AN ÁIT
A nIOMPAÍONN
NA TRAENACHA

le

PASI JÄÄSKELÄINEN

An Chéad Chuid

An Darna Cuid

An Treas Cuid

An Ceathrú Cuid

An Cúigiú Cuid

An Seisiú Cuid

An Seachtú Cuid

An tOchtú Cuid

AN NAOÚ CUID - AN CHUID DHEIREANACH

Chaith muid uair an chloig i ngreim láimhe ar a chéile, mise agus Aliisa, agus muid ag fanúint linn. Ansin, shuigh muid síos ar na raillí agus chaith muid uair an chloig eile ag feitheamh. Ní rabh traein ná carbad le feiceáilt, shílfeá go rabh an rian iarnróid tréigthe ar fad. Thoisigh mé a dh'éirí tinn. Bhí samhnas ag teacht ar mo ghoile, agus an cloigeann ag luí orm fosta. - Níl sí le theacht, arsa mise. - Greadaimis linn.

Stoith Aliisa ruainne óir dá folt agus í ag pusaíl a liopaí. - Níl a dhath le feiceáilt, dáiríribh, - a d'aidmhigh sí. - Tá sé comh maith agam a dhul 'na bhaile le pilleadh anseo amárach.

Thug muid ár n-aghaidh chun an bhaile. Bhí mealladh bainte as Aliisa, ach b'é an faoiseamh an mothúchán ba mhó a bhí ormsa, siúd is go rabh mé tinn tuirseach i ndiaidh an fheithimh fhada.

Istoíche, tháinig mé chugam agus mé do mo thachtadh ar fad. B'é an chéad smaointiú a rith liom ná go rabh Aliisa marbh. Ba chuimhneach liom, dar liom, an dóigh a bhfaca mé Aliisa á treascairt go héag os comhair mo shúl, agus an traein féin ag titim de na raillí. Bhí an chuimhne seo comh beoga is go dtáinig na deora liom. San am chéadna, ba chuimhneach liom nach bhfacthas lán leathshúile den traein riamh, agus gur phill muid chun an bhaile go sámh suaimhneach ar fad.

Ar maidin, rith mé liom sna feathaibh fasaigh a fhad le teach mhuintir Aliisa, lena chinntiú go rabh sí beo i gcónaí. Thoisigh sí á húmú le haghaidh turas eile go dtí an t-iarnród a thúisce is a fuair sí radharc ormsa, ach b'fhearr liom diúltú don chuireadh. Tháinig tallann feirge uirthi, agus d'áitigh sí orm go mb'olc an seanadh domh a leithéid. B'ait liom an dóigh a rabh sí ag dearcadh orm, agus tuigeadh domh go rabh an nasc eadrainn scaoilte go doleigheasta.

Chan ionann sin is a rádh go n-éireochaimis as an charadas láithreach nó go seachnóchaimis comhluadar a chéile, ach mar sin féin, thanaigh ár gcaidreamh lá i ndiaidh lae, agus an draíocht a choinnigh i gcuideachta a chéile muid ó thús, bhí sí imithe ar fad anois. Orm féin a bhí cuid mhór den mhilleán. Ní rabh mé ábalta bheith compordach le hAliisa a thuilleadh, ó ba chuimhneach liom go bhfuair sí bás an tráthnóna udaí, siúd is go mba chuimhneach liom san am chéadna gur phill muid chun an bhaile in éineacht. Ba chuimhneach liom a tórramh agus ba chuimhneach liom áit a h-adhlactha, fiú na litreacha órga ar a leacht - agus ina dhiaidh sin féin, bhí sí ina suí in aice liom ins an tseomra ranga, beo bíogúil.

(as dialann brionglóidí E.S., nár bhreac sí síos riamh)

Chaill mé mo mhac an oíche sin, agus ní rabh a scairt ar ais ann. Is cuimhneach liom an oíche féin agus na pléascanna, ach ina dhiaidh sin, - a dhath ar bith. Ní cuimhneach liom muid ag pilleadh chun an bhaile ar aon nós. Cupla uair, d'fhéach mé le cuairt a thabhairt ar áit iompóidh na dtraenach, ceann an tsiúnta i lár na coille, ach má d'fhéach, chuaigh mé ar strae gach aon iarracht acu.

