AN ÁIT
A nIOMPAÍONN
NA TRAENACHA

le

PASI JÄÄSKELÄINEN

An Chéad Chuid

An Darna Cuid

An Treas Cuid

An Ceathrú Cuid

AN CÚIGIÚ CUID

Chlis mé suas as mo chuid smaoitíoch.

Na caoirigh i bhfad uainn, thoisigh siad a mhéiligh go tobann, agus ní rabh aon tost ná maolú ag teacht orthu. Chonaic mé ag teacht anuas an cnoc iad sna feathaigh fasaigh mar a bheadh deifre nó fonn éalóidh orthu.

- Tá an traein ag teacht, arsa Ruupert.

Níor shonraigh mé roimhe seo go rabh a charbhat foirgthe le pioctúirí beaga maisiúla de Donald Duck: mar sin, ba chuimhin leis a óige i gcónaí. Bhí séideán gaoithe ag ábhaillí leis an charbhat, agus a choiléar bán á chroitheadh mar a bheadh sciatháin an fhéileacáin ann.

- Cad é a d'úirt tú?

- Tá an traein ag teacht, a d'fhreagair Ruupert, agus aoibh gháirí air. Phointeáil sé méar i dtreo na gcaorach. Chuir mé uaim an ceapaire agus d'amharc mé an bealach.

Bhí bóthar iarainn ag dul thart linn thuas ar Chnoc na gCaorach: ba ghnách don traein theacht chun tsolais gan choinne ó scáth dorcha fionnuar na sprús le píosa den tamhnach ghriantéite a chur daoithi go dtí do dtumfadh sí isteach aríst ins an tollán a rabh a chraos ag drannadh anuas orainn ó mhullach an chlaífoirt a bhí tógtha as garbhchlocha móra troma. Bhí torann na gcéadta rotha miotail ag dul chun glóraí go dtí gur bháith sé méileach na gcaorach nár thaitin an tamhach táisc seo leofa ar aon nós. Nocht inneall dearg leictreachais dár gcuid súl, agus luas géar gasta fúithi. Bhí sí ag tarraingt sraith de charbaid earraí ina diaidh, sraith a rabh a deireadh an-déanach ag teacht.

Chaith mé súil ar m'uaireadóir i m'ainneoin féin: bhí sé trí bhomaite roimh leathuair i ndiaidh a haon iarnóna, nó 13:27.

Bhí an torann rithimiúil ag cur ruaigeadh ar na caoirigh, go dtí go rabh an radharcra uilig ar crith agus ag tabhairt macalla, agus cibé scairt a bhí ag na caoirigh, ní rabh sí le haithne a thuilleadh, i bhfarradh is an ghlóraíl seo a chuirfeadh talamhchrith i gcuimhne duit. Rug Ruupert ar láimh an chailín, thug sé póg daoithi agus é ag baint gáirí aisti le caint ínteacht nach gcuala mise. D'eitil feileacán donn thart linn ag cleitearnaigh go neirbhíseach: shílfeá nach feileacán a bhí ann ar aon nós ach ceann de dhuilleoga tirime an fhómhair.

Bhí an traein ar fad le feiceáilt anois: líne de charbaid ag bogadh ó imeall go himeall an mhachaire. Bhí sí á sáthadh isteach ins an tollán, agus í ag teacht eadar sinn agus léas, i gcruth is gur caitheadh scáile orainn agus í á réabadh ag an chorrbhladhm gréine eadar dhá vaigín. Thoisigh deannach a thitim orainn ón chlaífort iarnróid, rud a thug orm súil a chaitheamh suas ar an traein, agus cineál míshástacht ag borradh ionam: ba chóir dúinn, b'fhéidir, an biadh a chlúdach le héadach sula bhfágfadh an smúid sin blas an ghainimh ar ár gcuid ar fad.

Ansin, chonaic mé smál ínteacht á dhealú ó theimheal dhorcha na traenach, smál nó píosa miotail agus é á chasadh thart is ag titim inár dtreo-ne.

