AN ÁIT
A nIOMPAÍONN
NA TRAENACHA

le

PASI JÄÄSKELÄINEN

An Chéad Chuid

An Darna Cuid

An Treas Cuid

An Ceathrú Cuid

An Cúigiú Cuid

An Seisiú Cuid

An Seachtú Cuid

AN tOCHTÚ CUID

- Anois, arsa Ruupert i gcogar.

Bhí mé ag stánadh isteach ins an dorchadas eadar na crannta ceartingearacha, áit a rabh na raillí ag teacht.

Chuala mé fuaim ínteacht, cosúil le hosnaíl throm bhrónach mhiotalach, a mhair i bhfad ag baint macalla as an choill chiúin. Tháinig criongán fadaraíonach ar a lorg. Ansin, chuir mé sonrú i rud ínteacht a bhí ag corraí, nó b'fhéidir nach rabh ann ach cineál taibhse.

Ar tús, ní fhaca mé ach scáth i measc a leithéidí eile, agus an dóigh a rabh gaoth na hoíche agus solas na gealaí ag súgradh ins an spíonlach is ar an tsneachta. De réir a chéile, áfach, thoisigh an teimheal a dhul i gcruth in aice leis an isleán, agus é ag baint taca as na raillí dá théagar mhór dhubh: an traein féin a bhí ann agus í ag téaltú isteach orainn, ag siosarnaigh agus ag ochbhadh, agus cuma mhór mhillteanach, throm théagartha uirthi. Chuimlíodh solas na gealaí léithi ó am go ham, ach d'fhanadh sí faoi chulaith na scáilí is na scáthanna. Bhí sí ag bogadh léithi go furchaidh faichilleach, go faiteach fiú, agus í ar shéala stad a dhéanamh. Ansin, áfach, lig sí amach sreangán mór toite nó deataigh, agus í ag déanamh ruathair ar aghaidh. Bhí mo shúile ag dul thar maoil le deora, ach d'aithin mé an traein ag tréigbheáilt na raillí, agus gach caoineadh pianmhar nó scréacharnach ghéibheannach aici.

Bhraith mé Ruupert ag seasamh suas i m'aice.

- Cad é atá tú ag dul a dhéanamh? a d'fhiafraigh mé de.

Chuir mé strus agus stró agus saothar orm le léargas iomlán a fháil ar a rabh ar obair thart timpeall orm, agus mé ag iarraidh míniú ínteacht a chumadh, na himeachtaí a chur i bhfráma tagartha a bheadh intuigthe, ach níor cheadaigh an tinneas cinn domh mórán réasúnaíochta a dhéanamh.

- Fan ansin. Agus, a Mhamaí, fan comh socair agus a thiocfas leat! Bí ag feitheamh leat, crom síos do chloigeann agus coinnigh do lámha ar do chluasa!

- Mo chluasa?

Bhí Ruupert ar shiúl cheana féin, agus é ag rith de rúchladh, sna featha fasaigh, i dtreo na traenach a bhí ag tuirlingt de na raillí. Stán mé ina dhiaidh feadh dhroim an tsneachta, go dtí gur chaill mé an radharc air ins an dorchadas.

Coinnigh do lámha ar do chluasa.

Tharraing smaoitiú amháin smaoitiú eile, agus ansin, ba chuimhin liom seanchas Mhiriam: bhí sise ag trácht ar ghoid na dinimíte; agus ábhar pléasctha goidte in áiteanna eile fosta, le déanaí. Cá mhéad dinimíte a bhí ann, ina iomláine?

...nó b'fhéidir go bhfuil an dinimít sin go léir curtha i bhfolach in aon áit amháin. Caithfidh sé go séidfear uachtar nó íochtar an bhaile ins na ceithre hairde fichead, lá de na laetha seo!

- An amhlaidh go bhfuil tú ag iarraidh an traein a phléascadh! a sciorr orm a rádh le mo mhac, nó leis an dorchadas inar imigh sé.

