An Rúisis - Cuid a Cúig

Maicsim Góircí

B'iomaí scríbhneoir a ghlac leis an chóras Shóibhéadach, freisin, agus i measc an dreama sin ní féidir dearmad a dhéanamh de Mhaicsim Góircí (Ailéicséigh Maicsímoivits Peiscov a cheartainm is a shloinneadh; mhair sé ón bhliain míle ocht gcéad a hocht is trí scór go dtí míle naoi gcéad a sé déag is fiche). Tá meas "athair na próslitríochta Sóibhéadaí" air, siúd is gurb i bhfad roimh an réabhlóid a chrom sé ar an pheann an chéad uair riamh, comh fada siar leis na míle ocht gcéad nóchaidí. B'é an réalachas criticiúil a mhanadh, agus é go minic ag cur síos ar dhaoiní bochta ag streachailt leofa in éadan éagóir an tsaoil is na sochaí, ag iarraidh a gceart a bhaint amach dófa. Ba ghnách do Ghóircí daoiní ar imeall na sochaí, lucht taistil agus fánaíochta fiú, a cheapadh mar laochra dá chuid scéalta, agus é ag déanamh spior spear de ghnáthiararcacht na sochaí ar an bhealach seo. Siúd is go rabh sé ag scríobh fá dtaobh de dhaoiní a d'fhéach le dhul i gceann a saoil féin, chan ionann sin is a rádh gur chríochnaigh gach scéal óna pheann go sona. Ba mhinic dó deireadh mí-ádhúil a chur le leabhar nó le gearrscéal le béim a chur ar éagóir na sochaí mar a b'fhacthas dó í.

Cha rabh córas an tSáir róshásta leis an tsaghas seo litríochta, agus nuair a foilsíodh a úrscéal Mat' ("An Mháthair") ins an bhliain míle naoi gcéad a sé, b'éigean dó a dhul ar deoraíocht chun na hIodáile le theacht slán ó phóilíní na hImpireachta. Chaith sé seal blianta ins an Iodáil agus é ag scríobh scéalta fá shaol na tíre sin, scéalta a rabh blas an dea-dhóchais agus an tsonais orthu, murab ionann agus a chuid scéalta fán Rúis. Nuair a ligeadh isteach sa Rúis aríst é, áfach, phill sé ar a phréamha ar achan bhealach, agus é ag cur síos ar bhochtáin chráite aríst. B'ansin a chum sé an tríológ dhírbheathaisnéise a léitear i gcónaí: Detstvo ("An Chéad Óige", 1913-1914), V lyudyax ("I measc na nDaoiní", 1916) agus Moi universitety ("Mo chuid ollscoltacha", 1923) - níor fhreastail Góircí ar aon ollscoil riamh, ach is iad "ollscoltacha an ghnáthshaoil" is ábhar inste don tríú leabhar acu.

Caithfear a chuimhneamh gur scríobh sé go leor drámaí fosta, agus é go mór faoi thionchar Tséachov. Mar ba dual dó siúd, ba nós le Góircí a bheag a dhéanamh den phlota, nó - le bheith níos cruinne - níos mó ná aon phlota amháin a chur i ndráma agus an buaicphointe a fhágáilt ar lár, ar mhaithe leis an atmaisféar. Bhí teachtaireacht pholaitiúil ní ba soiléire á reic ag Góircí, áfach, ná ag Tséachov. Nó rinne Góircí iarracht anailíse ar chúiseanna na gcoimhlintí agus ar na sainleasanna a bhí ag teacht crosach ar a chéile, agus é go minic ar aon bharúil leis an eite chlí ins an anailís seo. B'é Na dne ("Thíos ar Íochtar") an ceann ba tábhachtaí dá chuid drámaí, - nó, ar a laghad, tá sé ar an cheann is mó a stáitsítear inniu. Cur síos sách nádúraíoch ar shaol na bprólatáireach Rúiseach atá ann - amharclannaíocht atá ann den chineál nach dtréigeann a thoipiciúlacht choíche, b'fhéidir.

