AN CEATHRÚ CAIBIDIL

AN FHÍRINNE SHEARBH NACH SEACHANTAR

Panu Höglund

Sa deireadh thiar thall chinn Somhairle ar an fhírinne a admháil. Ní bheadh gar ann a bréagnú.

"Chonaic."

Bhí Máire ag iarraidh deora na feirge a choinneáil siar, agus ba dheacair a tháinig na focla léithi, ach tháinig:

"An minic a chuais á bhfeiscint?"

"Is minic."

Níor fágadh focal ag Máire.

"Amharc anois", ar seisean, "más dóigh leat go bhfuil bród éigin orm as sin a bheith déanta agam tá ciapóga ort, nó..."

"Fan i do thost!" a scread sí de ghlór caointe, agus rinne Somhairle mar a hordaíodh dó. Déanta na fírinne, b'fhearr dó gan labhairt. Nó dá ndéarfadh sé nach raibh sórt bróid air as a bheith ar an t-aon chara amháin ag Eoin, thabharfadh sé a éitheach. I ndiaidh an iomláin ba mhór an chúis bhróid é, dar leis, cuideachta a choinneáil le duine a bhí ní ba mheasa as ná thú féin, le duine a bhí faoi dhímheas ní ba mheasa ná thú féin, agus fiú bheith in ann a chuid dea-cháilíochtaí a aithint agus urraim a thabhairt dó dá réir.

Íosa s'agat féin, a theastaigh ó Shomhairle a rá leis an ghirseach, dá n-éireodh leis a chaint a fháil, - nach seachnaíodh Seisean comhluadar na ndea-dhaoiní aitheanta, agus é ag dul ar thóir na ndaoiní ba lú gradaim i sochaí na haimsire sin? Dá dtigeadh Sé ar ais ar an tsaol inniu, nach mb'fhearr Leisean cuideachta Eoin thar aon duine eile? Nach raibh náire ar Eoin as a bheith ag amharc ar na físeáin sin? Nach raibh a fhios ag Eoin gur peaca a bhí ann? Nach mbíodh sé á chiapadh ag scrupaill choinsiasa nuair a d'fheiceadh sé altanna is tuairiscí ar na páipéir fá dtaobh de dhoghrainn na ngirseach óg i dtíortha bochta, agus iad gan an darna suí sa bhuaile acu ach a dhul le haisteoireacht sna físeáin chraicinn nó bás a fháil le hocras? Mura raibh Eoin gan locht, ní bithiúnach gan mhothú gan mhoráltacht a bhí ann ar aon nós. An mb'fhéidir an méid céadna a rá fá dtaobh de na girseacha a bhíodh ag caitheamh anuas air lá i ndiaidh lae? Ba bheag a ndlúthpháirtíocht-san le cailíní bochta sceidíneacha na Téalainne is na Brasaíle - ní de gheall orthusan a bhídís ag lot a shaoil ar Eoin, ach ar son na craice amháin, agus iad á áitiú ar a chéile nach raibh gá le haird a thabhairt ar fhulaingt an stócaigh ná ar a phianta. Ní raibh aon doiciméad teilifíse déanta fá chruatán Eoin a chuirfeadh ar athrach intinne nó comhairle iad.

Nuair a tháinig a chuid smaointe a fhad seo ag Somhairle, ghlac tallann feirge é, agus col ag teacht aige le Máire go rabh sise ag tacú leis na giodróga mallaithe i ndeabhaidh a sheanchara-san. Má bhain a admháil mealladh as an ghirseach, níor lú an díomá a chuir sise air féin leis an dóigh a dtug sí cluais is creidiúint do mhíghreann na gcailleach (mar a samhlaíodh dó) fá dtaobh de Eoin - cuma fíor nó bréagach é.

Nó bhí Somhairle den tuairim go dtí seo gur duine a bhí i Máire nach raibh sásta breithiúnas a thabhairt ar dhaoiní de réir na luaidreán amháin, gan áiméar a gcosanta féin a fhágáilt acu. Anois áfach ba léir nárbh amhlaidh, dar leis.

Ar ndóigh thuig sé a cás, brúidiúil is uile a chaith na maistíní léi agus iad ag taispeáint pictiúirí gránna di ina hainneoin féin. Ach má bhí Máire ag dréim go dtréigfeadh sé a chara, bhí fuar aici. Bhí Máire cuíosach sonasta, agus a muintir ina suí go socair, ach maidir le hEoin, ní raibh ach fíorchara amháin aige a labhraíodh leis go cneasta dáiríre fá dtaobh de chúrsaí eile seachas físeáin chraicinn. An sólás a bhaineadh Somhairle (nó Máire, i dtaca le sin de) as a chuid leabhar ní raibh sin féin ag Eoin, a laghad muiníne agus a bhí aige as féin agus as teilgean a chinn. An mba chóir do Shomhairle a leathbhreac de chara a bhí go hiomlán ina thuilleamaí fá choinne tuisceana agus comhbhróin - an mba chóir do Shomhairle a thréigean ar mhaithe le streabhóg mheánaicmeach de ghirseach nach raibh lá cruatáin fulaingthe aici go dtí seo?

Ba mhaith agus ba rímhaith le Somhairle bheith in ann na smaointe seo a chur i bhfoclaibh comh gonta soiléir gléineach sin agus go dtuigfeadh Máire Gráinne ar an toirt iad. Ach b'ar éigean má bhí an bhuaidh sin aige. Ní tháinig leis ach fanacht ina stangaire, agus é ag iarraidh ciall a bhaint as gnúis Mháire.

Ansin labhair an cailín:

"Ná fuil náire ort?"

Fuair sí freagra gan mhoill:

"Tá náire orm as a bhfaca mé de fhíseáin gháirsiúla, ach má tá féin, chan náir domh mo chara."

Bhí tocht i nglór Mháire nuair a lean sí uirthi:

"Dílis go héag, nach ea? Dílseoir ceart tú, nach ea?" Agus blas na tarcaisne ar a glór.

"Nuair atá tú i d'ula mhagaidh ag an chathair uilig cha dtig leat do chuid carad a roghnú go róbheadaí. An té atá ins an doghrainn chéadna leat is é an t-aon duine amháin a bhfuil muinín agat as." Rinne sé sos gur lean sé air, agus a ghuth ar crith le fuath is le feirg. "Ar ndóighe, chan fhuil a thuigbheáilt sin agatsa, nó cha rabh tusa comh h-uaigneach sin riamh."

"Ach tháid na cailíní á n-éigniú..."

"An dóigh leat nach bhfuil a fhios sin agamsa? An dóigh leat nach dtuigeann muid sin? An dóigh leat nach bhfuil an coinsias dár gcrádh? Sin é éirim an scéil duit: is fuath leat tú féin cionn is go bhfuil tú ag amharc ar na físeáin sin, gan meas an mhadaidh agat ort féin. Síleann tú nach mbeidh an darna suí ins an bhuaile agat choíche cibé ach bheith ag amharc ar an chac seo. Théid tú ar an airneál físeáin le lán do shúl a bhaint as na scannáin sin. Síleann tú go mbeidh sólás nó faoiseamh ínteacht le baint astu. Tuigeann tú roimh ré nach bhfuil, ach is cuma leat ins an deireadh thiar thall. Tá sé iargúlta cosúil le reiligiún págánta. Táimid ag damhsa thart ar an scáileán agus na haisteoirí ag bualadh craicinn ansin, mar a bheadh deasghnátha ar siúl acu. Bandia an ghráidh á honórú nó rud ínteacht den chineál sin. Sin mar a tchíthear domh go minic é. Sinn inár suí thart timpeall ar an ghléas físeáin ag fanúint le bandia an ghráidh a theacht chun ár dtarrthála. Agus is é an buachaill is goillsteanaí an duine is mó andúil ins na físeáin sin. Na damantóirí nach bhfuil croí ná anam iontu is iad sin an dream is gaiste a éireochas astu, an dream is fearr cluain a chur ar chailíní na réaltachta. Ós rud é nach bhfuil aon náire orthu. Ach tá náire orm, agus tá náire ar Eoin comh maith, agus is é an náire a choinníonns ag starógacht ar na scannáin udaí sinn, nó tá an oiread sin náire orainn agus gur dóigh linn nach bhfuil tuillte againn ach a bhfuil fágtha dár saol a chaitheamh in umar na haimléise seo..."