Agus ar ndóighe, b'é sin an plean féin a bhí glactha aige. Bhí ainimh inchinne ann, agus é ní ba mhíréasúnta ná mar a bhí riamh, i gcruth is go rabh sé in ann rud cothrom ar bith a dhéanamh, ó nach dtug sé aitheantas do m'údarás a thuilleadh. Agus an t-ábhar pléasctha a dteachaigh ceal ann - ní rabh mé i bhfad ag samhailt mo mhic ag buirgléireacht istoíche agus ag iompar a chreiche anseo ar na scíanna, go dtí go rabh an gleann agus a rabh ann ar maos le dinimít. Ní rabh a fhios agam an t-eolas a rabh aige ar na pléascáin, b'fhéidir nach rabh mórán ann, ach is dócha go rabh sé ábalta tailm mhaith a mhadhmadh lá ar bith. Bhí na traenacha i ndiaidh an oiread sin dochair a dhéanamh dó is go bhfuair sé nach mba mhiste dó a shásamh a bhaint astu.

- Ruupert, ná déan...

Rinne mé rúchladh eadar na sceacha aitil i ndiaidh mo mhic, agus mé ag déanamh iontais an dtiocfadh liom mórán achair a chur díom sula n-iompóchadh an dorchadas máguaird ina chaor thine a bhainfeadh na héadaí is an craiceann is an fheoil díom le mo chnámha leathlosctha a scabadh in éadan na mala. Ní rabh mé féin ábalta míniú sásúil a thabhairt air go rabh an traein á cur de na raillí i gcroí na coille, ach mura rabh, níor bhain sé a dhath de comh díchéillí a bhí sé ag Ruupert pléascáin a chur roimh an traein, - ar bhain?

- A Ruupert, ná bain don traein sin! a scréach mé. - Caithfidh muid comhrádh a dhéanamh le chéile anois! Pillimis 'na bhaile go dtógfaidh muid an císte as an reoiteoir, agus beidh cupa seacláide te againn fosta! Nach é sin an rud is fearr a dhéanamh?

Bhí an gleann ag éirí ní ba dorcha, agus mise ag dul ar aghaidh. Bhí mé ag teannadh leis na raillí i measc na sprús, na sceach aitil agus na ngiúiseanna.

Mhoilligh mé mo choiscéim agus mé ag cur sonrú i dtéagar aistíoch sneachta. Chrom mé síos le súil a chaitheamh air. Cineál fear beag sneachta a bhí ann. Ní headh, ní fear a bhí ann ach leacht uaighe a bhí déanta as sneachta. Bhí, fiú, focal éigin litrithe ar an charnán aistíoch seo, ach níor aithin mé na litreacha.

Thug mé speach don leacht, agus tháinig crúb nó cos ainmhí chun solais.

Sheas mé suas agus thuig mé nach rabh d'am agam mo chloigeann a bhuaireamh le rudaí mar sin. Chaithfinn rabhadh a thabhairt d'fhear na traenach sula gcuirfeadh Ruupert a phlean mire i gcrích agus an beagán a bhí fágtha dá bheatha bhocht a scrios. Bhí an sneachta ag briseadh agus ag criongán faoi mo chois.

- A Ruupert, a Ruupert, arsa mise i gcogar. - An é seo an rud sin agat ar a dtugtar "fantaisíocht chruthaitheach"?

Chuala mé siosarnach a bhain stad asam.

Deich méadar, nó cúig thar an deichniúr, i leataoibh uaim, chonaic mé an traein, nó a teimheal, leath faoi cheilt ag an dorchadas agus ag an deatach. Bhí na doisíní de chrannta thart timpeall uirthi, agus an oíche ag éirí ní ba duibhe, ní ba tibhe eadar na craobhacha. Bhí an gleann go léir ina fharraige mhór dorchadais. Dáiríribh, ní rabh ann ach cineálacha éagsúla dorchadais ar fud an ghleanna, agus an ghealach ag cur dalladh mullóige ar shúile do chinn leis an léaró bheag shuarach solais a bhí ann. Mura rabh radharc mo rosc ag cliseadh orm, bhí an traein á tarraingt ag galinneall mhór dhubh ab fhearr liom a shamhailt le músaem ná le trácht cheart iarnróid. Bhí an t-inneall comh dubh is go gcreidfeá nach inneall iarnróid a bhí ann ach úsc na hoíche féin, téagar dorchadais ar dhéanamh inneall iarnróid, agus na carráistí lastais sna sálaí aici. Bhí na carbaid seo ar na raillí go fóill, siúd is go rabh an galinneall ina seasamh ins an tsneachta, eadar na sprúis. Bhí sí ag síneadh na headarmhataí roimpi i mo threo mar a bheadh crúba ainmhí ann. Ní rabh mé in ann a dhath a aithne go soiléir, ach amháin an cás iarainn, nó cibé céachta a bhí ann, leis na raillí a scuabadh glan roimh an traein; anois, áfach, bhí gach cineál brosna agus broscair i bhfostó ann.

