AN CÚIGIÚ CAIBIDIL

AN SCÚILLE IS AN BHODÓINSEACH

Panu Höglund

Bhí imní ar Shomhairle fá dtaobh d'Eoin.

Ba chuid den duairceas intinne a d'fhág blianta fada na síorbhulaíochta air ná go raibh sé cinnte nach ligfeadh Dia leis ach cuóta áithrid de chairde agus lucht gaoil, cuóta an-íseal. Dá bhfaigheadh sé cara úr, chaillfeadh sé duine den chuid eile, bhí sé beagnach cinnte de. Bhí blas an pharanóia air seo, ach má bhí féin, thiocfadh le Somhairle a ghannchuid saoltaithí a tharraingt chuige mar chruthúnas.

Nó nuair a d'éirigh sé mór le hEoin, ní gairid go bhfuair a athair críonna bás; agus ba chuimhin leis fosta go mb'éigean dó scor de cibé caidreamh nó comhluadar a bhíodh aige go dtí sin le Timo (Tadhg), buachaill na comharsan, nuair a rinne sé an chéad teanntás do Mharcas Mac Annraoi in aois a dheich mblian dó. B'é ab údar le seo ag an am ná go raibh seanfhaltanas eadar Tadhg agus scata buachaillí a raibh cónaí ar a gceann urraidh san áit chéadna agus ar Mharcas. Ní raibh baint dá laghad ag Marcas leis an drong sin, ach ba chuma le Tadhg fá sin: bhí ina chogadh dhearg eadar é agus muintir an bhloc árasán sin, agus sin a raibh de.

Ní bhíodh mórán céille riamh ag Somhairle don chineál seo taidhleoireacht cúlshráide. B'fhéidir go mb'é seo an chéad chúis riamh leis an mhíghnaoi a bhí ag aos óg na cathrach air. Mura raibh seisean in ann a thuiscint cad fáth a raibh an oiread sin úimléide leis na cogaíocha eadar baiclí éagsúla gasúraí, ní thuigfeadh na gasúraí sin cad eile ab údar lena leithéid seo d'easpa spéise ins na cúrsaí ba thábhachtaí ar domhan, ach amháin sotal agus anuabhar; agus b'é a ndualgas pionós a ghearradh ar Shomhairle ar son an anuabhair.

Cibé fá sin, bhí eagla air anois ná go n-éileodh Dia anam Eoin air mar éiric i Máire. Thigeadh sórt náire air ó am go chéile agus é i gcuideachta na girsí, nó ba dhóchúla leis ná a mhalairt go mbíodh sé ag déanamh neamart agus faillí ina sheanchara ar mhaithe léi. Má bhí Somhaile éirithe as na físeáin, agus Máire go dian díbhirceach ag féacháilt chuige nach gcromfadh sé orthu aríst, ní raibh mórán athraigh ar nósanna Eoin: chóiríodh sé airneáin den tseandéanamh sa bhaile aige i gcónaí, agus fiú cineál cumha ar Shomhairle - ní i ndiaidh na bhfíseán, buíochas le Dia, ach i ndiaidh an chomhrá a bhíodh aige le hEoin i ndiaidh don chuid eile den lucht amhairc imeacht leo. Bhí sé barúlach gur cineál faoisimh a bhíodh ann d'Eoin na cúrsaí craicinn a chardáil le buachaill eile a raibh muinín aige as.

Cúrsaí diamhracha ab ea iad na cúrsaí craicinn d'Eoin. Nuair a thoisíodh sé a chanadh ar cad fáth, sa deireadh thiar thall, a raibh cuid na gcailíní comh géar sin de dhíth air, thigeadh blas úr filiúnta ar a chuid focal, agus é ag baint úsáid as meafair mhórluachacha ardnósacha nach samhlófá go díreach le scúille naoi mbliana déag nach raibh mórán measa ag múinteoirí na Fionlainnise riamh ar a chuid scríbhinní scoile. Bhí sé suite siúráilte riamh, mar a d'úirt sé, go n-éireodh le Somhairle cailín a fháil in eangaigh agus a phósadh fá dheoidh, agus go mbeadh clann is teaghlach air - "go bhfágfá síniú do bhoid ar leabhar mór na gcuairteoirí". Baineadh stangadh as Somhairle nuair a chuala sé na focail seo ag a chara, ach tuigeadh dó de réir a chéile go raibh Eoin i ndiaidh an oiread sin machnaimh is marana a dhéanamh ar na cúrsaí seo agus go raibh fealsúnacht agus filíocht dá chuid féin cruthaithe aige ina dtimpeall. Ba dhóigh leat go rabh go leor Freud léite ag an scafaire seo, ach amháin go raibh a chuid focal féin aige ar choincheapanna uilig an tsícanailíseora mhóir. Ní minic a bhaineadh Eoin úsáid as na carúil mhóra léannta ina chuid cainte, amach ón fhocal udaí 'frustrachas' a raibh sé an-tugtha dó, ní nárbh ionadh, nó b'é sin sainmhíniú a shaoil uilig ó thús go deireadh, dar leis.

