Ciclipéid na hOllchruinne

Foclóir agus Ciclipéid na Réalteolaíochta
do lucht na Gaeilge ar an Eadarlíon

Panu Höglund a chuir an leathanach seo ar fáil duit

IONCHODU: UNICODE

Tarraing ort mo Chlár Cinn LánGhaeilge anseo.

RÉAMHFHOCAL

Rinne mé mo dhicheall le téarmaíocht Fhoclóir Réalteolaíochta agus Fhoclóir Eolaíochta an Ghúim a chur in úsáid anseo, a fhad is nach bhfuil sí ag iompairc le canúint Chúige Uladh, nó bhí mé sáite i gcúrsaí na canúna sin go fóill nuair a thoisigh mé a chumadh na Ciclipéide seo. Mar shampla, réalta agus ní réalt atá ins an fhoclóir, agus bheir sé, fosta, Réalta an Mhadra ar Réalt an Mhadaidh, mar atá, Sirius. Creidim, áfach, go mbeidh an Léitheoir in ann droichead a dhéanamh de mhiondifríochtaí den chineál sin. I ndiaidh an iomláin, is beag léitheoir seanchlóite Gaeilge nár fhoghlaim suáilce na foighde a chleachtadh i dtaobh na gcanúintí eile.

Is iad na príomhfhoinsí a bhí agam ná na leabhartha iontacha faisnéise fá dtaobh den réalteolaíocht a d'fhoilsigh Tähtitieteellinen yhdistys Ursa, nó Cumann Réalteolaíochta na Fionlainne, don ghnáthléitheoir ó bhí mé i mo bhrín óg, go háithrid Mustaa aukkoa etsimässä ("Ar Lorg an Dúphoill") le Raimo Keskinen agus Heikki Oja. Leabhar iontach é seo nach bhfuil sáraithe ag Gearrstair an Ama le Stephen Hawking féin, agus bheadh rímhéad an domhain orm dá mbeadh seans agam leabhar Keskinen agus Oja a aistriú go Gaeilge an lá is faide anonn.

Ar ndóighe, tá leabhar Hawking léite agam comh maith, gan aon trácht a dhéanamh ar The Worlds of David Darling ar an Ghréasán. Tá sé ar acmhainn comh maith is nach dtugaim an URL anseo - dá dtabharfainn, bheadh sibh ag tarraingt ar an áit sin amháin, ach ós rud é gur Béarla amháin atá ann, ní bheadh sibh ag foghlaim na dtéarmaí as Gaeilge! Áis iontach eile atá ins an CD-ROM udaí Redshift a Cúig - "deargaistriú" atá ar an téarma sin redshift as Gaeilge, dála an scéil. Pláinéadlann fhíorúil atá ann le suiteáil ar an ríomhaire a chuirfeas ar do chumas staidéar a dhéanamh ar chosúlacht na spéire, ainmneacha agus suíomhanna na réaltaí a fhoghlaim agus raidhse eolais a phiocadh leat fá dtaobh de gach aon réalt aonair.

Is follasach gur acmhainn mhaith iad leathanaigh ghréasáin Riarachán Náisiúnta na hAerloingseoireachta is na Spásaireachta ins na Stáit Aontaithe - sin le rádh, NASA.

Thóg sé tamall fada orm mo chóip de Nod don Eolach, an gasaitéar eolaíochta le Matt Hussey, a aimsiú i measc mo chuid leabhar, ach tháinig mé uirthi fá dheireadh. Rinne mé ceartuithe ar mo chuid téarmaíochta cheana féin le haithris a dhéanamh ar an Nod áit nach bhfuil cuidiú ar fáil i bhFoclóir Réalteolaíochta an Ghúim. (Thar aon rud eile, scrios mé mo leagan féin "An tAomthóir Mór" leis an leagan An tOllaomthóir, a fuair mé ag Hussey, a chur ina áit.) Ba mhaith liom, fosta, a mholadh do mo chuid léitheoirí leabhartha le Matt Hussey a cheannacht agus a léamh, le dhul i dtaithí na heolaíochta faoi chulaith Ghaeilge. Tá cion fir déanta ag mo dhuine leis an Ghaeilge a chur bord ar bhord le haois na hardteicneolaíochta.

CUID A TRÍ - L-O

Cuid a hAon anseo

Cuid a Dó anseo

Cuid a Ceathair anseo

Cuid a Cúig anseo

leaptón buncháithnín éadrom, ceann de na buncháithníní nach bhfuil comhdhéanta as na cuarcanna. Is leaptóin iad na neoidríonónna, na leictreoin is na múóin.

Léaráid Hertzsprung-Russell córas comhordanáidí ina bhfuil gile na réalta ag fás ag dul suas, agus teocht na réalta ag fás ag dul ar chlé.

léaslíne theagmhais teorainn an dúphoill. Má gheibh tú thú féin taobh istigh daoithi, ní féidir leat éaló a thuilleadh - beidh do chnaipe déanta ansin.

LGM: Nuair a chuir S. Jocelyn Bell sonrú i bhfoinse radathonnta a bhí ag astú bíoganna tráthrialta, thiar ins an bhliain míle naoi gcéad a seacht is trí scór (1967), shíl go leor réalteolaithe ar tús gur rabhchán raidió de chuid neacha intleachtúla a bhí ann - tarchuradóir a bhí ag déanamh gnoithe an tí sholais do spásbháid de chuid na neacha seo. Sin é an tuige gur baisteadh LGM - "fir bheaga uaine" (little green men) ar an réad seo. De réir a chéile, áfach, tuigeadh do na taighdeoirí nach fir bheaga uaine a bhí ann, ach réad réalteolaíochta de chineál eile, mar atá, neodrónréalt a bhí ag casadh ar a hais féin - pulsár.

líne gheodasach an bealach is giorra ó áit go háit.

litiam (Li): Is é an litiam an treas dúil - dúil uimhir a trí ins an tábla pheiriadach. Miotal alcaileach atá ann, cosúil leis an tsóidiam agus leis an photáisiam, agus dá réir sin, tá sé iontach araiciseach chun imoibriú a dhéanamh leis na neamh-mhiotail agus leis an uisce. Mar sin, gidh go bhfuil loinnir an mhiotail ann, ní bheidh sé i bhfad ag fáil brat bán ocsaíde, má chuirtear i dteagmháil le hocsaigin an aeir é. Cosúil leis na miotail alcaileacha eile, is í an t-aon uimhir ocsaídiúcháin amháin atá aige ná +1. Is í an chumraíocht leictreonach atá aige ná 1s22s1, is é sin, tá leictreon corr ar an darna sceall, agus is dual don litiam an leictreon seo a thabhairt uaidh le hiompó ina ian litiam, Li+, a bhfuil an chumraíocht leictreonach chéadna aige agus ag adamh an héiliam.

