AN ÁIT
A nIOMPAÍONN
NA TRAENACHA

le

PASI JÄÄSKELÄINEN

An Chéad Chuid

An Darna Cuid

An Treas Cuid

An Ceathrú Cuid

An Cúigiú Cuid

AN SEISIÚ CUID

Ó am go ham, tchínn Ruupert ag brobhsáil fríd na leabhartha a fuair sé sna seilfeanna: ciclipéidí, beathaisnéisí agus an duanaire a fuair mé mar phronntanas, sílim, ó Mhiriam Kissala, tráth. Cupla uair, casadh Ruupert ag útamáil leis an chéad leabhar dlí a bhí foghlamtha de ghlanmheabhair aige, ach dáiríribh, níor fhoscail sé amach í riamh: i ndiaidh dó seal a chaitheamh ag ábhaillí léithi chuireadh sé ar ais ar an tseilf í gach uair.

Níl a fhios agam, ar thuig mo mhac mórán de na leabhartha a bhí sé a staidéar nó den taisme a bhain dó. Scaití, théadh sé i bhfeidhm orm mar a bheadh an dlítheoir géarintinneach ann i gcónaí; ach ansin, bhí sé aríst ina pháiste mhór agus é faoi iontas ag an tsaol mhór. Chaitheadh sé cultacha de dhéantús Giorgio Armani agus carbhataí a bhí comh daor leis na cultacha féin, ach d'fhéadfadh sé, mar sin féin, na huaireanta fada cloig a chur de ag trom-mheabhrú ar scéal greannáin fá uibheacha ciúbacha a léigh sé ar iris lachan Disney. Ba chosúil go rabh an dá Ruupert ag comhrac le chéile ina chroí istigh, agus an chuid ba mhó den am, bhíodh sé idir eatarthu.

Ó am go ham, tchínn ag líniú pioctúirí beaga aistíocha é, pioctúirí a shracadh sé as a chéile láithreach bonn i ndiaidh a gcríochnaithe, agus é á gcur le thine faoi thinteog an tí allais. Is é an tátal a bhain mé as an iomlán go rabh sé ag iarraidh cuimhneamh ar Bhirgitta, cuir i gcás, nó ar dhaoiní, ar rudaí is ar imeachtaí eile a d'imigh as a inchinn nuair a briseadh a chloigeann, gan a dhath a fhágáilt ina ndiaidh ach taibhsí agus aislingí do-aitheanta.

Bhí sé ag caitheamh seanuaireadóir láimhe a chéad óige, an ceann saor a tháinig ón ollmhargadh, siúd is go mb'éigean domh stiall nua leathair a cheannacht dó i siopa na gclog, agus an seancheann róghearr ag fear fásta. Ní chreidfeadh sé gur leis féin dáiríribh an Rolex órga i dtarraiceán an drisiúir.

Bhí an saol seo féin á leá. An chuma a bhí ag teacht air, bhí sé cosúil le cineál támhnéal, agus muid, mar a b'fhacthas domh é, ag súil le rud éigin nach mb'eol dúinn féin goidé a bhí ann. B'é an t-aon rud a bhí ag coinneáil ár saoil ó scor dá chéile ná síorthiceáil na n-uaireadóirí, síorghnáthaimh an lae agus an dóigh a rabh muid ag creidbheáilt go rabh rud éigin ar leith le titim amach. Rud éigin a d'fhoscólfadh an doras amach, a bhéarfadh bealach éalóidh domh le braighdeanas na brionglóide seo a thréigbheáilt - nó shíl mé, cibé cé comh seafóideach a bhí sé, nach rabh ins an chineál seo saoil ach brionglóid, agus go gcaithfeadh sé go dtiocfadh deireadh léithi.

Le teacht an Mhárta tháinig an sioc oíche. Bhí an teach ag criongán faoi bhrú an reo. Uaireanta, agus mise sa leaba ag iarraidh greim a fháil ar an tsuan, shamhlaítí domh na ballaí i mo thimpeall ag titim as a chéile leis an gheimhreadh a ligean isteach agus mise a fhágáilt i mo dhealbh nocht leacoighir eadar braillíní cruaite. Bhíodh brionglóidí agam fán dóigh a rabh fuacht uafásach ag tonnadh orm.

Scaití, ní bhíodh a fhios agam i ndiaidh mo mhúscailte cé mé féin nó cá háit a rabh mé. Chaithfinn stádar a thabhairt ar fud an tí, radharc a bhaint as Ruupert agus é ina chodladh, nó staidéar a dhéanamh ar na réada a dtiocfainn trasna orthu, le go mbeinn in ann mé féin a phlandáil isteach i mo shaol féin aríst.

