AN ÁIT
A nIOMPAÍONN
NA TRAENACHA

le

PASI JÄÄSKELÄINEN

An Chéad Chuid

An Darna Cuid

An Treas Cuid

AN CEATHRÚ CUID

Nuair a thug mé an chéad chuairt ar áit seo an iompóidh, áfach, fuair mé radharc ar thraein iontach aistíoch nach dtáinig mé ar a pioctúir go fóill, siúd is gur chaith mé uair an chloig i ndiaidh a chéile sa leabharlann ag déanamh mo staidéir ar achan leabhar fá dtaobh de na traenacha dá rabh ar fáil ansin. Bhí sí cosúil le piléar, iontach sruthlínithe, mar a bheadh spásárthach ann seachas traein. Shílfeá go rabh sí ar foluain os cionn na raillí. Ba mhaith liom grianghraf a thógáil den cheann sin agus a thaispeáint do dhuine fhásta ínteach a mbeadh cur amach ar na traenacha aige, le súil is go n-abórfadh sé liom cén seort traein a bhí ann ar aon nós.

Thug mé m'aghaidh ar an bhealach chun an bhaile, agus nuair a bhain mé amach an chéad áit fhoscailte a rabh solas na gealaí ar fáil, d'amharc mé ar m'uaireadóir. Ní rabh sé ach fiche bomaite i ndiaidh a dó, agus tháinig faoiseamh orm; ach ansin, chuir mé amhras ann. B'fhacthas domh go rabh i bhfad ní ba mhó ama caite agam ansin. Shíl mé go rabh m'uaireadóir ag dul go mall, ach nuair a sheiceáil mé an t-am ins an bhaile, bhí an t-am ceart air.

Faraoir gan mo cheamara agam a thuilleadh! Dá mbeadh sé agam, agus na grianghrafanna á réaladh, b'éigean do Mhamaí féin mé a chreidbheáilt. Ní chreidfeadh sí a dhath eile, dáigh dobhránta is uile mar atá sí. (Tá súil agam nach bhfaighfidh sí an méid seo a léamh!) Uaireanta, shílfeá nach mbeinnse mé féin ann ach í a bheith á shíorsheiceáil go bhfuil.

Ar scoil inniu bhí cabáiste agus milseog sheacláide, agus ní bhfaighfeá milseog ar bith ach pláta glan a fhágáilt i ndiaidh an chabáiste. Theilg Osmo lán a phutóg de chabáiste ar an tábla, nó bhí sé ag iarraidh a chuid a ithe suas, siúd is go gcuireann an cabáiste samhnas air i gcónaí. Bhí dath uaine ar an tábla ar fad lena chuid múisce, agus tháinig orla ar an chuid eile againn. Bhí mise ní ba chliste ná eisean, nó chaith mé an cabáiste faoi mo chathaoir agus chuaigh mé ar lorg na milseoige gan cor a chur díom.

An fíchiú lá de Mhí Eanáir, 1976, nótaí an iarnródeolaí. Bhí brionglóid agam agus taibhríodh dom traein ar mo thóir suas an bóthar. Dhreap mé suas ar an díon, ach tháinig an traein suas an balla i mo dhiaidh. Mhuscail mé nuair a thit mé as an leaba agus ghortaigh mé mo chloigeann. Bhí támhach táisc na traenach le cluinstint ón choill, agus í i bhfad róchóngarach. Ní rabh de mhisneach ionam greim a fháil ar ruball an tsuain aríst. Ar maidin chuaigh mé amach a dh'amharc an rabh lorg na traenach ins an tsneachta, ach ní rabh.

An dóú lá déag de Mhí Aibreáin, nótaí an iarnródeolaí. Taibhríodh domh go rabh mé i mo shuí amuigh ar an chuid tosaigh de ghalinneall mhór iarnróid, agus í ag déanamh ruathair ar aghaidh ar luas millteach ar fad.

I dtús báire, bhí an radharcra i mo thimpeall coimhthíoch ar fad, ach ansin bhain muid amach Koirakkala. Bhí beirt chailíní ina seasamh ar na raillí, agus greim láimhe acu ar a chéile. Bhí siad ag scairtigh orm agus ag gáirí. Ar an bhomaite dheireanach, d'fhág siad bealach na traenach, agus d'fhan siad ag amharc ar an traein ó leataoibh, agus an ghaoth ón traein ag croitheadh a gcuid gruaige. Bhí an bheirt acu sách dathúil, ach b'fhearr liom cailín an fhoilt órga ná an bhean eile acu.

