Ciclipéid na hOllchruinne

Foclóir agus Ciclipéid na Réalteolaíochta
do lucht na Gaeilge ar an Eadarlíon

Panu Höglund a chuir an leathanach seo ar fáil duit

IONCHODU: UNICODE

Tarraing ort mo Chlár Cinn LánGhaeilge anseo.

RÉAMHFHOCAL

Rinne mé mo dhicheall le téarmaíocht Fhoclóir Réalteolaíochta agus Fhoclóir Eolaíochta an Ghúim a chur in úsáid anseo, a fhad is nach bhfuil sí ag iompairc le canúint Chúige Uladh, nó bhí mé sáite i gcúrsaí na canúna sin go fóill nuair a thoisigh mé a chumadh na Ciclipéide seo. Mar shampla, réalta agus ní réalt atá ins an fhoclóir, agus bheir sé, fosta, Réalta an Mhadra ar Réalt an Mhadaidh, mar atá, Sirius. Creidim, áfach, go mbeidh an Léitheoir in ann droichead a dhéanamh de mhiondifríochtaí den chineál sin. I ndiaidh an iomláin, is beag léitheoir seanchlóite Gaeilge nár fhoghlaim suáilce na foighde a chleachtadh i dtaobh na gcanúintí eile.

Is iad na príomhfhoinsí a bhí agam ná na leabhartha iontacha faisnéise fá dtaobh den réalteolaíocht a d'fhoilsigh Tähtitieteellinen yhdistys Ursa, nó Cumann Réalteolaíochta na Fionlainne, don ghnáthléitheoir ó bhí mé i mo bhrín óg, go háithrid Mustaa aukkoa etsimässä ("Ar Lorg an Dúphoill") le Raimo Keskinen agus Heikki Oja. Leabhar iontach é seo nach bhfuil sáraithe ag Gearrstair an Ama le Stephen Hawking féin, agus bheadh rímhéad an domhain orm dá mbeadh seans agam leabhar Keskinen agus Oja a aistriú go Gaeilge an lá is faide anonn.

Ar ndóighe, tá leabhar Hawking léite agam comh maith, gan aon trácht a dhéanamh ar The Worlds of David Darling ar an Ghréasán. Tá sé ar acmhainn comh maith is nach dtugaim an URL anseo - dá dtabharfainn, bheadh sibh ag tarraingt ar an áit sin amháin, ach ós rud é gur Béarla amháin atá ann, ní bheadh sibh ag foghlaim na dtéarmaí as Gaeilge! Áis iontach eile atá ins an CD-ROM udaí Redshift a Cúig - "deargaistriú" atá ar an téarma sin redshift as Gaeilge, dála an scéil. Pláinéadlann fhíorúil atá ann le suiteáil ar an ríomhaire a chuirfeas ar do chumas staidéar a dhéanamh ar chosúlacht na spéire, ainmneacha agus suíomhanna na réaltaí a fhoghlaim agus raidhse eolais a phiocadh leat fá dtaobh de gach aon réalt aonair.

Is follasach gur acmhainn mhaith iad leathanaigh ghréasáin Riarachán Náisiúnta na hAerloingseoireachta is na Spásaireachta ins na Stáit Aontaithe - sin le rádh, NASA.

Thóg sé tamall fada orm mo chóip de Nod don Eolach, an gasaitéar eolaíochta le Matt Hussey, a aimsiú i measc mo chuid leabhar, ach tháinig mé uirthi fá dheireadh. Rinne mé ceartuithe ar mo chuid téarmaíochta cheana féin le haithris a dhéanamh ar an Nod áit nach bhfuil cuidiú ar fáil i bhFoclóir Réalteolaíochta an Ghúim. (Thar aon rud eile, scrios mé mo leagan féin "An tAomthóir Mór" leis an leagan An tOllaomthóir, a fuair mé ag Hussey, a chur ina áit.) Ba mhaith liom, fosta, a mholadh do mo chuid léitheoirí leabhartha le Matt Hussey a cheannacht agus a léamh, le dhul i dtaithí na heolaíochta faoi chulaith Ghaeilge. Tá cion fir déanta ag mo dhuine leis an Ghaeilge a chur bord ar bhord le haois na hardteicneolaíochta.

CUID A CEATHAIR - P-R

Cuid a hAon anseo

Cuid a Dó anseo

Cuid a Trí anseo

Cuid a Cúig anseo

panspeirmeachas: Teoiric a deir go bhfuil an spás lán síolta beatha - miocrorgánaigh atá sách simplí ina struchtúir (cosúil leis na víreasanna, nó leis na prióin is ábhar le galar na bó mire b'fhéidir) le mairstint ins an fholús agus ins an fhuacht mhillteach amuigh ansin - agus go dtiocfaidh bláth ar na síolta seo de réir a chéile, nuair a thitfeas siad ar dhroim aon phláinéid atá fabhrach d'fhorbairt na beatha. Thiar ins an naoú haois déag agus i dtús na fichiú haoise, bhí an panspeirmeachas go mór mór ina ábhar seanchais ag na saineolaithe féin, na ceimiceoirí thar aon dream eile: b'é an Sualannach Arrhenius ba mhó a chardáil é ina chuid scríbhinní. Rinne Fred Hoyle, an t-éan corr udaí i measc na réalteolaithe, iarracht, thiar sna seachtóidí, sracadh úr a chur ins an phanspeirmeachas, ach is é tuairim fhormhór mór na saineolaithe ná gurb éadócha go mbeadh forbairt na beatha ar an Domhan inmhínithe mar thoradh don phanspeirmeachas. Thar aon rud eile, ní mhairfeadh síolta na beatha an radaíocht ultravialaite a bheadh á mbombardú ó na réaltaí. Mar sin féin, níl sé as an áireamh go mbeadh panspeirmeachas ínteacht insamhlaithe taobh istigh d'aon ghrianchóras amháin, agus na dreigítí ag iompar na miocrorgánach ó phláinéad go pláinéad.

Is fíor, áfach, de réir mar a thuigtear do na saineolaithe inniu, nach mbeadh aon dúil eile seachas an hidrigin agus an héiliam ar fáil ins an ollchruinne, ach na dúile eile a bheith á dtáirgiú ins na réaltaí móra agus á scabadh ar fud na hollchruinne ag na hollnóvaí. Creidtear, fiú, gurb ó na hollnóvaí anallód a tháinig adaimh an charbóin is na hocsaigine atá anois ag coinneáil na beatha ag imeacht ar dhroim an Domhain s'againn, comh maith le hadaimh na ndúl is troime ná iad, ar nós an iarainn, an chopair agus an óir, mar shampla. In imeacht na mbilliún de bhlianta, bailíodh na dúile troma in áiteanna cosúil leis an Ghrianchóras s'againn. Cineál "panspeirmeachas" a bhí i gceist le seo, más mian leat; ach is panspeirmeachas é atá teoranta do na hadaimh is na dúile amháin. An cineál panspeirmeachais a bhí i gceist ag Arrhenius agus ag Fred Hoyle, bhí sé bunaithe ar struchtúir i bhfad níos casta ná na hadaimh is na dúile, mar atá, na miocrorgánaigh agus na móilíní orgánacha.

paradacsa Olbers: paradacsa na hoíche dorcha. Tá an oíche seo dorcha agus tá sé fuar, a chananns an t-amhrán. Ach má chaitheann tú súil an réalteolaí suas ar spéir dhorcha na hoíche, ní mór duit do mharana a dhéanamh ar an cheist, cad fáth a bhfuil an oíche dorcha, siúd is go bhfuil an ollchruinne foirgthe le réaltaí, réaltbhraislí, réaltraí, braislí de réaltraí, forbhraislí agus struchtúir mhórscála eile. Nach mba chóir go gcasfaí réalt ar líne do radhairc, beag beann ar an bhealach atá tú ag dearcadh? Nach mba chóir go mbeadh an spéir oíche ar bharr lasrach le solas na réaltaí, istoíche féin? Nach mba chóir don Domhan féin imeacht ina ghal soip, agus an solas is an fuinneamh seo ar fad á théamh? Is dócha go mba chóir, ach tá muid anseo i gcónaí, beo beathaíoch, agus talamh slán faoinár gcuid cos. Fríd is fríd, níl solas na réaltaí ar an dainséar is mó atá ag bagairt orainn. A mhalairt ar fad, bheadh an dearg-ádh orainn dá mbeimist comh sona sin.