Seachtain dheireanach na míosa, an oíche eadar Déardaoin agus Aoine, dhá bhomaite déag i ndiaidh a haon a chlog, dhúisigh mé i dtoibinne, nó mhothaigh mé fríd chláraí an urláir go rabh duine éigin á úmú chun turais, thíos an staighre.

Bhí Ruupert in éis seangú amach istoíche cupla uair roimhe seo; go nuige seo, áfach, ní bhfuair mé amach faoi ach ina dhiaidh sin, nuair a chuir mé sonrú i lorg a chuid buataisí sa tsneachta, agus na buataisí féin fliuch báite ar maidin. Tháinig corraí intinne agus tallann feirge orm, agus bhain sé biongadh as mo cholainn ar fad - chaith mé orm an fhallaing throm agus rinne mé mo ruathar síos an staighre sioctha.

D'fhoscail mé an doras mór. Bhí Ruupert ina sheasamh i lár an chlóis, agus é ag iompar gléas scíála agus mála droma leis. Stán sé orm, agus cuma scanraithe air. Bhí eagla air roimh an phionós a chonaic sé ag teacht chuige, ach san am chéadna, bhí sé le haithne air go rabh sé meáite ar obair éigin ar leith a chur i gcrích. Má bhí sé ag úmú turais, ní rabh a chosc ná a stopadh ionam.

Ceart go leor, dar liom.

Tharraing mé lán mo scamhán d'aer fuar dubh na hoíche. Bhí fraitheacha na firmiminte á leathadh amach os ár gcionn: chreidfeá go rabh an bóthar ard á réitiú ansin go dtí seomraí sioctha na hollchruinne. Bhí na réaltaí ag coinneáil an chuid mhór dá solas fann chucu féin, agus an Ghealach ar foluain eatarthu: bhí sí geal mór millteanach lena n-ais, ach san am chéadna bhí mant beag baoideach ina taoibh, nó ní thiocfadh an t-iomlán gealaí ach i gceann cupla oíche eile. An criongán a bhain an sioc as na crainn, chuir sé i gcuimhne domh, mar fhuaim, na calóga arbha a d'itheadh Ruupert le bainne agus siúcra gach maidin.

Bhí mé do mo chonáil faoi m'fhallaing, agus an bheirt againn ag starógacht ar a chéile gan gíog ná míog a ligint asainn, go dtí go dtáinig an chaint ar ais agam:
- Ná bíodh brón ort, ní thabharfaidh mé do na minceanna thú. (Ba chuimhneach liom i gcónaí an lá sin fiche bliain ó shin, nuair a bhagair mé ar Ruupert biadh na minceanna a dhéanamh de, agus gach seans go mba chuimhneach le Ruupert é fosta, nó d'athraigh a ghnúis ar an toirt, mar a bheadh faoiseamh faighte aige.) - An fómhar seo caite fuair sean-Riistahauta bás le taom chroí agus é ag seilg an ghiorria. Is iad a chlann nighneach in Heilsincí ar thit ar a gcrann amharc i ndiaidh na minceanna, agus thairis sin, tháinig póilín úr in áit Khottarainen nach bhfuil aithne comh maith agam air agus go leomhfainn é a chur ina thost le síneantas breibe. Ach anois, fan tamaillín. Mura miste, tá mé ag teacht in éineacht leat an turas seo. B'fhéidir go mba mhaith liomsa a dhul le hiarnródeolaíocht fosta.

Tháinig roc i gclár éadain Ruupert agus é ag déanamh a mharana ar an achainí seo, ach ansin chlaon sé a cheann. Bhí sé ag caitheamh seál dearg réasúnta fada thart ar a mhuineál, agus cluaisíní olla ar an dá thaobh dá cheann. Ní rabh sé cosúil ar aon nós le fear ciothramach nach bhfuil ach intinn an bhuachalla bhig aige. Bhí sé ag breathnú mar a bheadh fear uasal dea-mhúinte ann ag déanamh seal beag spaisteoireachta i ndiaidh oíche amharclainne, agus é le dhul 'na bhaile ansin chun slogóg bhrandaí a chaitheamh siar, cupla leathanach de Dhostaighéavscaí a léamh agus an leaba a thabhairt air.

Chuir mé mo chuid éadaí orm comh sciobtha is a tháinig liom. Ansin, chuir mé na bróga scíála orm agus shiortaigh mé an seomra stórais fá dhéin mo sheanscíanna a bhí ag fanúint ansin le fiche éigin bliain anuas. Nuair a bhí mé ullmhaithe, ghread muid linn ag tarraingt ar dhorchadas na coille. B'é mo mhac a bhí ag dul ar tosach, agus mise á leanúint sna sálaí. Bhí mé as taithí scíála, agus is iomaí uair a bhí mé ar tí titim as mo sheasamh ar an tsneachta shleamhain.

