AN FÍCHIÚ hAOIS - CAD É AN RUD A BHÍ ANN? Cuid a Ceathair

Le Mark Rosenfelder

- B'fhéidir nach miste domh teoiric Phroinsiais Uí Shúilleabháin fá dtaobh de "thús an áil" agus "dríodar an chrúiscín" a tharraingt orm anseo. Is dócha do thús an áil bheith coimeádach: thig leis dearcaíocha na ndaoiní fásta a ghlacadh chuige go réidh, agus é ar a sháimhín suilt i leith an domhain mar atá sé. Is dóchúla do dhríodar an chrúiscín a dhul chun ceannairce is chun cearmansaíochta, nó caithfidh sé troid a chur le súil na dtuistí a tharraingt air féin. Is é mo thuairim nach mothaíonn tús an áil é féin go róchompordach fán liobrálachas.

Is é an téarma fada a chaith lucht an liobrálachais i mbun na tíre seo is bunrúta le cuid mhaith den fhrithliobrálachas: bhí na Daonlathaigh i seilbh na Comhdhála beagnach dhá scór bliain, agus daoiní liobrálacha - Nixon agus Ford san áireamh, nó bhí dearcadh measartha acu i leith na gcúrsaí sóisialta - i gceannas ar an rialtas le leathchéad bliain.

- D'éirigh go rómhaith leis na liobrálaigh, nó cha dteántar talamh slán de a thuilleadh gurb é an liobrálachas is fearr a shásaíonns an mhórchuid sa tsochaí. Bhí dáimh an tsaoil mhóir le cúiseanna ar nós an stáit shoilíosaigh, an árachais in éadan na dífhostaíochta, cothrom na féinne do na mionlaigh is na mná, nó b'iad an mheánaicme ba mhó a bhuaigh leis na catha seo, agus meánaicme atá i mórchuid na Meiriceánach i gcónaí. Is é an tátal a bhaintear as catha na bhForásach inniu nach bhfuil siad ag troid ach ar mhaithe leis na mionlaigh, agus ní féidir gluaiseacht pholaitiúil a bhunú ar dhlúthpháirtíocht le dreamanna eile amháin.

- Ní maith d'aon pháirtí polaitíochta bheith i seilbh na cumhachta i bhfad, nó is gnách dó éirí róshásta leis féin, neamart a dhéanamh ins an fhéinchriticeoireacht agus fiú lobhadas agus breabadóireacht a ligint isteach ar an chúldoras.

- Éiríonn an páirtí as a theagasc a mhíniú le deisbhéalaí. Is iomaí coimeádach callánach, ar nós David Horowitz ar an iris udai Salon, a chaith an chéad chuid dá shaol ina liobrálach; an chuid is mó acu seo is gnách dófa cur síos a thabhairt ar an liobrálachas nach féidir an rud féin a aithne air, agus gan ach cúiseanna den chineál is dual don déagóir acu leis an liobrálachas a thréigbheáilt. (Is é an fios fátha a thug duine de na tréigtheoirí seo le déanaí ná go bhfuil sé níos "siosmaidí" bheith i do choimeádach; b'é an deismireacht a thug sé mar thaca le seo ná nach daoiní faoi leatrom iad na daoiní gan fháras, ach gealta sráide. Mar sin, tráth den tsaol b'é an rud siosmaideach é na Gormaigh a dhiúltú fán cheart vótála agus fá na jabanna maithe? Agus an fíor é dáiríribh gurb é an dóigh "shiosmaideach" le caitheamh le gealta ná iad a fhágáilt gan frapa gan taca sa tsaol seo, ag fánaíocht na sráideanna ina ruipleacháin dhubhólta shalacha?)

Tá seo cosúil leis an dóigh a dtréigeann cuid mhaith daoiní creideamh Críostaí a gcéad óige gan tuigse an duine fhásta a fháil ar an reiligiún féin choíche. Síleann siad go bhfuair siad an lámh in uachtar ar Dhia ar chúiseanna réasúnta, nuair is é an t-aon rud amháin a d'éirigh leofa a bhréagnú ná an leagan simplithe den chreideamh a thairgtear do na páistí.

- Ansin, tá an rud ann ar a dtugtar post hoc propter hoc as Laidin. Má tá an liobrálachas fá réim le fada anuas, is dual do go leor daoiní é a mhilleánú ins achan rud faoi fhraitheacha na firmiminte dá dteachaidh ó rath eadar an dá linn: na Grágánaigh a bheith ag dul thar fóir, na drugaí nó an Cumannachas a bheith á leitheadú, nó an chiontóireacht a dhul chun olcais.