Is í an cheist seo paradacsa Olbers. Tá sé ainmnithe as an réalteolaí Wilhelm Olbers, ach is sine i bhfad é ná Olbers. B'é Hermann Bondi a bhaist ainm Olbers ar an pharadacsa, nuair a chrom sé ar an cheist seo a chardáil thiar ins na caogaidí. Agus siúd is go bhfuil cuma cineál neafaiseach ar an fhadhb seo, bhí sí ag cur isteach ar na réalteolaithe go dtí le déanaí.

Bhail, cén seort freagraí a bhí ar tairiscint don cheist seo?

B'fhéidir go bhfuil cuid de na réaltaí dofheicthe, agus ábhar dorcha mar bhac eadar sinn agus léas? Sin é an freagra a dtugtar smaointiú na spéire cumhdaithe air. An freagra eile, aríst, tá sé bunaithe ar smaointiú na spéire criathraithe. Is é sin, glactar leis go bhfuil poill fholmha dhorcha eadar na réaltaí - poill fholmha a shroicheanns a fhad le críocha na héigríche féin.

Thiar ins an tseisiú haois déag, bhítí ag déanamh go bhfuil an solas ó na réaltaí is faide amuigh ródhorcha le go mbeifí in inmhe é a aithne. Ní mhíníonn an méid seo a dhath. Nó ní éiríonn an solas "dorcha", cibé cé chomh fada is a théid sé. Is é an solas céadna é. B'fhéidir go scabtar é, b'fhéidir go bhfrithchaitear é, b'fhéidir go mbristear é, - ach má shroicheann oiread is aon ghá amháin solais sinn ó gach aon réalt, beidh an spéir ar bharr lasrach, mar sin féin.

Tugadh míniú na spéire cumhdaithe i gcrann ins an chéad chupla aois eile, nuair a cuireadh i gcás go mbeadh dusta nó deannach cosmach eadar sinn agus léas. Níorbh fhéidir fanúint i dtuilleamaí an mhíniúcháin seo ach an oiread, áfach. Nó deir dlí bunúsach na fisice, Dlí Imchoimeád an Fhuinnimh, linn nach dtig fuinneamh a chur ar neamhní. Má mhaireann an dusta cosmach sin ag sú isteach radaíocht na réaltaí, tiocfaidh luisne ins an dusta le teann teasa, agus é ag toiseacht is ag astú solais, díreach cosúil leis na réaltaí atá cumhdaithe aige. Mar sin, ní fhreagraíonn an dusta an cheist ach an oiread.

Ins an fhichiú haois, d'úirt Hermann Bondi go bhfuil an ollchruinne ag dul i bhfairsinge, agus na réaltaí ag druidim amach uainne. Fágann sin a gcuid solais deargaistrithe, ar dhóigh is nach bhfeictear mar sholas é, ach mar radaíocht de chineál eile ar fad - radaíocht infridhearg, b'fhéidir, nó radathonnta.

Tá cuid den fhuascailt anseo, ach ní hé seo an freagra iomlán. Nó, tar éis an tsaoil agus i ndiaidh an iomláin, má shroicheann an radaíocht dheargaistrithe sin sinn, beidh an fuinneamh céadna ar iompar aici cibé scéal é. Mar sin, bíodh is nach bhfriochtar ins an ghnáth-oigheann sinn, gheibh muid sinn féin i gcineál micreathonntán cosmach ina ionad sin. Ach amháin nach fíor é, nó tá an Ghrian i bhfad bhfad níos tábhachtaí ná an spás mar fhoinse radaíochta den chineál seo, díreach cosúil leis an dóigh go bhfuil sí ar an fhoinse is tábhachtaí gnáthsholais.

Bhí an modh fuascailte eile - an spéir fhoscailte - bunaithe ar an phostaláid go rabh an folús eadar na réaltaí folamh dáiríribh. Ins an am sin, bhítí ag glacadh leis nach rabh aon teorainn le líon na réaltaí - mar shampla, bhítí ag sílstint go rabh scuaine dhofheicthe gan deireadh de réaltaí taobh thiar de gach aon réalt dá rabh le haithne ar fhraitheacha na firmiminte. Thiar ins an tseachtú haois déag, shíl réalteolaithe cosúil le Johannes Kepler agus Otto von Guericke go rabh muid ag dearcadh eadar na réaltaí agus ag feiceáilt an fholúis gan chríoch gan solas a bhí suite, dar leofa, taobh amuigh d'ollchruinne theoranta na réaltaí is na réad. D'fhéach John Herschel agus Richard Proctor ins an naoú haois déag le leigheas eile fós a chur chun tosaigh. D'úirt siad gur córas iararcach a bhí ins an ollchruinne, agus nach rabh ins an "ollchruinne" s'againn ach ceann de na brící a rabh an fhíor-ollchruinne déanta astu. Dar leofa go rabh na brící eile rómhór le bheith inaitheanta againn féin.

Is é an bharúil is coitianta atá ag na saineolaithe inniu ná gurb ag an Tiarna Kelvin a bhí an chuid ba mhó den fhreagra. Ghlac Kelvin leis go rabh tús leis an ollchruinne agus stair aici. Mar sin, ó tharla nach bhfuil luas infinideach ag an tsolas, is féidir a mhaíomh nach dtáinig an solas ó na réaltaí is faide amuigh, - nach dtáinig an solas a fhad linn go fóill. Siúd is gur féidir go bhfuil an Ollchruinne iomlán comh lán réaltaí is go bhfuil ceann acu ins gach aon bhall den sféar neamhaí, is léir nár shroich an solas ón chuid is mó acu sinn go fóill. Siúd is gur féidir nach bhfuil críoch, deireadh ná imeall leis an Ollchruinne iomlán, ní bhaineann sin an fhíric as margadh go bhfuil teorainn leis an chuid infheicthe, inaitheanta den Ollchruinne - teorainn a bhféadaimid léaslíne a thabhairt uirthi. Na réadanna atá suite taobh thall den léaslíne seo, níl gléas orainn a dhath ar bith a fháil amach fá dtaobh díofa, ós rud é nach dtiocfadh aon chineál eolais nó faisnéise chugainn níos gaiste ná an solas.

Ach, cad fáth a bhfuil an spéir dorcha istoíche?

Bhail, d'fhéadfá a rádh gurb é an dorchadas sin an Neamhní a bhí ann roimh an Ollphléasc, ós rud é nár bhris solas oiread is aon réalta amháin an dorchadas sin. (Maidir leis an Ollphléasc féin, is follasach gur chruthaigh sí bladhaire millteach solais, ach níl a dhath den tsolas sin fágtha le feiceáilt a thuilleadh: chuir an deargaistriú as radharc é. Is é sin, tá an solas sin iompaithe ina radaíocht chosmach chúlra agus í le haithne ar bhandaí minicíochta na micreathonnta. Seort tonnta raidió iad na micreathonnta, agus tá a fhios agat go ngintear radaíocht den chineál seo ins an mhicreathonntán leis an bhiadh a bheiriú.)

parsoic aonad faid nó aistir: 3.23 solasbhliain. An réad atá suite fá pharsoic amháin uainn, má chuireann sé aistear aon aonaid réalteolaígh amháin de trasna na spéire, is mar shaobhdhiallas aon soicind amháin a aithnímid é. (Ní soicind ama atá i gceist againn anseo ach soicind stua - 1/3600 céim stua.) Is é is bunús leis an fhocal sin parsoic ná parallax second an Bhéarla, nó soicind saobhdhiallais.

peirihéilean garphointe don Ghrian, an pointe ina bhfuil an pláinéad níos gaire don Ghrian ná in aon phointe eile dá fhithis.

PGC: ceann de na catalóga réalteolaíocha, mar atá, PríomhChatalóg na Réaltraí ("Principal Galaxies Catalogue"). Tháinig sé amach an chéad uair ins an bhliain 1989. Tá na réaltraí cláraithe ansin de réir chomhordanáidí an mheánchiorcail.