B'fhéidir go rabh músaem galinneall ins na fonsaí tógála thart anseo - a bhí mé a áitiú orm féin, ag iarraidh a theacht ar an mhíniú is fearr a luífeadh le réasún, mar ba dual domh riamh.

Bhí tinneas cinn uafásach orm, agus eagla fosta go dteánfainn rud éigin míréasúnta. Thugadh an tinneas cinn orm riamh gach cineál míréasúntachtaí a chur i gcrích i m'ainneoin féin. Nuair a bhí Ruupert sé bliana d'aois, bhí mé comh héadrom sa cheann, lá amháin, is gur chaith mé ár gcuid braillíní ar fad i dtraipisí i ndiaidh domh an meaisín níocháin a fholmhú. Dáiríribh, b'é mo mhac a tharraing an tinneas cinn orm an iarracht sin, nó bhí sé i ndiaidh trí lá a chaitheamh ag ligint air féin gur spásbhád a bhí inár dteach agus muid in éis tuirlingt a dhéanamh ar dhroim Úránais: nuair a theastaigh uaim an áit a aeráil, ní ligfeadh Ruupert domh, ó bhí sé ar mire amach is amach ag cur i gcéill go rabh an ocsaigin ar fad le himeacht agus atmaisféar nimhe an phláinéid le theacht isteach, dá bhfosclóchainn oiread is fuinneog amháin.

- Hóra! Haigh! a scairt mé agus leathlámh á hairdiú agam. - Tusa atá thuas ansin ag tiomáint na traenach! An bhfaca tú mo mhac? Tá sé ag caitheamh hata agus cóta mór. Tá sé ar chiall na bpáistí, agus shíl mé nach mba mhiste rabhadh a thabhairt...

Lig an t-inneall amach calc mór toite, agus í ag búirfigh léithi. D'fhan macalla na fuaime sin ar foluain i mo thimpeall in éineacht leis an deatach, agus tháinig cársán i mo chluasa mar a bheadh mo chloigeann á iompó ina chloigtheach. Níor cheadaigh an dorchadas domh radharc a fháil isteach ar fhuinneoig na traenach. Chreidfeá go mb'í an traein féin a bhí ag amharc orm, agus na laindéir mhóra solais ina súile aici. Bhí sí ag breathnú cineál fiosrach. Bhí cuma na meabhraíochta ar an traein seo, thar aon ní neamhbheo dá bhfaca mé.

Chlaon mé mo mhuineál siar le staidéar a dhéanamh ar an teimheal théagartha udaí a rabh cineál fannluisne uaithne ag teacht frídna duibheacht dhorcha; rinne mé mo chroídhicheall ag féacháilt le dearmad a dhéanamh de na rudaí aiféiseacha a bhí ag teacht fríd m'intinn: b'fhacthas domh go rabh súil ag stánadh orm, súil na traenach féin. Ar ndóighe, caithfidh sé go mb'é fear an innill a bhí ag dearcadh orm, seachas an t-inneall féin; ach fuair mé mo sheacht sáith saothair ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil ar na ciapóga. Agus dealraíonn sé go dtéid intinn gach duine chun míréasúnachais le teacht na hoíche - m'intinn féin ins an áireamh. Is dócha gurb iad na bithrithimí is cúis leis, nó rud éigin mar sin.

- Haidh! Hóra! Cogar i leith! Ní mór duit cluais éisteachta a chromadh orm, ar eagla na heagla!

Ghabh mé cupla coiscéim i dtreo na traenach. Theastaigh uaim a sheiceáil, an rabh aon duine ansin ar scor ar bith. B'fhéidir go rabh sé tuigthe ag fear an innill go rabh rud éigin ar cois thart ar an traein, agus é amuigh le fáil amach fá dtaobh de. Chaith mé súil máguaird.

- A Ruupert! Tá mise anseo! Tá do mháthair in aice leis an traein! Ná deán... ná deán a dhath!

Bhí mé ag súil go bhfanfadh mo mhac - cibé cá háit a dteachaigh sé féin - glan amach ón dinimít, a fhad is go rabh a fhios aige go rabh a mháthair i gcóngar don traein.