Tá dhá iseatóp cobhsaí ag an litiam, mar atá, litiam a sé agus litiam a seacht, agus is é an darna ceann acu an ceann is coitianta ins an nádúir. Na hiseatóip radaighníomhacha, tá leathré iontach gairid acu go léir. Is é an leáphointe atá ag an litiam ná 181oC, agus iompóchaidh sé ina ghal leis an teocht 1342oC. Tá sé 0.54 g/cm ar dlús, is é sin, tá an t-uisce beagnach dhá oiread comh trom leis an litiam, agus an litiam ag snámh ar bharr an uisce.

luainíocht: Tá brí ar leith leis an téarma áithrid seo í gcúrsaí na réalteolaíochta, agus baint aici leis an dóigh a bhfuil an Domhan ag casadh timpeall ar a ais - sin le rádh, ag rothlú.

Níl ais rothlaithe an Domhain ingearach i gcomparáid le leibhéal an éicliptigh - tá sí ar uillinn trí chéim stua go leith agus fiche (23.5o, nó 23o 30') don ingearán. Is é sin, tá ais an Domhain an oiread sin ar leataobh. Is é an míniú is giorra a thabhairt ar an fheiniméan a dtugtar an luainíocht air ná go bhfuil an ais sin an oiread sin ar leataobh agus go bhfaigheann an Ghrian, an Ghealach agus na pláinéid greim - greim imtharraingthe - ar an ais agus iad ag cur na haise féin ag casadh timpeall uair amháin in aghaidh gach cúig mhíle fichead is ocht gcéad bliain (25 800 bliain).

Leis an luainíocht a dhéanamh níos gléiní, samhlaímis dúinn go bhfuilimid le caiseal a chur ag casadh ar an urlár. Is é is caiseal ann ná cineál bréagán a chuirtear ag casadh timpeall ar a ais, agus é in ann fanúint in aon áit ag rothlú ar feadh tamall fada go maith, ar acht go rabh muid in ann é a choinneáil ina cholgsheasamh cheartingearach nuair a chuir muid ag casadh é. Má bhíonn leataobh air, áfach, toiseochaidh "pol thuaidh", nó pol thuas, an chaisil ag déanamh bulla báisín, agus é ag tarraingt ciorcail i ndiaidh an chiorcail ins an aer. Ansin, beidh an caiseal féin ag rothlú i bhfad níos luaithe ná mar atá an pol thuas ag dul ar aghaidh ar a chonair chiorclach.

Go bunúsach, sin é an cineál luainíocht atá an Domhan féin a dhéanamh. Agus is é is toradh daoithi ná go bhfuil suíomh na réaltaí ar an sféar neamhai ag athrú go peiriadach, de réir tréimhse tráthrialta. In imeacht na mblianta, tá an dá phointe cónochta (na pointí ina dtrasnaíonn an t-éiclipteach agus an meánchiorcal neamhaí a chéile) ag bogadh siar, agus maidir leis an Réalt Pholach, ní bheidh sí ina Réalt Pholach a thuilleadh, i gceann cupla míle bliain. Bhí an pháirt sin ag réaltaí eile roimhe seo - Kochab, Alderamin agus Thuban, cuir i gcás - agus thart ar an bhliain 4200, beidh Alrai níos cóngaraí don phol ná an Réalt Pholach s'againn féin. Beidh an lá ag Alfirk agus Alderamin ina dhiaidh sin, ins an tseachtú agus ins an ochtú mílaois i ndiaidh bhreith Chríost. Thart fán bhliain 2800 roimh bhreith Chríost, bhí Thuban i bhfad níos cóngaraí do phol thuaidh na spéire ná a bhí ár Réalt Pholach féin riamh. Tabhair fá dtear nach iad na réaltaí féin atá ag gluaiseacht. Is í ais rothlaithe an Domhain atá ag athrú a treo i gcoibhneas leibhéal an éicliptigh, arb ionann é agus leibhéal na fithise atá an Domhan a leanstan timpeall na Gréine.

Is í imtharraingt na Gréine agus na Gealaí is cúis leis an chuid is mó den luainíocht. Mar sin féin, tá tionchar na bpláinéad intomhaiste nó inchuntaiste fosta. Sin é an fáth gur gnách téarmaí cosúil le luainíocht ghinearálta (sin le rádh, iomlán na luainíochta), luainíocht ghealaí is ghréine agus luainíocht phláinéadach a úsáid le codán na reann neimhe éagsúil den luainíocht a léiriú.

Leis an scéal a dhéanamh níos casta ná sin, áfach, bíonn trasnaíocht rithimiúil ag cur isteach ar an luainíocht féin. D'fhéadfá a rádh go bhfuil an luainíocht féin ag luainiú. Is amhlaidh go bhfuil nódphointi fithise na Gealaí ag dul timpeall an Domhain uair amháin in aghaidh gach ocht mbliana déag agus seacht míosa (a bheag nó a mhór), rud a chuireanns ais an Domhain ag guagadh ar an dá thaobh, beagáinín beag baoideach. Ciallaíonn seo nach bhfuil dhá phol an sféir neamhaí ag déanamh a luainíochta de réir chiorcail chruinn, ach go bhfuil siad ag cur corthaí beaga díofa ar an turas seo - ag luainiú ar an dá thaobh ó líne a luainíochta. Is é an t-ainm atá baiste ag lucht na heolaíochta ar an "ath-luainíocht" seo ná nútú.