D'fhan Máire in aice le Somhairle a fhad is a mhair sé ar an téad seo, rud a choinnigh léaró éigin dóchais beo ina chroí: b'fhéidir go dtuigfeadh sí a chás i ndiaidh an iomláin? Ach ansin thug sí cúl a cinn leis agus d'imigh sí gan focal a labhairt leis a thuilleadh. Chuala Somhairle ag bogchaoineadh í ag dul amach as an árasán di, ansin dhruid sí an doras de thailm a chroith an dusta de na ballaí. Baineadh stangadh as an tseanmhnaoi agus í ag fiafraí go neirbhíseach den bhuachaill cad é a bhí ar obair agus cé hé an duine anaithnid a chuaigh thart léi. Bhí Máire ligthe i ndearmad aici cheana.

Níor thug an stócach aon fhreagra uirthi. D'fhan sé go domhain i gceann a smaointe féin. B'é an rud ba mhó a chuir iontas air nár bhraith sé ach folús ina chroí i ndiaidh Mháire. Ní raibh sé ag scor as a chéile le tréan pianach ná bróin. Folús a bhí ann, agus cineál faoisimh fiú, nó ba léir anois nach rabh an cleamhnas seo acu le héirí róbhuan cibé; dá luaithe a tháinig deireadh leis b'amhlaidh ab fhearr dó. Dá rachfadh sé ina thaithí go raibh suirí ar obair aige le girseach, b'fhéidir nach mbeadh seasamh na díomá sin ann. Anois, áfach, ní raibh ann ach tamall, agus é ag ligean air féin go raibh sé ar aon ghradam le duine ar bith d'aos óg na cathrach, ag cur aithne ar chailín deas agus ag tabhairt taitneamh di...Níor bheag dó lán a shúl a bheith bainte aige as an chineál saoil a bhíodh ag na hógánaigh eile. Nach miorúilt a bhí ann ón chéad lá riamh Máire a bheith ag caitheamh leis mar a bheadh duine measúil ann? Agus rud nádúrtha sothuigthe é ar fad nár thug a leithéid ach a sheal?

Má bhí Somhairle in inmhe an scaradh a ghlacadh ina mhórmhisneach, ba mhó i bhfad a ghoill sé ar Mháire Gráinne. Nuair a bhain sí amach an baile ní dhearna sí ach na buataisí a chroitheadh dá gcosa agus a dhul isteach ina seomra, ansin thit sí ar a glúnta agus lig don ghol pléascadh uirthi ina thuile throm. Mhair sí ag éagaoint is ag mairgnigh is ag screadaigh go dtí go dtáinig piachán inti. Chuir sí a seomra féin fríd chéile ag caitheamh na leabhar i mullach a chéile is ag réabadh na bpictiúirí de na ballaí. Ansin chaith sí í féin ar an leaba agus í róthuirseach le géag a bhogadh.

D'fhan sí ansin ag scrúdú mapa mór na Brasaíle ar an bhalla os a coinne, agus í ag déanamh a marana ar an logainm udaí Minas Gerais. Nuair a bhí sí ina cailín beag go fóill chuireadh an dá fhocal sin an-bhorradh faoina fantaisíocht agus fonn uirthi fáil amach cad é ba bhrí leofa. Shíl sí gur teampall a bhí ann ina n-onóraíodh na bundúchasaigh dia bréige dá gcuid fadó, agus cuimhne dheireanach na ndeasghnáthaí seanársaí á buanú ins an logainm. Cá bhfios nárbh é sin guí nó ortha an draoi Indiaigh agus é ag íobairt duine bocht éigin dá dhia - "Minas Gerais!" Beag an baol. "Na Mianaigh Ghinearálta" ba chiall leis, arsa Deaidí, nó ní Tupí ná Guaraní a bhí ann, mar theanga, ach Portaingéilis. Poill mhianaigh a bhaist an áit, dar le hathair Mháire, agus na hIndiaigh á maslú féin agus ag scriosadh a scamhóg sna poill sin ag iarraidh ór nó airgead a bhaint as an talamh ar mhaithe lena máistrí Eorpacha.

Bhí scéal Shomhairle sách cosúil le cás na Minas Gerais sin: an chéad aisling a bhí ag Máire rinn an réaltacht amhlánta shuarach conamar is cíolarchiot di. Shíl sí gur buachaill soghonta soineanta a bhí i Somhairle, agus dearcadh rómánsúil aige ar chúrsaí an ghrá. D'úirt sé féin léi lá amháin go mb'é an sórt mná a bhí uaidh, dá bpósfadh sé choíche, ná cailín a mbeadh neart spéiseanna i bpáirt aici leis, agus í in ann a chuid cancránachta a ligean amach le greann. Anois áfach...thiontaigh sé amach go mbíodh sé féin ag amharc ar na scannáin chraicinn comh maith le duine, nó le Réamann. Bhí an ceart ag an bhithiúnach sin nach raibh fear amháin ní b'fhearr ná an fear eile, agus iad uilig comh mallaithe le chéile. Nó b'fhéidir go raibh an ceart ag Somhairle go mb'iad na stócaigh ba ghoillsteanaí ba mhó a ghnáthaíodh na hairneáin phornagrafaíochta? Ní fhéadfadh an scéal a bheith mar sin. Ba chóir gan sin a bheith fíor. Nó dá mbeadh sé fíor bheadh an saol ina dhiabhal.

Nuair a tháinig athair Mháire abhaile, fuair sé í ina luí spréite ar a leaba gan bíogadh aisti. Bhuail an faitíos é agus í comh ciúin socair is mar a bheadh sí síothlaithe, agus chrom sé os a cionn lena cuisle a fhéacháil. Go tobann tháinig beogacht inti, nó thug sí buille san aghaidh dó a chuaigh i gcion comh nimheanta sin is go mb'éigean dó cúlú agus cúbadh uaithi ar áit na mbonn.

"Céard athá ort anois, a dhalta?" a d'fhiafraigh an ministéir, agus níos mó iontais ná feirge air.

"Fan siar uaim!" a scairt sí agus tocht éagaointe ina glór. "Ní theastaíonn uaim tú a fheiscint i mo sheomra choíche! Is FEAR thú!"

"Cím", a d'fhreagair a hathair go searbhasach agus é ag sleamhnú leis ón tseomra. "Díol iontais áfach murar aithin tú san go dtí seo."

"Níl sna fearaibh uile ach muca is madraí!" a scread sí. "Téigí go léir i dtigh diabhail, gach aon chunús agaibh."

Scanraigh Bríd nuair a chonaic sí an ball mór gorm ar leathleiceann a fir agus í ag teacht chun an bhaile. "Dia dár réiteach", a sciorr uirthi, "cé a thug an íde sin duit? Ar bhuail tú le scata rógairí sráide ar do shlí abhaile duit?"

"Ní hea", a d'fhreagair a fear, "b'í ár n-iníon ionúin a ghabh dá láimh dheis orm."

"Ó maigh, céard a tháinig uirthi?"

"Taom feimineachais, de réir dealraimh. Is dócha gur dhein an drong san ionsaí eile uirthi, sin nó achrann a éirí idir í agus Somhairle."

"Caithfead labhairt go dian léi láithreach", arsan mháthair go húdarasúil. "Is léir go bhfuil an saol sa chathair seo ag luí go trom uirthi, ach ní féidir linn cead a dorn a fhágaint aici mar sin féin. Ní foláir pionós a ghearradh uirthi go tapaidh."

"Ó, ní gá dul thar fóir", arsan Ministéir. "Fanfam go ligfidh sí a racht, agus ansan cuirfeam ceist uirthi fé céard athá ag dó na geirbe aici. Tiocfaidh aiféaltas uirthi roimh chontráth na hoíche má thá aithne agam ar mo chailín."

"Bíodh mar a deir tú", arsa Bríd, "ach tháim i gcónaí den dtuairim go bhfuileann tú róbhog léi."