Shíl mé ar tús go rabh aithne agam ar an chailín eile sin, ach ansin chuaigh sí ó aithne orm, agus tháinig aghaidh choimhthíoch uirthi. Go gairid i ndiaidh na cailíní a scoitheadh, tháinig muid i ngar do chrosaire chomhréidh. Bhí gluaisteán corcra ag fanúint taobh thiar den gharda. Bhí Deaidí ina shuí ins an ghluaisteán, agus cuma bhrónach air. Bhí mise ag croitheadh mo dhá lámh agus ag glaoch ar Dheaidí nach mba chóir dó bheith buartha, agus mise ar mo sháimhín suilt cheana; ach ní chuala sé a dhath.

Ansin mhothaigh mé an t-inneall ag creathnú faoi mo thóin, agus tháinig fuadar aistíoch fúithi, mar a bheadh sí ina dúiseacht anois. Ní galinneall a bhí ann a thuilleadh, ach inneall díosail. Bhí sí ag labhairt le Deaidí fríd na raillí, agus í á chealgadh de chogar aistíoch. D'ordaigh sí do Dheaidí an gluaisteán a chur i ngiar agus a thiomáint isteach ar na raillí. Bhí sí in ann an garda a airdiú os coinne ghluaisteán Dheaidí, agus bhí Deaidí umhal daoithi.

Bhuail muid fá ghluaisteán Dheaidí, agus mise ag amharc ar an dóigh ar threascair an traein in éadan na raillí í mar a bheadh leon ann agus é ag marbhadh antalóip ar cheann de na cláracha faisnéise a cheadaíonns Mamaí domh a fheiceáilt ar an teilí i gcónaí. Bhí píosaí iarainn agus cruadhach ag titim in aice leis na raillí, comh maith le h-uimhirphlátaí agus giotaí feola is fola de Dheaidí. Chonaic mé leathlámh de chuid Dheaidí in éineacht leis an ghluaisteán, agus, go tobann, tuigeadh domh go rabh an traein á mhuirliú. Ansin, thoisigh mé a scréacharnaigh agus a ghreadadh mo dhá dhorn ar an traein.

Nuair a bhí a sáith ite ag an traein, thit sí ina codladh. Sciorr mo chosa fúm agus anuas liom féin den inneall traenach. Le sin, dhúisigh mé i mo leaba féin, agus fead na traenach ag caoineadh go cársánach amuigh.

Inné, bhuail mé isteach ins an leabharlann agus sheiceáil mé ar fhoclóir na bhfocal mór cad é is brí leis an téarma udaí "iarnródeolaí". Saineolaí atá ann agus é ag cur suime i gcúrsaí an bhóthar iarainn. D'úirt Deaidí, tráth, gurb iarnródeolaithe a bhí ins an bheirt againn, ach go mba mise an fear ba mhó iarnródeolaíochta againn, cionn is an dóigh ar cuireadh bun liom. Níor thuig mise a dhath de, ach murar thuig, cha dtearn seisean ach aoibh gháirí a dhrannadh liom agus é ag áitiú go míneochadh sé an scéal domh a thúisce is a bhainfinn aois na tuigse amach. Ach ó mharaigh an traein Deaidí, is dócha nach bhfaighfidh mé amach choíche fán scéal a bhí sé a mhaíomh. Agus bheadh sé díomhaoin agam ceist a chur ar Mhamaí.

An Ceathrú Lá Déag de Mheitheamh, 1976, nótaí an iarnródeolaí. Na traenacha a thaibhrítear domh, bhí siad an-mhioscaiseach sna brionglóidí aréirnas, nó bhí siad ar mo thóir an oíche ar fad. Rith mé chun an bhaile go dteachaigh mé i bhfolach i gcró na gcípíní, agus ansin húradh de chogar i mo chluas go bhfuil anam an dragain ag an traein agus gurb é sin is fáth leis an taithneamh a bheir na traenacha do na tolláin agus leis an drochbhraon a bíos iontu mar thraenacha. D'úirt an guth sin liom fosta gurb í an obair is bunúsaí atá romham amach ná an mhaighdean a shábháil. D'iompaigh mé le súil a fháil ar an té a chan, ach ansin dhúisigh mé agus ní rabh ann ach mo bhéar teidí féin.