M - ní hé an murdaróir atá i gceist leis an litir seo i gcúrsaí na réalteolaíochta, ach catalóg Messier. B'é an réalteolaí Francach Charles Joseph Messier (1730-1817) a dhíolaim an chatalóg seo thiar ins an ochtú haois déag. Catalóg réaltnéalta atá ann go bunúsach. B'é Réaltnéal an Phortáin, nach bhfuil suite in aon ghaobhair do réaltbhuíon an Phortáin, ach i réaltbhuíon an Tairbh, a tharraing súil Messier ar na réaltnéalta agus a dhúisigh a shuim ins na réadanna seo. Mar sin, is é an réaltnéal áithrid seo an chéad réad ins an chatalóg thábhachtach seo.

maighnéadas: aomachán (tarraingt) nó éaradh (ruaigeadh) nádúrtha a bíos ag ábhair áithride ar a chéile. Is iad an t-iarann agus an nicil is mó a bhfuil maighnéadas iontu, ach le fírinne, is beag damhna atá ann nach mbeadh tionchar ínteacht ag an mhaighnéadas air. Aithnítear réimsí maighnéadacha timpeall ar shreanga leictreacha fosta nuair a bíos sruth leictreach iontu, nó is í gluaiseacht na n-aonad leictrealuchtaithe - go praiticiúil, gluaiseacht na leictreon - is cúis leis an mhaighnéadas. Tá réimse maighnéadach ag na reanna neimhe, cosúil leis an Domhan, an Ghrian agus na pláinéid.

An réad a bhfuil réimse maighnéadach ina thimpeall, tá dhá phol - "pol thuaidh" agus "pol theas" - aige, agus is iad na poil chontrártha a aomanns a chéile ag dhá mhaighnéad. Má chuirtear an dá phol céadna in aice le chéile, éarfaidh siad a chéile.

Mars: an ceathrú pláinéad ins an Ghrianchóras s'againn, agus dath dearg air mar a tchí muid féin thuas ar an spéir é. B'fhearr a rádh gur rua le meirg atá sé, nó is é an t-iarann in ithir an phláinéid is cúis leis an dath. Níl ins an phláinéad seo ach an ceathrú cuid d'achar an Domhain, ach ós rud é go bhfuil trí cheathrú cuid de dhromchla an Domhain clúdaithe ag na farraigí móra, tá an oiread céadna de thalamh tirim ar an dá phláinéad.

Bhí Mars riamh ina dhíol suime ag na daoiní, agus nuair a fuarthas tuigse cheart do nádúir na bpláinéad - gur liathróidí as damhna a bhí iontu, seachas poill ins an fhirmimint - thoisigh na saineolaithe féin a chumadh teoiricí éagsúla aistíocha fá dtaobh de mhuintir Mharsa. Go háithrid, chum an scríbhneoir Francach Camille Flammarion scéalta iontacha fá shaol mhuintir Mharsa mar a samhlaíodh dó féin é. B'é scéal na gcanálach ba mhó a chuidigh le forbairt na n-aislingí seo, áfach. B'é an réalteolaí Iodálach Giovanni Schiaparelli, agus é ar duine de na saineolaithe ba mhó riamh a rinne le geograife an phláinéid rua a léarscáiliú, a chuir scéal na gcanálach ag imeacht timpeall an domhain an chéad uair, thiar ins an naoú haois déag, nuair a d'fhoilsigh sé an mapa a bhí tarraingthe aige de Mhars. Creidtear gur botún aistritheoireachta ba bhunús leis an scéal ar tús: an focal a d'úsáid Schiaparelli, ciallaíonn sé an dá rud - eadar abhainn nádúrtha agus canáil dhaondéanta - ins an teangaidh Iodáilise. Is é an chonstruáil, áfach, a bhain na haistritheoirí as an fhocal gurb iad "muintir Mharsa" a "ghearr" na canálacha seo. Scríobhadh cuid mhaith scéalta fantaisíochta agus ficsin eolaíochta fá dtaobh de Mhars a bhí i muinín na gcanálach le craiceann na fírinne a chur ar na himeachtaí agus ar an radharcra - scéalta Edgar Rice Burroughs ina measc - ach bhí na canálacha ina n-ábhar conspóide agus cointinne ag na saineolaithe riamh, ó nach rabh ach cuid acu in ann iad a aithne. Nuair a tháinig ré na spásaireachta, ní rabh na taiscéalaithe i bhfad ag dearbhú nach rabh canálacha ar bith ann - iomrall súl a bhí iontu ó thús. Leis an locht a bhaint de Schiaparelli féin, ní mór a phointeáil amach go dtug sé féin rabhadh dá chuid léitheoirí gan an chiall a bhaint as an fhocal áithrid sin gur struchtúir shaorga de dhéantús neacha intleachtúla a bheadh ann - i ndiaidh an iomláin, nach dtugaimid aigéin ar réigiúin áithride den Ghealach, siúd is go bhfuil a fhios ag uasal is ag íseal nach bhfuil farraigí ná fiú braon amháin uisce ansin?

Mar sin féin, níl deireadh súile bainte den bheatha ar Mhars go fóill. Is é an dearcadh atá ag formhór mór na saineolaithe inniu ná gur féidir go dtiocfar ar iarsmaí na beatha ar Mhars, siúd is go bhfuil sé níos dóchúla ná a mhalairt go bhfuil an áit seasc marbh inniu. Má thigtear ar bheatha amuigh ansin, is dóigh nach mbeidh ann ach miocrorgánaigh - rudaí beaga agus iad cosúil leis na baictéirí nó leis na víreasanna.

Níl Mars in ann imthoscaí rómhaithe a chinntiú don bheatha. An cineál banphrionsaí a dtearn Edgar Rice Burroughs an oiread sin cur síos orthu ina chuid úrscéalta fá dtaobh de "Bharsoom", níl a leithéidí ann ar an phláinéad rua. Ón taobh eile de, níl arrachtaigh H.G.Wells ná cogadh na reann ag bagairt orainn ach an oiread. Mar a shamhlófá le pláinéad atá níos faide amach ón Ghrian, tá Mars níos fuaire ná an Domhan, ach thairis sin, níl an iarmhairt cheaptha teasa ag obair comh láidir ar Mhars agus atá sí ar an Domhan. Is é sin, tá an t-aer comh tanaí is nach gcoinníonn sé teas. I rith na hoíche, toisíonn fuacht na nduibheagán a chuimilt dhromchla an phláinéid, agus nuair a éiríonns an Ghrian aríst, bíonn an teocht tite céad céim Celsius faoin neamhní.

Den chuid is mó (níos mó ná nócha faoin chéad), tá dé-ocsaíd charbóin in atmaisféar Mharsa. Thairis sin, tá roinnt mhaith nitrigine agus argóin agus fíorbheagáinín ocsaigine ann.

