AN ÁIT
A nIOMPAÍONN
NA TRAENACHA

le

PASI JÄÄSKELÄINEN

An Chéad Chuid

An Darna Cuid

An Treas Cuid

An Ceathrú Cuid

An Cúigiú Cuid

An Seisiú Cuid

AN SEACHTÚ CUID

Labhair Ruupert leis i dtoibinne, agus é ag tairiscint leath a chuid seacláide domh. Thug mé in amhail diúltú, ach ansin bhuail fonn mór seacláide mé, fonn nár mhothaigh mé a leithéid orm ó bhlianta mo chéad óige. Bhain Ruupert an barra seacláide as a mhála droma agus shín sé a leath i mo threo. Ansin shoiprigh sé an cóta trinse ní ba dhlúithe thart air féin agus é ag glacadh suíomh compordach mar a bheadh sé i seantaithí an chineál seo moilleadóireachta. D'fhan muid ag amharc ar na raillí i gcroí na coille, ar na marbhchrainn chriongánacha agus ar an tsneachta gheal a bhí fáiscthe eadar na crainn agus an dorchadas is na scáthanna measctha fríd. Bhí muid ag mungailt seacláide agus ag feitheamh linn.

De réir a chéile thoisigh an feitheamh fada sin ag dul i gcion orm ar bhealach neamhshaolta ar fad. Caithfidh sé gur imir an tuirse cleas éigin leictriceimice ar m'inchinn, nó tháinig codladh orm, rinne mé meánfach fhada, agus aithreachas orm gur rith liom riamh mo mhac a thionlacan ar an turas scíála seo nach rabh aon chuspóir ceart leis - cén cineál ciapóga a tháinig orm gur fhág mé mo leaba sheascair theolaí a leithéid d'oíche...

Theastaigh uainn drannadh le haghaidh chraois an Bháis agus ár ngáirí a dhéanamh Faoi inA fhianaise, agus sin é an chúis go dtearn muid teagmháil le chéile an Satharn udaí le siúlóid a chur dínn go dtí an bóthar iarainn ar a cúig a chlog tráthnóna, go díreach i ndiaidh dúinn an scoil a fhágáil inár ndiaidh, séire a chaitheamh agus na soithí a ní. Nuair a tháinig muid a fhad leis na raillí, thoisigh sé a chur fhearthainne, braonta a bhí ar cóimhéid le caor. Fágadh ár gcultacha fliuch báite faoin chith, agus iad ag greamú den chraiceann; agus bhí muid dár gconáil le fuacht, ach mar sin féin ní phillfimis chun an bhaile: chaithfimis an Bás a náiriú inniu féin, arsa Aliisa, - le go mothaímis sinn féin inár mbeo i gceart.

Bhí díoltas le hagairt ag an bheirt againn ar an Rógaire sin. D'fháisc Sé deireadh beatha as máthair Aliisa le créachta, nuair nach rabh ins an nighin féin ach tachrán ceithre bliana d'aois; ghoid Sé orm an madadh geanúil udaí Roope, nó mharaigh an traein é nuair a bhí sé ag seilg giorria. (Thairis sin, cailleadh an tUncail Kaapo orm fosta, ach ba chuma liom faoisean, dáiríribh: cha rabh ann ach pótaire callánach scanrúil nach dtearn a dhath, tráth a shaoil, ach biotáilte a shlogadh siar sna scórthaí,agus é ag reachtáil leis ar fud na háite gan scriosán éadaigh ar a thóin, agus ní chreidfeá an cineál mionna móra a bhíodh sé a chaitheamh i ndiaidh na bpáistí!) Ba mhian linn a dhul in anuabhar ar an Bhás, agus an traein a bhíodh ag teacht trasna na háite le gliogar mór gan stad ná cónaí a dhéanamh, ní rabh a sárú ann mar shamhailchomhartha ag seasamh don Bhás.