NA hIARARCAIGH

Catagóir eile is eadh iad na hiararcaigh - na daoiní a chreideanns gur dual do dhream amháin bheith chun tosaigh ar dhream eile. Ar ndóighe, is cuid de pheaca na sinsear é an dearcadh seo, ach is cuid é den liobrálachas diúltú dá lán éileamh traidisiúnta ar bharrchéimíocht, cibé cé acu atá siad bunaithe ar an reiligiún, ar an chineadh, ar an ghnéas, ar an dearcadh polaitíochta nó ar an bhéascna, agus cothrom na Féinne eadar na daoiní (os comhair an dlí, ar a laghad ar bith) a chur chun cinn. Tá go leor daoiní ann nach bhfuil dáimh acu leis an dearcadh seo, na dreamanna seo a leanas ach go h-áithride:

- Na Críostaithe. Tá smaoiteachas iararcach ag baint leis an Chríostaíocht, agus scála an ghradaim á shíneadh ón gharbhdhamhna go dtí na neacha beo, go dtí na daoiní daonna, go dtí na haingle, go Dia, agus tá sé de thraidisiún ag na Críostaithe scoilteacha géara a ghearradh eadar dreamanna éagsúla de dhaoiní comh maith.

- Na saighdiúirí proifisiúnta. Tá an tArm i dtuilleamaí an iararcachais lena gcuid oibre a dhéanamh go fónta.

- Na daoiní a bhfuil an saol ag éirí leofa, nó iad siúd a ghní a gcomhionannú féin le lucht sin an ratha: is dual don duine a chreidbheáil GO mBA CHÓIR DÓ bheith ins an mhullach ar an chuid eile ós rud é gur fearr é ná iad de réir a dhúchais.

Is é an biogóid an t-iararcach i bpraidhm a olcais, ar ndóighe. Ba chóir do na Liobrálaigh gan a shílstint gur redneck doleigheasta é gach coimeádach, agus fuath an daoil aige ar na feileacáin, ar na Gormaigh, ar na Giúdaigh agus lucht na hinimirce. Ach tá daoiní den chineál seo ann, agus meáchan ina gcuid vótaí. Coinníonn siad lucht ceannais an Pháirtí Phoblachtánaigh i ndubhfhaopach. Má ghní siad a lústar leis na biogóidí, dheánfar diantromaíocht orthu, agus gach seans go dtréigfidh baill mheasartha a bpáirtí féin iad. Má chaitheann siad anuas ar na biogóidí, caillfear vótaí na mbiogóidí. Ní nach ionadh, is é an gnáthleigheas ná doiléireacht is fánaíocht cainte a chleachtadh leis an dea-ghiúmar a choineáil ar an dá dhream.

Tá a mhalairt faidhbe ag crádh na nDaonlathach. Tá biogóidí ann a bhfuil fuath na ndaol acu ar an chineadh gheal, ar ndóighe, ach níl siad leath comh líonmhar leis na radacaigh is na forásaigh éagsúla a bhfuil cuspóirí acu nach dtig a bhaint amach agus saol na polaitíochta mar atá sé inniu. Tá Bill Clinton iontach ábalta ar an dá thrá seo a fhreastal. Ins an bhliain 1992 fuair sé tacaíocht na heite measartha fríd ionsaí a thabhairt fá Sister Souljah; an chuid is mó dá bhfuil curtha i gcrích aige, tá blas na heite deise measartha air, ach ina dhiaidh sin féin, is fear tuigseach trócaireach é mar dhuine, agus é in ann an ráiteas a bhaint as Toni Morrison gurb é "an chéad Uachtarán gorm ins an tír seo". Ós rud é nach bhfuil an cumas céadna ag baint le Gore, roghnaigh sé Bush a ionsaí ón lár, agus fágadh a sciathán clí rólag mar sin.

Fochineál galánta den iararcach is eadh é an frithdhaonlathach - an duine a chaitheanns a shaol ar a sháimhín suilt, beag beann ar an gharbhobair, nach náir leis dímheas a léiriú i seanard a chinn i dtaoibh an "tslua-dhuine" nach fiú a cheart vótála é. Bheir leabhar Wills camchuairt tuairisce ar roinnt acu seo, agus é ag aibhsiú Annraoi Dáithí Thoreau, H.L.Mencken agus Albert Jay Nock a sholáthair inspioráid luath d'Uilliam Ó Buachalla, i gcruth is gur fhág sé a shliocht ar smaoiteachas na gcoimeádach go léir i Meiriceá.