Bhí an ceart ag an Mhinistéir, áfach, nó nuair a chuaigh sé a chnagadh ar dhoras na girsí agus á hiarraidh chun tábla an dinnéara, bhí aithreachas uirthi agus í ag amharc ar bharraicíní a cos le teann náire.

"Gabh mo leithscéal gur bhuaileas tú", ar sise. "An trom a ghortaíos tú?"

Chuir a hathair a dheasóg go séimh thart ar a guailneacha. "Níl aon chaill orm", ar seisean. "Tar anois go n-íosfair do chuid, agus ansan beidh cupla focal comhrá againn fé céard a chuir chun cogaidh leis na fearaibh uile thú. An bhfuil sin ceart go leor?"

"Bíodh ina mhargadh", a d'fhreagair an cailín.

"Maith an cailín", a d'úirt an Ministéir. "Thá an béile ag feitheamh leat."

Déanta na fírinne bhí Máire Gráinne stiúgtha leis an ocras, nó níor ith sí oiread is bonnachán ar fhilleadh chun an bhaile daoithi ó Shomhairle; thairis sin, chaith sí an lón ar scoil uair an chloig roimh mheán lae, nó ocht n-uaire ó shin. Nuair a bhí a sáith ite aici, chuidigh sí go múinte fonnmhar lena hathair tábla an tseomra suí a chóiriú fá choinne an chaifé iardhinnéara, agus an mháthair ag beiriú na dí féin.

I ndiaidh don Mhinistéir an urnaí a rá líon Máire na cupaí, agus ansin tharraing a hathair ábhar an lae air ag cur ceist ar a iníon cad é b'údar (nó "trúig", mar a d'úirt sé féin) lena drochiompar inniu. Ar thit sí amach lena cara - nó an mb'iad Réamann agus a chairde a thug ionsaí fúithi aríst?

"An dá rud", arsa Máire. Ní raibh mórán foinn uirthi caintiú ar na cúrsaí seo, ach bhí cineál faoisimh ann daoithi go raibh Deaidí comh meáite sin ar dhul go bun an angair le hachrann den tsórt seo in áit na mbonn. D'fhéadfá a bheith ina mhuinín le haghaidh a leithéide.

"Bhuel, céard a chuir an chéad bhun leis an gcaismirt seo?"

"Nuair a bhaineas an scoil amach ar maidin inniu, bhí Réamonn an Ramallae ansan romham le hinsint dhom go mbíonn Somhairle ag féachaint ar na scannáin leathair chomh maith le duine, agus scoraíochtaí ar siúl age baile ag cara le Somhairle le físeáin den saghas so."

"Agus tusa ag tabhairt creisdiúna do scéal de chuid chailleach an uafáis a d'airís ón ábhar banéigneora san, thar fhocal do chara féin? Bhuel, anois, a chailín, nílim cinnte cé acu agaibh go bhfuil cúis feirge aige..."

"Ach d'admhaigh Somhairle é nuair a chuireas an cheist air."

"Bhuel, thá san níos measa. Ach an bhfuileann tú cinnte nach le corp diúnais amháin a dúirt sé san? Má bhís rótheanntásach ag cur do ladar ina chúrsaí príobháideacha féin, is féidir gur chuiris mífhoighne air ionas gur thug sé an freagra san duit le spochadh asat."

"Tré thimpiste a tháinig na cúrsaí so fé chaibidil, nuair a luaigh sé ainm an chara san. Thá an chuma ar an scéal gur dáiríre a bhí sé."

"Bhuel, an bhfuil náire air fé na físeáin sin?"

"Thá. Bhí sé ag iarraidh saghas leithscéal a dhéanamh, ach bhris ar an bhfoighne agam, an dtuigeann tú."

"Thá cuma an bhuachalla chúthail ar Shomhairle", arsan Ministéir go smaoitiúil. "Bhí sé saghas beaguchtúil nó critheaglach nuair a tháinig sé anso an chéad uair riamh. Bíonn buachaillí den gcineál san fé bhagairt andúil phornagrafaíochta go minic. Is mó uair a bhí orm a leithéidí sin a chur ar bhealach a leasa thiar ar an gcósta."

"An fíor san?" a d'fhiafraigh Máire, agus iontas uirthi.

"Bhuel, bhainfeadh sé stangadh asat a fháil amach cérbh iad féin. Buachaillí go raibh aithne agatsa orthu agus ná beadh coinne agat riamh lena leithéid uathu. Ní luafad ainm ar bith os ard, ach measaim go bhfuileann tú cliste do dhóthain leis an gcuid eile den scéal a oibriú amach as do stuaim féin."

Tháinig gnúis amhrasach ar Mháire, agus d'fhan sí tamall fada ina tost ag cuimhneamh ar na stocaigh shoineanta a bhíodh ag amhránaíocht, a dálta féin, i gcór na heaglaise thiar. Chaith sí corrshúil i dtreo a hathara mar a bheadh sí ag lorg dearbhú a drochamhrais féin i dtaobh duine acu, agus an Ministéir ag freagairt ar a radharc go gruama, mar a bheadh sí ag fíorú achan bhuille fá thuairim de chuid a nighne.

Fá dheoidh b'é a an rud a d'úirt Máire ná: "An bhfuilid na fir uile níos measa ná a chéile?"

Phléasc racht gáirí ar a máthair, agus chuir an Ministéir místá air féin léi. "Ó, ná bí ag fonóid", ar seisean, "nílimid in áit an mhagaidh anso."

"Béal an pháiste ag sceith na fírinne", a d'fhreagair a bhean go scigiúil gan aird a thabhairt ar a fear céile. "Mo ghreaidhin tú, a Mháire Gráinne."

Ós rud é nár chuir gáirí a máthara mórán seaghaise ar Mháire ach oiread, rinne Bríd a leithscéal, ach má rinn féin, ní raibh neart aici ar an sciotaíl bheag a bhí ag iarraidh a theacht fríthi anois agus aríst le linn a raibh fágtha den chomhrá.

Chrom an tUrramach ar ais ar an ábhar.

"Ar an ndrochuair, a Mháire, tháid na daoine uile, idir fhearaibh agus mhná, níos measa ná a chéile, sa mhéid is go bhfuil smál pheaca na sinsear orainn go léir. Nuair a bhíomar ag misinéireacht sa Bhrasaíl, ba mhinic dhúinn lámh chúnta a shíneadh i dtreo daoine a bhí an oiread san fé chois is fé leatrom agus gur chonsaeit linn dul ina gcóngar. Bhí orainn sólás a thabhairt do dhaoine a bhí chomh sáite san sna drugaí agus go maróidís a máthair ar son grán beag héaróine. Ach sid é an saghas oibre a cheap Dia dúinn."

"Thá sé maith go leor a bheith ag caint fé obair fóirithinte", arsa Máire. "Ach ní duine de lucht na déirce é Somhairle ach cara liom, buachaill a raibh mé ag súil leis uaidh go mbeadh sé ar comhleibhéal liom..." Thost sí go tobann, agus sórt aiféaltais ag teacht uirthi.

"Agus tusa den dtuairim nach daoine ar comhleibhéal leat lucht na déirce sa Bhrasaíl, mar shampla? Is iad do mhuintir féin iad, a dhalta", a d'fhiafraigh a hathair.

Níor 'úirt an ghirseach focal. Tháinig ceann faoi uirthi, agus í ag seachaint súile a hathara.

"Ní fearr ó dhúchas tusa ná aon duine eile", ar seisean go dian. "Agus maidir leis na buachaillí is na físeáin shalacha, is oth liom ná fuil ann ach buachaillí a bhíonn ag féachaint ar na scannáin sin gan náire ar bith orthu, ná fonn orthu a mbéasaí a athrú, agus buachaillí a bhíonn ag féachaint orthu ar chúla téarmaí, agus náire orthu, agus iad ag iarraidh éirí astu. Níl buachaill ann ná beadh ar a laghad na cathuithe air. Sid é lomchnámh na fírinne. Is dual don nduine an rud is peaca a dhéanamh, mar dhuine; agus má thá fonn air droim láimhe a thabhairt leis an bpeaca caithfeam cabhrú leis aithrí a dhéanamh." D'amharc an Ministéir go himníoch ar a nighin, agus é ag leanúint leis: "Ní gan trúig a deirtear gur braonach an domhan é seo, agus is cuid de sin é gur mion minic a bhaineann do chuid carad mealladh asat."