An traein a mharaigh Roope, stróic sí as a chéile é mar a bheadh muileann feola ann. Cupla mí roimhe sin, chuaigh Einari de bhunadh Sikojärvi in araicis na traenach dá dheoin féin, thart fán áit chéadna. Mar a d'úirt m'athair, "ag teacht 'na bhaile ón chogadh dó, cha rabh aon chiall ag Einari do shuáilcí an tsaoil seo a thuilleadh", agus b'é sin ba chúis leis an dóigh ar chuir sé lámh ina bhás féin. Agus níorbh é an t-aon duine amháin a bhain an úsáid seo as an traein, a "bhain greim as an traein" mar a deireadh muintir na háite. Ó thús na bliana i leith, bhí seisear acu i ndiaidh an "greim" céadna a bhaint, agus ní rabh Mí na Bealtaine thart go fóill. Mar sin féin is uile, rud sothuigthe ar fad a bhí ann go mb'é an bás an chéad rud a shamhlófá leis an traein ina leithéid seo d'áit. Ní rabh stáisiún ann, ní stopfadh an traein anseo ach amháin de dheasca féinmharú den tseort sin; dá réir sin, is fánach duine againn a chuimhneochadh air nach rabh ins an traein, mar rud, ach gléas siúil - cóir thaistil.

Ansin a d'fhan muid ag análú isteach an bholaidh ait a bhí ag teacht ó na trasnáin. (Bhí Aliisa barúlach gurb iad an mheirg ar na raillí agus an tsubstaint a chuirtí leis na trasnáin lena leasú ba chúis leis an bholadh, comh maith le substaint eile nach mb'eol daoithi goidé a bhí ann.) Ag feitheamh leis an traein dúinn, bhí muid ag blaiseadh na gciúbanna siúcra a thug Aliisa léithi óna baile.

Ar a cúig bhomaite déag i ndiaidh a cúig tráthnóna a thigeadh an traein i gcónaí. Bhí sí mall inniu, rud a chonaic mé ar m'uaireadóir. Uaireadóir galánta Rúiseach a bhí ann a fuair mé ó m'athair: creag chogaidh a bhí ann a sciob sé leis ó shaighdiúir mharbh de chuid an namhad. Ní chuala muid tormán na traenach ach ar a trí bhomaite fichead i ndiaidh a cúig.

- Seo chugainn í anois, arsa Aliisa i gcogar. Thug muid póg leicinn dá chéile mar a bheadh deasghnátha ann agus rug muid ar lámh a chéile. Bhí lámh the ag Aliisa, agus a cuid méar bhí siad comh cumtha comair is go gcuirfeadh sé éad ort. Bhí comhábhair an phianódóra inti, arsan múinteoir s'againn, agus ceart go leor bhí Aliisa ag freastal ar cheachtanna pianó ag Amalia Korpinen uair in aghaidh na seachtaine.

Chuir an traein an cor deireanach daoithi go dtáinig sí chun solais. - Má sheasann tú eadar na raillí ag teacht don traein, arsa Aliisa, tráth, - ní fhágfar níos mó díot ná den chuileog ar thit an t-ord sa mhullach uirthi. Níl oiread is caolsheans agat a theacht slán as an teagmháil sin. Ach, má ghlacann tú an choiscéim a thógfas as bealach na traenach thú, caillfidh an Rógaire Bás cibé cumhacht a bhí Aige, agus an traein féin ní bheidh urchóid inti a thuilleadh. Thig leat a bheith i do sheasamh in aice leis an traein atá ag bogadh, gan eadar thú agus í ach leathmhéadar nó cupla ceintiméadar fiú, agus is é an t-aon rud is féidir leis an Rógaire a dhéanamh ná aghaidh A chraois a bhagairt ort. Ansin, beidh tú ag gáirí inA fhianaise, agus an mealladh a baineadh As!

Ar tús, shílfeá nach rabh ins an traein ach bréagán a bhí ag caitheamh deataigh as, mionsamhail traenach agus í déanta ag lámha a bhí thar a bheith sciliúil. Ansin, chuaigh sí ina háit féin i bpeirspictíocht mo radhairc, agus tuigeadh a fíor-dhiminsiúin domh. Rinne mé mo staidéar ar arrachtach ábhalmhór an tsoic dhuibh a bhí ag tarraingt inár dtreo le tormán bodhar miotalach; chaith mé súil ar na raillí ar an dá thaobh, agus muid in´r seasamh ar thrasnán eatarthu.