Bhí coiscéim comh héadrom fúinn agus go rabh sé beagnach neamhshaolta, agus na giúiseanna arda ar an dá thaobh dínn mar a bheadh crainn teileagrafa nó ghutháin iontu. Níor stop an t-am, nó chuala mé m'uaireadóir ag ticeáil leis agus an oíche ag éirí sean. Bhí Ruupert ní ba sciobtha ná mé féin, agus é ag eiteallaigh ar aghaidh romham. Ar an dea-uair, níor mhiste leis stad agus fanúint go dtiocfainn suas leis.

Ní rabh mé i bhfad ag dul ar an fhóidín mearaí, ach ba chuma liom cá rabh mo thriall, nó cad fáth. Bhí mé ag áitiú orm féin go rabh mé ag breathnú i ndiaidh Ruupert, ag iarraidh a chur ar a shúile dó nach rabh ins na traenacha sí ach fantaisíocht ar strae. Níor aidmhigh mé liom féin nach rabh mé a dhéanamh ach an chéad chomhairle a rith liom i m'ainneoin féin, de réir na hinstinne. Níl ins an instinn, go bunúsach, ach cineál bonn airgid agus é á chaitheamh ag do shícé. Ní rabh sé réasúnta a dhul i muinín d'instinne le comhairle a chinneadh i gcúrsaí fíorthábhachtacha, ach oiread le bonn airgid a chaitheamh le fáil amach cé acu bealach a rachfá ag crosbhóithre - rud a rinne lachan Dhisney i gceann de na greannáin ab ansa le Ruupert, seafóideach go leor. An oíche udaí, áfach, d'fhág mé an chiall is an tsiosmaid is an réasún i bhfad i mo dhiaidh, le go bhfeicfinn oiread agus radharc amháin dá rabh taobh amuigh: an uair seo amháin theastaigh uaim go géar mo mhac a leanstan ar a thuras mhíréasúnta go croí na fantaisíochta.

Chuaigh muid timpeall ar an chuid ba mhó de na carraigeacha ábhalmhóra thart ar Chnoc na gCaorach, áit a rabh ceann de na tolláin iarnróid sa tír ag dul fríd. Ar nós nó ar éigean d'éirigh linn a theacht thart leis an chairéal thréigthe féin, siúd is go mb'éigean dúinn an gléas sciála a bhaint dínn agus na scíanna a chur thar an leathghualainn le go bhféadfaimis ár mbealach a dhéanamh thar chreigeacha reoite agus muid ar ár ndianchoimhéad ag seachaint na scailpeanna scáfara eatarthu.

Sa deireadh thiar thall, bhain muid amach áit nach rabh feicthe agam riamh, siúd is gur duine de mhuintir an cheantair a bhí ionam ó dhúchas. B'fhollasach cad fáth: ní rabh aon chosán ann a thiocfadh an bealach seo. Siúd is go rabh mé ag déanamh nach rabh imeall an áitribh dhaonna ach deich gciliméadar ar shiúl, bhí an tírdhreach iontach aistreánach, agus an áir sách doshroichte ag lucht bainte fraochán, seilgeoirí, agus gnáthfhámairí eile. Bhí portach ann, bhí sprúis thiubha dhlútha ann, comh maith le clocha géara agus crainn lofa trasna an bhealaigh, gan trácht a dhéanamh ar iarsmaí de shreang dheilgneach a d'fhág duine éigin anseo na blianta fada ó shin.

Bhí craobhacha uachtair na gcrann seanársaidh mar chonstaic eadar sinn agus solas gealaí, agus muid ag dornásc oíche i ndorchadas domhain fúthu. Rinne an nádúir féin a dicheall le muid a chur ar strae, agus bheinnse mé féin i bhfad i ndiaidh an bealach mícheart a thógáilt, ach go bé go rabh Ruupert meáite ar a cheann scríbe féin a shroicheachtáil, agus é ag scíáil leis ar aghaidh romham amach. Bhí eolas a bhealaigh aige san áit seo féin. Uaireanta, shílfeá nach duine saolta a bhí ann ach neach miotasúil a tháinig le mé a threorú fríd an tsaol eile. B'éigean domh a chur i gcuimhne domh féin in athuair nach rabh ann ach mo mhac mar ab aithnid domh é: iar-ábhat dlítheora agus é fágtha ar chéill na bpáistí ag timpiste a chuir deireadh giorraisc lena chaithréim.