Phobos: ceann den dá ghealach atá ag timpeallú Mharsa. Tá Phobos níos gaire don phláinéad atá sé a fhithisiú ná aon ghealach eile ins an ghrianchóras, is é sin, naoi míle dhá chéad seachtó ciliméadar ó lárphointe Mharsa. Thairis sin, áirítear ar ceann de na gealacha is lú é, agus é fiche éigin ciliméadar ar fad - ós rud é nach liathróid (sféar) atá ann, ní féidir a bheith ag labhairt ar an gha ná ar an trastomhas. B'é an réalteolaí Meiriceánach Asaph Hall a d'aimsigh an ghealach seo thiar ins an bhliain 1877. Ins an bhliain chéadna, chuir sé an chéad sonrú i ngealach eile Mharsa, mar atá, Deimos.

An té a gheobhadh é féin ar dhroim Mharsa, dá bhfeicfeadh sé Phobos, d'aithneochadh sé ag gluaiseacht trasna na spéire é go furasta, agus é ag éirí fá dhó roimh dhul faoi na gréine. Ach ós rud é go bhfuil an ghealach seo ag timpeallú Mharsa comh híseal agus atá, fanann sí taobh thiar den léaslíne ar chuid nach beag de dhroim an phláinéid.

Chan fhuil fithis Phobos cobhsaí. Is é sin, tá an ghealach seo le titim síos ar dhromchla Mharsa i gceann caoga milliún bliain, sin le rádh, mura streachlaí fórsaí taoidmheara na himtharraingthe as a chéile í. Creidtear gurb é an darna cinniúint acu atá daite do Phobos, nó gheibh an ghealach seo í féin taobh istigh de theorainn Roche cheana féin.

Dealraíonn sé go bhfuil Phobos comhdhéanta as cloch, gual (carbón) agus leac oighir. Is dócha gur buaileadh fá réad ínteacht eile é fadó, nó tá craitéar mór ar a thaobh, Stickney. D'ainmnigh Hall an craitéar seo as a mhnaoi chéile, Angelina Hall née Stickney. Bhí sí ina crann taca ag a fear agus é ag iarraidh sonrú a chur i satailítí Mharsa.

pláinéad réad atá ag timpeallú na réalta. Sin é an sainmhíniú bunúsach, ach le bheith cruinn, ní gnách an t-ainm seo a thabhairt ar gach aon chloch nó leac oighir atá ag dul thart ar an Ghrian, mar shampla - is astaróidigh iad, nó Traígh, nó cóiméid (réaltaí scuaibe), nó réada de chuid Chrios Kuiper. Na "pláinéid" inár ngrianchóras féin, mar atá, Mearcair, Véineas, an Domhan, Mars, Iúpatar, Satarn, Úránas, Neaptún agus Plútón, tá siad cosúil go maith le liathróid (sféar), ach maidir le cuid mhór de na hastaróidigh agus na réada eile sin, is minic nach bhfuil iontu ach cnapáin charraige nó oighir nach bhfuil aon siméadracht ag baint lena gcruth.

Bheirthear an pláinéad beannaithe ar an Ghrian i nGaeilge, uaireanta. Siúd is gur teilgean deas filiúnta cainte atá ann, níl sé ag cur le fíricí na réalteolaíochta, nó ní pláinéad í an Ghrian ar aon nós.

Pláinéid ár nGrianchórais féin

Pláinéad Mearcair Véineas an Domhan Mars Iúpatar Satarn Úránas Neaptún Plútón
(athaicmithe ins an bhliain 2006 mar "abhacphláinéad")
Meánfhad ón Ghrian (milliún ciliméadar) 58 108 150 228 779 1,434 2,872 4,495 5,870
Meánfhad ón Ghrian (aonad réalteolaíoch) 0.39 0.72 1 (de réir an tsainmhínithe) 1.52 5.20 9.54 19.2 30.1 39.5
Satailítí nádúrtha (gealacha) - - an Ghealach Phobos, Deimos Metis, Adrastea, Amalthea, Thebe, Io, Europa, Ganymede, Callisto, Themisto, Leda, Himalia, Lysithea, Elara, Euporie, Euanthe, Harpalyke, Praxidike, Orthosie, Hermippe, Iokaste, Ananke, Thyone, Pasithee, Kale, Chaldene, Isonoe, Taygete, Erinome, Eurydome, Carme, Aitne, Kalyke, Pasiphae, Sinope, Sponde, Megaclite, Kallirrhoe, Autonoe agus go leor eile Pan, Atlas, Prometheus, Pandora, Epimetheus, Ianus, Mimas, Enceladus, Tethys, Rhea, Dione, Tíotán, Hyperion, Iapetus, Phoebe, Kiviuq, Ijiraq, Paaliaq, Skadi, Albiorix, Siarnaq, Suttung, Erriapo, Mundilfari agus go leor eile Ariel, Umbriel, Titania, Oberon, Miranda, Caliban, Ophelia, Cordelia, Cressida, Desdemona, Juliet, Puck, Rosalind, Portia, Belinda, Prospero agus roinnt eile Tríotón, Nereid, Naiad, Thalassa, Despina, Galatea, Larissa, Proteus agus cupla satailít eile Carón, Nix, Hydra
Ga (ciliméadar/i gcomparáid le ga an Domhain)2,440/0.386,050/0.956,370/13,390/0.5369,900/11 58,200/9.125,400/424,600/3.91,150/0.18
Mais (i bhfarradh is mais an Domhain s'againn)0.0550.8151 (de réir an tsainmhínithe)0.107317.795.1614.5417.140.0022
Meánteocht ar an dromchla (nó thuas ins na scamaill, más ceann de na gásfhathaigh - Iúpatar, Satarn, Úránas nó Neiptiún - atá i gceist) 170oC 480oC 15oC -50oC -150oC -180oC -214oC -214oC -230oC
Luasghéarú an chorpáin atá ag titim ar dhromchla an phláinéid (domhantarraingt an phláinéid, i gcomparáid leis an luasghéarú chéadna ar dhroim an Domhain, mar atá, 9.78 m/s2) 0.38 0.815 1 (de réir an tsainmhínithe) 0.38 2.36 0.92 0.89 1.12 0.059
Atmaisféar adaimh aonair ocsaigine (O),
sóidiam (Na),
héiliam (He),
potáisiam (K)
dé-ocsaíd charbóin (CO2) 96%,
nitrigin (N2) 3.5%,
dé-ocsaíd sulfair (SO2) 0.015%,
gal uisce [H2O (g)] 0.01%,
argón (Ar) 0.007%
nitrigin (N2) 78%,
ocsaigin (O2) 21%,
gal uisce [H2O (g)] 1%,
argón (Ar) 0.93%,
dé-ocsaíd charbóin (CO2) 0.035%
dé-ocsaíd charbóin (CO2) 95%,
nitrigin (N2) 2.7%,
argón (Ar) 1.6%,
iarsmaí beaga d'ocsaigin, aonocsaíd charbóin (CO), agus gal uisce
hidrigin (H2) 90%,
héiliam (He) 10%,
iarsmaí beaga de mheatán (CH4), amóinia (NH3), foisfín (PH3)
hidrigin (H2) 97%,
héiliam (He) 3%,
iarsmaí beaga de mheatán agus amóinia
hidrigin (H2) 83%,
héiliam (He) 15%,
meatán is mó atá ins an bheirt faoin chéad eile
hidrigin (H2) 79%,
héiliam (He) 18%,
meatán is mó atá ins an triúr faoin chéad eile
adaimh aonair nitrigine; síltear gur féidir go bhfuil meatán, aonocsaíd charbóin agus eatán (CH3CH3) ann fosta
Brú an atmaisféir ar dhroim an phláinéid (i bhfarradh is an brú céadna ar dhroim an Domhain, mar atá, 100,000 N/m2) 10-15 (is é sin, 0.000,000,000,000,001) 92 1 (de réir an tsainmhínithe) 0.0063 ós rud é nach dtig dromchla an phláinéid seo a aithne thar an atmaisféar, ní féidir an cheist seo a fhreagairt go sásúil ós rud é nach dtig dromchla an phláinéid seo a aithne thar an atmaisféar, ní féidir an cheist seo a fhreagairt go sásúil ós rud é nach dtig dromchla an phláinéid seo a aithne thar an atmaisféar, ní féidir an cheist seo a fhreagairt go sásúil ós rud é nach dtig dromchla an phláinéid seo a aithne thar an atmaisféar, ní féidir an cheist seo a fhreagairt go sásúil 5 x 10-5 (is é sin, 0.00005)
Claonadh na haise 0.1o 177.4o (Tá Véineas ag casadh i dtreo atá contrártha le treo rothlaithe na bpláinéad eile, i gcruth is go n-éiríonn an Ghrian ón iarthar agus í ag dul faoi ins an oirthear. Nó - an pol a mba chóir dó, de réir threo an rothlúcháin, bheith ina Phol Thuaidh, tá sé ins an deisceart, agus a mhalairt) 23.45o 25.2o 3.1o 26.7o 97.9o 29.6o 119.6o
Tréimhse rothlaithe 58.6 lá 243 lá 23.93 uair an chloig 24.62 uair an chloig 9.93 uair an chloig 10.66 uair an chloig 17.24 uair an chloig 16.11 uair an chloig 6.39 lá
Réalt-tréimhse fhithiseach an phláinéid ("bliain" an phláinéid agus í tomhaiste de réir ghluaiseacht an phláinéid i gcoibhneas an sféir neamhaí) 88 lá 224.7 lá 365.24 lá 687 lá 11.86 bliain 29.42 bliain 83.75 bliain 163.7 bliain 248 mbliana
Treoluas éalaithe (an luas atá de dhíth le domhantarraingt an phláinéid a shárú), ciliméadar in aghaidh na soicinde (km/s) 4.44 10.4 11.2 5.03 59.5 35.5 21.3 23.5 1.3
Ailbéideacht (an oiread a fhrithchaitheanns an pláinéad den tsolas a bhuaileanns é; 1.0 = frithchaitear an solas ar fad, pláinéad bán; 0.0 = ní fhrithchaitear a dhath, pláinéad dubh) 0.106 0.65 0.367 0.15 0.52 0.47 0.51 0.41 0.3