Is deacair gan gáirí scigmhagaidh a dhéanamh fá dtaobh den fhear ardoideachais, comh doirte dó féin is atá sé, agus é ag binnbharraíocht ar a chuid comharsan. Chan ábhar gáirí, áfach, dearcadh báúil Nock, cuir i gcás, ar uileloscadh na nGiúdach i nGearmáin na Naitsíthe: "Ag smaoitiú domh ar fhrithGhiúdachas Hitler, caithfidh mé a aidmheáil [...] nach dtiocfadh leis na Naitsithe, lena linn, a gclár oibre a chur i gcrích ach na Giúdaigh a ghlanadh as an Ghearmáin..." nó an dóigh a gcloíodh Mencken lena dhímheas ar na Gormaigh: "Cuma cén cineál ardoideachas atá ar an Ghormach, ní bheidh an darna suí ins an bhuaile aige ach fanúint ina shearbhónta dhíleas don fhear gheal agus é níos láidre ó thaoibh na hintleachta de ná an Gormach." - Bheadh a leathbhreac de dhaoiní in inmhe an-dochar a dhéanamh ar an tsochaí, ach go bé go gcuireann sé barraíocht samhnais orthu a lámha a shalú i gclábar na gnáthpholaiteoireachta.

Ina dhiaidh sin is uile, casadh daoiní i measc a bhfaca muid atá in ann a gcasaoid ar an liobrálachas a chur in iúl go húimléideach loighiciúil, dá laghad dá dtaithneann sí linn. Ní bhíonn an chuid is mó de na coimeádaigh in ann ach a dhul chun ceannairce is chun cearmansaíochta ar na liobrálaigh is a gcuid comhairlí ar chúiseanna a ghoid siad óna gcéile comhraic: is gnách dófa a áitiú, mar shampla, gur leatrom ar lucht an chraicinn ghil atá i gceist leis an tsaintacaíocht leis na Gormaigh nó gur "cearta speisialta" thar ár gcearta féin atá á n-éileamh ag na feileacáin. Tá an frithdhaonlathach in ann a bheith níos ionraice: go simplí, ní chreideann sé ins an daonlathas, agus ní fiú leis a mhalairt gnúis a chur air féin leis an tsaol mhór.

AG AMHARC AR AGHAIDH (le taobhshúil ar ais ar Liútar)

An dtig linn a dhath a fhoghlaim ón Eite Dheis?

Cinnte le Dia.

Caithfidh muid éirí as an bhéal bhocht. Creideann na liobrálaigh i gcothrom na Féinne, agus is é an dóigh is cinnte le súil na ndaoiní seo a tharraint ort ná fuilstint a chur in iúl dófa. Ach más iad na fuilsteanaigh amháin atá i dteideal cuidiú, cuirfidh gach mac máthar geáitsí na fuilsteana air féin, agus tréigfidh ciall na fíorfhuilsteana go hiomlán. Seo cineál bunriail: an té a mbuailtear cos air, an té a bhfuiltear á mharú, an té atá ag fáil léabairt is greidimíní, an té a gheibh bata is bóthar as a jab - sin é an fuilsteanach duit. An té a gcaitear anuas air nó a tchí pioctúir nach maith leis a fheiceáilt, ní fuilsteanach eisean.

Ba chóir cuidiú a nascadh d'fhreagracht. Sin é an fáth gurb é Habitat for Humanity an scéim charthanais is fearr liom, agus í ag cur d'fhiachaibh ar na daoiní faoi choimirce baill a choinneáil ar a gcuid tithe.

Ní saoradh é an focal udaí "freagracht" ón dualgas leigheas a lorg ar éagóir an tsaoil, ach comhlánú ar dheoladh na ndeontas. Is cruálach an magadh é a rádh leis na dífhostaithe a dhul a chuartú jabanna nach bhfuil ann ar scor ar bith. Caithfear na jabanna a sholáthar dófa, agus is féidir go bhfuil traenáil de dhíth lena chur ar chumas na ndaoiní seo jab a fháil is a choinneáil. Nó cha dtig talamh slán a dhéanamh de go bhfuil an duine ábalta air sin mura bhfuair sé tógáilt mheánaicmeach.