B'é an poll talaimh a bhí i ndán do Nótaí an Iarnródeolaí comh maith leis an ticéad smolchaite traenach a thit as an leabhrán nuair a rug mé air. Fá dheireadh is fá dheoidh fuair Ruupert biseach ón chruachás mhífholláin dhainséarach ina rabh sé fágtha ag farasbarr fantaisíochta. Mar sin féin, ní rachainn in aon tseans le cuimhní a chéad óige. Ní thráchtaimis riamh ar a chuid traenacha. Shíl mé go rabh sé i ndiaidh iad a ligint i ndearmad, agus é sách díchuimhneach i dtaobh gach a mbíodh eadar lámhaibh aige ina bhrín óg dó - b'í an traein a thógadh sé mar ghléas taistil ag teacht ar saoire 'na bhaile dó, siúd is nach rabh stáisiún i gKoirakkala, i gcruth is go gcaithfeadh sé an dá scór ciliméadar deireanacha a chur de ar an bhus nó ag síobshiúlóireacht. Bhí an chuma ar an scéal ná nach rabh eachtraí a óige ag déanamh scime dó a thuilleadh, agus b'amhlaidh ab fhearr: níor chuimhin liom féin a dhath dár éirigh domh i mo ghearrchaile bheag domh, ach an oiread.

Ó bhí sé ag staidéar dlí, níor thréig a chuid smaoitíocha riamh saol na réaltachta oibiachtúla udaí a bhí faoi smacht ag an tsiosmaid agus ag dianloighic na bhfíricí. Bhí Ruupert comh gnoitheach is nach rabh seal aige a chuid ama a chur amú ag dearcadh ar scannáin ná ag léamh dramhaíl úrscéalta, rud a choinnigh a chuid fantaisíochta ina tromchodladh sámh sábháilte.

Bhí cead scíste aige, ar ndóigh. Nó bhí cupla cara maithe aige a bhí ag freastal ar an chúrsa chéadna i nDámh an Dlí, agus b'in éineacht leofa siúd a théadh sé amach a dhéanamh aeraíochta is a dh'imirt leadóige. Bhí sé fásta suas ina lúthchleasaí cheart chríochnaithe, siúd is go rabh a chuid cnámh le haithne i gcónaí, mar a bhíodh ag a athair fad is a mhair sé beo. Thairis sin, bhain mé an tátal as a chuid cártaí poist ná go rabh rud éigin ar obair eadar é agus cailín óg a bhí ag dul ar na léachtanna céadna.

Mé féin a réitigh an bóthar chun Dámh an Dlí dó an chéad uair. Nuair a tháinig sé 'na bhaile i ndiaidh an turais dheireanaigh a rinne sé ar lorg rún na dtraenach, tuigeadh domh go rabh an iomarca ama aige i gcónaí, i ndiaidh an ilchineál caitheamh fónta aimsire a cheap mé dó, agus go rabh an dainséar ann go fóill go gcromfadh sé ar ais ar a mharana a dhéanamh ar a chuid aislingí aistíocha. D'fhéadfainn a chuid cleathainsí agus ciútraimintí a choigistiú, d'fhéadfainn a chinntiú nach dtéaltóchadh sé as an teach a thuilleadh leis an oíche ag caitheamh i mbun taighde iarnródeolaíochta - d'fheistigh mé clog clingireachta de dhoras a sheomra agus ceann eile dá fhuinneoig, agus chuirinn a chuid bróg uilig faoi ghlas ag dul a chodladh dúinn. Ní rabh mé ábalta, áfach, a chuid smaoitíocha a choinneáil faoi smacht le láimh láidir. Mar sin, chaithfinn dóigh a oibriú amach le Ruupert a chur i dtreo an tsaoil fholláin chiallmhair gan a bheith ag cur an iomarca d'fhoachaibh air.