Is é an rud a bhí ins an traein ná na milliúin cileagram de théagar trom dostoptha. Dá bhfanfaimis eadar na raillí, stróicfeadh sí as a chéile sinn gan oiread agus moill a chur ar a siúl féin. Dá dteannfadh fear na hinnill na coscáin féin, ní stadfadh an traein in am: ní stadfadh sí ach iarsmaí na beirte againn a bheath leata ar feadh dhá chiliméadar ar a laghad.

De ghnáth, chuireadh an smaoitiú seo sceitimíní orm, ach an turas áithrid seo, níor mhothaigh mé ach fuacht i mbéal mo ghoile. Ní rabh mé compordach: bhí mé ag giongaíl go corrthónach agus ag útamáil le mo chuid gruaige - gruaig nach rabh órga gléigeal mar a bhí folt Aliisa: bhí mo ghrágán féin dubh dorcha.

Lig an traein uaill aisti. Rinne Aliisa gáirí cársánacha, ach ní rabh oiread is ruainne féasóige na luchóige d'fhonn gáirí orm féin.

- Beir orainn má thig leat! arsa Aliisa i gcogar chíocrasach, agus í ag sciotaíl aríst. Chuirfeadh sé scáth eagla ort an ghnúis a bhí uirthi, agus b'fhéidir go mb'é sin ba chúis leis an chion a bhí agam uirthi: saol as an ghnáth a bhíodh agat ina cuideachta.

Nuair nach rabh teimheal dubh an innill ach deich méadar is dhá scór uainn, lig an traein uaill aisti aríst. Caithfidh sé go gcuireadh an cluiche seo neirbhís ar fhear an innill, agus uaireanta tchínn ag bagairt doirn orainn é, ach mar a d'úirt Aliisa, cad é a d'fhéadfadh sé a dhéanamh? An léimfeadh sé amach le pionós a ghearradh orainn?

Rinne an t-inneall a rúchladh orainn, agus d'aithin mé loinnir uaithne ar an tsoc dhubh iarainn. Bhí na headarmhataí ag síneadh ar aghaidh mar a bheadh lámha páiste ag iarraidh bíodh ann. An solas a bhí ag creathnú thuas sa mhullach ar an tsoc, chuir sé súil aonair na cíoclóipe i gcuimhne orm. Bhí an ghail ag imeacht ina rabharta fríd na scamháin iarainn, agus na loiní ag dul go fíochmhar anonn is anall ar an dá thaobh le tuilleadh, tuilleadh, tuilleadh dlús a chur leis na rothaí. Bhí súiteoir an innill, agus é cosúil le tonnadóir mhór dhubh, bhí sé ag cur smúit eadar muid agus léas, agus í á leathnú mae braon dúigh a thit isteach i ngloine uisce. Bhí uimhirphláta i lár an tsoic rabhnáilte miotail, agus is í ab uimhir a bhí air ná a Trí, a hAon, a Cúig, a Naoi. Léigh mé na huimhreacha aríst, agus aríst eile, agus rith liom: nach furasta a bheadh sé na huimhreacha a léamh is a athléamh gan deireadh, dearmad a dhéanamh díom féin eadar an dá raille agus a gcúrsa a fhágáil ag na himeachtaí.

Ba nós linn na raillí a fhágáil gan mórán deifre ná driopáis a dhéanamh, agus muid ag cur geáitsí an tsuaimhnis orainn, siúd is go mbíodh mo phutóga ag cuachadh chuig a chéile, agus fuacht trom ag luí orm.