Thoisigh mé a leanstan fithis an phíosa sin, ach ansin, i dtoibinne, tuigeadh domh gur sa mhullach orainn féin a bhí sé ag titim.

Scar mé mo liopaí le rabhadh a thabhairt don lánúin óig, ach an gaineamh a fuair mé síos mo sceadamán, d'fhág sé gan ghuth gan ghlór mé agus an racht casachtaí a tháinig orm. Thairis sin, bhí mé dall ar fad ag an dusta, agus b'é an t-aon rud a tháinig liom a dhéanamh ná bheith ag casachtaigh agus ag croitheadh lámha le súil is go mbainfidíst an tátal ceart asam.

Bhí mé beagnach bodhar ag tamhach táisc na traenach, ach mar sin féin, chuala mé rud éigin á bhascadh, díreach mar a bheadh ubh á briseadh.

D'fhoscail mé mo shúile, agus d'aithin mé fríd na deora go rabh Ruupert ag airdiú láimhe mar a bheadh sé ag beannú do sheanchara nach bhfaca sé leis na cianta, ach ansin chonacthas cnap ínteacht ar déanamh cnáimhe ag léim óna chloigeann is ag titim sa tsruthán bheag. Fágadh Ruupert ina ghillire ar an fhéar. Lig Birgitta uaill ghéibheannach a sháraigh tormán rithimiúil na traenach féin.

- An bhfuil ubha againn sa chiseán? a d'fhiafraigh mé go díchéillí, sular thacht an deannach mo ghlór aríst.

Chroith an cailín a ceann agus d'airdigh sí méar chreathánach le pointeáil ar Ruupert. Bhí seisean sínte ina luí spréite agus cuma an chodlata air. Nuair a chrom mé ar aghaidh le radharc ní b'fhearr a fháil ar mo mhac, thug me fá dtear nach rabh a dhath fágtha dá ghnáthbhearradh néata...

* * *

Chuir Birgitta cogadh fíochmhar dlí ar chomhlacht an bhóthair iarainn.

Bhí an comhlacht toilteanach a aidmheáil gurb ón traein a thit an ball miotail a bhris cloigeann Ruupert: le bheith beacht barainneach ar fad, bhí baint aige le gléas blocála an dorais san ochtú vaigín is fiche den traein. Chuir fear an iarnróid in iúl dúinn go rabh iontas thar na bearta air a leithéid de pháirt thábhachtach a bheith sáite isteach comh bog sin is go dtitfeadh sí amach - go prionsabálta, ní rabh sé indéanta ná incheaptha, agus an dianscrúdú a chuaigh ar an traein sular imigh sí ón stáisiún deireanach roimh Khoirakkala: níor briseadh oiread is rialúchán amháin, dar leisean. Shílfeá go rabh mo dhuine ag tabhairt le fios gur muidne a bhí i ndiaidh coir nó míghníomh a dhéanamh, ar nós sabaitéireacht nó loitiméireacht a dhéanamh ar an traein uasal ghalánta s'acu. B'é an scriú suarach seo an t-aon rud amháin a rabh lucht an iarnróid buartha faoi; ach ba chuma leofa comh taismeach is a d'éirigh do Ruupert. I ndiaidh ghnáthsheoraí cainte an chomhbhróin a bhaint den litir dúinn, ní rabh ann, go bunúsach, ach an méid seo: Bíonn a leithéid de rudaí ag titim amach, ach is cuma. Cad fáth nár dhruid sibh siar ónár n-iarnród?

Ba mhian liom fearg agus fuath a ghlacadh leis an diabhal fear agus an cloigeann a réabadh dá ghuailneacha. Ní rabh a dhath fágtha fán taca seo, áfach, den dineasár bhaineann a chuirfeadh troid ar son a mic: in áit an racht feirge a bhí mé a thiomsú, ní tháinig orm ach tuirse throm agus fonn tréigbheála.