Caithfear srian ínteacht a choinneáil leis an rialtas. Tá an rialtas de dhíobháil fá choinne go leor rudaí, ach is féidir dó éirí lánsáiteach uaireanta, nó praiseach a dhéanamh de na leasaithe ar an tsochaí. Tá barraíocht cumhachta dílsithe do na cúisitheoirí i gcásanna gnéaschiapadh: mura gcreididh tú an méid sin uaim, léigh fianaise Julie Hiatt Steele i leith gheáitsí Khenneth Starr, geáitsí is fearr a d'fhóirfeadh do stát ollsmachtúil. Thairis sin, rinne siabhrán rúndachta ár rialtais an-dochar go deo dúinn, agus dúinn amháin: an chuid is mó dár cheil an Rialtas orainn, bhí a fhios ag na Rúisigh cheana féin é.

Déan comhar le forais eile ins an tsochaí. Bíonn na liobrálaigh róshásta leis an tionchar a bíos acu ar an rialtas, ar an tsaol acadúil agus ar na meáin chumarsáide. Tá claonadh iontu chun dearmad a dhéanamh den eaglais, den arm, den tsaol gnoithe agus den teaghlach, mura bhfuil siad naimhdiúil amach is amach ina dtaoibh. Is féidir comhghuailleacht a dhéanamh leofa uilig ar mhaithe le cúiseanna forásacha. Seo samplaí:

Scéim EnergyStar de chuid EPA a phronnanns deontais ar tháirgí a chuidíonns le bainistí a dhéanamh ar an fhuinneamh. Beidh na déantúsóirí iontach fonnmhar comhoibriú a dhéanamh ar mhaithe leis an chomhshaol má iarrtar orthu é, agus má tá, is fearr é mar mhodh gníomhaíochta ná gach leasú a bhaint amach le caingne dlí.

Tá an tArm ar ceann den bheagán forais i sochaí Mheiriceá ar éirigh leofa cothrom na gciníocha a chur ar obair dáiríribh.

Nuair a bhain na Gasóga amach an ceart na homaighneasaigh a choinneáil amuigh, thoisigh gnóluchtaí a bhaint a n-urraíochta den eagraíocht. Níl éadáil ins an éadulaingt a thuilleadh.

Faighimis amach goidé atá Meiriceá a rádh. Is scorn leis na hintleachtóirí "polaitíocht na bpobalbhreitheanna", ach is féidir a chur i leith na heite clí go dtearn sí an-bhotún nuair a chrom sí ar a cuid mireoga beaga féin in áit aird a thabhairt - agus leigheas a lorg - ar fhadhbanna an ghnáthMheiriceánaigh. (Mhúin na coimeádaigh an ceacht seo dúinn lena ndrochshampla.)

Is fearr cur leis an mhaoin ná athroinnt a dhéanamh uirthi. Tá daoiní ann nach bhfuil ag fáil a gcirt den phióg. Má ghearrtar ina sliseogaí ar bhealach eile í, cothófar fuath agus naimhdeas ina measc siúd a bhéas thíos leis; is fearr pióg níos mó a bhácáil. Mura bhfuil a fhios againn an dóigh le borradh a chur faoin gheilleagar, nach mba chóir dúinn fáil amach fá dtaobh den dóigh?

Cosain an prionsabal seachas an scéim. Rinne na coimeádaigh tromaíocht ar chóras an leasa shóisialta a bheith ag deoladh duaiseanna ar son feasbhaidh freagrachta agus ag coinneáil na ndaoiní ón mhargadh fostaíochta. Is féidir an lá a chaitheamh ag argáil fána gcruachroíúlacht agus ag ceistniú na seachthorthaí a chuireanns siad i leith an chórais. Ach tá úimléid éigin lena bhfuil siad a rádh, agus cibé scéal é, cé acu is tábhachtaí tarrtháil a thabhairt do dhaoiní daonna, nó an dlí ar leith a chosaint a reachtaigh an Chomhdháil ins an bhliain 1969?

Nach mba chóir a theacht ar fhuascailt a bhainfeadh an faobhar de thromaíocht na gcoimeádach? Is é an ceann is fearr liom ná jabanna in áit deontais. Ná tugaimis airgead d'oibríonna fónta - cuidímis leofa obair fhónta a fháil le déanamh.