Roimhe seo, ba nós le Somhairle agus Eoin dreasanna móra spaisteoireachta a bhaint as ag labhairt le chéile fá seo is siúd. Bhí deireadh le sin fosta anois, nó b'í Máire a thigeadh á chomóradh ar na saoltaibh seo. Ó nach raibh i ndán dóibh ach maslaí agus mionnaí móra ins an bhaile mhór, thugaidís a gcúl leis agus iad ag dul na bealtaí leath-thréigthe go dtí críocha na cathrach agus tharstu. Uaireanta chluinidís corrghluaisteán ag teacht, ach an chuid ba mhó den am ní raibh le feiceáilt ach na giúis is na sprúis ar gach aon taobh den bhealach mhór, agus ó bhí an t-earrach ann, bhí uisce an tsneachta úrleáite ag sní ina srutha ins na díoga.

Ábhar iontais ab ea é do Shomhairle i gcónaí cumann agus caidreamh a bheith ar obair aige le girseach ar bith mar seo. Bhíodh Máire agus eisean "ag siúl amach le chéile" i ngach aon chiall dá raibh leis na focail seo. Áit ar fhág an nádúir suíochán nó saoisteog dá cuid féin acu - moghlaeir réasúnta cloiche, cuir i gcás, agus é suite faoi scáth sprúis - ligidís a scíste ansin, agus iad go mion minic ag peataíocht go gealgháireach le chéile, ag smutfaíl a liopaí ar a chéile agus ag tabhairt croí isteach dá chéile. B'iomaí uair a chuireadh Somhairle leathchluais eadar cíocha Mháire Gráinne agus é ag iarracht buillí a cuisle a aithne. An mb'é seo a bhí i gceist ag na seanfhondúirí agus iad ag rá: "mo cheol do chuisle" - is ceol do mo chluasa é do chuisle a chluinstint, agus a fhios agam gur beo duit?

B'annamh ba chuimhin le Somhairle gné chraicinn na girsí anois, ach amháin nuair a d'fheiceadh sé chuige í, agus é in ann í a aithint i bhfad uaidh cionn is go raibh sí ar mhalairt datha leis an chuid eile de na cailíní óga. Léimeadh a chroí le teann gliondair, agus é ag déanamh deifre in araicis a rúnseirce le póg na fáilte a thabhairt di.

Ní raibh a dhiúltú ann áfach go raibh an bhulaíocht ag luí go trom ar Mháire Gráinne, agus cineál iontais uirthi go minic go dtiocfadh le daoiní a bheith comh cruálach sin le duine anaithnid nach raibh ar eolas acu faoi ach dath a chraicinn. A mhalairt sin a bhí fíor fá Shomhairle anois. Nó ba ardú gradaim dó i measc na stócach óg cailín a bheith aige, rud nach raibh súil ag duine ná ag deoraí leis. Bhí cuid de na sean-naimhde tiontaithe beagnach cairdiúil, agus iad ag bobáil súil air is ag tagairt d'"fhear cláraithe na Gormóige", mar a bheadh sé ina ábhar mhór urraime acu anois, ina laoch cheart chruthanta, beagnach.