Bhí muidne agus lucht an iarnróid ag teacht crosach ar a chéile ar fad maidir leis an éiric: bhí Birgitta ag éileamh deich milliún is fiche, ach ní rabh an comhlacht sásta oiread is aon sciúrtóg rua a íoc linn thar chostas an ospidéil - bhí an méid sin féin ag dul i bhfad thar an dualgas dlíthiúil, arsa fear an iarnróid, agus é barúlach gurb olc an seanadh don bheirt againn gan a bheith buíoch beannachtach ar a shon sin féin. D'áitigh Birgitta orm, áfach, agus ga seá inti le teann feirge, go gcuirfeadh sí gach cineál próiste dlí ar an chomhlacht ar chúiseanna foirmiúla agus go dtarrónfadh sí clisiúnas agus bancbhriseadh ar an iarnród ar fad ach iad a bheith toilteanach freagracht a ghlacadh orthu as briseadh chloigeann Ruupert agus cibé ainimh a d'fhágfadh sé ann.

Mar a taibhsíodh domh ó thús, thuirsigh Birgitta de réir a chéile, agus tháinig maolú ar a fearg naofa: cúig mhí i ndiaidh na timpiste scairt sí orm ar n ghuthán agus aithne na náire ar a glór, agus chuir sí in iúl domh nach rabh an sracadh inti a thuilleadh a bheith ag snámh in aghaidh an easa seo. Is é an freagra a thug mé ná go rabh mé sásta leis an chomhairle seo: i ndiaidh an iomláin, bhí an buachaill bocht ó leigheas cibé scéal é.

Bhí sé, gan amhras, nó nuair a mhúscail sé as a thámhnéal aríst, níor aithin sé Birgitta. Chaith sé radharc timpeall an tseomra san ospidéal ina rabh sé ag éileamh, d'fhan sé i bhfad ina thost, agus ansin d'iarr sé ar Bhirgitta, agus í ag creathnú ó bhearradh go diúra, an mba mhiste leis an "mhnaoi uasail" a dhul a thriall ar phacáiste amháin den ghuma choganta Siceagó.

- An diabhal guma coganta sin, is fada an lá ó d'éirigh comhlacht na milseán as é a tháirgiú! Ní cuimhin le haon duine é a thuilleadh! - I gcaifitéire na hotharlainne a chuala mé an méid seo ó Bhirgitta, agus an bheirt againn ag déanamh ár gcardála ar an dóigh ar iompaigh na cúrsaí amach.

D'úirt na dochtúirí nach rabh Ruupert le Birgitta a aithne choíche, dáiríribh. An chuid d'inchinn Ruupert ina rabh a chuid cuimhní cinn ar Bhirgitta, bhí sí curtha ó mhaith go doleigheasta ag an drochbhuille a fuair an buachaill bocht.

- A fhad is a bhaineanns liom, tá sé marbh, cineál marbh, arsa an bhrídeog mhí-ádhúil, agus ní rabh mé in ann an méid sin a shéanadh - cha dtearn mé ach mé féin a stuifeáil le borróga an chaifitéire.

D'imigh go leor rudaí tábhachtacha eile ins an teagmháil, nó bhí a chuid staidéar dlí ar shiúl comh maith leis an ghrádh a thug sé do Bhirgitta. Ní rabh dearmad déanta díomsa, áfach. Bhí a mháthair ar an chéad rud eile a chrothnaigh sé i ndiaidh an ghuma choganta. Ba chuimhin leis fosta an barra seacláide udaí Lola, siúd is nach rabh sé ar fáil ach oiread, mar a fuair mé amach go luath, rud a ghoill go trom ar Ruupert. Choinnigh sé cuimhne fosta ar scéalta lachan Disney, ar na traenacha, ar bhás a athara agus ar na tromluithe a bhíodh á chrá nuair a bhí sé ina bhrín óg. Déanta na fírinne, ba chuimhin leis go sármhaith gach rud a tharla dó - go dtína naoú lá breithe.