an PhléadachAn tÉillínAn StreoillínAn Tréidín - cibé ainm a bheir tú ar an Phléadach, is é an cineál rud atá ann ná réaltbhraisle fhoscailte agus í le feiceáilt i réaltbhuíon an Tairbh. Tá an Phléadach suite thart ar cheithre chéad solasbhliain ar shiúl uainn, agus í tríocha solasbhliain ar fad - nó ar trastomhas b'fhéidir. Tá ceithre chéad réalt ann, go bunúsach, agus bíonn na daoiní in ann sé nó seacht réalt acu a aithne thar an chuid eile - sin é an fáth go dtugann lucht an Bhéarla an Mórsheisear Deirféarach, the Seven Sisters, orthu. Tá ainmneacha ar leith ar naoi réalt de chuid na Pléadaí, áfach: Taygeta, Asterope, Maia, Caleone, Electra, Merope, Alcyone, Atlas agus Pleione. Tá Asterope agus Caleone níos lú ná an chuid eile acu, is é sin, níl siad comh geal; ón taobh eile de, tá Atlas agus Pleione comh tiubh in aice le chéile agus go mbíonn sé deacair ag na daoiní iad a aithne thar a chéile.

Dealraíonn sé go bhfuil thart ar chaoga milliún bliain d'aois ag na "deirféaracha", agus is beag é i dtéarmaí na réalteolaíochta. Tá cuid mhór den ghás as ar fáisceadh iad fágtha ina réaltnéal thart timpeall na réaltaí féin, agus loinnir cineál taibhsiúil ann, an dóigh a mbíonn sé ag foluain ina shraoilleach ins an spás. Fathaigh gheala atá ins na réaltaí is cuidsúlaí de chuid na Pléadaí - réaltaí nach dual dófa an fad saoil a bíos geallta d'abhacréaltaí suaimhneacha an phríomhsheichimh, cosúil leis an Ghrian s'againn.

Tá an Phléadach ar an chúigiú réad is dhá scór ar Chatalóg Messier (M45). Is í an uimhir atá aici ar an Nua-Chatalóg Ghinearálta ná míle ceithre chéad a dó déag is fiche (NGC1432).

Plútón: an darna habhacphláinéad is mó ins an Ghrianchóras. Roimh an bhliain 2005, ghlactaí le Plútón mar phláinéad, ach ós rud é go rabh an chosúlacht ag teacht ar an scéal go rabh sé níos cosúla le réadanna Chrios Kuiper, bhí gá lena athaicmiú. Ní bhfuarthas amach fá dtaobh de Phlútón ach ins an bhliain míle naoi gcéad tríocha, agus is beag cuid súl atá ann do na réalteolaithe amaitéaracha. Ós rud é nach dtáinig aon spástaiscéalaí ina ghaire riamh, tá muid sách aineolach ar an réad chianmhar seo i gcónaí.

Tá Plútón ag timpeallú na Gréine ar fhithis fhadaithe éalárnach. Cuireann sé isteach turas amháin thart ar an Ghrian in aghaidh gach aon dá chéad ocht mbliana is dhá scór (248 mbliana), agus é ag caitheamh fiche bliain acu taobh istigh d'fhithis Neiptiúin. Mar sin, ins na blianta 1979-1999, bhí Plútón ní ba ghaire don Ghrian ná an Neiptiún. Shroich Plútón a pheirihéilian (a gharphointe don Ghrian) i ndeireadh na n-ochtóidí.

Tá fithis Phlútóin in athshondas le fithis Neaptúin. Ciallaíonn an méid sin go gcríochnaíonn Plútó dhá thuras timpeall na gréine ins an tréimhse a thóganns sé ar Neiptiún trí thuras den chineál chéadna a chur isteach. Tá cuid mhaith de réadanna Chrios Kuiper in athshondas le Neiptiún ar an bhealach chéadna, agus iad ag timpeallú na Gréine ar aon rithim le Plútón. Plúitíonónna, is é sin, "Plútóin bheaga", a bheirthear ar na réadanna seo: plúitíonó atá in Ixion, mar shampla. Is iad na plúitíonónna an chúis is tábhachtaí le hathaicmiú Phlútóin mar abhacphláinéad agus mar réad de chuid Chrios Kuiper, is dócha.

Tá trí shatailít nádúrtha ag Plútón, is é sin, Carón, Nix, agus Hydra. Is ionann trastomhas Charóin agud an ceathrú cuid de thrastomhas Phlútóin, rud a chiallaíonns go bhfuil Carón ar an ghealach is mó ins an ghrianchóras ar fad i gcoibhneas an phláinéid atá sé a thimpeallú. Déanta na fírinne, ní hé Carón atá ag timpeallú Phlútóin, ach is iad Plútón agus Carón araon atá ag timpeallú comh-mheáchanlár an chórais imtharraingthe atá comhdhéanta as Plútón agus a chuid gealach. Tá an meáchanlár suite taobh amuigh de Phlútón, siúd is go bhfuil sé in aice leis an phláinéad. Ar mhaithe leis an chomparáid, is féidir an rud céadna a rádh i dtaobh an Domhain agus na Gealaí, ach amháin go bhfuil a gcomh-mheáchanlár siúd suite taobh istigh den Domhan.

Níl Plútón agus Carón ag casadh ar a n-aiseanna, i gcoibhneas a chéile ar a laghad. De réir mar atá Carón ag timpeallú Phlútóin, tá Plútón ag casadh, i gcruth is go bhfuil an dá réad ag taispeáint an aghaidh chéadna dá chéile an t-am go léir.

Ní bhfuarthas amach fá dtaobh den dá ghealach eile, Nix agus Hydra, roimh an bhliain 2005. Tá siad ag timpeallú Phlútóin (nó meáchanlár chóras Phlútóin, le bheith beacht) níos faide amuigh ná Carón, agus táthar ag déanamh go bhfuil siad timpeall ar 50-150 ciliméadar ar trastomhas. Is í Hydra an ceann is gile (agus, de réir dealraimh, an ceann is mó) den bheirt, agus í níos faide ón Phlútón ná Nix.

pointí Lagrange: pointí in aon chóras dhá réad ins an spás ar féidir an tríú réad a chur iontu ionas go gcoinneochaidh sé a shuíomh socair i gcoibhneas an dá réad eile. Tá cúig phointe den chineál seo ar chonair an Domhain timpeall ar an Ghrian, agus iad uimhrithe mar seo a leanfas:

L1: Tá an pointe seo suite ar an líne dhíreach a ritheanns fríd an Ghrian agus fríd an Domhan, taobh istigh de chonair an Domhain.

L2: Tá an pointe seo suite ar an líne chéadna, taobh amuigh de chonair an Domhain.