Ní raibh Máire "cláraithe" aige, ar ndóigh. Lá amháin, áfach, lig máthair an chailín isteach é agus í féin ag imeacht; i nganfhios di bhí Máire go díreach i ndiaidh a druidte féin ins an tseomra folctha le cith a thógáil. Chuaigh Somhairle isteach i seomra na girsí agus shuigh síos ar a leaba. Nuair a tháinig sí féin ní raibh d'éadach uirthi ach tuáille uaithne a raibh pictiúirí páistiúla air, agus é lánbheag aici; agus nuair a chonaic sí eisean d'fhan sí i bhfad ina colgsheasamh, agus radharc aisteach ina súile, díreach mar a bheadh sí faoi thionchar drugaí. Ansin lig sí don tuáille titim ar an urlár agus chuaigh a fhad leis an ghasúr. Bhí a colainn uilig ar bharr amháin creatha nuair a rug Somhairle barróg uirthi. Chaith siad tamall maith ama ag pógadh a chéile, agus an buachaill ag cuimilt a lámha le colainn na girsí. Ba léir gur ag baint suilt as a bhí sí, ach nuair a d'éirigh Somhairle ábhairín beag ródhána lena chuid méar, chúb sí uaidh go tobann agus thoisigh a chur na gceirteach uirthi.

"Gabh mo leithscéal", ar sise, agus crith ina glór, "ní fheadar céard a tháinig orm."

"Ó, is feadar go maith", arsa Somhairle ag tabhairt mí-úsáid d'fhocal as canúint Mháire. "Tá fonn ort comh mór agus atá ormsa. Cad fáth nach dtiocfadh linn triail a bhaint as?"

"Má thánn tú chomh cinnte de sin, an bhfuil aon choiscín agat?"

"Chan fhuil", arsa Somhairle.

"Chan fhuil, leoga" , a d'fhreagair Máire, agus ise ag déanamh scigaithris ar chanúint an duine eile an iarracht seo. "Agus canathaobh ná fuil?"

"Bhail, tá cineál náire orm. Dá mbuailfinn isteach i siopa le coiscíní a cheannacht. bheadh a fhios ag an tsaol mhór ar áit na mbonn."

"Sin go díreach. Agus thá sé chomh fíor fúm féin. Cuimhnigh air gur mise iníon an Mhinistéara. Ní féidir liomsa bheith ag bualadh craicinn le mo leannán ar nós gnáthchailín de chuid na háite. Thá meas na striapaí orm cheana féin ag leithéidí Thoivo Hurskainen."

"Goidé faoin spéir an bhaint atá ag Toivo Hurskainen leis an chumann atá againn?"

"Faic na ngrásta, ach amháin gurb é an t-aon bhua amháin is féidir liom a bhreith ar a leithéidí sin ná go bhfuil a fhios agam ná fuil an ceart acu. Dá mbéinn ag luí leat bheadh an ceart acusan." Thost sí meandar beag lena marana a dhéanamh. "Agus déanta na fírinne, thar éis an tsaoil, nílim chomh siúráilte fé sin go bhfuil sé ag teacht le mo chuid moráltachta géilleadh duit chomh hóg so. Níl ceachtar againn ach seacht mblian déag d'aois."

"Thiocfadh a shílstean gur tábhachtaí leat cad é a deir na daoiní ná cad é mar a tchíthear domhsa é."

"Ná bí ar an dtéad san", arsa Máire. "Ní hé sin athá i gceist. Mo chuid prionsabal agus fiú saghas bród athá i gceist. Má deirid gur striapach mé, caithfead deimhin a dhéanamh ná fuil an ceart acu."

"An striapach thú má tá tú ag luí leis an fhear is ansa leat? An bhfuil tú i ngrádh liom ar scor ar bith?"

Tháinig fearg agus imní ar Mháire nuair a mhothaigh sí an port seo á sheinm ag Somhairle.

"Thá", ar sise, agus snag caointe ag teacht ina glór.

"Bhail", ar seisean go míthrócaireach, "cruthaigh é."

"An féidir liom é a chruthú ar aon tslí eile ach an leaba a thabhairt orm?" ar sise. "Tháim i ngrá leat, dháiríre. Thar éis lá trom scoile a chur díom ag éisteacht leis an gcacamas cainte a bhíonn ag na maistíní liom tháim ag fanacht leis an gcéad teagmháil leat mar a bhéinn...mar a bhéinn stiúgtha leis an dtart, agus tusa ar an t-aon duine amháin go bhfuil deoch a mhúchta aige. Bíonn imní mhillteanach orm fútsa uaireanta nuair ná faca thú le cúpla lá." Ansin chuir sí a dhá láimh thart ar ghuailneacha an ghasúir agus shuigh síos ina ucht, agus í ag scarúint a gabhail i gcruth is gur bhraith sí an bod cruaidh faoina chuid éadaí ag brú ar a báltaí féin. Chuaigh crith fríd an bheirt acu ansin, agus d'fhan siad i bhfad mar sin.