Scríobh Góircí na drámaí seo go luath i ndiaidh chasadh an chéid: ní chromfadh sé ar ais ar an drámadóireacht ach ina scríbhneoir sheanbhunaithe Shóibhéadach dó. Na luathdhrámaí thar aon saothar eile a tharraing súil fheargach na cinsireachta réamhréabhlóidí ar mo dhuine, b'fhéidir: ins an dráma Na Buirgéisigh (Meshchanye) a chríochnaigh sé ins an bhliain 1902, fán am chéadna agus a chum sé Thíos ar Íochtar, - chluintear an laoch prólatáireach ag rádh gurb é "an duine atá ag obair an tiarna, gurb eisean an duine is fearr amuigh", agus ar ndóighe, b'ionann an méid seo agus na sluaite a ghríosú chun ceannairce ar údarás Dé is an tSáir, dar leis na huachtaráin Impiriúla.

Siúd is go rabh meas an laoich Shóibhéidigh air nuair a shíothlaigh sé, bhí Góircí cineál mall ag gluaiseacht i dtreo na mBoilséiveach. Chuir sé cath pinn orthu ar an iris Shóisialach Novaya Zhizn' ("An Saol Úr"), agus é ag féacháilt le leas an chultúir Rúisigh a chosaint ar sceimhlitheoireacht lucht leanstana Léinín. Cha dtearn siadsan aon dochar dó, áfach, nó bhí meas an oide acu air; mar sin, fuair sé cead an tír a fhágáilt sa bhliain 1921 leis an Iodáil a bhaint amach aríst. San am chéadna, áfach, bhí sé ag fáil dúthracht airgid nó cineál scoláireacht ó na Boilséivigh, rud a d'fhág spleá agus beann aige orthu. Cha rabh aon suí sa bhuaile aige ach amhráin na mBoilséiveach a chanstan, agus é ag ithe a gcuid aráin cheana. Agus an stádas cineál leathoifigiúil aige, chan ionadh é ar aon nós go rabh na heisimirceánaigh Rúiseacha eile an-mhímhuiníneach as, agus iad ag déanamh gur spiadóir de chuid Léinín a bhí ann.

I gceann cupla bliain phill Góircí ar an Rúis Shóibhéadach, agus é ag scríobh leis i gcónaí. Chlis air, áfach, caighdeán a luathshaothair a shárú, nó fiú a shroicheachtáil. Dealraíonn sé gurb iad an trí leabhar dírbheathaisnéise a dhearscnaíonns thar gach eile dár bhreac sé ar pár lá a shaoil. Déanta na fírinne, bhí tionchar nach beag ag na saothair seo ar fhorbairt litríocht na Gaeilge, nó fuair Tomás an Oileáin an chéad spreagadh chun Allagar na hInise agus An tOileánach a bhreacadh síos, nuair a fuair sé leaganacha Béarla na leabhar seo ar iasacht ó dhuine de na huaisle a bhí ar cuairt san oileán: léigh sé iad agus rinne comhionannú leis an phríomhphearsa iontu, agus tuigeadh dó ansin go bhféadfadh daoiní eile spéis a chur ina scéal féin, díreach mar ba shuim leisean scéal Ghóircí.