Chuir muid dínn slios géar cnoic le fánaidh, agus ansin bhí an bóthar iarainn sroichte againn agus an choill ar fad ar ár gcúl. Lean muid an bóthar iarainn faoi sholas na gealaí cupla ciliméadar. Ansin, chuaigh muid trasna na raillí.

- Caithfidh muid an áit seo a thréigbheáilt, arsa Ruupert de scairt thar a ghualainn liom, agus ní fhaca mé ach a sheál ag croitheadh, nuair a thug sé ruathar go dtí an choill ar an taobh eile den bhóthar iarainn. Má bhí an bealach aistreánach go dtí seo, bhí cuma ní ba drogallaí, ní ba doicheallaí fós ar na crainn thall ansin.

Sheiceáil mé an t-am a bhí ar m'uaireadóir: 03:21, bomaite is scór i ndiaidh a trí. Bhí muid cupla uair an chloig ag scíáil.

- Caithfidh mé nach i bhfad ar shiúl atá an siúnt, ach ní thig liom é a aimsiú, a lean Ruupert leis, agus a ghuth ag dul chun ciúnais. - Nuair a fhágfas muid an áit seo, áfach, beidh muid ag deireadh an tsiúnt cheilte sin.

Lean mé an teimheal de dhuine faoi chóta trinse agus hata isteach i gcatacombaí duairce na gcrann

Bhí na sprúis comh tirim is a bhí siad tiubh, rud nár chuidigh liom theacht fríothu. Nuair a d'airdigh mé mo shúile, ní rabh mé in ann an spéir a aithne eadar na craobhacha liatha marbha a choinnigh solas na gealaí druidte amach taobh thuas de na crainn. Rug na craobhacha cranraithe greim ar mo chóta olla. Bhain siad an seál díom. D'fhág siad gránú ar m'aghaidh, agus iad ag iarraidh mo shúile a phollú lena mbioranna. Aríst agus aríst eile chroith mé díom iad, agus sneachta is oighear is connadh ag titim anuas orm, ansin, i dtuilleamaí mo chuid cluas amháin, lean mé Ruupert cibé áit a rabh sé, go dtí go dteachaidh mé in abar sa chéad chonstaic eile.

Bhí eagla orm nach mbeadh d'fhoighid i Ruupert fanúint liom, go n-imeochadh sé leis agus mise a thréigbheáilt i m'aonar ins an phraiseach de chrainn is de chraobhacha. Ní rabh mé in ann a thomhas roimh ré cad é a rithfeadh le mo mhac a dhéanamh. Ar bhealach, ní rabh ann ach mo dhuine clainne a rabh grádh agam dó, siúd is go mb'é mo bharúil riamh go rabh loighic a chuid smaoitíoch lán comh dothuigthe agam le plota an cheoldráma Shínigh. Scaití, shílinn i gcónaí go rabh sé ina dhlítheoir den chéad scoith agus é ag ligint scíste i mo theach eadar dhá chaingean dlí. I ndiaidh na timpiste, áfach, d'fhás an tríú Ruupert ann, meascán aistíoch den bhuachaill bheag agus den fhear fhásta, iomrall aimsire i gclí dhaonna, strainséir duairc dúranta dubhchoimhthíoch, nach rabh smacht ná eolas agam ar na rudaí a rithfeadh leis a dhéanamh nó a fhágáilt gan déanamh.

Is dócha gur chaith muid dhá nó trí uair an chloig ansin ag déanamh ár mbealaigh fríd thranglam na marbhchrann sin agus an sneachta ag criongán faoinár gcosa. Deich gciliméadar ar fad a chuir muid dínn, is dóigh liom, nó sin mar a b'fhacthas domh é ar a laghad, ach ní chuirfeadh sé lá iontais orm inniu a fhoghlaim nach rabh ann ach cupla céad slat.

Uaireanta, ní rabh i Ruupert ach scáile i measc na scáilí, agus ansin shílinn gur chaill mé ar fad é, ach nuair a ghnínn ina dhiaidh an chéad iarracht eile den mhíle iarracht mé féin a fháscadh isteach fríd na sprúis a bhí ag tabhairt croí isteach dá chéile i ndiaidh a mbáis féin, agus mé ag coinneáil leathláimhe thar m'aghaidh leis na craobhacha a ruaigeadh uaim, - nuair a ghnínn an chéad ruathar eile den chineál seo, gheibhinn súil ar Ruupert aríst.