Tá leathsféar thuaidh agus leathsféar theas an phláinéid difriúil go leor ó thaobh na tírdhreacha, na geograife agus na geolaíochta de. Ísleáin réidhe is mó a bíos thuaidh, ach tá an leathsféar theas criathraithe le cráitéir, agus é cúig chiliméadar níos airde, ar meán, ná an leathsféar thuaidh. Tá teoiricí ann a deir gurb iad sruthanna agus gluaiseachtaí na ndobhar uisce anallód is cúis leis an difríocht airde. Tá cuid mhór de thírdhreach Mharsa fágtha mar a múnlaíodh an chéad uair riamh í - is é sin, cha rabh gníomhaíocht gheolaíoch de chuid an phláinéid féin ann a chuirfeadh cuma úr ar na háiteanna seo - ach tá miontréithre tírdhreacha ann fosta atá i bhfad níos óige ná an pláinéad féin, cosúil le scoiltghleannta agus cnoic.

Tá eadar oighear tirim (dé-ocsaíd charbóin sholadach) agus gnáthoighear (uisce soladach) ins an dá leac oighir thart timpeall ar an phol thuaidh is ar an phol theas. Nuair a thig an samhradh, néalaítear an dé-ocsaíd charbóin. (Ní dual don dé-ocsaíd charbóin iompó ina leacht: sin é an tuige go dtugtar "oighear tirim" ar an dé-ocsaíd charbóin sholadach. Ní gnáth daoithi leá - ina áit sin, néalaítear í. "Néalú" atá i gceist má iompaíonn an solad ina ghás; más sreabhán - leacht - atá ann agus é ag iompó ina ghás, is é "galú" an téarma a úsáidtear.) Aithnítear an néalú seo ar an teileascóp féin, agus an dóigh a mbíonn an dá leac oighir ag crapadh chucu agus ag leathadh amach de réir theacht agus imeacht na séasúr. Ní imíonn an chuid eile den leac oighir, ós rud é nach bhfuil sé comh te is go leáfadh an gnáthoighear (oighear an uisce).

Siúd is nach bhfuil teacht ar bhanphrionsaí ar Mhars mar is aithin do lucht an tsaineolais é inniu, áit iontach spéisiúil, éagsúil atá ann mar sin féin ó thaobh na radharcraí is an tírdhreacha de. Tá an bolcán is airde ar fud an Ghrianchórais ar fad, mar atá, Olympus Mons, ar fáil ansin: tá sé cúig chiliméadar is fiche ar airde agus sé chéad ciliméadar ar leithead. Tá réigiún lán cainneoin mhillteanacha ann, réigiún a dtugtar Valles Marineris air: "Gleann an Mhariner" is brí leis an ainm Laidine sin, agus hainmníodh an áit as na taiscéalaithe (na spásbháid gan foireann) den tsraith udaí Mariner a scaoil na Meiriceánaigh thiar ins na seascaidí le dromchla Mharsa a mhapáil. Má éiríonn sé coitianta choíche turasóireacht a dhéanamh taobh amuigh den Domhan, is léir go mbeidh Mars ar an chéad cheann scríbe acu siúd a chonaic iontais an phláinéid seo againn féin: ar a laghad, siúd is nach bhfuil an pláinéad comh fáiltiúil roimh na neacha beo is a shíl na seanscríbhneoirí sci-fi, níl an fuacht comh mór is go mbeadh sé dodhéanta na cuairteoirí a dhíonadh air, agus maidir leis an tírdhreach, is follasach go mbeadh Mars in ann radhairc dhodhearmadta a thairgsint.

Tá dhá shatailít nádúrtha ag timpeallú Mharsa, mar atá, Phobos agus Deimos. Níl ins na gealacha seo ach carraigí beaga i gcomparáid leis an Ghealach s'againn, agus ní sféir (liathróidí) iad ach an oiread, ach corpáin níos mírialta. Dealraíonn sé nach bhfuil iontu ach astaróidigh ar cheap imtharraingt an phláinéid iad anallód. Níor cuireadh an chéad sonrú iontu ach ag druidim le deireadh na naoú haoise déag, agus b'é an Meiriceánach móréirimiúil féinteagasctha udaí Asaph Hall (1829-1907) a rinne an t-éacht. Tá cliú ar Phobos ar comh gasta is atá sé ag dul thart ar Mhars, mar atá, críochnaíonn sé trí imrothlú in aghaidh aon lae amháin (níl lá Mharsa mórán níos faide ná lá an Domhain), agus is dócha go mbeidh gluaiseacht na satailíte seo trasna na spéire le haithne go furasta ag an bhreathnadóir thíos ar dhromchla an phláinéid.

meánchiorcal neamhaí meánchiorcal an sféir neamhaí. Baintear úsáid as le suíomh na réalta ar an spéir a shainmhíniú.

Mearcair: an pláinéad is gaire don Ghrian. Tá an meánfhad ón phláinéad seo go dtí an Ghrian beagáinín níos mó ná an tríú cuid den aonad réalteolaíoch, ach dáiríribh, tá fithis an phláinéid comh fadaithe (is é sin, níl sí comh cruinn leis an chiorcal) agus go bhfuil cúig mhilliún fichead de chiliméadar eadar an peirihéilean agus an t-apaihéilean.

Tá Mearcair ar an darna pláinéad is lú ins an Ghrianchóras s'againn. Is é Plútón an ceann is lú acu, ach tá sé ina ábhar diospóireachta ag na réalteolaithe inniu, an "pláinéad" atá i bPlútón ar aon nós, nó nach mb'fhearr é a chomhaireamh ar ceann de réadanna Chrios Kuiper, cosúil le Quaoar. Tá Mearcair níos lú ná Tíotán, an tsatailít is mó dá bhfuil ag dul timpeall ar Shatarn; ar ndóighe, tá sé níos lú ná Ganymede, fosta, nó is é Ganymede an tsatailít is mó inár nGrianchóras. Tá Tíotán 2575 ciliméadar ar gha (is é sin, ón lárphointe go dtí an dromchla), agus Ganymede 2630 ciliméadar; níl Mearcair ach 2440 ciliméadar ar gha. (Ar mhaithe leis an chomparáid, tá an Domhan 6371 chiliméadar ar gha.) Mar sin féin, tá Mearcair níos troime ná ceachtar acu. Dáiríribh, tá Mearcair éagsúlach trom, i bhfianaise comh beag agus atá sé. Is é is cúis leis ná an croíleacan iarainn a chreidtear a bheith folaithe istigh i lár an phláinéid. Tá croíleacan iarainn den chineál chéadna ag an Domhan s'againn, ach níl sé comh mór le croíleacan Mhearcair i gcomparáid le méid an phláinéid.