Intuigthe go leor, chuaigh gealltanas pósta Ruupert agus Bhirgitta ar neamhní, agus phill Ruupert ar an tseanfhód in aontíos liomsa. Chaith sé leathbhliain ar fad san ospidéal, agus an geimhreadh i ndiaidh a theacht i leaba an tsamhraidh eadar an dá linn.

Thóg sé tamall orm a dhul i dtaithí ar an neach aistíoch udaí agus é ag déanamh fánaíochta ó sheomra go seomra i mo theach. Is beag focal a chluininn uaidh, ach amháin an chorruair a d'iarr sé orm milseáin a thabhairt liom ón tsiopa, mura rabh sé ag crothnú a chuid bréagán a bhí mé i ndiaidh a chaitheamh i dtraipisí leis na blianta is na cianta anuas. Ruupert a bhí ann, ach níorbh eisean Ruupert, dáiríribh. Mí-aimsearthacht i riocht duine a bhí ann: bhí cuma an dlítheora fhásta air, ach ins an am chéadna, bhí intinn aige nach dtáinig i gcrann riamh, agus súile faiteacha an pháiste aige. Bhí sé ag déanamh a staidéir ar an gharraí amach ar na fuinneoga, bhí sé ag baint cniog cnag as a chuid méar go neirbhíseach, agus é ag smúrthacht thart mar a bheadh taibhse ann. Bhí sé ag trom-mheabhrú ar rudaí anaithnide; agus bhí eagla air roimh a scáile scátháin féin nach n-aithneochadh sé a thuilleadh.

Bheinn ag scréacharnaigh le teann pianach, dá mbeadh de ghustal ionam a leithéid a dhéanamh, ach bhí mé tuirseach, fiú ar nós chuma liom, agus níor chreid mé go dtiocfadh liom choíche seó bóthair d'aon chineál a dhéanamh díom. Bhí blas leamh fiú ar an anáil a bhí mé a tharraingt.

- A Ruupert, arsa mise i ndeireadh na dála, - ní thiocfaidh linn an cineál seo saoil a threabhadh linn mórán eile. Ní foláir go dtitfidh rud ínteacht as an ghnáth amach in aichearracht. Rud ínteacht.

Ní rabh mé féin róchinnte cad é a bhí i gceist agam, agus is léir gur liom féin thar aon duine a bhí mé ag caint, ach mar sin féin, d'amharc an mac mí-aimseartha orm, agus é ag claonadh a chin mar a bheadh gach aon fhocal uaim tuigthe aige.

* * *

Má bhí na míonna ag sleamhnú leofa amuigh, chuaigh an t-am i bhfostó taobh istigh de bhallaí mo thí, nuair a d'éirigh an taisme do Ruupert. Ach má chuaigh, d'éirigh an scéal i bhfad ní ba mheasa fós le teacht Ruupert ón ospidéal.

An chuid ba mhó den am, ní bhfaighfinn an áit a fhágáilt, ach oiread le Ruupert. Ní fheicinn Miriam féin ach an chorruair: sa tsiopa, i lár an bhaile, amuigh ar na bóithre, i siopa na n-uaireadóirí. Scaití, ní rabh mé cinnte an rabh aon teanntás againn ar a chéile riamh, agus an dóigh a dteachaidh muid chun coimhthís le chéile. Ba leasc liom cuireadh chun cuairte a thabhairt daoithi, agus í comh múinte is nach mbuailfeadh sí isteach chugam gan choinne. Go simplí, cha rabh de ghus ionam cás Ruupert a phlé leis na daoiní, cur síos a thabhairt ar an chruachás a rabh mo mhac ann agus an cineál ainimh a bhí ar a inchinn. Níor theastaigh comhbhrón na ndaoiní ná feic a súl fliuch uaim, nó níor mhian liom mo mhac a fheiceáilt mar a chonaic siadsan é. Cha rabh de dhíobháil orm bheith ag déanamh béal bocht fá chinniúint an tsárdhlítheora a d'imigh de dhroim an tsaoil gan ach an neach aistíoch seo a fhágáilt ina dhiaidh.