Chaith Máire tamaillín ag scuabadh clár an tábla le radharc a súl, go dtí gur bhain sí an tsreang den mhála aríst: "A Dheaide, an miste leat mé ceist phearsanta a chur ort: an rabhais féin tugtha don bpornagrafaíocht agus tusa i do bhuachaill óg?"

"Ní raibh na físeáin ann san am san go fóill", arsan Ministéir go seachantach.

"Muna raibh féin, ní foláir nó go raibh na hirisí craicinn ann cheana", a d'úirt Máire.

"Bhíodar", a d'fhreagair an Ministéir, agus leisce air labhairt, "agus admhaím go réidh go raibh suim agam iontu. Scaití chonac ag scoraigh eile iad agus geitimíní orm súil a chaitheamh iontu. D'éirigh sin liom cupla uair, dháiríre. Níor lig an náire dhom ceann acu a cheannach, óir ba léir roimh ré go mbeadh aithne ag bean na nuachtán orm, a laghad agus a bhí an sráidbhaile."

"Ach bhí náire ort fé sin?"

"Bhí."

"Bhuel, is é an rud a dúirt Somhairle go raibh náire air fé bheith ag féachaint ar na físeáin sin, ach ná raibh fé bheith cairdiúil leis an mbuachaill sin..."

"Ní cúis cáinte é bheith dílis do do chara. Cé hé féin?"

"Rosas is sloinne dó. Juho Rosas athá air."

"Eoin Rosas! Nach é sin an Rosasach céanna a dhein an oiread sin dea-oibre i mbun na n-easlán?"

"Sid é an chuma athá ar an scéal, dá dhochreidte dá bhfuil sé pornagrafaíocht a shamhlú lena leithéid. Ní slonne róchoitianta é Rosas sa tír seo."

"Ní hea. Ón Spáinn a tháinig duine de shinsir na muintire sin, is dóigh liom. An teaghlach céadna athá i gceist gan amhras dá laghad. Bhuel, céard a dúras leat? Tar éis a bhfuil cloiste againn fé fheabhas an Rosasaigh seo ag freastal ar na mallintinnigh ceapaim go gcaithfir a admháil ná fuil gach duine de lucht na bhfíseán craicinn ina bhithiúnach doleigheasta. An bhfeadraís cén tuairim athá agam ar an scéal so?"

D'fhan Máire ina tost.

"De réir a bhfuil d'éachtaint agam ar na cúrsaí seo chuir cailliúint a jab díomá agus déistin ar an Rosasach so leis an ndomhan fré chéile agus gur chuaigh sé leis an bpornagrafaíocht, agus Somhairle s'againn in éindí leis. B'fhéidir gur chuir na físeáin seo samhnas air ar dtús, ach thá a fhios ag Dia gur fuirist géilliúint do na cathuithe. Is iomdha uair a chuala an scéal céadna ó na pornagrafadóirí óga. Ba chóir jab nua a sheiftiú don Rosasach óg ina mbeadh seans aige a sheanchleachtadh a chur chun úsáide le tuilleadh dintiúirí a bhaint amach dó. Ceapaim go mbeidh obair le déanamh do scafaire láidir d'ógánach in éarnáil na banaltrachta féin, ins na hospidéil siciatracha mar shampla. Ós léir é go bhfuil luí aige leis an saghas so oibre ba mhór an dul amú gan é a spreagadh chun an oiliúint chuí a tharraingt air féin. Má théann sé ag foghlaim banaltrachta is dóichí ná a mhalairt go mbuailfear cailíní beo air ina n-áit siúd a chonaic sé ar na físeáin."

Ba léir go raibh an Ministéir gnóthach cheana ag cur bail ar shaol an stócaigh seo nach bhfaca sé riamh agus nach gcuala sé ach iomrá air. "Ceapaim go gcaithfead dul i dteagmháil leis an strapaire seo. Agus beidh focal agam le do chara féin" - bhobáil sé súil ar Mháire - "fés na cúrsaí seo."

"An seanashocadán ar obair arís", arsa Bríd go mioscaiseach.

"Nílim ach mar a chruthaigh Dia mé", a d'fhreagair an Ministéir go gealgháireach.

"Céard ba chóir dhomsa a dhéanamh fé Shomhairle?" a cheistigh Máire, agus imní le h-aithint ar a glór.

"Fút féin athá sé", arsan Ministéir, agus é ag éirí cineál duairc ina ghnúis. "Céard is dóigh leat féin?"

"Bhuel", ar sise, "b'fhearr liom gan an t-achrann so a bheith tarlaithe riamh. B'fhearr liom ná cloisfinn trácht thar na scoraíochtaí sin ar chor ar bith."

"B'fhearr leat do sheanasheachrán ort i gcónaí fé shoineantacht Shomhairle", arsan t-athair.

"Sin go díreach", a d'admhaigh an ghirseach.

"Bhuel, fútsa féin a fhágaim é. Déan do mharana agus bíodh focal stuama agaibh le chéile, más é sin do chomhairle. Is deacair dhom thú a lochtú más fearr leat fanacht siar uaidh feasta, ach mar a dúirt an file, níl pian ná peannaid ná galar chomh tromchráite le héag na gcarad nó scaradh na gcompánach. Ní maith liom féin tú cuideachta a choinneáil le aon stócach a bhfuil eolas rómhaith aige ar na físeáin leathair, ach ón taobh eile de nílim féin chomh saor agus cloch a chaitheamh le haon duine."

An lá arna mhárach agus Máire ag teannadh leis an scoil ní raibh d'fháilte ansin roimpi ach ruabhéiceanna seitgháirí agus tarcaisne ó na scoláirí eile go léir. Nó a thúisce is a chuala Réamonn fán chumann craicinn a bhí ag Máire le Somhairle, mar dhea, chrom sé ar an nuacht seo a scileadh le duine ar bith eadar uasal is íseal dá raibh d'aos óg na cathrach ar lucht a aitheantais. Bhí Máire cóirithe anois ag an tsaol mhór, agus gach duine suite dearfa deimhin go raibh sí ina mnaoi luí ag Somhairle. Ós óna béal féin a tháinig an t-éitheach an chéad uair, ba bheag an t-urradh a bhí aici an nuaíocht a bhréagnú.

"Striapach Shomhairle na Leabhar! Striapach Shomhairle na Leabhar!"

"Nighean an Mhinistéara ina striapaigh ag Somhairle na Leabhar!"

"An striapach ghorm! An dubhstriapach ghorm! Cad é an praghas atá ar do phit? Cá mhéad a chosnaíonns raighdeáil amháin?"

Agus mar sin gan stad gan chónaí. Mhaireadar ar an téad seo gan aon lorg tuirse orthu. Nuair a bhí an chéad cheacht thart an lá sin, thoisigh buachaillí cruinnleicneacha an tseachtú ranga bunscoile - sin le rá, iadsan nach raibh ach tri bliana déag slán acu - thoisigh siad a chaitheamh eascainí agus leasainmneacha gáirsiúla ina treo chomh túisce agus a bhí sí thar thairseach an tseomra ranga.

Chuirfeadh sí suas leis na maslaí briotacha ciotacha seo lá ar bith, nó bhíodh na spuraicligh sin comh páistiúil agus nach rabhadar in ann ach an cúpla mionna móra céadna a spalpadh astu fiche uair gan aon duine a ghoin go tromchúiseach: ní raibh ag na ceanracháin sin ach focail a chuaigh le gaoth. B'iad a cuid comhaoiseanna féin ba mhó a chuir eagla agus míchompord ar Mháire: na girseacha ag sciotaíl is ag scigireacht, na buachaillí ag amharc go gráiniúil. An rud nach gcluinfeá ba mhó a ghoillfeadh ort.