Ansin stad mé, agus iontas orm.

Bhí fuacht suaithní sonraíoch ag teacht as an traein, fuacht a chuaigh isteach fríd na héadaí agus é ag luí ar an chraiceann mar a bheadh luisne teasa ann. Thug mé fá dtear go rabh an sneachta thart ar an traein á iompó ina leac oighir chruaidh le teann seaca. Lig an t-inneall puth agus rinne an traein cupla méadar i m'araicis-se. Bhí toit á leathadh ar fud an dorchadais agus ag fágáil a datha féin air, agus an céachta ag baint greama as an tsneachta. Tháinig gob an innill faoi sholas na gealaí, agus na craobhacha ag bogadh i leataobh, i gcruth is gur aithin mé na huimhreacha udaí "3159" taobh thíos den laindéar mhúchta.

Mhothaigh mé an tuigse ag teacht agam. An traein a bhí os mo choinne, ní traein a bhí ann. Bhí sí ag breathnú cosúil le traein, agus bhí sí ina traein, ar dhóigh amháin, ach ins an am chéadna, agus ar bhealach i bhfad ní ba bhunúsaí, ní traeín a bhí ann ar aon nós ach ceann de na nithe neamhshaolta nach dual don duine dhaonna fáil amach fá dtaobh díofa, agus an saol ina shaol.

Ní thug mé in amhail scréach gheibheannach a ligint asam ná a dhul ar an daoraí ar aon dóigh eile. B'aiféiseach an mhaise domh a leathbhreac a dhéanamh. Tabhse nó taispeánadh a bhí ins an traein seo ceart go leor, ach má bhí, níor chuir sé eagla orm, - ní rabh mé ach cineál míchompordach, mar a bheinn i ndiaidh a dhul isteach i seomra ina rabh duine de lucht mo dhea-aitheantais á náiriú féin ag déanamh rud éigin príobháideach nach samhlóchainnse leis. Bhí an mhuc dhubh seo ag seachadadh teachtaireachtaí aistíocha, bhí sí ag freastal ar chuspóirí dothuigthe. Bhí an traein seo ag teacht salach ar an loighic. Taibhse ó mhalairt ama a bhí ann. Ach is fíor gur aithin mé an galinneall sin. Ba chuimhneach liom an uimhir, agus b'aithnid domh an mheabhraíocht thoilghnústa a bhí ag baint léithi.

Chonaic mé an traein seo ag tréigbheáilt na raillí, tráth; chonaic mé duine á mharú aici, agus chonaic mé an dóigh a dtearnadh cabhóg an innill seo, fadó. Bhí an t-inneall céadna os coinne mo shúl féin anois. Cad fáth? An mb'fhíor é nach traein shaolta a bhí ann?

- Sin í an Jumbó Bheag, a chuala mé guth Ruupert ó áit éigin a bhí as mo radharc. - B'iad Tampella, Lokomo agus Fricks a bhíodh ag cóimeáil innill den chineál seo thiar ins na bliantaibh ó mhíle naoi gcéad a seacht is fiche go dtí míle naoi gcéad a trí dhéag is dhá scór, agus iad á n-úsáid le traenacha lastais a tharraingt, dheamhan pasantóirí. Cén bhliain atá againn anois?

D'fháisc mé thar mo liopaí leathshioctha an bhliain a shíl mé a bheith ceart, agus mé ag starógacht ar an taispeánadh os mo choinne. Bhí na laindéir ag freagairt ar mo radharc i gcónaí, agus an traein ag fanúint i measc chraobhacha bána sneachtacha na sprús. Bhí aithne na fiosrachta uirthi, agus í ag breathnú cineál aimirneach, cineál cíocrasach, fiú. Bhí fuacht an innill seo do mo dhóghadh mar a bheadh tine oighir ann, agus b'fhacthas domh, mura dtréigfinn an áit comh géar gasta agus ab fhéidir agus an traein a fhágáilt i bhfad i mo dhiaidh, nach dtiocfadh liom oiread agus lámh liom a airdiú a thuilleadh.