Maigheacovscaí - Trodaí an Todhchaíochais

Cha rabh Vlaidimir Maigheacovscaí (1893-1930) ach cúig bliana déag d'aois ag dul i bpáirtí dhaonsóisialach na Rúise dó - an páirtí as a dtáinig Boilséivigh Léinín i ndiaidh na scoilte eadar iad agus na Meinséivigh. Dealraíonn sé go mb'é a mheon a thug ansin é, nó ba fear mór antoisceachais é ar go leor bealtaí eadar pholaitíocht, chollaíocht agus ealaíontóireacht. Chaith sé seal i mbraighdeanas ar chúiseanna polaitíochta i bpríosún an tSáir, seal ag foghlaim léinn i scoil na n-ealaíon, seal ina reacaire fógraíochta. Theastaigh uaidh thar aon rud eile dhul le péintéireacht is le línítheoireacht, seachas a bheith ina fhile: de réir a chéile a chuaigh sé i mbun pinn. Tháinig an chéad saothar leis amach i ndíolaim de chuid lucht an Todhchaíochais faoin teideal "Buille don ghnáthchuibheas".

Ar chúiseanna aeistéitice a fuair Maigheacovscaí an chéad seanbhlas ar an chaipitleachas, agus é den tuairim go mb'é an rachmas mór agus an tsaint sa mhaoin shaolta a bhí ag déanamh cíolar cíot de na luachanna arda, ar nós an chreidimh, an ghráidh agus na héitice. Rinne sé an claonadh seo sa tsochaí a lochtú ins na saothair a chum sé roimh an réabhlóid, ar nós Oblako v stanax ("An Scamall sa Bhríste"), Chelovek ("An Duine") agus na dánta móra dírbheathaisnéise.

Le linn na réabhlóide agus an chogaidh chathartha ina diaidh, thiomnaigh Maigheacovscaí é féin do chúis Léinín, agus é ag scríobh dánta bolscaireachta. D'fhág riachtanaisí na tuathghríosadóireachta a n-aithne ar a fhilíocht, nó is é is éagasc don "Mhaigheacovscachas" lánfhorbartha ná go gcleachtaíodh an file rímeanna, ach san am chéadna, go mbíodh sé ag sárú na meadarachta leis an lucht éisteachta a choinneáil ina ndúiseacht. Bhí a fhios ag Cicero féin san tsean-Róimh nach mba chóir don reacaire ná don óráidí toghchánaíochta cloí le haon mheadaracht ar leith ina chuid cainte, ó ba rud é go gcuirfeadh rithim na filíochta is na hamhránaíochta biorán suain ins an éisteoir, ionas nach dtabharfadh sé aird a thuilleadh ar chiall na bhfocal. Mar sin, arsa Cicero, caithfear an phoiblíocht a chroitheadh as a gcodladh uaireanta fríd an mheadracht a chur as a riocht d'aontsiúl, lena chinntiú go dtabharfaí cluais éisteachta don teagasc a bheadh á reic. Leis an teagasc seo a chur i dtaisce i gcuimhne an lucht éisteachta, áfach, chloíodh Maigheacovscaí leis na rímeanna, nó chuidídíst leis an éisteoir creatlach an dáin agus a theagaisc a ríomh leis féin aríst i ndiaidh a chluinsbheála.

Sna blianta go díreach in éis na réabhlóide a chríochnaigh Maigheacovscaí an mórdhán udaí "Céad go leith milliún". Is iad muintir na huile Rúise an céad go leith milliún seo, agus Maigheacovscaí ag iarraidh a áit féin a aimsiú ina measc, mar ghuth labhartha a gcomhleasa. Chuir sé béim ar an dóigh a gcaithfeadh an t-údar aonair imeacht ón tsaol anois, go rabh na slóite síoraí ag fáil a gcirt agus ag tiomsú a nirt, agus iad ag teacht chun tosaigh ar na scothaicmí: "Seo mo dhán nach dtáinig ó pheann aon duine ar leith". Foilsíodh an dán, fiú, gan ainm a údair, agus é ag tabhairt le tuigbheáilt go mb'iad na slóite féin a chum é.

Tá lorg áithrid de laoithe eachtraíochta tíre na Rúise ar an dán, lorg an bhéaloideasa. Ba chuid é seo d'iarracht Mhaigheacovscaí saothar gan údar aonair - comhshaothar an náisiúin iomláin - a ghairstean dá dhán.