Bhí Gunnar i ndiaidh leabhar dlíthe a fhágáilt i mo theach de dhearmad, leabhar trom téagartha a rabh suaithníocht ann. Chuir mé ar an tseilf eadar na ciclipéidí í, ag súil is go mbeadh de mheabhraíocht i nGunnar an leabhar a sciobadh leis aríst nuair a thiocfadh sé an bealach, ach ní rabh; agus i ndiaidh a bháis féin d'fhan eolaire seo na reachtaíochta ansin. Anois, áfach, rug mé ar an leabhar gur chuir mé ar ghlúnta Ruupert í. D'úirt mé leis gur seanleabhar de chuid a athara a bhí ann a d'uachtaigh sé dá mhac a léamh nuair a bheadh an aois cheart aige (agus dáiríribh, ní rabh an méid sin ag scinneadh rófhada ón fhírinne). D'úirt mé gur ordaigh a athair domh cúig mharg airgid a íoc leis ar son achan leathanach dá bhfoghlaimeochadh sé de ghlanmheabhair.

Ar tús, ní rabh sé ach ag amharc go drochamhrasach orm. I ndiaidh cupla lá, áfach, chuntais sé na leathanaigh a bhí ann agus mhéadaigh sé an figiúr faoi chúig. Chuaigh sé a bhaint lán a shúl as rothair ghleoite deich ngiar an tsiopa, agus ní rabh sé mall ag cromadh ar leabhar na ndlíthe go dtí go gcaitheadh sé an chuid ba mhó dá am á staidéar.

Bhí mé lánsásta gach sciúrtóg airgid a íoc leis in éiric an eolais a chur sé in iúl domh ins na scrúduithe príobháideacha a chóirigh mé ar an tséala seo. De réir a chéile, thréig na tromluithe é go hiomlán, comh maith le siabhrán na dtraenach. Bhí sé iontach gasta géarchúiseach ag foghlaim dlí agus ag saothrú luach an rothair nua, ach ní bhíodh mórán ama aige le rothaíocht a dhéanamh, agus é ag tógáil tuilleadh léinn den chineál chéadna. I mbun a chodlata dó féin, bhíodh sé ag monamar fá dtaobh de na hachtanna is na reachtanna is ag cuntas an airgid a bhí sé a charnadh le chéile.

Dlítheoir déanta, a smaoitigh mé go bródúil.

In Earrach na bliana 1991 bhain Ruupert amach céim an dlítheora le scoth na ndíntiúirí, agus chaith mé mo chuid coigiltis le Rolex órga a cheannach dó mar phronntanas. Ní náir liom a aidmheáil go rabh mé comh háthasach is gur tholg mé athlasadh na súl ag gol le teann gliondair. Fuair Ruupert post in oifig bheag dlítheoirí ins an phríomhchathair, agus chuaigh sé a chónaí le Birgitta, cailín a rinne a staidéar ins an am chéadna agus a bhí ag obair in aon áit le mo mhac.

Cailín maith siosmaideach a bhí i mBirgitta Susanne Donner: bhí ballaíocht aithne agam uirthi, agus mé thar a bheith sásta Ruupert a fhágáil faoina cúram. D'aithin mé go rabh comhábhair na mná céile den chéad scoith inti fá choinne mo mhic, comh hiontaofa agus a bhí sí mar dhuine, agus í in ann airdiú meanman a thabhairt dó in am an amhgair. Is dócha go dteánfadh sí gnoithe na máthara do chlann mo chlainne go deas dearscnaitheach, nuair a thiocfadh an lá sin. Bhí mé féin ag suirí go tráthrialta fán am sin fosta, agus Ruupert i ndiaidh saol dá chuid féin a chur ar bun anois, beag beann ormsa.Ní rabh ar cois agam go bunúsach ach cineál spallaíocht, agus ó bhí mo pháirtí ag dul le múinteoireacht mar ghléas beo, tharrónfadh ár gcumann barraíocht calláin ach é a choinneáilt faoi rún. Uaireanta, áfach, thigeadh mo pháirtí a dh'ól caife liom tráthnóna, agus d'fhéadadh sé tarlú go bhfuair muid muid féin in aon leaba amháin le chéile agus muid ag múscailt ar maidin.