Is dócha go dteachaidh muid ar strae leis an tithíocht phoiblí freisin. Rud amháin a chuaidh go mór i bhfeidhm orm ar cuairt i slumanna Pheiriú domh ná, siúd is go rabh na tithe gránna, go rabh na cónaitheoirí ar a ndicheall ag cur bail orthu, ós rud é go mba leofa féin iad. Taobh istigh de chupla glúin théid siad ó scáthán tuí go teach bricí cúpla urlár. Cha dteán na daoiní an dul chun cinn céadna le tithe cíosa, cuma cé acu le gróintíní na slumanna nó leis an chomhairle chontae a íocanns siad an cíos.

Ní féidir drochstiúir a bhaint den duine le cinsireacht. Is gnách do lucht na heite clí a dhul ar an daoraidh gach uair dá gcuireann daoiní mothúcháin fhrithliobrálacha in iúl, ó scéilíní magaidh fá dtaobh de dhreamanna saindúchais go dtí an "fhuathchaint" (hate speech) mar a bheirthear i Meiriceá uirthi, agus is rómhinic a rinne siad iarrachtaí a leathbreac seo a stopadh le cosc dlí nó rialucháin, cuma cé acu údaráis ollscoile a chuaidh a mhonatóireacht ar ghnáthsheafóid na mac léinn nó radacaigh ag cur ó mhaith taispeántas scannáin nach dtaithníonn leofa. Ach ní thig béasaíocht shibhialta ar lorg toirmeasc den chineál seo: cha dteán sé ach an fhuathchaint a chur ar coipeadh faoi thalamh.

(Ba chóir don eite dheis an laisín céadna a fhoghlaim fosta, ach tá an ceart iomlán acu ár n-aird a tharraingt ar an dóigh a bhfuil an eite chlí ag teacht crosach ar a prionsabail féin anseo.)

Ins an bhaile is fearr an t-ilchultúrachas a chleachtadh. Bíonn lucht na heite clí níos caoinfhulaingthí i dtaoibh na mBudach ná na gCríostaithe, agus níos fonnmhaire chun saol dá rogha féin a fhágáilt ag Indiaigh na Brasaíle ná ag na rednecks.

Is casta crosta an cheist í seo, ach is í eochair na todhchaí í cibé. An gcreidimid dáiríribh i dtodhchaí ilchineálta ina mbeidh rogha a stíle beatha féin ag na pobail agus ag na daoiní aonair? Má chreidimid, caithfidh muid glacadh le pobail nach dtaithníonn a gcuid luachanna ná rialacha a saoil linn.

Cleachtadh maith caoinfhulangtha is eadh iad na hAmish nó lucht leanstana Ammann - na hAmmannaigh - i bPennsylvania. Tá gach duine ins an tír seo doirte do na hAmmannaigh, siúd is nach bhfuil iontu go bunúsach ach bunchreidmhigh reiligiúnda agus iad ag diúltú glan do shochaí an lae inniu. Má tá siad i dteideal a gcuid páistí a thógáilt le béasaíocht a gcultúir phioctúrtha féin, nach mba chóir dúinn an ceart céadna a fhágáilt ag baill Chumann Náisiúnta na Raidhfilí, ag lucht an fhrithéabhlóideachais, ag na máithreacha a fhananns ins an bhaile ag tabhairt aire do na páistí, nó ag Baistigh an Deiscirt comh maith?

Ar ndóighe, ní éilíonn na hAmmannaigh ar a gclanna cloí le gach riail dá gcuid ach iad a bheith i ndiaidh lánbhallraíocht na heaglaise a bhaint amach go foirmiúil dá dtoil féin, agus níl siad ag iarraidh an chuid eile againn a iompó i leith a gcreidimh féin. Cuireann an méid seo i gcuimhne dúinn go bhfuil dualgaisí áithride freagrachta agus comhoibre ar an mhionchultúr i leith na sochaí móire fosta. Ba chóir do na mionphobail gan cur isteach ar na daoiní eile ná éanacha corra dá gcuid féin a stopadh ó thréigbheáilt na neide.

GOIDÉ A D'ÉIRIGH DON CHREIDEAMH?

A dhath ar bith. Tá an creideamh ceart go leor ar fad.

Rinne intleachtóirí na naoú haoise déag botún ina n-anailís ar thodhchaí an reiligiúin. Shíl siad go rabh an reiligiún ar shlí na fírinne. Cha rabh; cha rabh sé go bunúsach ach ag géilleadh a fhorlámhas sóisialta uaidh. Níorbh é tiarna ceannasach na sochaí é a thuilleadh; ach mar sin, níor leis an rialtas é ní ba mhó, ach le lucht a chleachta.