L3: Tá an pointe seo suite ar chonair an Domhain, ar an taobh chontráilte den Ghrian.

L4: Tá an pointe seo suite ar chonair an Domhain, 60 céim stua roimhe.

L5: Tá an pointe seo suite ar chonair an Domhain, 60 céim stua ina dhiaidh.

Is iad an dá phointe is tábhachtaí ná an pointe L4 agus an pointe L5. An trí phoint eile, níl an oiread sin úsáide iontu, ós rud é go bhfuil siad cineál éagobhsaí - an réad a shuífear ansin, cuirfidh an trasnaíocht is lú óna chonair é. Mar sin féin, tá an-tábhacht leis na pointí seo ar fad in obair na spásaireachta, agus is iomaí scríbhneoir ficsin eolaíochta fosta ar rith leis coilíneachtaí spáis a bhunú ar stáisiúin spáis a bheadh ag timpeallú na Gréine ag na pointí seo.

Tá pointí den chineál seo ar chonairí na bpláinéad eile, ar ndóighe. Thar aon rud eile, is díol suime pointí Lagrange ar chonair Iúpatair. Ins an dá phointe díreach roimh Iúpatar agus ina dhiaidh (L4 agus L5), tá dornán maith astaróidigh bheaga ag comóradh an phláinéid mhóir sin ar a thuras timpeall na Gréine. Bheirthear na Traígh ar na hastaróidigh seo. (Ins an chiall is cúinge, cha dtugtar "na Traígh" ach ar na cinn atá ag leanstan L5 nó "an nód Traíoch"; is iad na "Gréagaigh" na hastaróidigh a chloíonns leis an "nód Ghréagach", is é sin, L4.) Tá cupla compánach den chineál seo ag Mars fosta, ach níor éirigh leis na heolaithe aon Traíoch a aimsiú i bpointí Lagrange ar chonair an Domhain s'againn.

Tá gealacha áithrid de chuid Shatarn ag timpeallú an phláinéid ar aon fhithis le gealach eile, i bpointe Lagrange. Is "Gréagach" do Tethys í Telesto, agus is "Traíoch" do Tethys í Calypso. Tá Traígh ag Dione comh maith, nó tá Polydeuces ag timpeallú Shatarn ins an nód Ghréagach ar chonair Dione, agus is í Helene an Traíoch ins an chiall chúng. Tá sonrú curtha i ndornán bheag d'astaróidigh i nód Ghréagach Neiptiúin fosta.

B'é an réalteolaí Iodálach Giuseppe Luigi Lagrangia, thiar ins an ochtú haois déag, a fuair amach fá dtaobh de na pointí seo. Rinne sé a chuid oibre i bPáras agus fuair sé éadóirsiú mar shaoránach ins an tír sin sa deireadh thiar thall, rud is ábhar leis go bhfuil aithne níos fairsinge air mar Joseph Louis Lagrange, an leagan Fraincise dá ainm is dá shloinne. Bhí suim ar leith aige ins an imtharraingt i gcóras trí réad, cosúil le córas na Gréine, an Domhain agus na Gealaí, agus é ag caitheamh a chuid dúthrachta ag oibriú amach míniúcháin nó anailisí matamaiticiúla ar iompar agus ar ghluaiseachtaí na satailítí. Níor fíoraíodh a chuid teoiricí fá dtaobh de na pointí seo ach i dtús na fichiú haoise, nuair a thángthas trasna ar an chéad Traíoch.

Tá an gléas taighde udaí SOHO ag timpeallú an phointe de chuid Lagrange atá díreach romhainn ar fhithis an Domhain (is é sin, L4, nó an nód Gréagach). Is é is brí le SOHO ná an Réadlann Gréine agus Héilisféir, agus mar sin, is é is cuspóir leis an réadlann ná taighde a dhéanamh ar choróin na Gréine agus ar an ghrianghaoth. Comhfhiontar atá ann de chuid NASA agus ESA araon.

poll Kerr dúpholl atá á chasadh timpeall air féin - is é sin, dúpholl a bhfuil móiminteam uilleach aige. Fuair poll Kerr an t-ainm ón fhisiceoir Nua-Shéalannach Roy Kerr ar éirigh leis cothromóidí na coibhneasachta ginearálta a fhuascailt le cur síos a thabhairt ar an chineál seo dúphoill.

poll péistedroichead Einstein-Rosen: Tá siméadracht áithrid ag baint leis na fuascailtí matamaiticiúla a bhfuil ár gcuid eolais fá dtaobh de na dúphoill bunaithe orthu. Ceadaíonn an tsiméadracht seo go bhfuil "taobh eile" ag an dúpholl - "bánpholl" nó "gealpholl" agus é suite i gcearn eile ar fad dár n-ollchruinne féin nó in ollchruinne eile ar fad. Ansin, bheadh bealach - poll péiste nó droichead Einstein-Rosen - ag dul fríd an dúpholl go dtí an saol eile sin. Is léir gur spreag an hipitéis seo roinnt mhaith scríbhneoirí ficsin eolaíochta chun oibre le scéalta a chumadh fá dtaobh de spástaistealaithe neamheaglacha agus iad ag siúl na hollchruinne fríd na poill phéiste seo, ach mar is dual dófa, níor léirigh na saineolaithe féin an oiread céadna diograise, nó is é a dtuairim féin go bhfuil an droichead druidte ag an tsingilteacht, nach ligeann d'aon eolas nó ionformáid dhul fríd an pholl.

poll Schwarzschild dúpholl nach bhfuil móiminteam uilleach aige

príomhsheicheamh: Má chuirtear na réaltaí isteach i léaráid Hertzsprung-Russell de réir a ngile agus a dteochta, gheofar naoi gcinnn as achan deich réalt taobh istigh de chrios a thoisíonns thuas ar chlé agus é ag titim ar dheis. Is é an crios seo an príomhsheicheamh. Tá réaltaí an phríomsheichimh ag comhleá na núicléas hidrigine le héiliam a dhéanamh agus le fuinneamh agus solas a tháirgiú: nuair a rithfeas an hidrigin gann orthu, fágfaidh siad an príomhsheicheamh.

prionsabal an eisiaimh, prionsabal eisiaimh Wolfgang Pauli: prionsabal ardtábhachtach a stiúranns cinniúint na bhfearmón. Deir an prionsabal seo nach féidir le dhá fhearmón an staid chandamach chéadna a ghabháil ins an am chéadna agus ins an áit chéadna. Is toradh dó seo, mar shampla, an dóigh a bhfuil an damhna, mar is aithin dúinn é, comhdhéanta as adaimh agus an dóigh a gcaithfidh na leictreoin thart timpeall an núicléis eagar agus inneall ar leith a chur orthu féin, le leictreonsceallaí, leibhéil fhuinnimh agus fithiseáin, lena sheachaint go bhfaighfeadh aon dá leictreoin iad féin in aon staid chandamach le chéile, i ndiúnas ar phrionsabal an eisiaimh. Ach go bé go bhfuil an prionsabal seo i bhfeidhm, ní bheadh gá ar bith le hadaimh a bheith ann, agus ní bheadh cruinne an damhna is na rudaí "cruadha" ann mar a mhothaíonns muid in éadan ár dtadhaill iad.

Tá na rudaí cruadha sin déanta as fearmóin - buncháithníní a bheir urraim don Phrionsabal. Na buncháithníní nach bhfuil cuimsithe ag an phrionsabal seo agus nach fearmóin iad - na bósóin - tá páirt á déanamh acu féin ins an ollchruinne s'againn, áfach. Nó bíonn cuid acu ina gcáithníní iompair ag fórsaí nó ag eadarghníomhaíochtaí eadar na fearmóin, cosúil leis na fótóin agus na measóin.

Is é an prionsabal seo fosta a choinníonns na habhacréaltaí bána ó imphléasc a dhéanamh agus ó iompó ina neodrónréaltaí, go bunúsach. Má sháraítear teorainn Chandrasekhar, áfach, sárófar prionsabal Pauli féin le teann na himtharraingthe - rud a chiallaíonns nach absalóid é an prionsabal seo.

Tá prionsabal an eisiaimh ainmnithe as fear a churtha i bhfocla, an fisiceoir Ostarach Wolfgang Ernst Pauli, agus é ar duine de na daoiní is tábhachtaí i stair na fisice. Ní bheadh sé as cosán dá mbeadh ainm Pauli i mbéal an phobail comh minic agus atá ainm Einstein.