Thoisigh na crainn a ghannú, agus léaró ínteacht solais ag teacht fríothu fá dheoidh. Chonacthas an chéad radharc de chaor mhílítheach na gealaí. I ndiaidh dó é féin a thuirsiú ag dul in éadan na malacha d'fhan Ruupert ag feitheamh liom i measc na dtor aitil. Bhí sé ag baint taca as na maidí scíála agus é ag stánadh go stuacanta ar aghaidh.

- Amuigh ansin atá sé, ar seisean a thúisce is a tháinig mé a fhad leis. - Tá muid ansin.

Leath gleann nó ísleán de chineál éigin romhainn amach, áit a bhí cosúil le doirteal ábhalmhór lán dorchadais, agus na crainn sneachtúla á síneadh aníos ó bhun an doirtil i dtreo na spéire duibhe. Píosa beag ón áit a rabh muid inár seasamh chonaic mé deireadh na líne siúnta. Ní rabh radharc maith agam air, ach d'aithin mé na raillí go doiléir i measc na gcraobh. Rith na raillí ó áit éigin taobh thiar den choill fríd dhorchadas aimhréitiúil aistreánach, cosúil leis an turas a bhí curtha isteach ag an bheirt againn, nó ní ba mheasa fós, b'fhéidir. Bhí claífort íseal faoi na raillí agus iad ag dul eadar na crainn go dtí an áit a dtáinig deireadh giorraisc leofa mar a ghearrfadh fathach le siosúr ábhalmhór iad.

Tháinig roic ar m'éadan. Bhí rud éigin as gléas. Aon áit a gcríochnaíonn na raillí, caithfear constaic cheart a chur ann, nó in éagmhais a leithéide thitfeadh an traein de na raillí! Bhí an chuma ar an rian iarnróid cibé go rabh sé in áit chontráilte ar fad. B'fhéidir gur tharraing foireann na deisce líne mhícheart ar an mhapa, agus nuair a fuarthas amach fán earráid, cha dtearn foireann tógála na raillí ach an obair a thréigbheáilt in áit na mbonn, agus iad ag spalpadh eascainí agus mionna móra agus ag déanamh seitgháirí fán chineál innealtóirí a n-éireochadh a leathbhreac de bhotún dófa.

D'análaigh mé isteach tarraingt mo chinn de bholadh an bhóthar iarainn. Luigh an boladh i bhfad ní ba troime ar mo scamháin anseo ná i´n áit ar bith eile. - Agus is é an cineál áit atá anseo ná...

- An Áit a nIompaíonn na Traenacha, arsa Ruupert go ciúin. Bhí sé seort míchompordach, b'fhéidir go rabh neirbhís air. Bhí an sioc ag déanamh scamaill bheaga reoite as an aer a bhí ag teacht amach thar a bhéal, agus na crainn a tháinig eadar é agus solas na gealaí, chaith siad scáilí ar a cheannaightheacha a cheil a ghnúis orm. Bhain sé na scíanna dá chosa, sháith sé na maidí sciála isteach ins an tsneachta, á bhfágáil ina gcolgsheasamh in aice leis, agus ansin luigh sé síos.

Rinne mé aithris air.

- Caithfidh sé go bhfuil ceann acu ag teacht. Uaireanta, caithfidh tú a bheith ag fanúint i bhfad, ach is cuma fá imeacht na haimsire san áit seo, mar a shonraigh mé i bhfad ó shin. An bhfuil uaireadóir agat?

Thrusáil mé aníos leathmhuineál mo chóta agus chuaigh mé a lorg solais ón ghealaigh, ach d'fhan lámha m'uaireadóra faoin scáil. Cuma cén leathdhrud a d'fháisc mé ar mo shúile, níor aithin mé a dhath.

- Cá bhfuil d'uaireadóir féin? a d'fhiafraigh mé ansin.

D'úirt Ruupert go rabh de chlaonadh ina sheanTimex stopadh le linn na dturas iarnródeolaíochta. Mar sin, bhí sé éirithe as an uaireadóir a iompar leo, nó chreid sé go rabh na stopanna seo ag déanamh dochair do mheicníocht íogair an chloig.

D'airdigh mé m'amadóir féin in aice mo leathchluaise ag iarraidh an ticeáil a aithne. Ní chuala mé faic na fríde, ach b'fhéidir go rabh mo chluasa bodhar ag an fhuacht. Thairis sin, bhí gaoth bheag fhannlag ag séideadh eadar na crainn - ar éigean a bhí sí ann ar scor ar bith, ach mar sin féin bhain sí criongán leanstanach as na craobhacha tirime marbha inár dtimpeall, rud a chuir isteach orm agus mé ag éisteacht.

Tarraing ort an Seachtú Cuid anseo