Bhí tuilleadh le theacht, áfach. Nó nuair a bhí Máire suite seadaithe ag tábla na bialainne lena béile a chaitheamh - b'í an bhialann chéadna í a bhfuair Somhairle an tsúisteáil mhór ina forsheomra agus é trí bliana déag d'aois - chuaigh Juulia (Síle) Junttanen, cailín óna rang féin a mbíodh caidreamh cuíosach maith léithi ag Máire go nuige seo - chuaidh Síle ina suí fiarthrasna an tábla os coinne Mháire, agus nuair a bhí an bheirt acu i ndiaidh beannú dá chéile, thoisigh an ghirseach eile a chanadh ar scúp an lae.

"Bhí mé riamh den bharúil nach mba chóir duit a chaidreamh."

"Cé dó a bhfuileann tú ag tagairt?"

"Somhairle na Leabhar. An cailín a théid oiread is á chóir ní fearr í ná striapach. Ba chóir duit a sheachnadh ó thús."

Baineadh stangadh as Máire. Ní bheadh sí ag dréim lena leithéid sin ó Shíle. Nuair a tháinig an crú ar an tairne ba chineál cairde dá chéile an bheirt acu.

"Cén chiall athá leis sin?" a d'fhiafraigh Máire, agus iontas uirthi. Mhothaigh sí lasóg na feirge ag bladhmadh suas ina croí.

"Ní den chríonnacht é bheith ag déanamh comhluadair dó", arsa Síle, mar a bheadh sí ag míniú an rud is follasaí ar domhan do pháiste mhíthuisceanach nach bhfuil fios na ndea-bhéasaí aige.

"Cad ina thaobh?" a phléasc Máire uirthi. Bhí sí ag glacadh corraí le Síle anois.

"Bhail", arsa Síle, agus cineál iontas uirthi ó bhí Máire ag éileamh údair le rud nach mba ghnách bheith amhrasach faoi, "chan fhuil tú ach ag tarraingt trioblóide is racáin. Agus an t-iomrá atá amuigh ar Shomhairle chan dearcasach an mhaise duit bheith ag siúl amach leis."

"Is cuma liom féna ndeir lucht na haithiseoireachta", arsa Máire de shioscarnach fheargach, agus meascán aisteach mothúchán ag teacht fríthi. Bhí cineál náire uirthi gur thuig sí creidiúint dá rabh á rádh ag Réamann an chéad uair riamh, agus fearg uirthi le Somhairle tharla gur iompaigh na ráflaí amach ina bhfírinne. Thairis sin bhí sé ag cur as di a réidhe is a ghlacfadh macasamhlacha Shíle le cibé míghreann fá dtaobh de Shomhairle mar a bheadh lomchlár na fírinne ann.

Níor thaise do Shíle é, áfach, agus tallann feirge ag teacht uirthi comh maith le duine. "Cha dtuigim ar scor ar bith", ar sise go driseogach, "cad fáth a bhfuil tú ag suirí leis an cheanrachán sin, agus an chathair uilig dubh le buachaillí níos fearr ná eisean."

"B'fhéidir gurb eisean fear mo dhiongbhála", arsa Máire.

Phléasc seitgháirí ar Shíle. "Tá a fhios go rómhaith agat nach bhfuil sin fíor. Thiocfadh leat cluain a chur ar stocach ar bith ar an bhaile seo. Tá siad uilig sa chéill is aigeantaí agat."

"Agus is múinte cúirtéiseach mar a chuirid san in iúl", arsa Máire go searbhasach.

"Cogar anois, ba thútach an cleas a d'imir Réamann ort..."

"Tútach an cleas, a deir tú! Dheineadar iarracht mé a éigniú!"

"...ach ní hionann sin is a rádh nach bhfuil de roghain agat ach Réamann nó an sampla bocht sin. Tá buachaillí na cathrach ag sílstin gur ag déanamh díspeagadh orthu atá tú agus tú ag tabhairt tús áite dó siúd seachas aon duine acusan..."

"Gach seans go bhfuil sin tuillte go maith acu", arsa Máire Gráinne.

"Bhail, ná habair liom nach dtug mé rabhadh duit. Cha dtig leat do shaol a chaitheamh anseo gan aird a thabhairt ar bharúil na ndaoiní eile."

"Má tháid na maistíní ag céasadh cara de mo chuid, is amhlaidh is mó cúis agam seasamh leis."

Chroith Síle a cloigeann agus gnúis truamhéileach uirthi.

"Bíodh crothán céille agat, a Mháire. Tá sé ceart go leor bheith ag cuidiú le lucht na leathmheabhrach. Ní tógtha orthu é ar aon nós go bhfuil tú i gceann obair carthanachta, ach caithfidh tú a thuigbheáilt nach dtig carthanacht agus grá Dia agus mar sin de, nach dtig leat a leithéid a tharraingt isteach i gcúrsaí an chleamhnais agus na mbuachaillí. Caithfidh tú do dhíol féin a fháil, buachaill atá inchurtha inchumainn leatsan."

"Is é Somhairle mo dhíol féin de bhuachaill, mar a deir tú. Thá a lán spéiseanna agus caitheamh aimsire i bpáirt againn lena chéile. Ní féidir liom a thuiscint canathaobh ná beadh sé inchurtha liom."

"Bheadh teacht agat ar stocach ar bith", a d'áitigh Síle, mar a bheadh sí ag toiseacht aríst ar an téipthaifeadadh chéadna, "agus tusa ag roghnú an amadáin sin thar an chuid eile acu..." Mhair Síle ar an téad seo go dtí gur thug sí fá dear nach rabh Máire ag tabhairt cluais daoithi.

Ní raibh dearmad déanta ag Máire ar na cúrsaí pornagrafaíochta, agus í eadar dhá chomhairle i gcónaí an mb'fhiú di maitheamh do Shomhairle agus leanúint uirthi ag déanamh cuideachtan dó. Ach nuair a chuala sí cén mana a bhí ag Síle fá dtaobh den bhuachaill thaobhaigh sí leisean le tréan diúnais amháin. Shílfeá nach mb'í Máire, ach go mb'é Somhairle, an duine le gné ghorm craicinn anseo. Ní raibh lá aithne ag Síle ar Shomhairle, amach ó na scéaltaí ithiomrá a chuala sí ag lucht an mhíghrinn; mar sin féin, bhí sí suite siúráilte nach raibh seisean "inchurtha" le Máire, ná le haon chailín eile.

Nuair a bhí a cuid bia críochnaithe ag Máire, agus í ag tarraingt ar an raca in aice le doras na bialainne lena trádaire a fhágáilt air, bhraith sí go tobann seileog á caitheamh ar a leathleiceann, agus macalla an fhocail ghránna féin - "striapach" - ag siosarnach ina cluais uair eile. Baineadh cliseadh aisti, agus dhearc sí i dtreo an ghutha le fáil amach cé a bhí ann. Ní fhaca sí áfach ach múinteoir an Teagaisc Chríostaí - siúd is nach raibh an caidreamh eadar Máire agus an chailleach seo go rómhaith riamh, ba dheacair a shamhlú léithi go mbeadh sí á hiompar comh madrúil sin - agus...agus Toivo Hurskainen!

"Dóchas" is brí le Toivo, agus "cráifeach" a chiallaíonns an aidiacht udaí "hurskas"; mar sin, ba léir óna ainm is a shloinne gur fear mór creidimh a bhí i dToivo. Buachaill naoi mblian déag ón chríochrang a bhí ann, agus é ag freastal ar imeachtaí Chlub Eaglasta na hÓige in Ionad na hOibre go tráthrialta ag canadh amhráin diaga agus á thionlacan féin ar an ghiotár. Cineál vóitín simplí a bhí ann, nó ba bheag a shuim i mórán rudaí eile ach an reiligiún. An dtiocfadh leisean Máire a mhaslú comh tútach sin?

B'fhéidir. Nó bhí cupla iarracht déanta aige comhrá na colpaí a bhrú ar Mháire fá comh claon agus a bhí colainn na ndaoiní óga nó fá comh glan agus a bhí grá an stócaigh chráifigh. Bhí Máire comh soineanta agus nár oibrigh sí amach roimhe seo cad é a bhí i gceist ag Toivo, ach thoisigh an tuiscint a theacht aici de réir a chéile. Ní raibh i dToivo an Éadóchais ach suarachán eile d'fhear a bhí sa chiall is aigeantaí aici toisc í a bheith ina cailín gorm gnéasmheallacach - agus ó bhí a hainm luaite le Somhairle anois, thiontaigh an saobhghrá sin ina dhímheas ar an toirt, agus an Fairisíneach sin ag tabhairt an mhasla mhóir féin di dá réir sin.