ProcyonAlpha Canis Minoris, an réalt is gile i réaltbhuíon an Mhadaidh Bhig. Déanta na fírinne, tá an réaltbhuíon ar fad ainmnithe as Procyon, nó is é is brí le Procyon ná "an Réamh-Mhadadh", sin le rádh, réamhtheachtaire Réalt an Mhadaidh (Sirius), a tchíthear ag éirí ar lorg Phrocyon. F-réalt atá ann, mar Phrocyon, agus é ar an chúigiú réalt is gile ar an spéir (de réir foinse amháin; deir foinse eile go bhfuil sé ar an ochtú réalt is gile, mar a tchíthear dúinn féin é; ach is déréalt athraitheach é, ós rud é go bhfuil abhacréalt gheal mar leathbhádóir aige, agus an bheirt sin ag déanamh turas amháin timpeall a chéile in aghaidh gach dá scór de bhlianta). Ní fathach ceart atá ann go fóill ach fo-fhathach atá díreach ar tí iompó ina fhathachréalt. Tá Procyon suite sách gar dúinn féin, nó níl ach aon solasbhliain déag, nó trí pharsoic go leith, eadar sinn agus an réalt seo. Mar sin, is í a gaire is cúis le comh geal agus a tchí muid í.

Quaoar ceann de na réadanna is mó i gCrios Kuiper. Tá sé míle trí chéad ciliméadar ar thrastomhas, agus é ar an réad is mó dár fionnadh ins an Ghrianchóras ó fuarthas amach fá Phlútón. Tá sé ag timpeallú na Gréine ceart go leor, ach má tá, tá sé ceithre huaire agus dhá scór (!) níos faide uaithi ná an Domhan. Is beag eile is eol dúinn fá dtaobh den réad rúndiamhrach seo, comh fada amach uainn is atá sé.

Tháinig an t-ainm sin "Quaoar" as teanga na mbundúchasach i gCailifornia Theas, agus seasann sé don dia cruthaitheora ina reiligiún siúd. Creideann siad gurb é Quaoar an chéad dia a tháinig ar an fhód i dtús ama, an dia a thoisigh a rith damhsa agus a chanadh amhrán leis na déithe eile a scairteadh chun saoil.

B'iad Mícheál de Brún agus Chad Trujillo, agus iad ag obair in Institiúid Teicneolaíochta Chailifornia (Caltech) i bPasadena a tháinig trasna ar Quaoar thar aon duine eile. Cupla bliain ina dhiaidh sin, is é sin, i bhFeabhra na bliana 2004, a fuair siad amach fá dtaobh de réad níos mó fós i gCrios Kuiper, réad nach bhfuil d'ainm air i láthair na huaire ach uimhir.

réadóirréalteolaí amaitéarach: duine gan oiliúint fhoirmeálta réalteolaíochta agus é ag déanamh breathnuithe ar an spéir agus ag cur suime i dtorthaí taighde na réalteolaíochta. Ós rud é go bhfuil na réaltaí le feiceáilt ag gach duine, bíonn suim mhór ag an chosmhuintir ins an réalteolaíocht, agus má éiríonn le haon réalteolaí leabhar intuigthe agus spéisiúil faisnéise a bhreacadh síos fá dtaobh d'fhadhb ínteacht de chuid lucht a chomhcheirde, beidh an-ghal ar a leabhar.

Chan fhuil sé dodhéanta breathnuithe réalteolaíochta de do chuid féin a dhéanamh, gan de ghléas agat ach súile do chinn féin, ar a laghad má tá cónaí ort fán tuaith, i bhfad ar shiúl ó thruailliú solais na gcathrach mór. Chan fhuil teileascóp de dhíth i dtús an chaitheamh aimsire seo - is féidir leat go leor a fheiceáilt gan a leithéid de bhréagán. Is fearr duit do theileascóp féin a cheannach níos deireanaí, nuair a bhéas aithne mhaith agat ar cheithre chearn na spéire, agus is iomaí réadlann ollscoile a bíos sásta grúpaí réadóirí a fháiltiú isteach chun radharc a bhaint as an spéir le teileascóp cheart. Thairis sin, bíonn cumainn réadóireachta ann agus iad ag reachtáil réadlanna beaga dá gcuid féin. Cibé scéal é, tá an spéir comh foirgthe le réaltaí, réaltnéalta agus iontais eile is go bhfuil sé dodhéanta ag aon duine amháin iad a spíonadh ar feadh a shaoil, fiú mura bhfuil ach déshúiligh aige mar ghléas breathnadóireachta. Sin ceann de na cúiseanna leis an ráchairt mhór atá ar an réadóireacht mar chaitheamh aimsire.

Bíonn na réadóirí ag comhoibriú agus ag cuidiú leis na fíor-réalteolaithe ó am go ham, go háithrid le hobair a dhéanamh nach n-éilíonn mórán matamaitice agus nach acmhainn leis na hollscoltacha daoiní a fhostó lena haghaidh. Tá traidisiún ag baint leis an chineál comhoibriú seo cheana féin. Ar na daoiní ba mhó a spreag na hamaitéaraigh chun na hoibre seo, bhí Friedrich Argelander (1799-1875), réalteolaí Gearmánach a rabh gaolta Fionlannacha aige agus a chaith seal ag obair ins an Fhionlainn. Ins an bhliain 1844, d'fhoilsigh Argelander alt faoin teideal Aufforderung an die Freunde der Astronomie mar ghairm shlógtha ar "chairde na réalteolaíochta", inar leag sé amach na cineálacha oibre ina bhféadfaidíst cuidiú leis na réalteolaithe proifisiúnta, ó nach rabh acmhainní, gléasra ná am acu siúd breathnuithe comh uileghabhálach a chur i gcrích agus a ba mhian leofa. D'fhreagair na réadóirí amaitéaracha é go díograiseach, agus tháinig borradh mór faoin réadóireacht mar chaitheamh aimsire.

Más in Éirinn atá tú lonnaithe, agus suim agat ins an réadóireacht, ná bíodh aon mhoill ort lán do shúl a bhaint as na leathanaigh ghréasáin seo: www.astronomy.ie.

Réalt Barnard réalt bheag dhearg (abhacréalt dhearg) atá suite réasúnta cóngarach dúinn, is é sin, sé sholasbhliain. Thairis sin, tá sí ar ceann den bheagán réadanna atá ag druidim isteach linn i láthair na huaire. (De réir dealraimh, rachaidh sí thart linn i gceann naoi míle bliain, agus ní bheidh mórán thar an trí sholasbhliain eadar an Ghrian agus an réalt sin, an lá udaí.) Ós rud é nach bhfuil inti ach abhac fannlag, ní féidir í a aithne gan a dhul i muinín an teileascóip. B'é an réalteolaí Meiriceánach Edward Emerson Barnard (1857-1923) a chuir sonrú ins an réalt seo an chéad uair. Tá an réalt seo le feiceáilt i réaltbhuíon Fhear na bPéisteanna.

réaltbhraisle grúpa, clíbín nó cruinneagán de réaltaí agus nasc fisiciúil, cosúil leis an chomh-imtharraingt, eatarthu. Glactar leis gurb as an ghásnéal chéadna nó as an réigiún chéadna den mheán eadar-réaltach a d'fhás na réaltaí in aon réaltbhraisle amháin - is é sin, gurb as na comhábhair chéadna a fáisceadh iad. Roinntear na réaltbhraislí ina gcinn fhoscailte agus ina gcinn chruinneogacha.

réaltbhraisle chruinneogach cruinneagán seanréaltaí agus iad ag cloí le chéile cuibheasach dlúth. Dealraíonn sé, fiú, go bhfuil dúpholl mar chroílár ag cuid de na réaltbhraislí seo. Bíonn na réaltbhraislí cruinneogacha ag timpeallú chroíleacan an réaltra s'againn ar fhithisí fadaithe.