Sheasaimis inár seanáit ar chlaífort an bhóthair iarainn, comh gar do na raillí is go rabh muid ábalta boladh an mheallaidh a aithne a bhain muid as an Rógaire, agus an traein ag dul thart linn le gliogar is le tamhach táisc. Bhímis ag fanúint linn ansin go maorga bródúil, mar a bheadh clann nighneach an rí féin ionainn, agus muid ag faire ar an chéad séideadh aeir ón traein a bhainfeadh croitheadh as ár gcuid éadaí, go mbodhróchadh an tormán sinn agis go mothóchaimis gail agus deatach an innill ag cuimilt lenár leicne, mar a bheadh brat ann agus é gearrtha as éadach an dorchadais, brat á chaitheamh ag ár namhaid.

Bhí an lámh in uachtar ar an Rógaire againn ansin, agus é i ndiaidh an báire a chailleadh: d'aithin muid sinn féin ní ba bheo ná riamh.

Bhí an t-inneall ag ligean scairte. Bhí faobhar an ocrais ar a ghuth, cosúil le síorchaoineadh feargach an linbh a rugadh do mhuintir ár gcomharsan, agus é ag iarraidh bídh i ndiaidh a mhúscailte. Bhí boladh an iarnróid ag dul fríd mo pholláirí ní ba láidre ná riamh aroimhe. An tormán rithimiúil a bhí ag teacht ón traein, bhí sé á mheascadh fríd bhuaillí mo chroí: ar feadh meandair bhí an dá rithim fite fuaite le chéile, agus an fhuil ag dul fríd mo chuid féitheoga i bhfad róthapaidh. Bhí rud ínteacht as alt anois, mar a taibhsíodh domh ó thús: tuigeadh domh go rabh plean cogaidh ar leith glactha ag na fórsaí a mbímis ag dul i ndiúnas orthu.

Bhain mé mo shúile as an traein agus scaoil mé mo lámh as an ghreim a bhí ag Aliisa orm. D'éalaigh mé liom ar scaoll ar fad.

Nuair a bhí cupla buille croí de bhealach curtha isteach agam, chuir mé moill ar mo choiscéim. Chaith mé súil ar gcúl go náirithe, agus ansin d'imigh gach lúth as mo ghéaga comh hiomlán is dá mbeadh urchar scaoilte ionam. Rinne mé dearmad de mo chosa agus den dóigh lena mbogadh, comh maith le achan rud eile, agus thit mé i ndiaidh mo leataoibhe i measc na gcloch, ach má ghortaigh mé mé féin, níor mhothaigh mé pian ar bith.

Bhí na soicindí deireanacha ag cur thar maoil le torann, sin rud a d'aithin mé anois. Ar an bhomaite chéadna a thréig mé Aliisa, chualathas pléasc mhór mhiotalach. Ar lorg na pléisce tháinig scríobadh fadálach mar a bheadh Dia an Teagaisc Chríostaí i ndiaidh A chosa a bhualadh anuas ó na spéartha le ciliméadar i ndiaidh ciliméadair de líne a tharraingt trasna ar dhroim an domhain.

Ghróig mo chuid putóga thart ar a chéile agus rinneadh brachán fuar díofa, nuair a chonaic mé an t-inneall ag caitheamh clocha, graibhéal agus gaineamh ina smúid mhór a tháinig eadar mo shúile agus léas.

Cha rabh Inneall a Trí, a hAon, a Cúig, a Naoi ag cloí leis na raillí a thuilleadh. D'fhág sí poll sa chlaífort, agus ansin chuaigh sí malairt bealach ar fad seachas bealach na raillí. Tharraing sí traein iomlán de charbaid ina diaidh, ní ba mhó ná tríocha ceann acu, agus í á mbaint de na raillí le teann feirge. Bhí an traein saor ó bhráca anois, agus í ar mire le gliondar. Bhí nas loiní á saighdeadh ar aghaidh mar a bheadh fear buile ag croitheadh a lámha. Bhí an saol mór ag teastáil ón traein mar ghabháltas, agus ní rabh dóigh a stoptha ann. An dúshlán anumhal a thug cailín beag i gcogar, scaoil sé an traein as a braighdeanas, agus bhí an Bás féin ag seitgháirí agus ag croitheadh A bhrait dhuibh sa mhullach ar shoc an innill.