Ní raibh i Máire i súile na mbuachaillí cráifeacha féin ach moll mór d'fheoil mhéith ón Afraic. Shílfeá go rabhadar uilig tugtha do na hirisí gáirsiúla. B'é Somhairle an t-aon stócach amháin ins an chathair seo a d'aithin an duine inti, agus é in ann comhrá a choinneáil léi fá rudaí ba spéis leis an bheirt acu. Ann nó as do na físeáin, bhí sé ábalta air sin lá ar bith! Agus ise i ndiaidh é a chailleadh anois! Fágtha ina haonar ar fad i measc na mbithiúnach seo uilig!

Thuig Máire nach mbeadh gar ann a áitiú ar na hamadáin seo gur éirigh ina bhrilsce eadar í agus Somhairle, agus iad scartha le chéile anois. Nó bhí aos óg na cathrach i ndiaidh "striapach Shomhairle" a ghairstin di go hoifigiúil: breith gan achomarc a bhí ann. Bheadh sé comh maith aici athmhuintearas a lorg le Somhairle, ó nach raibh aon éalú aici ó bheith ag íoc deachú a gcaradais feasta, lá i ndiaidh lá eile scoile.

I dtaobh Shomhairle de, chuir sé iontas air féin comh furasta agus a bhí ag éirí leis imeacht Mháire as a shaol a sheasamh. Shíl sé ar tús go dtitfeadh sé go domhain in umar an éadóchais, mar ba ghnách dó a dhéanamh nuair a gheibheadh sé amach go rabh leannán cheana ag giodróg éigin agus é i ndiaidh taithneamh a thabhairt di. An iarraidh seo áfach ní grá leatrom ná éagmhaise a bhí i gceist. Bhí fíoraithne aige ar an chailín, agus má bhí sé ag éirí craiceáilte ina diaidh, bhí sí ag freagairt a chuid mothúchán go dtí go bhfuair sí amach fá na físeáin. Agus ní tallann luathintinne den chineál is dúcha do ghirseacha óga a thug uirthi imeacht uaidh - bhí ábhar maith - inmhaite fiú - aici col a ghlacadh leis. I dtaca le holc bhí Somhairle in ann a cás a thuiscint, siúd is go dtigeadh corraí air léi ó am go chéile, agus é ag smaoineamh ar an scéal: ní fhéadfá a bheith ag dréim leis ó ógmhnaoi chráifigh go mbeadh a fhios aici cén cineál fadhbanna a bíos ag luí ar stócaigh óga uaigneacha sa chathair seo.

Bhí an ceart go hiomlán aici nach raibh ins na scannáin chraicinn ach truailliú anama agus intinne do lucht a bhféachála. Ba chuimhin le Somhairle an dearcadh leathrómánsúil leathdháiríre a bhí aige i leith na collaíochta nuair nach bhfaca sé físeán craicinn ná iris gháirsiúil amháin riamh go fóill, agus é i muinín treoirleabhartha tomhaiste siosmaideacha fá dhéin eolais ar chúrsaí leathair. Ag an am sin bhí sé den bharúil go rachadh aige cibé fadhb ghrá nó ghnéis a réitiú roimh ré fríd chailín a roghnú a mbeadh spéis aici sna rudaí céadna agus aigesean, agus fríd bheith ina cheann mhaith di: sin a mbeadh de. Dá mbeadh sé in ann an tsoineantacht sin a fháil ar ais! Mhallaigh sé an lá a chuala sé iomrá an chéad uair ar Jarmo Koskinen a bheith i seilbh físeán craicinn - ní bhíodh Eoin ag reachtáil a chuid airneán go fóill san am sin - a bhí sé sásta a thaispeáint do stócaigh a aitheantais ar a ghléas fístéipe féin. Ní raibh Somhairle ach cúig bliana déag ansin. Ba chuimhin leis gur scanradh a bhain an chéad scannán leathair sin as seachas éirí nó adharc a chur air: nuair a chonaic sé an bod á shá isteach agus amach, isteach agus amach aríst i ngar-amharc ar an scáileán teilifíse, tháinig fonn air a scairt: is leor sin, is leor sin, creidim cheana go bhfuil siad á dhéanamh dáiríribh, níl gá lena thuilleadh! Nuair a tháinig sé abhaile, bhí adharc air ceart go leor, agus chaith sé tamall fada ag bleán a bhoid; ach ina dhiaidh sin mhothaigh sé é féin i bhfad ní b'uaigní ná riamh roimhe seo, agus na deora ag teacht leis go flúirseach.

Spréadh ar na físeáin! B'é an rud ba ghéire a bhí de dhíth air ná Máire a bheith ag labhairt go séimh leis, ag tabhairt maithiúnais dó, agus é i dteideal a lámha a chur ina timpeall. Croí isteach a ba mhó ab áil leis anois. Croí isteach ó chailín grámhar a bhí de dhíobháil air riamh, go háirithe an lá truamhéalach samhraidh beagnach dhá bhliain ó shin nuair a bhuail sé isteach chuig an Choiscín leis an chaiséad fístéipe a fheiceáil.

An raibh díomá ar Shomhairle anois, agus é ar an bhlár fholamh i ndiaidh do Mháire imeacht uaidh? Ní raibh. Lionn dubh a bhí air ceart go leor, ach nuair a tháinig an crú ar an tairne ní raibh an oiread sin pianach ag roinnt leis agus mar a shamhlófaí dó. Mothúchán fealsúnta a bhí ann, mar lionn dubh, mothúchán a bhí ag teacht go maith le dúchas Shomhairle - Fionlannach a bhí ann, agus sin go smior. Rith leis go bhféadfadh sé fiú tragóid mhór Ghréigeach a chumadh fá dtaobh dár éirigh dó le Máire Gráinne. Trom-mheabhrú uasal oirirc fá éaguibhreannas an dá ghnéas le chéile, fá rogha an dá dhíogha...

Go tobann bhraith sé lámh ar a leathghualainn. Dhearc sé ina thimpeall. Bhí sé ina shuí sa chaifitéire chéadna inar casadh Máire air an chéad uair riamh. Agus b'í an ghirseach chéadna a bhí ann, agus í ina seasamh in aice leis.

Ní raibh sí ag meangadh gáirí ná geall leis, ach bhí cuma sách cairdiúil uirthi. Thug Somhairle in amhail a lámh dheas a chur thart uirthi, ach bhuail a sheanchúthaltacht é aríst. Ní raibh sé róchinnte an rabh Máire Gráinne ann dáiríribh, nó ba dhóchúla leis mearú súl a bheith ann. Ach b'ann don láimh ar a ghualainn, agus bhraith sé an teas ag teacht óna colainn-se.

"Gabh mo leithscéal gur imíos chomh tobann", ar sise. "Ceapaim go gcaithfead labhairt leis."

"Tá go maith", ar seisean. "Is mór an faoiseamh d'fheiceáilt." Ansin tháinig crith ar a ghlór, agus é ag rá: "An dtig leat féin maitheamh domh choíche?" Bhí sé ag sárú air go fóill a chreidiúint nach gan filleadh a d'imigh an ghirseach uaidh.

Lig Máire osna aisti.

"Ba mhaith liom dearmhad a bheith déanta den scéal san agam cheana féin", ar sise. "Ach thá sé ródheacair."

"Tuigim do chás", ar seisean. "Chan fhuil de dhíth orm ach go mairfeadh an seancharadas eadrainn." Chaith sé meandar beag ag smaoineamh. "Ach ba mhaith liom a mhíniú cad é a chuir ag amharc orthu mé an chéad uair. Ba mhaith liom labhart fá sin le duine ínteacht."

"Ba cheart duit do chomhrá a dhéanamh le Deaidí", ar sise. "Tháim féin róthuirseach den bpornagrafaíocht anois."

Baineadh stangadh as Somhairle. "Leis an Mhinistéir? Cad fáth?"

Chuir Máire gnúis theagascúil uirthi féin agus í ag rá: "Bhuel, bhí cupla focal agam fé do chuid físeán..."