"Thá an fonn san orm", ar sise. "Bíonn go minic. Nach dual dhom é, agus mé i ngrá leat?" Thug sí póg chraosach dó, póg a rabh ní ba mhó anghrá inti ná i lucht leoraí de fhíseáin chraicinn. "Is minic a chuirim féin an cheist orm an miste don saol mór dháiríre sinn a bheith ag déanamh leathair." Ansin d'éirigh sí ina seasamh agus léim siar ó Shomhairle. "Ach ón dtaobh eile de, an dtuigeann tú..."

Thuig sé. Nó nuair a tháinig an crú ar an tairne ní raibh sé féin cinnte an mbeadh aon neart ina adharc dá rachfadh an scéal seo go cnámh na huillinne. Bhí cineál scáth air roimh an drioll a thitim ar an dreall aige, agus an bod fanacht ina liobar, nuair a rachfadh an bheirt acu i dteagmháil chraicinn an chéad uair.

Ag an am seo, dáiríribh, ba leor mar ábhar ríméid dó Máire a bheith sásta a admháil go raibh sí i ngrá leis, agus fonn uirthi luí leis. Bhí bród an domhain air as féin, as an ghirseach, as an chumann a bhí acu le chéile. Ba mhór an mhiorúilt é go rabh a macasamhail sise comh doirte dó.

Níor thug Somhairle fá dear roimhe seo comh hálainn agus a bhí Máire. Bhí folt mór dubh gruaige aici, agus dhá shúil lonracha a rabh coinnle na hintleachta agus tinte an diúnais ar lasadh iontu. Agus anois, ó bhí an chéad radharc faighte aige ar a colainn... b'fhearr dó gan cuimhneamh air sin go rómhinic, ar eagla go gcuirfí ó chodladh na hoíche é.

Mar sin, b'aoibhinn an bheatha a bhí ag an fhear óg i ngrá le plúr ban an domhain. Ach má b'amhlaidh féin, ní raibh Somhairle in ann an náire a chloí a d'fhan air toisc a sheanchara a bheith ina sheandoghrainn.

Agus i ndoghrainn a bhí sé i gcónaí, mar Eoin. In éagmhais cuideachtan eile, ba mhinicí ná roimhe seo a d'amharcadh sé ar na físeáin ina aonar dó, agus é ag ithe calóga préataí is ag ól liomanáid le linn é a bheith ina shuí os coinne an scáileáin. Uaireanta, d'fhéach sé lena bhod a bhleán, ach má d'fhéach féin, b'annamh a chuaigh sé go bun an angair leis: b'iondúla ná sin é ag déanamh iontais an mb'é an t-aon ábhar amháin aige le bheith ag dearcadh orthu ná go mb'é sin an rud a raibh súil ag an tsaol mhór leis uaidh. Ba chóir do na fir óga suim a bheith acu i gcúrsaí craicinn, agus ó ba rud é nach raibh de ghustal ann cumann ná cleamhnas, suirí ná súgradh a chur ar bun le haon chailín, bhí glactha leis ag an chathair uilig go mb'eisean an duine sin acu a shásódh a shaint chraicinn ar an bhealach seo - go mb'é a ról féin sa phobal seo ná bheith ina phornagrafadóir oifigiúil. Bhí sé ag éirí dúdhóite áfach, ní amháin den phornagrafaíocht ach de na cúrsaí craicinn go léir.

Nuair a smaoinigh sé go tomhaiste ar an ábhar seo, ba léir nach raibh ins na físeáin seo ach cineál ula mhagaidh. An ceolchúlra go h-áithrid a bhí ag dul leo uilig, bhí sé creathnach amscaí amaideach le héisteacht: cosúil le broidearnach na pianach i gcneá a bhí sé, agus an bhroidearnach seo á bualadh ag dobharcán ínteacht ar ghléas fuaimshintéise nach raibh eolas a cheartúsáide aige thar a raibh léite aige ar an treoirleabhrán. B'fhéidir gurb as seo a fáisceadh an ceol techno an chéad uair riamh. Ba thionlacan é an ceol seo do na haisteoirí agus iad ag guicéireacht leofa mar a bheidís ag fáil ceann brocach airgid ar son gach aon bhuille den bhod, agus an taispeántas seo ar obair nóiméad i ndiaidh nóiméid.