Ba mhéanar domh dá mb'fhéidir liom deireadh a chur leis an scéal anseo, agus an mháthair faoi shéan is faoi shonas ag an dóigh ar éirigh a shaol lena mac i ndiaidh an iomláin. Ach ní deireadh ceart é an dea-dheireadh: níl ann ach ceann de na stáisiúin. Nuair a thiocfas an crith ar an tairne, is iad na crumhóga a íosfas sinn go léir. Ag dul anonn i Mí bhrothallach Iúil don bhliain míle naoi gcéad a ceathar déag is ceithre scór, rinne na traenacha ionsaí ar shaol mo mhic aríst.

Bhí Ruupert agus Birgitta iontach gnoitheach i gceann a gcuid oibre, agus uaireanta, cha rabh mé in ann scairt ghutháin a chur orthu le roinnt laethanta, rud a d'fhág mé comh buartha is gur síleadh domh gur tugadh mo mhac uaim ar bhealach neamhshaolta, i gcruth is nach bhfaighfinn radharc air choíche aríst. Sa deireadh thiar, áfach, d'éiríodh leofa cupla lá saoire a thógáilt is a chaitheamh i mo chuideachta-sa. B'ola ar mo chroí é bheith ag castáil leis an lánúin óg, ach mar sin féin, chuireadh a radharc cineál cumhaidhe orm fosta.

Ar an Domhnach áithrid sin, chinn muid ar phicnic a chóiriú. Bhí an lá ar coipeadh le brithall, le dathanna geala is le dord na mbeach: ceann de na laetha ba chóir a chur i bhfráma is a chrochadh ins an pharlús le haghaidh an gheimhridh.

Phacáil mé le chéile buidéal sú, ceapairí slisín agus píosa de chíste mhilis seacláide is silíní, císte a bhácáil mé le haghaidh an naoú breithlá fichead a bhí le ceiliúradh ag Ruupert ar ball. Thiomáin muid síos suas na bóithre beaga ar an ghluaisteán dhearg a bhí ceannaithe ag Ruupert tamall roimhe sin, go dtí gur bhain muid amach Lammasmäki - Cnocán na gCaorach. Machaire mór glas a bhí ann agus é ag éirí suas ina chnocán os coinne chúlra na spéire goirme. Na caoirigh a bhaist an áit, bhí siad ag iníor thall is abhus ina gcruinneagáin bheaga bhána, agus uaireanta, chualathas ag méiligh in aon ghuth iad.

D'fhág muid an carr ar scáth beithe móire agus lean muid cosán ag turlingt anuas slios Chnocán na gCaorach, go dtí gur bhain muid amach sprioc ár dturais, mar atá, plásóg bheag ar scáth claífort iarnróid, agus uisce geal Shruthán na Reithe - Pässinpuro - ag déanamh a thorainn aigeanta ag sní thart leis an áit.

Leath mé éadach bán ar an talamh, chuir mé an biadh ar tairiscint, agus d'iarr mé ar an lánúin óg a gcuid a fháil sula mbeadh an séire ó mhaith ag an bhrothall agus ag na cuileoga. Bhí muid ag ithe linn, ach ansin d'éirigh Ruupert ina sheasamh agus d'úirt, eadar dhá ghrabhróg aráin, go rabh lámh is focal eadar Birgitta agus eisean go hoifigiúil le seachtain anuas.

Bhí mé féin ar tí mé a thachtadh le mo cheapaire.

Stán mé ar mo mhac, agus é ag amharc ar ais mar a bheadh súil aige le babhta scansála agus sciolladóireachta. Bhí neirbhís air, ó nach bhféadfadh sé bheith cinnte den dearcadh a bheadh agamsa ar an scéala, ach ba léir go rabh an-áthas air féin bheith geallta do Bhirgitta, rud a thug orm gáirí a dhéanamh le teann ríméid.

- Cad é atá comh barrúil sin? a d'fhiafraigh Birgitta, cineál drochamhrasach, ach ansin, leath aoibh gháirí uirthi féin. Cailín comh deas sin, a shíl mé. Bhí a fhios agam cheana an rud a cheannóchainn dófa: clog seanathara, agus é déanta as mahagaine!

Fuair Ruupert faoiseamh agus chrom sé ar a bhéile aríst.