B'fhearr leis an stócach anois an talamh é a shlogadh ná Máire a bheith ag labhairt. Nó bhí cineál scáth air i dtólamh roimh an fháidh sheantiomnúil a raibh d'onóir ag Máire 'Deaidí' a thabhairt air. Cé go mbíodh sé lách cineálta le Somhairle ó fuair sé aithne cheart ar an bhuachaill, ní raibh seisean in ann gan baspairt áithrid a mhothú air féin i bhfianaise an fhir seo. Ní raibh sé in ann, ar ndóighe, bheith go hiomlán ina sháimhín suilt fá dhaoiní cráifeacha - ba ghnách do Shomhairle sórt faitíos a theacht air roimh Mháire Gráinne féin agus í ag taispeáint barraíocht dá taoibh eaglasta dó - agus ba dócha leis go ndéarfadh an Ministéir lena iníon cibé cumann a bhriseadh le fear óg a raibh amuigh air é a bheith tugtha do na físeáin chraicinn.

"...agus dúirt sé go raibh an ghalar so an-choitianta i measc na scorach cráifeach féin, agus é go minic ag comhairliú buachaillí a raibh an fhadhb chéadna acu. Theastaigh uaidh do chara a chur ar bhealach a leasa chomh maith, tar éis a raibh cloiste aige féna fheabhas agus a bhí sé leis na heasláin. Bhí Deaidí den dtuairim go mba chóir cabhrú leis slí bheatha a dhéanamh den mbanaltracht." Stad sí tamall gur chuir sí ruball le seo: "Bíodh a fhios agat, a Shomhairle, gur dóichí ná a mhalairt ná béinn sásta choíche labhairt leat arís murach é. Agus ná déan dearmhad nach bean mise des na cailíní ar an scáileán. Is duine mé, agus toil de mo chuid féin agam. An léir dhuit an méid sin anois?"

B'é an rud a ba mhaith le Somhairle a rá anois go mb'amhlaidh ab fhearr leis Máire a bheith, go mb'fhearr na mílte uair leis í ná na mná páipéir. Go mb'fhearr leis an t-imreas féin le Máire Gráinne ná an t-uaigneas i gcuideachta na bhfíseán. Níor thug an tabhairt in amhail dó na rudaí seo a fháscadh thar a bhéal, áfach.

Sa deireadh thiar thall b'é an rud a d'úirt sé ná:

"Is maith an fear é an Ministéir," agus bhí guth iontach tomhaiste aige mar a bheadh sé ag cur fíric eolaíochta in iúl: "sin é an sainmhíniú atá againn ar an toradh difreála i gcalcalas na matamaitice".

"Is fear é", arsa Máire agus cineál smúid uirthi, "agus ciall aige do chás na bhfear. Nílim cinnte an mbeadh an tuiscint chéanna aige dhomsa dá ndéanfainn féin rud éigin chomh hamaideach."

"Bhail", arsa Somhairle, "cha dtig liom aon rud a shílstint a thiocfadh le cailín a dhéanamh agus a bheadh cosúil le bheith ag amharc ar an chac sin." Dáiríre a bhí sé. Bhí náire air i gcónaí fá na físeáin, agus é buíoch beannachtach le Máire go raibh sí sásta é a chaintiú ar scor ar bith.

"Bhuel", a d'fhreagair Máire, agus coinnle na mioscaise ina súile, "céard fé luí le pocleandar éigin le h-eispéireas gnéis a bhailiú?"

Tháinig athrú datha i leicneacha Shomhairle nuair a chuala sé na focail seo ó Mháire, agus é ar bharr amháin creatha ó bhearradh go diúradh.

"Ná habair é", ar seisean go mall.

"Is iomdha cailín a dhéanann mar sin, dháiríre", arsa Máire. "Nó sid é an port a bhíonn acu, ar a laghad. Is féidir, ar ndóigh, ná fuil ann ach saghas gaisciúlacht bhéil."

"Cibé fá sin, cha dtearn tusa é, cinnte?" a d'fhiafraigh Somhairle go hacaointeach.

"Anois, nach tusa athá i ndaorbhroid", ar sise go míthrócaireach. "Cuimhnigh air nach difriúil leis sin a mhothaíos-sa mé féin nuair a chuala go mbíteá ag breathnú ar na físeáin!"

"Ach ní bhíonn tú ag luí le pocleandair? An dtuigeann tú, thig leat an víreas mór féin a thógáilt ó fhear atá deich mbliana fichead d'aois, agus é i ndiaidh cuairt a thabhairt ar dhrúthlanna in Hamburg nó in áiteanna níos measa fós..."

Rinn Máire sciotaíl. "Ná bíodh aon chaduaic ort, a Shomhairle. Trua ná facaís an ghnúis a bhí ort, a chréatúir. Mise i mo bhean luí ag fir fhásta...ó, nach leamh athá do cheann ort, dháiríre."

"Mar sin, cha rabh ann ach bob a bhuail tú orm, a rógaire!" a d'imigh ar Shomhairle de phléasc, agus é ina chaor dhearg thine le luisne.

Chuimil Máire a deasóg go séimh le leathghualainn an bhuachalla. "Gabh mo leithscéal, a chuid", ar sise. "B'fhéidir gur chuas thar fóir."

"Chuaidh tú glan thar an cheasaí", a d'fhreagair Somhairle, agus místá air. "Ba mhaith liom a fháil amach goidé mar a rachfadh a leathbhreac sin de mhagadh i bhfeidhm ar d'athair."

Chuir na focail seo cineál oibriú intinne ar Mháire. "Ná sceith orm leis, a stór. Thá brón orm."

"Tá go maith", arsan buachaill.

"Bhuel, muran difear leat mé ábhar eile a tharrac orm..."

"Ó, ní miste ar aon nós, a ghlanmhalairt ar fad", a d'úirt Somhairle.

"...bhuel, conas athá an bhulaíocht ar na saolta so, mar shampla?"

Rinne Somhairle gáirí, agus é ag freagairt: "Char chlis buaidh an fhocail chirt ort ariamh, a chroí. Bhail, goidé a déarfainn? Gan athrú ar an chathéadan thiar, le caoinchead ó Erich Maria Remarque. Cén chuma atá ar an taoibh eile den tseith?"

Chroith Máire a cloigeann, agus strainc éadóchais uirthi. "Thá an saol ina dhiabhal ar fad."

"Ar fad, nó ar fad ar fad?"

"Ar fad ar fad ar fad! Tháid ag tabhairt an ainm mhór féin orm!"

"An t-ainm mór? Cén t-ainm?"

"Ainm na striapaí, ar nduathair, a amadán! An rud is measa ná go bhfuil mo chuid cairde féin, an beagán a bhí agam, go bhfuilid am thréigint." Thit deoir amháin lena leathleiceann. "Níl fágtha agam ach tusa." Bhí briste ar a bród anois: ní raibh sí á áitiú air a thuilleadh gurbh é tionchar a hathara amháin a thug uirthi maitheamh dó. "Ní mór dhom a rá ná tuigim conas a d'éirigh leat a leithéid de shíorphriocaireacht a sheasamh bliain i ndiaidh bliana." Tocht ina glór. "Thá saghas náire orm gur ghlacas fearg leat mar sin."

"Bhail, ná bíodh brón ort. Chan fhuil de dhíth ach bliain is cúpla mí a chur dínn leis an Ardteistiméireacht a bhaint amach agus as go brách ansin leis an dís againn ón áit seo!"

"Dherá", arsa Máire, "tháim cortha bréan dubh dóite dóthaineach den gcineál san cainte! Amárach, sa chéad mhí eile, sa bhliain seo chugainn...sa Síoraíocht, b'fhéidir, a bheidh feabhas ar an saol. Nílim ag éileamh parthas ar an dtaobh so den uaigh, ach ba mhaith liom saol réasúnta infhulaingthe a bheith agam anois."