Ní rabh mé riamh róthugtha d'aer an tsaoil, don chéilíocht ná don chomhluadar ghealgháireach, agus an beagán carad nó lucht aitheantais a bhí agam i gKoirakkala, ní théinn ar lorg a gcuideachta a thuilleadh: amach ón chárta riachtanach a sheoladh chucu ar ócáid na Nollag, d'éirigh mé as a dhul in aon teagmháil leofa. Cha rabh fonn orm a chluinstint ó na daoiní seo nach mb'í Elina Satakieli a bhí ionam a thuilleadh, ach "máthair bhocht an dlítheora easláin"; agus níor theastaigh uaim ach an oiread go mbeadh mo mhac, "an dlítheoir ar bascadh an dlí agus na reachtanna as a chloigeann", ina ábhar caidéise agus ina sheó bóthair ag cailleach an uafáis go gcaithfí an trí shluaiste air. Chaithfinn cleas éigin a fháil amach a chuirfeadh ar mo chumas theacht as an dóghrainn seo. Chaithfinn a theacht ar fhuascailt éigin, agus b'fhearr liom sin a dhéanamh ar mo chonlán féin, beag beann ar an tsaol mhór.

Le teacht Mhí Feabhra tháinig an múinteoir, go formhothaithe, ar cuairt chugainn.

Bhí sí i ndiaidh dath rua a chur ina folt deas geal, dath a chuir cuma na duibheagántachta uirthi. Bhí sí in éis meáchan breise a thiomsú, ach níor bhain sin faic na ngrást dá háilleacht, a mhalairt ar fad: bhí sí ag breathnú ní ba mhacnasaí anois. Maidir le mo mhacnas féin, bhí sé ag éirí gann. Is iomaí ruainne liath a tháinig fríd m'fholt dhubh le déanaí, agus thug m'fhochomhfhios orm mo chuid gruaige a choinneáil gearrtha giorraithe ó fuair Ruupert an treascairt. Bhí mé ag éirí seang, fiú, agus shonraigh mé chéadchomharthaí na seanaoise orm féin - go nuige seo, ní thiocfadh liom iad a aithne´thar chéadchomharthaí na haibíochta a tháinig orm i bhfad roimhe sin.

Thug muid croí isteach agus póg dá chéile, ach má rinne féin, cha rabh ann a thuilleadh ach póg chairdiúil: sílim go rabh blas géar na scarúna ar a béal. Chaith muid siar slogóg chaifé, d'ith muid brioscaí agus labhair muid fá rudaí neafaiseacha.

Bhí Miriam ag déanamh iontais den ruathar buirgléireachta a bhí déanta ar an láithreán gearrtha bóthair i bPiskilänmutka: d'airdigh na gadaithe leofa lastas nach beag dinimíte. Chuir mé i gcuimhne daoithi nach mb'é an chéad uair a thit a leithéid amach ins an chompal seo: bhí ábhar pléascach goidte ag buirgléirí cupla uair roimhe seo, le déanaí.

Chaith muid tamall maith ag áitiú ar a chéile nach rabh i ndaoiní óga ár linne ach dearnaidí gan mhaith gan mhoráltacht. Murar díoladh an t-ábhar pléascach le coirpeoirí eile, chaithfeadh sé go rabh sé curtha i bhfolach i bpluais éigin timpeall na háite. Ar ball, bhí cuid de Khoirakkala le dhul de dhroim an tsaoil ina caor mhór thine, a thuar muid in aon ghuth (agus le bheith ionraic, bhain mé cineál saobhthaithneamh as an smaoitiú).