Bhain na hintleachtóirí an tátal contráilte as na réamhchoinníollacha nár thuig siad ach an oiread: shíl siad go rabh "na pisreoga" sáraithe ag an "eolaíocht". B'é díchorónú an reiligiúin a bhí ar obair dáiríribh, agus b'í an pholaitíocht ab fhíorchúis le sin, ag dul ar ais a fhad leis an Reifirméisean agus leis na cogaíocha "naofa" a d'fhás ar a lorg. Níorbh í an eolaíocht, ach an iompairc fán choróin, a chuir an tAon Eaglais Naofa ó choróin. Ó bhí gach éilitheoir ag brath ar Dhia le haghaidh tacaíocht a chuid éileamh, ní rabh eadraiscín ná comhréitiú le déanamh eatarthu; ós rud é go rabh an iliomad acu ann, b'é an t-aon fhuascailt phraiticiúil amháin an diúltú céadna a thabhairt dófa uilig.

Is dócha gur thóg ligeadóirí agus casadóirí na hanailíse an toradh in ainriocht na cúise. Níorbh í an eolaíocht a chuir ruaigeadh ar an chreideamh ón choróin, ach b'é díchorónú an chreidimh a phronn an tsaoirse ar an eolaíocht amhras a chur i ngach rud. Bhí an tseanEaglais in ann Galileo a chaitheamh i dtóin phríosúin; cha rabh an Eaglais dhíbhunaithe in ann ach scansáil agus sciolladóireacht a dhéanamh fá Newton is fá Dharwin.

Is iomaí Críostaí ag caí tionchar caillte na hEaglaise ó sin i leith, ach is dóchúla nach dteachaidh cailleadh na cumhachta ach chun sochair don Eaglais frí chéile. Má cheanglaítear an reiligiún den chumhacht shaolta, cuirfidh gach sárachán bradach geáitsí na cráifeachta air féin lena ghaisneas a bhaint as údarás na hEaglaise. (B'é ráiteas ciniciúil Bhoccaccio go mb'é lobhadas na hEaglaise a chruthaigh go rabh Dia ann, nó ní bheadh borradh comh mór faoi eagraíocht comh lofa ach Dia a bheith ag cuidiú léithi.) Is dóchúla do na daoiní inniu a dhul isteach in aon Eaglais ar chúiseanna creidimh ná ar chúiseanna cumhachta. Níos measa fós, má tá teacht acu ar ghléasanna cumhachta an Stáit, tig cathuithe ar na heaglaisigh moráltacht a bhaint amach le lámh láidir an dlí, agus is iomaí doirteadh fola a tarraingíodh ar an bhealach sin ó thús na staire i leith.

Ós rud é gur chlis a n-anailís ar na hintleachtóirí ins an naoú haois déag, cha dtáinig tuar faoina dtairngreacht ach an oiread. Níor imigh an reiligiún: cha dtearn sé ach ceann a scríbe a bhaint amach in éis na céadta bliain a chur de ag bogadh ó lár na sochaí go dtí an áit is dual dó, mar atá, intinn an fhíréin aonair. Chan ionann sin is a rádh go mbeadh sé éirithe as na hiarrachtaí chun fírinní bunaidh a chur i bhfeidhm ar na daoiní, ach caithfidh sé a theacht gan údarás an stáit anois.

Ní chiallaíonn an méid seo nár fhág criticeoireacht an Bhíobla ná an t-éabhlóideachas a shliocht ar na cúrsaí, ach bhí a shliocht bunoscionn leis an ghnáthdhóigh ar tuigeadh é: d'fhág sé cupla smaoiteoir tábhachtacha ag baint úsáid as an tsaoirse nua le droim láimhe a thabhairt leis an chreideamh. Níl mé cinnte, fiú, go rabh mórán éifeachta leis an chineál seo mionchallán i measc na n-intleachtóirí i ndíchorónú an chreidimh: déarfainn gur toradh dosheachanta eile don díchorónú féin a bhí i gceist leis. Is é an staid is dual don reiligiún go bhfuil cineál glacadh neamhghníomhach ag móramh na sochaí leis. Mura bhfuil cumhacht a gcomhéignithe ann a thuilleadh, tá sé daite dófa siúd nár ghlac an creideamh dáiríribh riamh na heagraíochtaí reiligiúnda a thréigbheáilt go hiomlán.