D'amharc mé ar an traein, agus í ag sleamhnú thart mar a bheadh arrachtach mór fadálach as na tromluithe ann a chaith a scáil ar sholas na spéire, gan slí ná spás a fhágáilt ag aon rud eile i m'intinn.

Dá n-éireochainn i mo sheasamh agus cupla coiscéim a chur díom, thiocfadh liom taobh dhubh na traenach a chuimilt agus fiú a dhul ar bord. B'fhacthas domh go rabh mo chloigeann ar aon mheáchan le capall mór ramhar fán am seo, agus bhí saothar orm í a iompó i leataoibh le radharc a fháil ar chailín beag an órfhoilt a rabh an traein ag tarraingt uirthi. Bhí Aliisa ina seasamh os comhair an arrachtaigh iarainn a scaoil sí saor, í féin, agus í comair cumtha soghonta mar a bhí sí ansin, comh hálainn le haingeal Dé. Bhí mo bhéal ar leathadh le teann iontais: níor samhlaíodh domh riamh go rabh Aliisa comh scéimhiúil sin. Bhí cuma na ngáirí uirthi i gcónaí, nó ní rabh ina béal ach poll dubh, agus bhí a cuid lámh ag dul timpeall mar a bheadh muileann gaoithe ann. Ní rabh a guth le cluinstint, agus an saol mór ag titim as a chéile ag míle glór na traenach. Ní rabh an cailín le feiceáilt ach ar feadh mionmheandair, an míliú cuid den tsoicind, agus ansin chaill mé an radharc uirthi nuair a shlog an graibhéal agus an deatach agus an sliabh dubh síos í.

Agus mhair an traein léithi ag streachailt ar aghaidh, reibiliúnach an tsíorocrais dhoshásta. Ó thréig sí rian na raillí, áfach, thoisigh moill a theacht ar a siúl. Bhí na carbaid ag bualadh fána chéile, agus an t-anord a tháinig as seo, ní rabh mé in ann na miontréithre a aithne, agus m'intinn comh hordúil ó dhúchas agus de réir taithí.

Bhí an traein cosúil le hollphéist ag saothrú an bháis, fágtha i leataoibh agus ag cur fola. Bhí deatach trom ag teacht as ionathar an innill scoilte, mar a bheadh marbhfháisc dhubh á leathadh ar an fhathach lena cheilt ó shúile an tsaoil mhóir. Bhí cuid de na vaigíní scortha as a chéile mar a bheadh bocsaí cairtchláir iontu, agus na hearraí a bhí á n-iompar istigh, bhí siad spréite ar fud na háite.

Bhí an deatach ag sleamhnú thíos leis an talamh a fhad liomsa, agus nuair a chuimil sé le mo chosa, chreathnaigh mé le teann samhnais. Bhraith mé go rabh an Rógaire Bás féin, Impire na nIlghnúiseanna, i bhfolach ins an deatach: chuir m'fheoil bheo draíocht Air, agus é do mo mhuirniú lena láimh chnámhaigh. - Uaireanta, beireann tú buaidh, uaireanta eile, cailleann tú an cluiche, a chuala mé É a rádh i gcogar shéimh fríd shiosarnach an innill - ná bí feargach liom, a dhalta, agus buailfear le chéile aríst sinn an lá is faide anonn!

Agus áit ínteacht taobh thall den deatach, bhí an Bás ag iompar Leis, in aice lenA bhrollach thanaidh féin, corpán marbh Aliisa, Aliisa bheag na méar comair agus an fhoilt órga...
- ar aithin mé iarsmaí a teasa i mo leathláimh féin i gcónaí;
- a bhfanfadh a deasc saor sa tseomra ranga maidin Dé Luain;
- a gceiliúrfaí a cuimhne le bomaite tosta ins an tseomra ranga, agus buachaill an chúlbhinse ag bogchaoineadh is ag caí a ghrá rúnda éagmhaise d'Aliisa;
- a n-éireochadh a tuistí crom críon cnagaosta i rith cupla seachtain sula bhfágfaidís an áit gan oiread is slán a rádh;
- nach bhfreastlóchadh ar cheachtanna pianó Amalia Korpinen a thuilleadh, ó bhí lámha an ábhar pianódóra scartha leis an cholainn, i gcruth is nach mbainfidís an fonn is simplí as an ghléas ceoil aríst...