Is cuimhneach liom an lá a rugadh Ruupert. Is cuimhneach liom an farasbharr fantaisíochta ba dual dó, agus is cuimhneach liom an lá a pronnadh dintiúirí an dlitheora air. Is cuimhneach liom an dóigh a dtug sé grádh do Bhirgitta, agus is cuimhneach liom an dóigh ar treascraíodh an grádh sin as a chloigeann. Is cuimhneach liom an chuairt a thug muid in éineacht ar an Áit ina nIompaíonn na Traenacha. Ach sin a bhfuil de. Is cuimhneach liom an t-iomlán dearg seo, ach san am chéadna, is cuimhneach liom nach bhfuair mé riamh an páiste a bhí de dhíobháil orm. Chaith mé laetha m'óige ag foghlaim léinn, agus nuair a d'fhág mé an ollscoil, theastaigh uaim dul chun cinn a dhéanamh i mo phroifisiún. Ba mhinic a thrácht mé ar chlann le m'fhear céile, ach bhí muid rómhall ag cur beart leis an bhriathar.

Cupla mí ó shin, chonaic mé Gunnar ar an teilí. Baineadh stangadh asam, nó shíl mé go rabh sé marbh. Ní rabh, ach b'ábhar iontais é comh ramhar is a d'éirigh sé ar na saoltaibh seo. Bhí sé ag dul faoi agallamh, agus é ag labhairt go leadránach ar an mhórchonradh gnoithe a shocraigh sé dá chomhlacht ar an choigríoch. An mba chuimhneach leis an cailín óg ar chuir sé an chluain uirthi scór go leith de bhliantaibh ó shin in aice leis an bhóthar iarainn? Is iomaí uair cheana a rinne mé mo mheabhrú ar an cheist, goidé a thitfeadh amach, dá nglacfainn a shíol chugam, agus athair mo linbh a dhéanamh de. Míréasúnta mífhreagrach is uile mar a bhí an smaointiú, aidmhím go réidh gur rith sé liom, mar smaointiú amháin. Dá gcuirfinn gníomh leis an smaoitiú, an mbeadh réaltacht oibiachtúil ins an darna líne de chuimhní cinn a fhananns i mo chloigeann? An mbeadh Ruupert ann, mar chuid den réaltacht sin?

Cuireann na cuimhní cinn seo samhnas orm, ach is ar éigean is féidir liom gan a bheith ag smaoitiú ar Ruupert. Siúd is nach bhfuil ann ach taibhse, is réadúla liom é ná cuid mhór den tsaol i mo thimpeall. Is cuimhneach liom mé ag dul i raimhe roimh an bhreith, agus an turas tacsaí go dtí an t-ospidéal, agus an phian, agus na deora - agus an t-áthas is an rímhéad a tháinig orm, nuair a síneadh an tachrán beag domh le go bhfáiscfinn le m'othras é. Is cuimhneach liom an bhean ghlúine a bheith grusach giorraisc; is cuimhneach liom an t-aireagal máithreachais féin. San am chéadna, tá a fhios agam go sármhaith nár éirigh a leithéid sin domh ar aon nós: ar lá breithe Ruupert, bhí mé ar turas gnoithe i Moscó, rud is cuimhneach liom go maith fosta: an seomra beag san óstán, agus bean na scuaibe a dtáinig mé uirthi agus í ag smúrthacht thart fá mo chuid bagáiste.

B'fhéidir go bhfuil mé ar mire ar fad. Aon duine ar cuimhneach leis dhá bheatha scartha ar feadh daichead bliain, caithfidh sé a bheith ina dhearg-ghealt. B'fhéidir nach bhfuil ins na hathchuimhní cinn ach cumadóireacht a d'eascair as intinn ghalraithe? B'fhéidir - siúd is go bhfuil fadhb amháin ann. D'fhéadfainn Ruupert a chumadh as mo stuaim féin: mac samhlaitheach le faoiseamh a thabhairt domh in éagmhais fíorchlainne. Cad fá dtaobh den Áit ina nIompaíonn na Traenacha, áfach? Níl mo dhóthain fantaisíochta ionam le rud den chineál sin a cheapadh. Duine ciallmhar siosmaideach mise, agus is fearr liom mo dhá chos a choinneáil suite sáite sábháilte ins an talamh shlán. Níl mé cosúil le Ruupert ná le daoiní dá chineálsan, agus a gcuid smaointíoch ar foluain thuas san aer mar a bheadh eitleog ann. Ní thiocfadh le haon duine seachas Ruupert é féin "an áit ina n-iompaíonn na traenacha" a chumadh - agus más fíor gurb eisean a chum é, ní mise a chum Ruupert.