Nuair a bhí an Cumannachas i mbarr a chumhachta, rinne sé a chuid féin le "bás an reiligiúin" a fhógairt, agus dath na h-"aindiagachta" ar an Rúis ar léarscáil na reiligiún. Ach, ar ndóighe, áit ar bith dár thréig an idé-eolaíocht seo, rinne an reiligiún athbhorradh ar an toirt. Is léir anois nach bhfuil ins an Chumannachas ach reiligiún stáit eile, agus é ag cur catha ar na creidimh eile atá in iomaíocht leis féin.

THAR CHRÍOCHA NA hÉIGRÍCHE

Chonaic muid go rabh an mícheart ar fad ag intleachtóirí na naoú haoise déag fán fhíchiú haois. Ar ndóighe, caithfear an clabhsúr a chur leis an aiste seo le cupla tairngreacht den chineál chéadna fá dtaobh den aonú haois fichid.

Gheobhaidh na Poblachtánaigh amach comh deas agus atá an stát agus an rialtas más tú féin atá ina mbun. Mar sin, caithfear an reitric fhrithrialtais ar leataoibh le haghaidh ócáidí searmanais amháin.

Chan imíonn an reiligiún uainn, ach nuair a gheobhas na bunchreidmhigh amach nach bhfuil aon seans acu dialathas a chur i bhfeidhm ar an tsochaí, tréigfidh siad an pholaitíocht go ceann na chéad ghlúine eile. An chéad uair eile a chuirfeas siad a ladar i gcúrsaí polaitíochta, ní dóchúla dófa taobhú leis an eite dheis ná leis an eite chlí, - go h-áithrid ar an ábhar nach mbeidh gádh leis an ghinmhilleadh a thuilleadh, agus an fhrithghiniúint á forbairt chun foirfeachta.

Imeochaidh an liobrálachas - nó an cineál liobrálachais ar chuir mé síos air thuas; b'fhéidir go maireann an seanlipéad mar ainm in úsáid ag na dreamanna is na cúiseanna nua a thiocfas in áit an tseanliobrálachais. Beidh cathanna polaitíochta na bliana 2100 á gcur fá dtaobh de chúiseanna a mbeadh meas na dodhéantachta nó na saofachta orthu inniu.

Fanfaidh an coimeádachas beo bíogúil breabhsanta, ar ndóighe, siúd is go nglacfaidh sé i nganfhios dó féin le gach rud dá rabh liobrálaigh na fichiú haoise a chur chun cinn.

Bainfear an faobhar de na teannais eadar an cineadh geal agus na Gormaigh, agus cibé iompairc a fhanfas beo beidh blas an aicmeachais shóisialta uirthi, in áit an chiníochais. Beidh drochamhras ínteacht beo i gcónaí i dtaoibh an chinidh is deireanaí a tháinig go Meiriceá - cibé cineadh é.

Dheánfar talamh slán den chaoinfhulaingt i leith na bhfeileacán is na leispiach i gceann glúin eile, agus na heaglaisí coimeádacha féin ag toiliú leis an fhorbairt seo de réir a chéile.

Tiocfaidh an comhchoiteannachas ar ais, ach má thig féin, caithfear fanúint leis go ceann glúine eile ar a laghad, agus chan iad na Meiriceánaigh a bhéarfas ar ais é.

Cuirfear leasuithe úra i bhfeidhm ar an daonlathas le h-ansmacht na mórchodach a stopadh (aríst, ní i Meiriceá a fhorbrófar iad, ach in áit ínteacht eile, ins an Eoraip b'fhéidir.)

In áit na náisiún geografach tiocfaidh cineál treibheanna chun cinn, mar atá, cruinneagáin de dhaoiní a bhfuil saol ar leith de dhíth orthu de réir a gcomhluachanna, agus eadar chearta is chumhachtaí acu a mian a bhaint amach.

Nuair a bhéas muid reaite as ola thart fá lár na haoise, caithfidh muid fá dheoidh dul ar aghaidh ínteacht a dhéanamh i dtreo na forbartha inmharthana.

Beidh na corporáidí gnoithe á reachtáil ar bhealach difriúil ar fad, ach dá mbeadh a fhios agam an dóigh, bheinn i mo chomhairleoir gnoithe, seachas i mo scríbhneoir. Sílim go mbeidh siad i bhfad níos éifeachtaí, i bhfad níos daonlathaí i gcúrsaí a reachtála ná mar atá siad, ach cha mbíonn siad leath comh neamhspleách agus inniu.

