ag greadadh ar a chéile agam. B'fhacthas domh gurb ón traein a bhí an fuacht sin ag síolrú, faoi mar a bheadh sí in éis cuairt a thabhairt ar an Mhol Thuaidh nó ar an Ghealach nó ar áit ínteacht eile comh fuar céadna. Thóg mé ceithre ghrianghraf den traein ag coinneáil comhla an cheamara ar foscal soicindí iomlána lena dhóthain solais a thabhairt don scannán.

Bhí mé i mo luí spréite ins an tsneachta gan cor a chur díom, ag fanúint liom, sioctha préachta conáilte, agus chuala mé an torann is an támhach táisc a rinne an traein agus í ag leagan crann roimpi le linn a hiompóidh sa choill. Bhí sí á casadh ar ais go mall maorga, go dtí gur dhreap sí suas ar na raillí aríst.

Caithfidh sé gur thóg sé ceithre nó cúig uair an chloig ar an traein a hiompó a dhéanamh thart timpeall ansin. Bhí mé ar tí mo mhún a dhéanamh i mo bhríste, agus shíl mé go bhfaighfinn greidimíní ar maidin, nuair a chrothnóchadh Mamaí mé agus í ag teacht do mo mhúscailt. Chaith mé súil ar m'uaireadóir, ach ní aithneochainn a lámha leis an bheagán solais.

Ansin, d'imigh an traein léithi go malltriallach, agus í ag dul as radharc ins na coillte. Théigh an t-aer le himeacht na traenach, fosta; agus nuair a bhí mé suite siúráilte nach rabh tuilleadh traenacha ag teacht, thuirling mé ón ardán leis na raillí a scrúdú.

Uaireanta, thiocfá trasna ar achan chineál rud. Lá amháin, fuair mé ansin giota pípéir agus d'iompaigh sé amach gur seanticéad iarnróid ó Heilsincí go hOulu a bhí ann, ticéad a bhí as feidhm le tríocha bliain anuas. An turas seo, áfach, níor aimsigh mé aon ticéad, ach cat marbh. Cathfidh sé go mb'é Topikatti, cat ár gcomharsanaigh, a bhí ann, ach dáiríribh bhí sé as aithne. Bhí sé sioctha treascartha ar fad, agus na putóga le feiceáilt. Bhí an chuma ar an chat bhocht fosta nach rabh ach cuid dá cholainn ann, mar a bheadh ailp feola bainte aisti.

Rinne mé iarracht Topikatti a chumhdach le sneachta agus chuir mé cineál leacht as sneachta os a chionn.

Uair amháin, d'fhéach mé leis na raillí a leanstan go bhfeicfinn an líne shiúnta ag teacht leis an phríomhlíne. Chuir mé díom cupla céad méadar ag dul suas an líne eadar na raillí - ní fhéadfainn mo shiúl a dhéanamh in aice leis na raillí, nó bheinn i gcall sábh slabhra ina leithéid de mhothar - ach ansin, b'éigean domh iompó ar ais, agus boladh an iarnróid ag luí ar mo scamháin, i gcrith is go bhfuair mé deacair anáil a tharraingt. Thairis sin, bhí eagla orm roimh na traenacha. Dá nochtfadh ceann acu ag dul i m'araicis, ní thiocfadh liom turlingt ó na raillí. Bhí mé ar tí titim i bhfanntais, cosúil leis an uair a tháinig drochfhiabhras orm i dtoibinne ar scoil; agus ag coinneáil taobhshúil ar an mhothar in aice leis na raillí domh chonaic mé gach cineál rudaí aistíocha nach maith liom cuimhneamh orthu a thuilleadh. Ina dhiaidh sin, tuigeadh domh gur féidir go bhfuil nimh i mboladh an iarnróid.

Ní rachaidh mé ansin aríst, ach mé a bheith i m'fhear fhásta. Ansin tiocfaidh liom sábh slabhra agus gléas ocsaigín a cheannach, beag beann ar Mhamaí.

Nuair a choinníonns an traein na raillí, caithfidh sé go mbíonn sí mar a bheadh sí ina codladh, agus gurb é sin an fáth a dtig leis an duine í a thiomáint, mar a bheadh suansiúlaí inti.

Ní fhaca mé an traein áithrid seo go róshoiléir, ó bhí sé comh dorcha is nach rabh mórán le haithne, ach mar sin féin, d'aithin mé déanamh an innill. Ceann de na hinnill mhóra dhearga díosail le cábán bán a bhí ann. D'aimsigh mé pioctúir de ar leabhar na dtraenach ins an leabharlann. DV 15 a bhí ann, de dhéantús Lokomo-Valmet, nó DV 12 b'fhéidir, nó tá an dá chineál innill sin sách cosúil le chéile. Níl mé cinnte.

Bhí cúig vaigín déag á dtarraingt ag an inneall - chuntais mé iad. Ní cóistí pasantóireachta a bhí ann ach vaigíní foscailte folmha den chineál a úsáidtear le tarracóirí agus meaisíní móra eile a iompar.

An turas roimhe seo chonaic mé traein comaitéireachta, an cineál traein pasantóireachta nach bhfuil inneall ar leith á tarraingt, ó tá mótar dá chuid féin ag tiomáint gach aon chóiste. Is minic a tchíthear de ló iad fosta, agus daoiní ag déanamh a dturais laethúil orthu. In áit iompóidh na dtraenach, áfach, bhí fuinneoga na gcóistí comaitéireachta dubh ar fad, agus ní rabh le feiceáilt an rabh aon duine istigh ansin.

Tarraing ort an chéad chuid eile anseo