Antón Tséachov

Bás an Státseirbhísigh

Oíche dheas a bhí ann gan dabht, agus is deas an cineál fear a bhí in Íobhán Dmitrits Seirviacov comh maith: státseirbhíseach a bhí ann, agus é ag baint suilt is subhachais as an oíche amharclainne. Bhí sé ina shuí ins an darna sraith de na suíocháin agus ag dearcadh ar an stáitse fríd na déshúiligh. Ach ansin...Is minic a tchífeá an dá fhocal chinniúnacha sin ach ansin ag scríbhneoir éigin. Agus tá an ceart ag na scríbhneoirí, nó is iomaí cor a thig i gcinniúint an duine gan choinne. Ach ansin, chuaigh aghaidh mo dhuine as a riocht, tháinig leathdhrud ar a shúile agus cosc lena anáil, - d'ísligh sé na déshúiligh, chrom sé a chloigeann chun tosaigh, agus - aitsiú! Lig sé sraoth, an dtuigeann sibh, agus má lig féin, ní díol náire ná cúis phionóis é. Bíonn an t-uasal ag sraofartaigh comh réidh leis an íseal, an scológ comh maith leis an Phríomh-Chonstábla, agus ó am go ham, chluinfeá an RúnChomhairleoir féin, ginearál na Státseirbhíse, ag ligint sraotha. Dáiríribh, an duine nach ligfeadh sraoth, cha dtáinig sé ar fhód an tsaoil seo go fóill, agus is éadócha go dtiocfaidh choíche. Mar sin, níor mhothaigh Seirviacov é féin as an ghnáth ar aon nós: thriomaigh sé a ghaosán lena haincearsan agus, mar is dual don fhear mhúinte bhéasach, chaith sé súil ina thimpeall: ar chuir sé isteach ar aon duine, comh tobann is a tháinig an fonn sraotha air? Tuigeadh dó go rabh cúis náire aige dáiríribh, nó shonraigh sé go rabh seanfhear os a choinne ag triomú a bhlagaide lena chiarsúr féin, agus é ag monamar go feargach. D'aithin Seirviacov go mb'é an t-iarGhinearál Brizeanov é, agus é ag obair i Lárionad Riaracháin na Cumarsáide anois.

"D'fhliuch mé é", a shíl Seirviacov. "Níl sé i gceannas orm go pearsanta, le rannóig eile ar fad a bhaineanns sé, ach mar sin féin, b'olc an mhaise gan mo leithscéal a dhéanamh."

Rinne Seirviacov casachtach bheag, chlaon sé é féin ar aghaidh agus d'úirt i gcogar isteach i leathchluais an Ghinearáil:

"Gabh mo leithscéal, a Uaisleacht...d'fhliuch mé thú leis an tsraoth a lig mé...tháinig sé orm i dtoibinne, gan choinne..."

"Tá go maith, a chara, tá go maith..."

"Ar son Dé, gabh mo leithscéal. Ní d'aontsiúl a rinne mé é!"

"Suigh síos ansin, le do thoil! Fág mo chluais ag lucht an stáitse!"

Tháinig náire ar Seirviacov, dhrann sé meangadh amaideach gáirí agus d'airdigh sé súil i dtreo an stáitse. D'fhan sé ag dearcadh leis mar sin, ach má d'fhan, ní rabh pleisiúr ar bith ins an oíche amharclainne sin a thuilleadh. Thoisigh sé a bhuaireamh a chloiginn. Nuair a tháinig sos ins an dráma, chuaigh sé ar lorg Bhrizeanov, chloígh sé a chotadh agus labhair leis:

"Lig mé sraoth agus d'fhliuch mé thú, a Uaisleacht. Gabh mo leithscéal...Níor theastaigh uaim..."

"Ó, nach cuma...Rinne mé dearmad de cheana féin, agus sin a bhfuil ann", arsan Ginearál, agus croitheadh mífhoighdeach ina liopa íochtair.

"Rinne sé dearmad, a deir sé", a shíl Seirviacov, "ach féach an nimh atá ina shúile!" D'amharc sé go drochamhrasach ar an Ghinearál. "Agus níl fonn cainte air. Ní mór domh a chur in iúl dó nach d'aon turas a rinne mé é, nach rabh ann ach taisme... agus é ag silstin gur chaith mé seileog air, le masla a thabhairt.Mura bhfuil sé á shílstin anois, is cinnte go rithfidh an smaointiú leis ins an bhaile dó!"

Nuair a tháinig sé féin chun an bhaile, d'inis Seirviacov dá mhnaoi chéile comh taismeach is a d'éirigh dó. B'fhacthas dó nár ghlac sise an scéal sách dáiríribh: baineadh scanradh aisti ar tús, ach nuair a mhothaigh sí nach rabh Brizeanov ag obair in aon rannóig lena fear, fuair sí faoiseamh aríst.

"Ach mar sin féin, ní miste duit do leithscéal a dhéanamh leis", arsan bhean. "Is féidir go gcreideann sé nach bhfuil an bhéasaíocht cheart ionat."

"Sin é an rud féin! Chuaigh mé a dhéanamh mo leithscéil, ach má chuaigh, bhí sé cineál aistíoch... Ní thug sé aon fhreagra ceart orm... Agus ní rabh d'uain againn caint le chéile mar ba chóir."

An lá arna mhárach, chuir Seirviacov éide úr air féin, fuair sé bearradh agus chuaigh sé i bhfianaise Bhrizeanov lena leithscéal a dhéanamh. Nuair a tháinig sé isteach chuige, fuair sé scuaine iomlán de lucht iarrtha déirce roimhe, agus an Ginearál ag riar orthu cheana. Rinne Seirviacov droichead de chupla iarratasóir eile, agus d'airdigh an Ginearál a shúile ina araicis.