B'é an tuairim a bhí ag na saineolaithe roimh na seascaidí ná go rabh rothlú sioncrónach ag Mearcair. Is é is brí leis sin ná go bhfuil an pláinéad ag dul timpeall ar a ais de réir na rithime céadna agus atá sé ag fithisiú na Gréine, i gcruth is go bhfuil an leathsféar céadna den pláinéad ag drannadh leis an Ghrian an t-am ar fad. Ins na seascaidí áfach, fuarthas amach go rabh an scéal ní ba chasta ná sin. Is ionann dhá réaltbhliain agus trí réaltlá ar Mhearcair. Níos aistí fós, ar línte áithride domhanfhaid Mhearcair, tchíthear an Ghrian ag éirí go dúbailte - is é sin, i ndiaidh daoithi theacht aníos ó scáth na léaslíne, titfidh sí síos aríst ar feadh tamaill le dhul suas go deifnideach, ansin. Cosúil leis sin, tá áiteanna ar Mhearcair ina bhfeictear an Ghrian ag dul faoi, ag éirí suas aríst agus ag dul faoi an darna huair. An uair sin, ní éireochaidh sí ach i ndiaidh oíche fhada an phláinéid seo. Agus tá an oíche sin níos faide ná mar a shílfeá, nó siúd is go bhfuil an réaltlá - is é sin, aon uair amháin a chasanns an pláinéad thart timpeall ar a ais féin, agus é le haithne ar an dóigh a gcasann an sféar neamhaí i gcomparáid leis an phláinéad - níos gairide ná an réaltbhliain, tá an grianlá ar Mhearcair (an lá mar a aithnítear ar ghluaiseacht na Gréine é) níos faide ná an bhliain.

Ar chuir an méid sin fríd chéile thú? Is cuma, nó cibé cé comh fada is atá lá Mhearcair, tá sé comh fada is go n-éiríonn dromchla an phláinéid comh te bruite brothallach i rith an lae is go mbeadh an stán is an luaidh ag leá ansin, go háithrid ins an bhall atá díreach faoi sholas na Gréine nuair atá an pláinéad ag an pheirihéilean. Ach ós rud é nach bhfuil mórán aeir ann a choinneochadh an teas, titeann an teocht céad go leith céim Celsius faoin neamhní istoíche.

Bhí páirt thábhachtach ag Mearcair i stair theoiric na coibhneasachta (an teoiric a thabhaigh a chliú d'Einstein). Nó is amhlaidh go bhfuil peirihéilean Mhearcair (is é sin, a gharphointe don Ghrian) ag athrú a áite comh gasta is go bhfuil na réalteolaithe in ann an t-athrú sin a shonrú is a thomhas. (Tá athrú den chineál chéadna ag roinnt le fithis gach pláinéid, ach ós rud é go bhfuil conair Mhearcair comh héalárnach is atá, tá sé níos fusa an t-athrú seo a aithne ar Mhearcair ná ar ghluaiseacht na bpláinéad eile.) Agus i ndiaidh dófa a ndóthain tomhas a thógáil de ghluaiseacht an phointe sin, bhí siad cineál fríd chéile, nó bhí an peirihéilean ag bogadh níos luaithe ná mar a shíl siad, de réir na fisice clasaicí. Ní rabh an difríocht mór, ach bhí sí sách mór is go rabh na réalteolaithe suite siúráilte nach rabh a dhath ceárr lena gcuid gléas. Chaith siad, ansin, na blianta fada ag iarraidh míniúchán a thabhairt ar an mhírialtacht seo, agus ghlac cuid acu leis go gcaithfeadh sé go mbeadh pláinéad ag timpeallú na Gréine taobh istigh d'fhithis Mhearcair, agus é ag cur isteach ar Mhearcair lena imtharraingt. Bhí siad, fiú, i ndiaidh ainm a bhaisteadh ar an phláinéad: Bolcán. Ní rabh Bolcán le fáil, áfach, ach ansin, tháinig teoiric na coibhneasachta chun solais, agus d'iompaigh sé amach gur mhínigh sí an difríocht go hiomlán - ní rabh Bolcán de dhíth ar aon nós, mar sin. Ar ndóighe, thabhaigh an scéal seo gnaoi na réalteolaithe do theoiric Einstein agus d'fhíoraigh ina súile-sean í.

Níl Mearcair mapáilte comh maith agus Mars. B'é an spástaiscéalaí udaí Mariner a Deich, thiar ins na seachtóidí, ba mhó a rinne staidéar ar thírdhreach an phláinéid seo, ach fanann dhá thrian de Mhearcair gan léarscáiliú ar bith ins an lá atá inniu ann. Tá sé sábháilte a rádh, áfach, gur domhan seasc é Mearcair agus é criathraithe le craitéir ag na mílte dreigítí.

Fríd is fríd, tá Mearcair sách cosúil lenár nGealach féin ar go leor bealtaí.

méid dhealraitheach: de ghnáth, glactar leis an amharcmhéid mar mhéid dhealraitheach na réalta. Is tomhas í ar comh geal is a tchithear an réalt dúinn féin. Cuirtear an amharcmhéid dhealraitheach in iúl le luach uimhriúil, agus an uimhir ag dul síos de réir mar atá an réad ag éirí níos gile. Seo cupla luach mar shampla:
an Ghrian: -26.7
an Ghealach iomlán: -12.6
Sirius: -1.44
Canopus: -0.61
Arcturus: -0.04
Procyon: +0.38
Altair: +0.77
Fomalhaut: +1.16
Alderamin: +2.72
Al Minliar al Asad: +4.47
an réalt is fainne dá bhfeiceann an tsúil nocht gan ghléas cianradhairc: thart ar +6

méisisféar an ciseal den atmaisféar atá suite os cionn an strataisféir, agus faoi bhun an ianaisféir. Is ar éigean is féidir trácht ar a leithéid de rud agus méiseastad, nó i ndiaidh an iomláin chan fhuil ins an mhéisisféar féin ach cineál ciseal eadarmheánach eadar an strataisféar agus an t-ianaisféar.