Smaoitigh mé ar an lá a bhí Roope, mo mhadadh, ag seilg giorria eadar na raillí go dtí gur nocht an traein os a chomhair gan choinne. Ní chreidfinn go bhfeicfinn riamh a leithéid de ghnúis ar ainmhí: gnúis comh hionraic, comh lán iontais. Chaith mé roinnt mhaith laetha ag bailiú a rabh fágtha den mhadadh isteach i mála mhór. Siúd is nach rabh cead isteach ag na madraí ar neamh Dé, theastaigh uaim, ar a laghad, scíste cheart ins an uaigh a chinntiú dó. Chuaigh mé anonn is anall an bóthar iarainn ag déanamh mo staidéir ar na díoganna, ar na lantáin, ar na srutháin, ach fágadh an chúlchos dheis, an chluais chlí agus leath an rubaill ar iarraidh. Shíl mé riamh go rabh siad ite ag an traein mar bhiadh.

D'fháisc mé dúnadh ar mo shúile agus sheol mé uaim le neart iomlán m'anama achaini chuig an Té, cibé é féin, a fuair riachtanach Aliisa a fhágáil marbh faoi rothaí na traenach: b'fhéidir go rabh Dia ar leith ag baint leis an bhóthar iarainn, Dia Mórchumhachtach Báis an Iarnróid, agus an bheirt againn, Aliisa agus mise, i ndiaidh a dhul in anuabhar Air le teann ár ndíchéillíochta: GUÍM THÚ, MÁS FÉIDIR LEAT AR DHÓIGH AR BITH, AN RUD ATÁ DÉANTA, CUIR AR NEAMHNÍ ARÍST É! DÍOLFAIDH MÉ AR A SHON GACH A nIARRFAIDH TÚ ORM!

Ansin, thug mé mo chúl leis an radharc agus shiúil mé chun an bhaile.

Bhí mé fríd a chéile ar fad. Níor inis mé d'aon duine riamh, níor inis mé do mo thuistí féin, go rabh mé i ndiaidh bás mo chara a fheiceáilt, gan aon trácht a dhéanamh ar an taisme a d'éirigh don traein ins an teagmháil - tubaiste a mhair i bhfad á cardáil ag na páipéir is ar an raidió féin. Scartha is uile mar a bhí na himeachtaí seo ó mo ghnáthshaol, ní fhéadfainn iad a phlé le haon duine.

Ba leasc liom oiread agus cuimhne an tráthnóna fhliuch sin a tharraingt orm. Sa deireadh thiar thall, níor fágadh de ach brionglóid dhoiléir ar foluain ar imeall m'intinne mar a bheadh éan dubh dorcha ann.

Nuair a bhí Gunnar ag bogadh taobh istigh díom, agus mise ag coinneáil greama ar a charbhat - ansin a chuala mé uaill ocrasach, uafásach na traenach, ansin a tháinig cuimhne na tubaiste sin ar ais, agus d'fháisc an chuimhne sin an t-aer as mo scamháin, shioc sí mo chuid fola agus d'fhuaraigh sí mo chuid néaróg. Mhothaigh mé scáth an Bháis ag síneadh A láimhe i mo threo, agus leis an dainséar a chur uaim fuair mé greim an fhir bháite ar shíol na beatha nua agus choinnigh mé chugam é, gan é a thabhairt ar ais don Neamhní nach bhfuil ann ach malairt ainm ar an Bhás.

(as dialann bhrionglóidí Eliina Satakieli, nár bhreac sí síos riamh)

Téigh ar aghaidh go dtí Caibidil a hOcht