Beidh táirgíocht agus tomhailt na ngiotán - na mblúiríní faisnéise agus sonraí - ag seasamh do leath den gheilleagar ar fad: siamsaíocht, nuaíocht, anailís ghnoithe, eolaíocht, léann, reiligiún agus tionscail theibí atá de dhíth mar thacaíocht le seo. Beidh an pháirt chéadna ag na tionscail déantúsaíochta agus atá ag an churadóireacht inniu: ní bheidh siad comh intabhartha fá dear ins na staitisticí geilleagair, ach beidh siad riachtanach mar sin féin.

Fágfaidh an taighde ar chúrsaí rialtais agus ar an tsochaí blas na haiféise ar chathanna polaitíochta an lae inniu. Nuair a bhéas muid eolach i gceart ar an dóigh is fearr le geilleagar stáit a choinneáil ag imeacht, beidh an t-iontas céadna ar na daoiní fá gach cineál seanmhóiríocht pholaitíochta ón fhíchiú haois agus atá orainn inniu fá shúmairí is fá thurraingí leictreacha mar ghléasanna leigheaseolaíochta.

Ní bheidh an lámh in uachtar ag an Bhéarla ar na teangacha eile a thuilleadh: tiocfaidh siad ar ais le faisiún na háitiúlachta. Beidh teicneolaíocht an eolais ina cuidiú tábhachtach le fadhbanna aistritheoireachta a réitiú. [Beidh, nó tá cheana féin, mar a chonaic mé i mo chuid oibre. P.P.H.]

Beidh tábhacht ínteacht leis an intleacht dhaondéanta ins an darna leath den aonú haois fichid. Sílim nach mbeidh inchinn bhréige ar comhleibhéal leis an duine féin ann, ar chúiseanna inúsáidteachta agus polaitíochta araon. Is dóchúla go mbeidh inchinní leictreacha ar leibhéal níos ísle ann agus iad á n-úsáid mar chuid de ghléasanna ar nós bogearra, aistritheoirí meicniúla agus araile, nó córais ábhalmhóra a chuirtear ag déanamh a marana ar chúrsaí rialtais stáit nó bainistíochta corporáide.

Ní bheidh na gluaisteáin ag eitilt, ar mhí-ámharaí an tsaoil.

Beidh cupla céad míle duine ag cur fúthu amuigh ins an spás, agus an turasóireacht ar an tionscal spáis is mó. Caithfidh na réaltaí, Alpha Centauri féin ina measc, fanúint go ceann céad bliain eile ar a laghad.

Tá blas an Útóipeachais ar an liosta seo b'fhéidir; ach tiocfaidh cointinn, foréigean agus léirscrios in éineacht le cuid mhór de na hathruithe seo. Caithfear gach fadhb thuasluaite a fhuascailt ar bhealach chliste chruthaitheach le saol is sochaí infhulaingthe a chinntiú do chlainn ár gclainne ins an bhliain 2100.

Má tá aon téama ag ceangailt an aiste seo le chéile, seo é:
Go stairiúil, agus sinn ag bogadh ón tsaol atá bunaithe ar shaothrú na n-acmhainní agus ar chumhacht na láimhe láidre go dtí an saol atá bunaithe ar útamáil na ngiotán is na ngiobóg eolais agus ar chumhacht na hintleachta,

chan fhuil an liobrálachas instoptha.

Ach tá sé ag dul chun cinn de réir mar a thigeanns sracadh úr ann, leathchéad bliain i ndiaidh leathchéad bliain eile. Chonaic muid an timthriall seo cupla uair thuas: an Réabhlóid, an Rómánsúlachas, an Atógáil [sin le rádh, an Reconstruction i ndiaidh chogadh cathartha na Stát Aontaithe, P.P.H.], na Fichidí Callánacha, na Seascaidí Radacacha. Bheir muid rúchladh ar aghaidh, ceartaímid cupla éagóir, théid muid thar fóir agus spíonaimid ár gcuid fuinnimh; ansin thig na coimeádaigh isteach aríst. Ach ní bheidh siadsan buan i mbun cumhachta ach oiread linn féin. Tá torthaí an radacachais is deireanaí ag dul i bhfeidhm ar an tsochaí go ciúin, agus an chéad bhabhta eile ar na bacáin.

A Chríoch Sin

Tabhair cuairt ar chlár cinn Mhark féin ANSEO!