Mimas ceann de ghealacha Shatarn. Tá Mimas thart ar thrí chéad deich gciliméadar is ceithre scór (390 km) ar trastomhas, agus é sách sféarúil - sách cosúil le liathróid - ina chosúlacht, rud nach bhfuil follasach ar aon nós ag gealach comh beag sin. Ní féidir a rádh go mbeadh aon bhall de Mhimas gann i gcráitéir, ach is é Cráitéar Herschel an ceann is suntasaí, agus é ainmnithe as Sior William Herschel, an réalteolaí a fuair amach fán ghealach seo an chéad uair ins an bhliain 1789. Tá an cráitéar seo níos mó ná céad ciliméadar ar trastomhas, agus creideann na saineolaithe gur dhóbair don ghealach titim as a chéile leis an imbhualadh a d'fhág an poll seo ar a haghaidh. Tá Mimas ag timpeallú Shatarn fá chéad ochtó cúig mhíle ciliméadar (185,000 km) den phláinéad, nó leath an turais ón Domhan go dtínár nGealach féin.

móiminteam uilleach an cháilíocht fhisiciúil atá ina miosúr ar an dóigh a bhfuil an réad á chasadh thart timpeall ar a ais féin.

NASA: seasann na litreacha seo do Riarachán Náisiúnta na hAerloingseoireachta is na Spásaireachta, is é sin, údarás spáis na Stát Aontaithe. Bunaíodh an t-údarás i dtús Mhí Dheireadh Fómhair ins an bhliain 1958. Tá sé neamhspleách ar na Ranna Stáit, agus ní cuid de na fórsaí armtha é ach an oiread, siúd is go mbíonn sé ina ábhar conspóide ó am go ham an oiread de naisc neamhfhoirmiúla is a bíos aige leofa.

Neiptiún pláinéad, an ceann is lú de na gásfhathaigh. Le fírinne, tá Neiptiún sách cosúil le hÚránas, amach ón rothlú: níl ais rothlaithe Neiptiúin ar leataobh. Níl mórán difríochta le haithne ar mhéid ná ar chosúlacht an dá phláinéad: mar shampla, tá an bheirt acu gorm ar an taobh amuigh. Mar sin féin, nuair a tháinig an taiscéalaí udaí Voyager a Dó a fhad le Neiptiún, bhí sé ábalta Spota Mór Dorcha, nó Poll Mór Dorcha ab fhearr a rádh, a shonrú i gciseal meatáin an atmaisféir, agus gaotha dhá mhíle ceithre chéad ciliméadar ag séideadh ina thimpeall. Is féidir, ar ndóighe, an Poll seo a chur i gcomparáid leis an Spota Mhór Dhearg ar Iúpatar, ach níor haithníodh a leithéid de ghaotha riamh ar Iúpatar féin.

neodrónréalt réalt atá comh trom téagartha tiubh is go bhfáisceann a himtharraingt leictreoin na n-adamh in aice leis an núicléas, go dtí go sáraíonn siad lucht leictreach na bprótón. Ansin, iompaíonn na prótóin ina neodróin, agus is é an rud a fhágtar ná brachán de neodróin agus é i bhfad níos dlúithe ná an damhna is aithin dúinn féin.

Is iad na neodrónréaltaí an chéim dheireanach i bhforbairt réaltaí atá níos mó ná an Ghrian s'againn agus níos lú ná na fathaigh (ar dual dófa iompó ina ndúphoill). Ní bhíonn siad ach fiche éigin ciliméadar ar trastomhas, agus mais cupla Grian comhchruinnithe i spás comh beag sin. Ar ndóighe, tá imtharraingt mhillteanach acu, comh maith le réimse láidir maighnéadach agus é ag astú radathonnta ina mbíoga. Ar na radathonnta seo a aithnítear na neodrónréaltaí, agus sin é an fáth go dtugtar pulsáir ar na neodrónréaltaí mar réada réalteolaíocha.

NGC - sin trí litir a gheobhas tú roimh shlabhra fhada d'uimhreacha in áiteanna agus tú ag iarraidh éirí eolach ar chúrsaí na réalteolaíochta. Is é is brí leofa ná "Nua-Chatalóg Ghinearálta na Réaltnéalta is na Réaltbhraislí", agus an uimhir ag teacht ins na sálaí ag an trí litir, is í uimhir an réada i gceist ar an Chatalóg féin. Molann Foclóir Réalteolaíochta an Ghúim "NCG" (Nua-Chatalóg Ghinearálta) a úsáid mar ghiorrúchán Gaeilge in áit NGC (New General Catalogue) atá bunaithe ar an Bhéarla.

Cibé scéal é, níl an "nua-chatalóg" seo comh nua a thuilleadh: théid sí siar go dtí an bhliain 1888. Mar sin féin, nuashonraítear le ceartúcháin, leasuithe agus torthaí úra taighde í i gcónaí, agus tábhacht nach beag léithi inniu féin.

nítrigin (N): Is í an nítrigin dúil uimhir a seacht, is é sin, tá seacht bprótón ina núicléas, agus seacht leictreon ina leictreonnéal. Gás gan dath, blas nó boladh atá ann, agus í ar fáil go flúirseach ins an atmaisféar ina móilíní dé-adamhacha (N2). Ceann de na dúile is coitianta atá ann. Is í an chumraíocht leictreonach atá aici ná 1s22s22p3, agus mar sin, tá cúig leictreon ar an darna sceall. Mar sin, is dual don nítrigin a ghoil i gcomhdhúile ina bhfaighfidh sí trí leictreon ar iasacht leis an ochtréad iomlán a bhaint amach ar an sceall is faide amuigh, rud a fháganns gurb í -3 an uimhir ocsaídiúcháin is dual daoithi (bíonn +3 agus +5 aici comh maith, áfach). Neamh-mhiotal atá ann, ar ndóighe. Is é an leáphointe atá aici ná -210oC, agus is é -196oC an galphointe. Comhdhúile tábhachtacha iad an t-aigéad nítreach HNO3, a chuid salann (na níotráití), agus an amóinia (NH3).

nóva bladhaire millteach a léimeanns amach as ceann de na comhbhaill i ndéréalt faoi thionchar imtharraingt a leathbhádóra agus é ag teacht ina ghaire. Tá sé cineál éagsúil cé comh láidir a chaithfeas a leithéid de bhladhm a bheith leis an fhocal mhór seo a ghreamú mar lipéad daoithi, ach is é is bunús leis an téarma ná na focail Laidine udaí stella nova, is é sin, réalt úr: más nóva ceart a bhéas ann, méadóchaidh sé an oiread sin ar ghnáthghile na réalta is gur féidir leis an bhreathnadóir a shílstean gur réalt nua atá i gceist. Féadann an réalt a gile a mhéadú fá mhilliún le linn an nóva.