Rinne Somhairle a dhicheall le sólás a thabhairt do Mháire Gráinne, agus b'é deireadh an chomhrá seo ná gur thug siad croí isteach dá chéile ansin, i gcaifitéire na leabharlainne, beag beann ar a raibh ag amharc orthu; ina dhiaidh sin chuaigh gach duine den bheirt acu abhaile chuige féin. Ríméad an chéad mhothúchán a d'fhág an teagmháil seo ar Shomhairle; ach má d'fhág féin, b'ar éigean a thiocfadh an méid céadna a rá fá dtaobh de Mháire. Nó dhall an gliondar súile an bhuachalla cuid mhaith ar a doghrainn sise: má bhí Máire á céasadh, ní raibh ann, dar leis, ach a chruthú go raibh siad daite dá chéile le haghaidh cleamhnais. B'é an t-uaigneas a phríomhfhadhb féin go dtí seo; anois, agus caidreamh a dhiongbhála aige, bhraith sé seasamh gach cineál maistíneachta ag fás istigh ann. B'é sásamh Shomhairle go raibh Máire ann ar scor ar bith, agus í sásta é a chaidreamh aríst. Níorbh ionann cás Mháire, áfach. Bhí sí cleachta le saol sonasta suaimhneach gan mórán taithí ar chruálacht nó suarachas na ndaoiní, agus í ag dréim le faoiseamh agus focla grámhar óna chara, a bhí le bheith ina leannán aici feasta. An rud a bhí Somhairle a thairiscint di, áfach, ná féinadhradh an laoich aonair ag streachailt ar mhaithe leis an cheart in éadan an tsaoil mhóir is a mháthara críonna.

******

Nuair a casadh Somhairle agus Eoin ar a chéile an chéad uair eile, bhí an Ministéir i ndiaidh a chomhrá a dhéanamh le hEoin, agus an stócach fríd chéile ar fad.

Leath aoibh na forbhfáilte ar bhéal mháthair Eoin nuair a chonaic sí féin an Ministéir chuici, ach d'athraigh an port in áit na mbonn agus í ag fáil amach gurb iad airneáin a mic is a chuid carad-san ba chúis leis an chuairt seo. B'eol di go maith agus go rómhaith cad é an cineál scannánaíochta a bhíodh á thaispeáint nuair a chruinníodh na stócaigh i seomra suí a hárasáin, ach más amhlaidh féin, b'fhearr léi gan aon challán a tharraingt. Bhí athair Eoin, a mba mháistir foirgneoireachta é agus cleachtadh aige ar dhomhnán gharbhghnéasúil na bhfear coiteann, bhí seisean den bharúil nach raibh sna físeáin ach cuid d'fhorbairt fholláin a mhic, agus é bheith ina fhear cheart. Thairis sin, bhí cineál claonadh ag an mháthair féin dearcadh ar an scéal ó thaoibh mhaith na seithe. Nó, i dtaca le holc, ní raibh an stócach ag crá croíthe fíorchailíní fríd a ghaisneas a bhaint astu. Mar sin, ní raibh aon chontúirt ann go n-éireodh racán eadar í agus bean de mháithreacha na ngirseach óg sa chathair. Ach b'ábhar náire, spalpais, aiféaltais agus aithise é Eoin a bheith ina mháistir pléisiúir is pléaráca ag baicle de phornagrafadóirí óga, agus má bhí sí ag cur geáitsí creidimh uirthi féin agus ag taobhú imeachtaí eaglasta, ní raibh iontu aici ach éalú ón réaltacht bhrúidiúil sin a mba chuid di scannáin seo a mic. Ní raibh lá tuisceana ná foighne aici i leith ministéara a raibh fonn air aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna an tsaoil seo seachas cloí lena cheartobair ag móradh is ag moladh an tsaoil eile.

Bhí faitíos ar mháthair Eoin roimh "challán" ar bith, agus b'é an rud a bhí sí a mhaíomh leis an fhocal sin ná réitiú na bhfadhbanna, freagairt na gceisteanna agus cardáil ionraic na gcúrsaí goilliúnacha - an réaltacht chéadna a sheachnaíodh sí comh dian agus a thigeadh léi. Bhíodh sofhriotal nó focal maoláisnéise aici ar rud ar bith, agus í ag glacadh leis gur fíon geal a bhí i bpoitín, gur titim i ngrá a bhí i gcorrbhabhta leathair, agus gur ardlitríocht fhiúntach ealaíonta a bhí i Rogha Leabhar Reader's Digest.

Bhí sí ina cara as Críost ag Liisa (Éilís) Jurvainen, iníon le seanchara scoile dá cuid. Giodróg bheag dhóighiúil a bhí inti, agus í ar comhaois le Somhairle. Bhíodh sí ag bualadh craicinn le gach darna buachaill ins an chathair, beag beann ar cé acu acu a bhí in ainm a bheith mar leannán aici ag am áirithe; ach b'é an cur síos a thugadh máthair Eoin air seo ná go raibh "ráchairt" ar Éilís, ó ba rud é gur bean óg "thíriúil" a bhí inti, agus gach aon chosúlacht ar an scéal gur rud maith inmholta a bhí ins an "tíriúlacht" seo, dar le Bean Mhic Rosas féin. Lena ceart a thabhairt don ráitseach bheag, bhí sí comh réagánta réchúiseach ina hiompraíocht agus go mbíodh caidreamh chóir a bheith cairdiúil aici le hEoin, nuair a thigeadh sí ar cuairt. Bhí ballaíocht éigin ag Somhairle féin uirthi ón scoil, agus í sásta séischomhrá cairdiúil a dhéanamh leisean, má bhí gá leis. Siúd is go raibh cineál dímheas ag Somhairle uirthi agus an sórt saol a bhíodh aici, ní bhfuair sé riachtanach riamh col ná snomh a ghlacadh léi. Déanta na fírinne chreid Somhairle nach ndiúltódh sí Eoin fána chuid a thabhairt dó dá n-iarrfadh sé uirthi é go múinte béasach, ach ar ndóigh ní raibh misneach a dhéanta sin in Eoin. Ba dhócha go rabh an oiread sin eagla air roimh an "challán", dálta a mháthara.

Anois áfach bhí an callán mór féin tarraingthe, agus a mháthair "ag tabhairt léim ó bhalla go balla", mar a chuir Eoin i bhfoclaibh é. Ní bhfuair sé lá lochta ar an Mhinistéir: thuig sé go rabh an fear seo dáiríre ionraic ag féacháilt le cuidiú leis, ach rinne máthair an ghasúir praiseach den iarracht a bhí ar obair ag an eaglaiseach Eoin a chur ó bhealach a mhíleasa. Scairt sí aríst agus aríst eile gur "buachaill maith" a bhí in Eoin, agus nach mb'fhiú na cúrsaí "suaracha" seo a chardáil.

"Agus goidé a tharla ansin?" a d'fhiafraigh Somhairle d'Eoin.

"Bhail", a d'fhreagair a chara, "d'iarr an Ministéir ar Mhaime a dhul amach agus seal spaisteoireachta a dhéanamh. Ba bharrúil an mhaise dó é, dáiríribh, agus an chuma atá ar na sráideanna fá láthair."

Bhí an ceart ag Eoin, nó tháinig an chéad choscairt i ndiaidh siocfhuacht an dúgheimhridh cúpla lá roimhe seo, agus an sneachta á leá ina bhrachán clábair agus uisce shalaigh ar fud na cathrach.

"Cha dteachaidh Maime amach, ach ar a laghad stad sí de bheith ag cur isteach orainn, agus bhí ár gcomhrádh againn."

"An rabh aon rud fónta le rádh aige?"

"Bhí sé ag canstan ar an tréimhse a chaith mé ag amharc i ndiaidh na n-easlán...Is dóigh leis go bhfuil ábhar banaltra fir ionam. Giolla ospidéil, nó cibé a bheir siad ar a leathbhreac."

"Goidé do bharúil féin?"

"Chan fhuil caill air mar smaoitiú, ach is dóigh liom gur chaith sé barraíocht ama ag caint is ag cabaireacht fá dtaobh de na girseachaí sna scoltacha banaltrachta. Tá a fhios ag madraí an bhaile nach bhfuil ach óinseacha ag freastal orthu."

"Ná habair sin. B'fhéidir go mb'fhiú triail a bhaint as, ar a laghad."

(Críoch le Caibidil a Ceathair)

Ar aghaidh