Tá mé ag déanamh staidéir ar scéal mo dhá bheatha agus ag líniú sreabhchairt díofa, siúd is go mbíonn sé ag dul díom iad a choinneáil scartha ó chéile. Ach tá carnán beag fianaise ar mo dheasc:
- Tá uimhir theileafóin ann: tá dlítheoir mná arb ainm daoithi Birgitta Susanne Donner ag cur fúithi i Heilsincí dáiríribh, siúd is nach gcuala sí trácht ná iomrá riamh ar Ruupert Satakieli.
- Tá cárta Nollag ann a fuair mé ó Aliisa Rummakko née Holmstén: tá sí pósta le fada, agus í ag obair ina múinteoir ceoil i scoil éigin thiar i dTurku. Bhí sí ligthe i ndearmad agam cheana féin, ach uaireanta, gheibh tú litreacha ó lucht do sheanaitheantais nach cuimhneach leat féin iad a thuilleadh.
- Tá díolaim de ghearrscéalta ann, scéalta ó pheann Mhiriam Kissala, leabhar a cheannaigh mé inné i Siopa Leabhar Khoirakkala. Níl aithne, teanntás ná ballaíocht agam ar Mhiriam, siúd is go bhfuil malairt cuimhní agam uirthi fosta. Tá aithne ag an chuid is mó de bhunadh na háite uirthi, ós rud é gur múinteoir í; ach tharla nach bhfuil teaghlach agam féin, níor chaintigh mé riamh í go nuige seo. Mar sin, ba mhór an t-ábhar iontais daoithi an glaoch gutháin a chuir mé uirthi ar maidin inniu. Chuir mé mé féin in aithne daoithi agus mhol mé ceann de na gearrscéalta thar an chuid eile acu - an ceann fá dtaobh den bhuachaill bheag darbh ainm Robert, agus é comh doirte do na traenacha is na bóithre iarainn; agus máthair aige, Anna, atá ag iarraidh fantaisíocht an bhuachalla a thachtadh is a chur faoi chois, comh réasúnta is atá sí féin, mar phearsa. - Is oth liom an dóigh a bhfuil mé ag cur isteach ort, ach tá sé ag teastáil uaim comh géar sin a fháil amach cad é mar a tháinig mianach an scéil sin chugat an chéad uair, a d'fhiafraigh mé. Bhí Miriam ag labhairt mar a bheadh sí cineál míchompordach. - Bhail, níl a fhios agam féin dáiríribh, ar sise. - Bíonn na hidéanna ag rith liom i m'ainneoin féin. Uaireanta, bíonn brionglóidí agam agus mé ag baint úsáid astu. Taibhríodh domh buachill beag a bhí i ngrádh leis na bóithre iarainn, agus sin mar a shíolraigh an scéal, de réir a chéile. Léigh mé an gearrscéal ó thús deiridh uair i ndiaidh a chéile, agus mé ag iarraidh m'intinn a shocrú suas fá cé acu cineál fírinne atá fíoraithe aige.

Rud eile fós dá bhfuil ar mo dheasc ná an t-alt a ghearr mé amach as an pháipéar áitiúil agus a choinnigh mé ceilte istigh ins an chiclipéid mhór go dtí le déanaí. Cur síos atá ann ar an dóigh a dteachaidh ceal i dtraein lastais maille lena tiománaí áit éigin i gcóngar do Khoirakkala. Na húdaráis a rinne a dtaighde féin ar na cúrsaí, bhí siad féin fríd chéile ag an scéal, ach is é an tátal a bhain siad as na himeachtaí ná gur comhcheilg fhorleathan de chuid lucht an iarnróid a bhí ann - ní thiocfadh leofa malairt míniú a thabhairt ar ar tharla. B'fhacthas domh go rabh an gearrthán páipéir seo ag tabhairt rud éigin ar leith le tuigbheáilt, ach mar sin féin, ní thig liom a rádh go fóill, cén bhaint atá ag imeacht na traenach le himeacht Ruupert.

Ní féidir liom ligint do Ruupert seangú uaim i ríocht an dearmaid. Ní féidir liom é a thabhairt suas don Neamhní. Sin é an fáth go bhfuil mé ag déanamh mo staidéir ar na cúrsaí seo i gcónaí. Caithfidh mé ciall éigin a fháil don scéal seo, a theacht trasna ar mo mhac in áit éigin eadar siocair is toradh. Ar mhaithe le mo mhac féin atáim ag leanstain liom, ar mhaithe leisean atáim ag breacadh síos na smaointíocha seo.

A Chríoch Sin