Fán am seo a bhí Maigheacovscaí ag obair do ROSTA - do ghníomhaireacht nuaíochta na Rúise, a bhí ag déanamh bolscaireachta ar mhaithe leis an Bhoilséiveachas. Chuaigh an réabhlóid go millteach i gcion ar Mhaigheacovscaí, agus é ar a chroídhicheall ag lorg friotal filiúnta dá dhóchas as todhchaí na Nua-Rúise. Tá léiriú maith ar a rímhéad réabhlóideach i dteidil na ndánta a chum sé ansin: "Máirseáil ar chlí", "Óid don réabhlóid", "Ordú d'Arm na hEalaíne".

Seirgéidh Éiséinín

Ar tús, is ins an fhilíocht tíre agus ins na ranna béaloideasa a gheibheadh Éiséinín (1895-1925) réamhshamplaí agus bunchuspaí dá chuid véarsaí. Chrom sé ar ealaín na filíochta go han-óg, nó nuair a bhí sé fiche bliain d'aois, bhí sé i dtaithí an phinn le fada. Go géar gasta, thoisigh sé a dh'útamáil le gléasanna nua filíochta agus a thabhairt cúl leis an ealaín thraidisiúnta. Mar sin féin, chloíodh sé le rím is le rithim, rud a chinntigh go bhfanfadh a chuid dánta i bhfad i mbéal an phobail.

Níor fhág an cogadh cathartha mórán loirg ar chuid filíochta Éiséinín. Bhí sé ina scríbhneoir thar aon rud eile, ina ghlan-ealaíontóir nach gcuirfeadh a ladar i gcúrsaí polaitíochta, siúd is gur fíor go rabh sé mór le daoiní ar nós Íobhánov-Razúimnic, a bhí ar duine de na príomhsmaointeoirí i bPáirtí na Réabhlóidithe Sóisialta. Is é an cineál dream a bhí ins na Réabhlóidithe Sóisialta ná daoiní a chreid go mba chóir a dhul i muinín na scológ is na tuaithe le malairt córas sóisialta a chur i bhfeidhm ar shaol is ar shochaí na Rúise. Is gá agus is géarghá iad a dhealú go beacht ó na Boilséivigh, is é sin, ó pháirtí cumannach Léinín agus Stailín, nach rabh sásta comhoibriú go cothrom leis na sluaite síoraí - b'é a mbarúil siúd ná go gcaithfeadh meitheal tosaigh de réabhlóidithe proifisiúnta (a bpáirtí féin, is é sin) na sluaite síoraí a chur ar bhealach a leasa gan a dtuairimsean a iarraidh orthu.

Bhí na Réablóidithe Sóisialta ina gcomharbaí ar na Naróidnící. Gluaiseacht pholaitiúil a bhí ins na Naróidnící i Rúis na naoú haoise déag agus iad ag féacháilt le meabhraíocht pholaitiúil agus chultúrtha a chothú i measc na scológ fríd thurasanna timireachta, bolscaireachta agus soilsitheoireachta a thabhairt ar an tuaith. (Úsáidtear an focal timire anseo ins an chiall is gnách le Conradh na Gaeilge a bhaint as.) Thairis sin, bhí na Naróidnící ag cur troid pholaitiúil leis na tailte a athroinnt agus le talamh dá gcuid féin a chinntiú do na scológa. Ní bheadh sé mórán as cosán an dream seo a chur i gcomparáid le Conradh na Talún in Éirinn, mar sin, ach bhí cuspóirí ní ba leithne acu.

Agus an dóigh a dteachaidh saíocht na cosmhuintire i bhfeidhm ar chuid filíochta Éiséinín, ní fiú iontas a chur ann más é seo an cineál polaitíochta a chleachtaíodh sé. Mar sin féin, caithfidh muid gan an dúrud a shílstean de mo dhuine mar ábhar polaiteora. File agus ealaíontóir a bhí ann thar aon rud eile.