"Más cuimhin leat, a Uaisleacht, an oíche aréirnas", a thoisigh an státseirbhíseach beag a mhíniú, "lig mé sraoth agus... agus d'fhliuch mé... Gabh mo leithscéal..."

"A leithéid de sheafóid! Tchí Dia...! Agus tusa, le do thoil?" arsan Ginearál leis an chéad iarratasóir eile.

"Ní maith leis labhairt!" a shíl Seirviacov, agus d'éirigh sé mílítheach ina ghnúis. "Caithfidh sé go bhfuil fearg air i gónaí... Ní féidir an scéal a fhágáil mar sin... Dheánfaidh mé mo mhíniú go fóill..."

Nuair a chríochnaigh an Ginearál a chomhrádh leis an déirceoir dheireanach, agus é ag pilleadh isteach chuige féin, chuaigh Seirviacov ina dhiaidh, agus é dhá agairt:

"A Uaisleacht! Má bhí mé comh dána is cur isteach ort, b'é an t-aithreachas amháin ba chúis leis! A Uaisleacht, tá súil agam nach in aisce a rinne mé mo leithscéal!"

Shílfeá go rabh fonn caointe ar an Ghinearál, agus an chuma a tháinig air. Rinne sé iarracht an fear eile a chur ó dhoras.

"A Uaisleacht, an ag gáirí fúm atá tú?" arsa Seirviacov, agus an doras ag teacht eadar é agus fear an tí.

"Cén t-ábhar gáirí é seo?" a shíl Seirviacov. "Níl greann ar bith ag roinnr leis an scéal seo! Ginearál atá ann, ach mar sin féin, an drae smid tuigse i gcúl a chloiginn! Má tá sé comh dona sin, staonfaidh mé ar fad ó bheith ag leithscéalaíocht leis an fhear dhamanta! Go n-ithe an cat an cunús sin, agus go n-ithe an diabhal an cat! Breacfaidh mé síos litir dó, ach ní rachaidh mé ina fhianaise a thuilleadh! Ní rachaidh, leoga!"

Sin é an cineál smaointíocha a bhí ag dul fríd intinn Sheirviacov, agus é ag pilleadh 'na bhaile. Níor scríobh sé an litir sin riamh, áfach. Ní thiocfadh sé ar an fhocal chruinn. Lá arna mhárach, b'éigean dó a dhul a dhéanamh a leithscéil go pearsanta, aríst eile.

"Tháinig mé a chur as duit inné, a Uaisleacht", a thoisigh sé, nuair a d'airdigh an Ginearál a shúile ina threo, "agus chan ar son an ghrinn a bhí mé. Bhí mé ag déanamh leithscéil gur lig mé sraoth, gur fhliuch mé thú...ní ar son grinn a bhí mé ar aon nós. An té a rachadh a gháirí fá dtaobh dá leithéid, ní bheadh aon urraim aige do... dá chuid comharsanach... ní féidir..."

"Gread leat!" arsan Ginearál go feargach. Bhí sé ag creathnú le teann mire agus é gorm at fad ina ghnúis.

"Cad é...?" a d'fhiafraigh Seirviacov i gcogar, agus meadhrán ag teacht ina cheann le huafás.

"Gread leat as an áit seo!" arsan Ginearál aríst, agus é ag baint tailm as an urlár lena chosa.

Mhothaigh Seirviacov rud éigin á scoilt ar thóin a phutóg. Chuaigh sé amach ar an tsráid, mar a bheadh sé fágtha gan radharc a shúl, gan éisteacht a chluas, agus thoisigh sé a tharraingt na gcos ina dhiaidh... Nuair a bhain sé amach a theach, agus é ag siúl leis mar a bheadh meaisín ann, chuaigh sé a luí ar an tolg gan a éide a chur de, agus...agus shíothlaigh sé go deo.

A CHRÍOCH SIN

Antoine mac Phóil Tséachov (Anton Pavlovitch Chekhov): Smeirt tsionóvnioca/Bás an Státseirbhísigh. Tháinig an scéal seo i gcló an chéad uair ar an iris udaí Oscolcaí ("Smidiríní") ins an bhliain míle ocht gcéad a trí is ceithre scór (1883). Léiriú é ar an eagla mhífholláin a bhíodh ar na mionstátseirbhísigh roimh lucht na ceannasaíochta. Ó lá an Impire Peadar Mór anuas, bhí ordú agus inneall an airm ar státseirbhís na Rúise, agus na státseirbhísigh rangaithe díreach mar a bheadh oifigigh de chuid na bhfórsaí armtha iontu. Bhí sé an-tábhachtach, mar shampla, an ceiliúr ceart a chur ar lucht an ranga chirt: cha rabh sé cuí ná óraice ach "A Fhoruaisleacht" a thabhairt ar lucht an ranga seo, nó "A Ardfhréimhíocht" ar lucht an ranga udaí eile. Níor bhac mé leis na difríochtaí seo a aithris as Gaeilge, áfach - shíl mé go dteánfadh "A Uaisleacht" gnoithe.

B'iad na RúnChomhairleoirí nó tainye sovetniki - tabhair fá dtear an focal "sóibhéid" a chiallaíonns "comhairle", fiú i Rúisis na tréimhse réamhShóibhéadaí - an rang ab airde, agus iad ar aon leibhéal leis na ginearáil is na marascail airm, mar a thig a aithne ar an scéal eile seo.