Is í an teoiric atá ag na réalteolaithe inniu ná gur cineál "creach chogaidh" iad na réaltbhraislí seo, nó cuid acu ar a laghad. Is é sin, fuair muid ó Scamall Mhór Magellan iad na milliúin is na hilmhilliúin de bhlianta ó sin, nuair a bhí Bealach na Bó Finne agus Scamall Mór Magellan i bhfad ní ba ghaire dá chéile, agus ár réaltra féin ag sú réaltbhraislí iomlána chuige ón Scamall.

réaltbhraisle fhoscailte réaltbhraisle, nó cruinneagán de réaltaí, atá suite cuibheasach gar dá chéile, cionn is gur fhás siad as an ghásnéal eadar-réaltach chéadna. D'fhéadfá a rádh gur cupla céad réalt a bíos i réaltbhraisle fhoscailte thipiciúil, agus iad suite i réigiún den spás nach sroicheann mórán thar leathchéad solasbhliain in aon treo. Is dual do na réaltbhraislí foscailte titim as a chéile in imeacht na milliún bliain, ach mar sin féin, coinníonn siad an treo céadna i bhfad i ndiaidh dófa scabadh eadar na réaltaí eile. Chuala saol na réalteolaíochta iomrá, mar shampla, ar réaltbhraisle fhoscailte an Bhéir Mhóir. Tá réaltaí na braisle seo scabtha comh scáinte ar fud na spéire agus go bhfuil ceann acu le feiceáilt ar an taobh thall agus an ceann eile ar an taobh abhus den spéir, ach is féidir a aithne ar a ndualghluaisne go rabh braisle thiubh iontu i dtús an ama. Baineann an chuid is mó de réaltaí an Chamchéachta le réaltbhraisle fhoscailte an Bhéir Mhóir.

I measc na réaltbhraislí foscailte nach bhfuil scabtha as a chéile go fóill, áirítear an Choirceog (Praesepe), na Hyades agus an Phléadach (sin le rádh, an Streoillín, nó an tÉillín, nó an Tréidín - bheir lucht an Bhéarla "an Seachtar Deirféarach", nó The Seven Sisters, ar an Phléadach).

réaltbhuíon grúpa de réaltaí ar aithin súil an duine cuma nó cosúlacht ar leith air, fadó, i gcruth is go dteachthas ina thaithí ainm ar leith a thabhairt ar na réaltaí seo in éineacht. De réir a chéile, ghlac na réalteolaithe féin leis na hainmneacha is na réaltbhuíonta seo, mar ghléas praiticiúil i léarscáiliú na spéire. Ar ndóighe, má tá aon dá réalt suite in aice a chéile ins an réaltbhuíon chéadna, ní chiallaíonn sin iad a bheith suite in aon ghaobhair dá chéile dáiríribh.

Réalt Kapteyn abhacréalt dhearg atá suite i réaltbhuíon an Phéintéara, agus í trí sholasbhliain déag ar shiúl uainn. Tá sí ainmnithe as an réalteolaí Ollannach Jacobus Cornelius Kapteyn (1851-1922).

réaltlachastaireacht: grúpa suntasach réaltaí nach bhfuil ina réaltbhuíon de réir na réaltmhapaí, siúd is go mbíonn aithne ag na daoiní air go coitianta. Cuid de réaltbhuíon "oifigiúil" a bíos i réaltlach, de ghnáth. Réaltlacha atá ins an Chamchéachta (nach bhfuil ann ach cuid den Bhéar Mhór, siúd is gurb é an chuid lárnach é) agus ins an Bhanlámh (agus í ina cuid den Bhodach).

(Glacaim buíochas le Fidelma Ní Ghallchobhair agus leis an Choiste Téarmaíochta ar son an téarma seo a sholáthar domh. P.P.H.)

Réaltnéal an Mhurlaigh (réad a hocht ar Chatalóg Messier, is é sin, M8): réaltnéal i réaltbhuíon an tSaighdeora. Go bunúsach, néal hidrigine atá ann, agus an hidrigin á hianú ag solas is ag radaíocht na réaltaí i réaltbhraisle bheag (NGC6530) atá suite beagnach i lár an réaltnéil. Creidtear go bhfuil an réad cuidsúlach seo suite thart ar cheithre go leith míle solasbhliain uainn. I gcroílár Réaltnéal an Mhurlaigh, tchíthear Réaltnéal an Orláiste, atá scoilte ina dhá leath mar a bheadh leath thuas agus leath thíos an orláiste ann.

Is iad na cruinníní dorcha is mó a thabhaigh a cháil don Mhurlach i measc na saineolaithe. Seort néalta troma dorcha dubha cruinne atá iontu, mar chruinníní, agus iad comhdhéanta as deannach agus gás, ach amháin go bhfuil siad ag cuachadh isteach chucu féin faoina n-imtharraingt féin. Deir teoiric amháin go bhfuil siad ar tí iompó ina réaltaí, ach má deir féin, chan fhuil ann fá láthair ach teoiric.

Tá réaltnéal eile den chineál chéadna, mar atá, an Réaltnéal Trípháirteach, le feiceáilt in aice leis an Mhurlach.

Réaltnéal an Phortáin - bheadh sé ní ba chiallmhaire, b'fhéidir, Réaltnéal an Ghliomaigh a bhaisteadh ar an réad seo as Gaeilge, nó níl sé suite in aon ghaobhair do réaltbhuíon an Phortáin, ach ins an Tarbh. Is é an cineál rud atá ins an réaltnéal seo ná iarsmaí i ndiaidh ollnóva, is é sin, seort gásnéal. Fuair an néal a ainm as an déanamh atá air, nó tá sé cineál cosúil le gliomach nó le cráifisc. Tá an néal seo ar an chéad réad ar chatalóg Messier - M1. Chonacthas an t-ollnóva ba chúis leis an néal seo ins an bhliain 1054: siúd is go rabh sé suite sé mhíle trí chéad solasbhliain ar shiúl uainn, bhí an t-ollnóva ina chuid súl le solas na gréine féin ar feadh chonablach na míosa. B'iad na réalteolaithe Síneacha thar aon dream eile a chuir an radharc iontach seo i míotar, ach creidtear go bhfuil an t-ollnóva áithrid seo mar mhóitif i bpioctúirí áithrid a d'fhág sibhialtacht sheanársaí na nAnasazi ina ndiaidh i Meiriceá Thuaidh.

Tá neodrónréalt fágtha den réalt a phléasc ina hollnóva, agus í ag astú radathonnta agus x-ghathanna ina mbíoganna. Pulsár a bheirthear ar a leithéid de neodrónréalt, ar ndóighe. Ins an chás áithrid seo, bheirthear Pulsár an Phortáin uirthi.

Réaltnéal an Tromáin Lúith: Tá Réaltnéal an Tromáin Lúith ar an tseachtú réad fichead ar Chatalóg Messier (M27). Is í an uimhir atá air ar an Nua-Chatalóg Ghinearálta ná sé mhíle ocht gcéad a trí dhéag is dhá scór (NGC6853). Tchíthear i réaltbhuíon an tSionnaigh é, agus é suite míle dhá chéad solasbhliain uainn. Cuid súl atá ann do lucht na ndéshúileach is na dteileascóp, i bhfianaise an éagsúlacht dhathanna a chuireanns sé de.

Réaltnéal Mheiriceá Thuaidh: Tá an réaltnéal seo ag breathnú cineál cosúil le hIlchríoch Mheiriceá Thuaidh, agus sin é an fáth a bhfuil a leithéid d'ainm air. Tá an t-ainm féin sách nua, nó ní bhfuarthas amach fán déanamh atá ar an réaltnéal seo ach i ndeireadh na naoú haoise déag, nuair a tógadh an chéad ghrianghraf teileascópach de. Bhí an réaltnéal féin aimsithe le fada an lá, nó mura bhfuil a dhath ceárr leis an atmaisféar, is féidir leat é a aithne le súile do chinn féin, gan a dhul i dtuilleamaí na ndéshúileach. Tá an néal suite fá dhá mhíle trí chéad solasbhliain dínn, agus é ar an seacht míliú réad ar an Nua-Chatalóg Ghinearálta (NGC7000). Tá sé le feiceáilt i réaltbhuíon na hEala, in aice le Réaltnéal an Pheileacáin, nach bhfuil comh geal le Réaltnéal Mheiriceá Thuaidh. Tá an réalt is gile i réaltbhuíon na hEala, mar atá, Deneb, le feiceáilt in aice leis an dá réaltnéal seo.

réaltra córas nó cruinneagán de na milliúin réalt, cosúil le Bealach na Bó Finne. De réir an chrutha agus an déanaimh atá orthu, is gnách na réaltraí a aicmiú ina réaltraí éilipseacha, ina mbíseanna, ina réaltraí lionsacha, ina bhfáinní, ina ndlúthréaltraí agus ina réaltraí neamhrialta. Réaltraí bíseacha iad Bealach na Bó Finne agus Réaltra Andraiméide.