D'fhiafraigh mé de Mhiriam, an rabh sí i gcónaí ag cumadh gearrscéalta, agus is é an freagra a fuair mé ná go rabh, agus í le cuid acu a chur chuig an fhoilsitheoir ar ball beag. Thairg sí a cuid scríbhinní a chur faoi mo bháid, ach dhiúltaigh mé go múinte béasach, ó nach rabh ciall agam ach do leabhartha faisnéise.

Go formhothaithe, tháinig Ruupert amach as a sheomra le beannú dá iarmháistreás scoile. Mar ba ghnách, bhí sé ag caitheamh léine bhán, veist, carabhata le pioctúirí beaga de Dhónall, lacha an mhí-áidh, agus bríste liath (siúd is go rabh cineál coimhthíos air le feistiú seo an fhir fhásta, ní nárbh ionadh, agus é á mhothachtáil féin ina bhuachaill naoi mblian). Ar tús, bhí sé á iompar go breá siosmaideach, agus é ag dul i bhfeidhm ort mar a bheadh sé ina dhlítheoir dhéanta i gcónaí: chaith Miriam súil i mo threo, agus aoibh gháirí ag teacht uirthi ina hainneoin féin. "Cad é atá cearr leis an stócach, dáiríribh?" - sin í an cheist a d'aithin mé i súile Mhiriam. Ach ansin, rinne Ruupert cíolar ciot den imprisiún seo, agus é ag toiseacht is ag fiafraí de Mhiriam an rabh an chuid eile den rang i ndiaidh mórán dul chun cinn a dhéanamh ins an mhatamaitic, le linn é a bheith ag éileamh san ospidéal, - agus an bhféadfadh an Mháistreás cuidiú leis thar na gnáthuaireanta teagaisc, ó bhí sé ag fáil deacair aon chiall cheart a bhaint as na codáin?

Rug Miriam ar a mála láimhe, d'fhág sí slán againn faoi dheifre agus d'imigh sí. Bhí a súile ag cur thar maoil le deora, rud a chuir iontas na n-iontas ar an mhí-aimsearthacht i riocht an duine dhaonna a d'fhan ag amharc ina diaidh.

Nuair a chuaigh traein thart ins an oíche, ba mhinic do Ruupert titim as a leabaidh, agus mise ag síneadh bréide thar a chuid cneánna. Nó má thiteann fear mór fásta as a leabaidh, is dual dó é féin a ghortú i bhfad níos minicí agus níos troime ná mar a dheánfadh buachaill beag. An chuid ba mhó den am, bhí sé ag coimeád an tí, rud a thaitin liom, nó b'fhearr liom gan é a bheith ag fánaíocht thart amuigh faoin spéir, agus páistí na gcomharsanach ag caitheamh clocha ina dhiaidh is ag déanamh scigmhagadh eile faoi.

Sheiceáladh Ruupert an bocsa poist gach Céadaoin agus cuma mheallta air ag pilleadh dó: nuair a chuir mé sonrú ceart ann, thuig mé go rabh sé ag crothnú an tseachtaineáin le scéalta lachan Disney.

Níl mé cinnte, an mba chríonna an mhaise domh é, ach mar sin féin, bhain mé amach síntiús nua i ndiaidh fiche bliain - fán am seo, áfach, bhí lá eisithe na hirise athraithe ó Chéadaoin go Déardaoin, rud a tharraing sciodar buainní ar Ruupert le teann pianpháise. Ní bhfuair mé riachtanach, ná fiú indéanta, an seansmacht a choinneáil ar a chuid léitheoireachta, caitheamh aimsire ná ar na cláracha teilifíse a mbíodh sé ag amharc orthu. Maidir lena chuid fantaisíochta, lig mé fad an scóid leis. Ní rabh de shracadh ionam a thuilleadh srianta a chur lena chuid aislingí. Bhí mo chogadh curtha, bhí dineasár inmheánach m'anama fágtha iontaisithe faoi bhrú na n-imeachtaí: artola a bhí déanta den arrachtach sin le fada, artola a bhí iona smúit dhubh ar fud m'intinne.

Ar aghaidh