I nóva den chineál thipiciúil, is abhacréalt bhán é an comhbhall den déréalt a chuireanns tús leis an nóva fríd an bhladhaire a bhaint as an chomhbhall eile - ná déanaimis dearmad de gur dual don abhacréalt bhán a cuid maise a bheith comhchruinnithe i bhfad níos tibhe ná mar a bíos ag aon réalt bheo, rud a fháganns go bhfuil an abhacréalt ábalta ionathar na réalta eile a chroitheadh trasna a chéile lena himtharraingt. Ansin, súfaidh an abhacréalt isteach chuige cuid den damhna atá bainte aici as an réalt eile, hidrigin ina mheasc. Dá thoradh sin, toiseochaidh an abhacréalt a chomhleá na núicléas hidrigine go héiliam aríst, rud a chuirfeas tuilleadh le comhghile na déréalta.

Bíonn difríochtaí móra eadar na nóvaí ó thaobh na fadsaolachta de: ní mhaireann cuid acu ach cupla seachtain, agus an cuid eile na blianta ag maolú. Murab ionann agus na hollnóvaí, fágann na nóvaí an dá leathréalt beo breabhsánta, i gcruth is gur féidir leofa nóva nua a phléascadh an lá is faide anonn. Tá réaltaí ann a bhfuil de chlaonadh iontu nóvaí úra - nó nóvaí ateagmhasacha - a dhéanamh go tráthrialta, agus is é an bharúil atá ag cuid de na saineolaithe gur féidir go bhfuil an claonadh ateagmhasach i bhformhór mhór na nóvaí, ach amháin nach rabh ár sáith ama go fóill sonrú a chur ins na tráthrialtachtaí uilig. (An focal aistíoch sin ateagmhasach, tá mé féin aidmheálach nach bhfuil sé ag breathnú go róbhreá, ach is dócha go bhfaighfidh tú é traidhfilín beag níos sothuigthe má chuimhnítear duit gurb iad an réimír udaí ath-, a chiallaíonns "aríst", agus an focal léannta teagmhas, a chiallaíonns "tarlúint", is bunús leis.)

núicleon ceann den dá chineál buncháithníní a gheibhthear i núicléas an adaimh - prótón nó neodrón.

an tOllaomthóir cineál mais mhór a chreidtear a bheith suite céad go leith milliún solasbhliain uainn i dtreo réaltbhuíonta na Maighdine, na Péiste Uisce is an Cheinteáir, agus tionchar aici ar a lán réaltraí an bealach sin. Go leor réalteolaithe, áfach, creideann siad nach bhfuil ins an Ollaomthóir ach comhthoradh na himtharraingthe atá ag na réaltraí sin ar a chéile.

(Is é an leagan a mhol an Coiste Téarmaíochta domh ná an tAomadh Mór; ach ós rud é go rabh leagan Mhatt Hussey ann roimhe sin, ní féidir liom leagan an Choiste a chur chun tosaigh anseo. Más é an leagan a bheas ar na leabhartha scoile feasta, áfach, sílim nach miste cuimhne a choinneáil air, ar eagla na heagla. Bhí Fidelma Ní Ghallchobhair ón Choiste ar aon bharúil liom, nuair a chuir mé an réasúnú seo in iúl daoithi. P.P.H.)

an Ollbhrúisc an imphléasc nó an crapadh mór a chuirfeas deireadh leis an Ollchruinne, de réir teoiricí áithrid. Is í an imtharraingt is cúis leis an Ollbhrúisc, a deir lucht leanstana na dteoiricí seo - cosúil leis an chineál imphléasc is cúis leis na dúphoill, ar ndóighe. Ní ghlacann gach teoiric leis go gcaithfidh an Ollbhrúisc a theacht - tá an chuid is mó de na cosmeolaithe den tuairim inniu gur cruinne fhairsingíoch atá ins an Ollchruinne s'againn, agus í le dhul i bhfairsinge gan stad gan staonadh, gan chríoch gan deireadh.

ollnóva an phléasc mhillteach is dual do na réaltaí móra a dhéanamh, agus iad ag deireadh a gcuid hidrigine. Is toradh dó seo ná go dtoiseochaidh na dúile níos troime taobh istigh den réalt á gcomhleá go dúile níos troime fós. Nuair a shroichfeas an fhorbairt seo núicléas (croílár) na réalta, cuirfear struchtúr inmheánach na réalta fríd chéile comh hiomlán is go séidfear an réalt go léir amach ina sceall fhairsingíoch. Mura bhfuil an réalt róthrom, ní fhágfar a dhath daoithi ach an sceall seo agus é á scabadh i ngach treo amach ins an spás. Ag réaltaí troma, áfach, is iad na cisil is faide amach ón chroílár amháin a phléascfas, agus an croílár féin ag imphléascadh - is é sin, ag crapadh isteach chuige féin faoi bhrú na pléisce agus a imtharraingthe féin (imphléasc imtharraingthe) le hiompó ina neodrónréalt nó ina dhúpholl.

Ná déan dearmad nach ionann nóva agus ollnóva, nó is ócáid aonair é an t-ollnóva nach bhfágann a seanbhail ar an réalt a thuilleadh. Cuid mhór de na nóvaí, is nóvaí ateagmhasacha iad a thiteanns amach aríst, fiú go tráthrialta.

an Ollphléasc an phléasc a chuir bun agus tús leis an Ollchruinne, de réir dealraimh.

An chéad 10-43 soicind (is é sin, an tríú deachúil is dhá scór den tsoicind - codán atá comh beag is go bhfuil dhá nialas is dhá scór eadar an t-aon agus an ponc deachúlach) i ndiaidh na pléisce (más pléasc ar aon nós a bhí ann - b'fhearr túsphointe a thabhairt air b'fhéidir) ní rabh ceithre phríomhfhórsa na hollchruinne (an imtharraingt, an leictreamhaighnéadas agus an dá chineál fórsa núicléach) dealaithe ó chéile go fóill. Bhí mais iomlán na hOllchruinne comhchruinnithe i bpointe a bhí i bhfad ní ba lú ná an míle milliúnú cuid den phrótón. Ré Planck a bheirthear ar an tréimhse seo i stair na hollchruinne. Bhí teocht na hOllchruinne ag 1034 céim Celsius (is é sin, ceithre nialas déag agus fiche i ndiaidh an t-aon).