I dtoibinne, rith liom an lá a coimpríodh Ruupert. Níor chuimhneach líom mórán de, ach amháin go rabh Gunnar agus mise i gcomhriachtain le chéile, agus gur theip an fhrithghiniúint orainn, ach mar sin féin, ins an deireadh thiar thall, bhí Gunnar ansin os mo chomhair ina fhear fhásta, ina dhlítheoir dhathúil dhea-éadaithe a bhí ag baint áibhéir agus áthais agus abhrais as a shaol.

Is minic a smaoitím ar an lá a gabhadh Ruupert. Chuaigh Gunnar agus mise a bhaint triail as a ghluaisrothar nua - ins an am sin, bhí braon beag fiántais fágtha ann go fóill, siúd is nach mbrisfeadh sé dlí ná dea-bhéasa choíche. Bhí sé, fiú, ag caitheamh casóg leathair. Ní casóg dhubh chaite gluasrothaíochta a bhí ann, ach ceann donn galánta ón Iodáil ar íoc sé slám airgid ar a son gan amhras. Ba mhinic a chonaic mé timpeall an Ghrianáin é, nó ins na saoltaibh sin bhí an Grianán ag cur thar maoil le daoiní gach Satharn: tá an áit dúnta druidte tréigthe le fada an lá anois, agus na daoiní ag dul go dtí an chathair mhór ar lorg aeraíochta. Théinn féin go dtí an Grianán ó am go ham, le cúrsa damhsa a dhéanamh nó fá dhéin malairt comhluadair. Bhí Gunnar ag iarraidh an coimeadar a chur orm le píosa maith ama anuas - nó sin mar a b'fhacthas domh, siúd is nach bhféadfá a bheith ina mhuinín, agus an cineál duine a bhí ann. Siúd is nár thit mé i ngrádh leis, ná geall leis, bhí sé ag taithneamh liom, comh ciúin cinnte is a bhí sé, agus an tsaint a bhí ag na cailíní eile ann: agus i ndeireadh báire, nuair a d'iarr sé amach leis mé, thoiligh mé.

Chaith muid tamall ag tiomáint síos suas na bóithre beaga thart anseo, go dtí go dtearn muid stad le blas a fháil ar an fhíon gheal i lár coille bige a rabh cuma rómánsúil uirthi. D'úirt Gunnar go mba mhaith leisean mo shrón, agus ansin, rinne muid ár gcomhriachtain.

Dáiríribh cha rabh aon fhonn ceart craicinn orm, ach d'fhág mé cead a chinn aige mar sin féin. Déanta na fírinne, bhí sé ceart go leor, an dóigh éadrom a dtearn sé é. Bhí greim agam ar a charbhat, agus aoibh gháirí orm. Bhí an féar ag cur cigilt i mo thóin. Gheall sé domh tarraingt ar ais i bhfad roimh stealladh an tsíl, agus tá mé cinnte go rabh sé meáite ar a dhéanamh, nó ba fear uasal den tseandéanamh é, agus gach muinín agam as.

Sa deireadh, tháinig dlúthas leis an rithim a bhí faoina thóin, agus teannas ina chuid matán. Is cuimhin liom go gcuala mé traein ag ligint fead, ach níor tuigeadh domh san am sin go rabh an t-iarnród sách cóngarach dúinn, agus an traein ag dul thart linn. Bhí Gunnar ag únfairt mar a bheadh ainmhí i ngaiste ann, bhí mé i ndiaidh mo chosa a chasadh thart ar a dhroim, agus níor éirigh leis é féin a chroitheadh saor uaim roimh theacht an tsíl. Bhí mé suite siúráilte go dtiocfadh tallann fhíochmhar feirge air anois, ach ina áit sin, cha dtearn sé ach súil cineál brónach a chaitheamh orm, póg a thabhairt domh agus mise a chomóradh ar ais go dtí an halla damhsa, áit a dtearn muid cúrsa amháin váls sular imigh sé, agus a chuma air go rabh sé ag déanamh trom-mheabhrú.

Chreid mé go daingean go rabh bun curtha le beo úr i mo bhroinn, rud a fuair mé dearbhaithe ag mo dhochtúir seachtain ina dhiaidh sin.

(as dialann brionglóidí E.S., nár bhreac sí síos riamh)

Tarraing ort an Cúigiú Cuid anseo, le do thoil

Pill ar ais

Tulleathanach an Scéil