Réaltra Andraiméide: Is é Réaltra Andraiméide an réad réalteolaíoch is faide amuigh a thig a aithne gan oirnéisí cianradhairc is cumhachtaí ná súil do chinn féin. Réaltra bíseach atá ann, cosúil leis an réaltra s'againn, agus é ar an réaltra is mó ins an Ghrúpa Áitiúil de réaltraí - is é Bealach na Bó Finne an darna ceann is mó. Tá Réaltra Andraiméide suite fá chupla milliún solasbhliain dínn, agus é timpeallaithe ag dornán maith réaltraí satailíteacha. Tá Réaltra Andraiméide thart ar dhá chéad míle solasbhliain ar trastomhas, agus mar a aithnítear ar a ainm, tá sé le feiceáilt i réaltbhuíon Andraiméide. Is é an bharúil atá ag na réalteolaithe amaitéaracha nach bhfuil mórán cuid súl ins an réaltbhuíon sin, amach ó Réaltra Andraiméide.

Tá an réaltra seo ar réad a haon déag is fiche ar Chatalóg Messier (M31) agus ar réad dhá chéad a ceathair is fiche ar an Nua-Chatalóg Ghinearálta (NGC 224).

Réaltra an Ghuairneáin: sin é an gnáthainm a bheirthear ar an réaltra arb é réad uimhir a 51 é i gCatalóg Messier, nó réad uimhir a 5195 i Nua-Chatalóg Ghinearálta na Réaltnéalta is na Réaltbhraislí. Is é an rud is suntasaí fá dtaobh den réaltra seo ná comh cóngarach agus atá sé suite do réaltra eile atá i bhfad níos lú, agus géaga bíseacha Réaltra an Ghuairneáin á míchumadh ag imtharraingt an leathbhádóra bhig sin. Creidtear fosta go bhfuil an eadarghníomhaíocht seo ag spreagadh cruthú tuilleadh réaltaí ins an réaltra is mó acu.

Réaltra an tSóimbréaró, réaltra bíseach atá le feiceáilt ón taobh, i gcruth is go bhfuil sé ag breathnú cosúil le hata leathan Meicsiceach. Aithnítear ar imeall réaltbhuíon na Maighdine é. Tá sé ar réad céad a ceathair ar chatalóg Messier (M104), agus ar an cheithre mhíle cúig chéad ceathrú ceann déag is ceithre scór ar Nua-Chatalóg Ghinearálta na Réaltraí, na Réaltnéalta is na Réaltbhraislí (NGC4594).

réaltsruth: sruth de réaltaí atá ag timpeallú réaltra, agus a rabh réaltra beag nó réaltbhraisle chruinneogach ann i dtús báire. Má thig réaltra beag nó réaltbhraisle chruinneogach i gcóngar don réaltra mhór, oibreochaidh imtharraingt an réaltra mhóir air, agus in imeacht na milliún blianta, streachlófar an réaltbhraisle nó an réaltra beag as a chéile, agus na réaltaí á leagan ar chonair úr atá ag dul timpeall an réaltra mhóir, ina réaltsruth.

Rhea: satailít de chuid Shatarn. Tá Rhea ar an darna gealach is mó dá bhfuil ag timpeallú Shatarn, agus í míle go leith ciliméadar ar trastomhas (mar sin, tá sí níos lú ná an Ghealach s'againn féin - níl ach aon ghealach amháin, is é sin, Tíotán, ag Satarn atá níos mó ná ár nGealach). Tá Rhea iontach cosúil le Dione, satailít eile de chuid Shatarn, ó thaobh an tírdhreacha agus na hailbéideachta de. Thairis sin, tá an dá ghealach seo ag fithisiú an phláinéid go sioncrónach - is é sin, ag drannadh na haghaidhe céadna leis an t-am ar fad. Ní rud as an ghnáth é sin ar aon nós, nó sin é mar a ghní ár nGealach féin, fosta. Ach is díol iontais é comh cosúil agus atá Rhea agus Dione le chéile ó thaobh na hailbéideachta de. Nó, an leathsféar de Rhea (agus de Dione) atá iompaithe an bealach atá an ghealach ag dul ar aghaidh ar a fithis, tá sé i bhfad níos gile ná an leathsféar eile. D'fhéadfá a rádh go bhfuil aghaidh gheal agus cúl dorcha ag an dá ghealach seo. Tá an leathsféar geal criathraithe le cráitéir, murab ionann agus an leathsféar dorcha. Ón taobh eile de, tá línte geala ag dul trasna agus fiarthrasna an leathsféir dhorcha.

Tá Rhea ag timpeallú Shatarn fá chúig chéad seacht míle fichead de chiliméadair den phláinéad. Críochnaíonn Rhea aon chúrsa amháin thart ar Shatarn in aghaidh an cheithre lá go leith (laetha dár gcuid féin atá mé a mhaíomh). Dealraíonn sé nach bhfuil Traígh ag Rhea, nó, ar a laghad, ní thángthas orthu go fóill.

RigelBeta Orionis, réalt mhór álainn fheiceálach agus í ag iompairc le Betelgeuse fá theideal na réalta is gile i réaltbhuíon an Bhodaigh. Má ghlactar leis go bhfuil déanamh an duine ar an Bhodach, is é Rigel cos an Bhodaigh, agus is é "cos" is ciall le hainm na réalta seo i dteanga dhúchais na seanréalteolaithe Arabacha. Tá Rigel suite fá sheacht gcéad trí sholasbhliana déag is trí scór (773 sholasbhliana) dínn, nó dhá chéad ceithre pharsoic déag is fiche (234 psc), ach ó tharla gur ollfhathach mór millteanach dochuimsitheach atá ann, tá Rigel ar réaltaí geala na spéire mar sin féin. B-réalt atá ann, is é sin, tá sé sách te mar réalt, agus solas bán nó bánghorm as. Siúd is go dtugtar Beta Orionis ar Rigel, bíonn sé ag taithneamh níos gile ná alfa-réalt an réaltbhuín, is é sin, Betelgeuse, an chuid is mó den am. Bíonn gile an dá réalt seo comh hathraitheach sin, áfach, is go sáraíonn Betelgeuse Rigel uaireanta.

Ilréalt atá i Rigel. Tá an t-ollfhathach á thimpeallú ag dhá chomhbhall níos lú, ar B-réaltaí iad comh maith leis an phríomhréalt féin.

roisteacha gáma-ghathanna: B'iad na satailítí spiadóireachta, thiar i laethanta an Chogaidh Fhuair, ba thúisce a fuair amach fá dtaobh den fheiniméan aistíoch seo. (Is é is gáma-radaíocht ann ná radaíocht atá cosúil leis na x-ghathanna, ach amháin go bhfuil minicíocht níos airde aici, agus níos mó fuinnimh á iompar aici - mar sin, tá na gáma-ghathanna in ann dul fríd na miotail féin, agus ós rud é go bhfuil an oiread sin fuinnimh iontu, níl siad folláin do na neacha beo. Tá na gáma-ghathanna le fáil ins an radaíocht chosmach, gan trácht ar bith a dhéanamh ar an radaighníomhacht.) Na roisteacha seo, thig siad ó áiteanna thar a bheith cianmhar, mar atá, leath bhealaigh eadar sinn agus imeall na hollchruinne inbhreathnaithe, agus níl na réalteolaithe ró-eolach go fóill cad é is bun leofa. Mar sin féin, is léir go bhfuil fuinneamh millteach i gceist, cibé cineál réadanna atá ann, agus cuid de na saineolaithe ag súgradh le coincheapa ar nós an hipearnóva, is é sin, go mbeadh reanna ollmhóra neimhe ag imphléascadh agus ag iompó ina ndúphoill agus iad dochuimsitheach mór trom téagartha.

Bhí sé deacair ag na saineolaithe ar tús a oibriú amach cá has a rabh na roisteacha seo ag teacht, ach inniu, tá mapaí nua curtha le gnáthmhapaí na spéire, is é sin, mapaí a thaispeánanns suíomhanna na roisteoirí gáma-ghathanna.