Nuair a sroicheadh deireadh an chéad 10-43 soicind, dhealaigh an imtharraingt ón trí chineál príomh-eadarghníomhú eile. I ndiaidh an phointe seo ama, is féidir leis an eolaíocht léargas ceart a thabhairt ar fhorbairt na hOllchruinne. B'é seo Ré na Mórtheoirice Aontaithe - tá an ré seo ainmnithe as an chineál teoiric atá na fisiceoirí ag iarraidh a fhorbairt leis na príomhfhórsaí éagsúla seo a mhíniú in éineacht.

Cibé scéal é, tháinig an ré seo chun deiridh 10-36 soicind i ndiaidh an túis, nuair a scar an tEadarghníomhú Láidir leis an dá fhórsa eile. Ins an scarúint sin, fuasclaíodh cuid mhór fuinnimh, agus thoisigh an ollchruinne a dhul i bhfairsinge. An ollchruinne chéadna nach rabh inti, ar tús, ach mionbhlúirín agus é i bhfad níos lú ná an chomhchuid is éadroime ins an adamh mar is eol do na heolaithe inniu é, síneadh amach í anois go méid na seadóige nó an oráiste mhóir. Bheirthear an Ré Leictrealag ar an ré seo, ó bhí an leictreamhaighnéadas agus an t-eadarghníomhú lag in éineacht i gcónaí, mar fhórsa a dtugtar an fórsa leictrealag air. An fuinneamh a bhí ar fud na hOllchruinne, rinne sé an rud a dtugtar pas-trasdul air. Pas-trasdul, nó athrú staide atá i gceist, cuir i gcás, le reo an uisce go leac oighir, ach ar ndóighe, is scéal i bhfad níos drámatúla é pas-trasdul an fhuinnimh ó radaíocht go damhna, agus ní cuid dár saol laethúil é: bhí imthoscaí antoisceacha na hOllphléisce de dhíth le sin a chur i gcrích. Cibé, d'iompaigh cuid mhór den fhuinneamh ina cháithníní: glúóin, leictreoin agus cuarcanna. Tháinig moilliú ínteacht ar an dóigh a rabh an Ollchruinne á fairsingiú, ach má tháinig féin, bhí an leathadh sin ag dul ar aghaidh i gcónaí, agus sin go géar gasta.

10-10 soicind i ndiaidh thús na hOllchruinne, dhealaigh an leictreamhaighnéadas agus an t-eadarghníomhú lag ó chéile, agus dlíthe na fisice, mar is eol dúinn inniu iad, ag teacht i bhfeidhm. B'é seo Ré na gCáithníní. Thoisigh na cuarcanna is na frithchuarcanna a dhíothú a chéile (nó is díothú dá chéile iad an cáithnín agus a fhrithcháithnín) agus iad ag táirgiú an dúrud fuinnimh nuair a dhíothaigh siad a chéile. Thiontaigh sé amach go rabh níos mó cuarcanna ná frithchuarcanna ann, agus fágadh an oiread de chuarcanna ann mar fhuíoll is mar fharasbarr agus go mb'fhéidir na prótóin, na neodróin is na hadaimh a thógáilt astu. Chuaigh na cuarcanna le chéile ina hadróin, ach ní rabh fad saoil ach ins an dá chineál hadróin a bhfuil muid féin agus ár bpláinéad agus ár ngrianchóras agus ár n-ollchruinne déanta astu - na prótóin agus na neodróin. I ndiaidh seo na hadrón, gheal lá na leaptón. Cosúil leis na cuarcanna roimhe sin, dhíothaigh na leaptóin is na frithleaptóin a chéile, agus fágadh farasbarr leaptón ann i ndiaidh na teagmhála.

Ansin, bhí soicind iomlán aoise ag an Ollchruinne. Thoisigh na hadróin a dhul le chéile le núicléis adamh a dhéanamh. Rinneadh na dúile is simplí, is éadroime ansin, mar atá, an hidrigin, an héiliam, agus an litiam.

Céad soicind i ndiaidh na hOllphléisce, thoisigh an Ollchruinne á fuarú agus í ag dul i bhfairsinge. Bhí radaíocht ardfhuinnimh na hOllchruinne ag caochló go cáithníní, agus an damhna ag teacht in áit na radaíochta mar phríomh-chomhábhar na hOllchruinne. Thóg sé na mílte bliain, áfach, leis an chéad adamh a chruthú. Tháinig na hadaimh chun saoil an tríú cuid den mhilliún bliain i ndiaidh an túis, nuair a d'fhuaraigh an Ollchruinne a fhad is a thoisigh na leictreoin á socrú síos agus a chur fúthu ar na fithiseáin thart ar na núicléis. Go dtí sin, bhí sabhairne radaíochta ann a choinníodh na leictreoin ag dul de rúchladh fud fad na hOllchruinne, agus iad ag baint a sáith fuinnimh as na gathanna a bhuaileadh iad. Caor chianársaidh thine a bhí ins an Ollchruinne ins an am, mar a deirtear.

De réir a chéile, sheadaigh na leictreoin síos ar a gcuid fithiseán thart timpeall ar na núicléis, agus na hadaimh ag teacht ar an fhód (más féidir a leithéid d'fhocal agus fód a úsáid anseo). D'éirigh an ollchruinne trédhearcach - ní caor thine lán radaíochta a bhí ann a thuilleadh. Anois, áfach, bhí aois na hollchruinne ag druidim le deireadh an chéad mhilliún bliain, cheana féin.

Ón am seo a thig micreathonnta cúlra na hOllchruinne. Solas a bhí ins an radaíocht seo ar tús, is dócha, ach, in imeacht na milliún blianta, deargaistríodh an chuid is mó den radaíocht seo go dtí banda minicíochta na micreathonnta. Is é sin, tonnta raidió den chineál is giorra tonnfhaid atá ins an chuid is mó den radaíocht atá fágtha ag dul trasna na hOllchruinne, mar chuimhneachán deiridh ar an Ollphléasc.