Ciclipéid na hOllchruinne

Foclóir agus Ciclipéid na Réalteolaíochta
do lucht na Gaeilge ar an Eadarlíon

Panu Höglund a chuir an leathanach seo ar fáil duit

IONCHODU: UNICODE

Tarraing ort mo Chlár Cinn LánGhaeilge anseo.

RÉAMHFHOCAL

Rinne mé mo dhicheall le téarmaíocht Fhoclóir Réalteolaíochta agus Fhoclóir Eolaíochta an Ghúim a chur in úsáid anseo, a fhad is nach bhfuil sí ag iompairc le canúint Chúige Uladh, nó bhí mé sáite i gcúrsaí na canúna sin go fóill nuair a thoisigh mé a chumadh na Ciclipéide seo. Mar shampla, réalta agus ní réalt atá ins an fhoclóir, agus bheir sé, fosta, Réalta an Mhadra ar Réalt an Mhadaidh, mar atá, Sirius. Creidim, áfach, go mbeidh an Léitheoir in ann droichead a dhéanamh de mhiondifríochtaí den chineál sin. I ndiaidh an iomláin, is beag léitheoir seanchlóite Gaeilge nár fhoghlaim suáilce na foighde a chleachtadh i dtaobh na gcanúintí eile.

Is iad na príomhfhoinsí a bhí agam ná na leabhartha iontacha faisnéise fá dtaobh den réalteolaíocht a d'fhoilsigh Tähtitieteellinen yhdistys Ursa, nó Cumann Réalteolaíochta na Fionlainne, don ghnáthléitheoir ó bhí mé i mo bhrín óg, go háithrid Mustaa aukkoa etsimässä ("Ar Lorg an Dúphoill") le Raimo Keskinen agus Heikki Oja. Leabhar iontach é seo nach bhfuil sáraithe ag Gearrstair an Ama le Stephen Hawking féin, agus bheadh rímhéad an domhain orm dá mbeadh seans agam leabhar Keskinen agus Oja a aistriú go Gaeilge an lá is faide anonn.

Ar ndóighe, tá leabhar Hawking léite agam comh maith, gan aon trácht a dhéanamh ar The Worlds of David Darling ar an Ghréasán. Tá sé ar acmhainn comh maith is nach dtugaim an URL anseo - dá dtabharfainn, bheadh sibh ag tarraingt ar an áit sin amháin, ach ós rud é gur Béarla amháin atá ann, ní bheadh sibh ag foghlaim na dtéarmaí as Gaeilge! Áis iontach eile atá ins an CD-ROM udaí Redshift a Cúig - "deargaistriú" atá ar an téarma sin redshift as Gaeilge, dála an scéil. Pláinéadlann fhíorúil atá ann le suiteáil ar an ríomhaire a chuirfeas ar do chumas staidéar a dhéanamh ar chosúlacht na spéire, ainmneacha agus suíomhanna na réaltaí a fhoghlaim agus raidhse eolais a phiocadh leat fá dtaobh de gach aon réalt aonair.

Is follasach gur acmhainn mhaith iad leathanaigh ghréasáin Riarachán Náisiúnta na hAerloingseoireachta is na Spásaireachta ins na Stáit Aontaithe - sin le rádh, NASA.

Thóg sé tamall fada orm mo chóip de Nod don Eolach, an gasaitéar eolaíochta le Matt Hussey, a aimsiú i measc mo chuid leabhar, ach tháinig mé uirthi fá dheireadh. Rinne mé ceartuithe ar mo chuid téarmaíochta cheana féin le haithris a dhéanamh ar an Nod áit nach bhfuil cuidiú ar fáil i bhFoclóir Réalteolaíochta an Ghúim. (Thar aon rud eile, scrios mé mo leagan féin "An tAomthóir Mór" leis an leagan An tOllaomthóir, a fuair mé ag Hussey, a chur ina áit.) Ba mhaith liom, fosta, a mholadh do mo chuid léitheoirí leabhartha le Matt Hussey a cheannacht agus a léamh, le dhul i dtaithí na heolaíochta faoi chulaith Ghaeilge. Tá cion fir déanta ag mo dhuine leis an Ghaeilge a chur bord ar bhord le haois na hardteicneolaíochta.

Cionn is go rabh an Chiclipéid ag fás comh tiubh is a bhí, chinn mé ar an chomhad a scoilt. Tá sí ina cúig chomhad anois, A-E, F-I, L-O, P-R, agus agus S-U. Tá Véineas ar fáil ins an chúigiú cuid, ar ndóighe.

Ciclipéid na hOllchruinne - Cuid a hAon - A-E

Ciclipéid na hOllchruinne - Cuid a Dó - F-I + J agus K, más gá

Ciclipéid na hOllchruinne - Cuid a Trí - L-O

Ciclipéid na hOllchruinne - Cuid a Ceathair - P-R

Ciclipéid na hOllchruinne - Cuid a Ceathair - S-U + V, W, X, Y, Z, más gá