Agus sin é an cuspóir a bhí ag an traein neamhshaolta seo, dáiríribh. Bhí sí ag iarraidh mé a mhealladh chun seaca, mé a chur ag trom-mheabhrú i gcruth is nach sonróchainn an sioc cinniúnach a thuilleadh. Agus bhí ag éirí léithi. Bhí a fhios agam go mba chóir domh greadadh liom ón traein sin, ach ní fhéadfainn; b'é an t-aon rud a thiocfadh liom a dhéanamh ná stánadh ar an dragan éigiallta iarainn udaí agus ar a uimhirphláta. Ní rabh mé in ann mórán tadhaill a mhothú i mo chuid méar a thuilleadh, agus shíl mé go gcuala mé mo chraiceann ag reo...

A Trí, a hAon, a Cúig, a Naoi...
A Trí, a hAon, a Cúig, a Naoi...
A Trí, a hAon... a Cúig... a Naoi...

- Tá a leithéidí sin as úsáid le fada an lá anuas, a lean Ruupert leis, agus é as amharc i gcónaí. - Le fiche bliain anuas, dáiríribh. Mar sin, tá sí ag teacht ó am éigin níos faide siar ná sin. Uaireanta, bíonn traenacha anseo agus iad ag baint leis an todhchaí féin, cinn nach bhfuil a bpioctúirí ar fáil sna leabhartha go fóill. Sin é an fáth go stoptar na huaireadóirí anseo: tá an áit ar fad suite taobh amuigh den sceideal. Músclaíonn na traenacha ar na raillí, agus ansin tréigeann siad a gcuid sceideal le líne fhóirsteanach siúnta a aimsiú agus an ball seo a bhaint amach.

- Cibé scéal is mian leat, a Ruupert, arsa mise, agus na liopaí sioctha síos. Níor bhac mé le ciall cheart a bhaint as a chuid focal. B'é an t-aon rud ab eol domh ná go rabh mé ar shéala conáil go héag, agus an fuacht comh tíoránta seo. - Cogar, a mhac, an bhfuil tú dáiríribh leis an traein sin a phléascadh?

Thost Ruupert tamall, ach ansin d'fhreagair sé:

- Tá an áit seo ar maos le dinimít. Tá ábhar pléasctha eadar trasnáin na raillí, thuas ar chraobhacha na gcrann, agus cuid mhaith faoin tsneachta fosta. Is iomaí oíche a thóg sé orm an áit seo a ullmhú. Níl rogha eile agam, cibé is dóigh leat féin.

- Nach féidir tú a chur ar malairt comhairle? Nach dtuigeann tú comh haiféiseach agus atá sé?

- Ní féidir.

- Más amhlaidh, is dócha nach bhfuil neart agam air, arsa mise de mhonamar, agus faoiseamh ag teach orm: saoradh ón fhreagracht a bhí ann.

Lig an traein amach calc toite, agus í ar tí ruathar a thabhairt fúmsa, le mé a mharú.

Bhraith mé greim láimhe ar mo ghualainn. Bhog Ruupert leis agus é do mo tharraingt ar shiúl ón traein. Níor fhág an sioc mórán lúith i mo chuid cos, ach ní rabh Ruupert in anás nirt ar aon nós. Bhí an traein ag osnaíl comh hard is gur bhain sí macalla as an ghleann ar fad, agus an mheicníocht ag scréacharnaigh leis an dóigh a rabh sí ag iarraidh luas a chur faoin traein.

Bhain muid amach na crainn aitil. Luigh Ruupert síos, agus é do mo tharraingt as mo sheasamh ina aice féin. Bhí mé comh préachta ag an fhuacht agus go mba chuma liom an treascairt a bhain an titim asam.

- A Mhamaí, tá na sreangáin deargtha anois, arsa Ruupert liom i gcogar.

- Caithfidh muid labhairt le chéile fá seo nuair a thiocfas muid chun an bhaile! Ólaimis braon cócó ag tábla na cisteanaí agus déanaimis comhrádh ceart!

Shíl mé go rabh rud éigin fágtha gan sonrú agam, rud loighiciúil éigin. An deargthinneas cinn a bhí orm, áfach, níor lig sé domh mórán marana a dhéanamh.

Agus an phian taobh istigh de mo chloigeann ag dul i méadaíocht, b'ar éigean má chuala mé ar aon nós an phléascarnach a thoisigh a roiseadh as a chéile an ghleanna, na gcrann agus na traenach a rabh an sceideal tréigthe aici.

Tarraing ort an chuid dheireanach anseo