Agus na garphictiúirí de na baill ghnéis á gcuimilt lena chéile! Ba mhinic a chuireadh Eoin an cheist air féin nach mb'fhearr do lucht déantúis na scannán seo banc nó stóras den chineál seo seatanna nó téiceanna, nó cibé a thabharfaidís orthu i leathchaint a gceirde féin - banc de na garphioctúraí seo a chur ar bun. Taisceadán na mBod is na mBáltaí ba chóir a bhaisteadh air, agus é á reachtáil mar chomhthionscadal na leiritheoirí uilig: bheadh orthu gach aon ghiota den chineál seo dá gcuid seanscannán a bhronnadh ar Bhanc seo na mBod, agus iad á n-aicmiú ansin de réir an sórt peispictíochta faoina raibh na baill seo á dtaispeáint. Agus an fhorbairt a bhí déanta ar theicneolaíocht na ríomhairí agus ionramháil ríomhthacaithe na bpictiúirí ar na saolta deireannacha, bheadh sé indéanta na téiceanna seo a oibriú isteach i scannáin úra i gcruth is nach dtabharfadh aon duine fá deara nach mbeadh na haisteoirí dáiríribh ag bualadh craicinn. Ní bheadh, fiú, call le fíortheagmháil chraicinn choíche feasta, siúd is go mbeadh aghaidheanna úra ag teastáil ó lucht féachála na bhfíseán i gcónaí.

I dtoibinne chuala Eoin clog an dorais ag clingireacht, agus nach eisean a chlis as a shuí le tréan stangaidh. Bhrúigh sé cnaipe ar an chianrialtán leis an fhístaifeadán a mhúchadh agus d'iaigh sipdhúntóir a threabhsair ghéine go práinneach. Ansin bhrostaigh sé in araicis an chuairteora, cibé ar bith a bheadh ann.

Baineadh bíogadh as aríst nuair a chonaic sé aghaidh an duine a bhí chuige: Éilís Jurvainen a bhí ann. Dhrann sí meangadh croíúil gáirí agus í ag teacht thar tairseach isteach.

"Heileo, a Eoin. Bhí orm an gléas seo a thabhairt ar ais, agus é ar iasacht uaibhse ag mo mháthair."

Cineál gléas mionghearrtha a bhí ann a d'úsáideadh na mná le sailéad a dhéanamh. Ní raibh a fhios ag Eoin cad é an téarma ceart a bheiridíst ar a leathbhreac d'acra, nó bhí sé ní ba dhaille fós ar chúrsaí na cisteanaí ná an gnáthógánach Fionlannach. B'é buaic a chuid cócaireachta uisce a chur ar gail fá choinne caifé.

Rith le hEoin gur ag ócáidí den chineál seo a tharlaíodh na babhtaí craicinn gan choinne eadar daoiní anaithnide nó mearaitheanta sna scannáin. Bhraith sé a bhod ag ardú a cheann ag an smaoineamh seo, ach ansin chaith sé as a chloiginn é. Ní raibh aon dóchas aige as Éilís, agus b'amhlaidh ab fhearr.

Thug Éilís a stádar thart san árasán, agus í ag déanamh séischomhrá le hEoin. Ansin chuir sí sonrú ins an bhocsa físchaiséid a bhí fágtha ag an ghasúr ar thábla an tseomra suí. Má mhúch sé féin an gléas físeáin, cha rabh de mheabhraíocht ann clúdach an chaiséid a chur i bhfolach. D'airdigh Éilís den tábla é agus í ag caitheamh súil ar na coirp lomnochta air.

"'The Wild Desire', 'An tSaint Fhiáin'", ar sise ag léamh teideal an scannáin gos ard. D'fhan sí tamall ina seasamh agus í ag dearcadh go ceisteach i dtreo Eoin.

"Chan fhuil ann ach an brocamas is úire", ar seisean. "Cuir uait é le do thoil. Tá cineál náire orm, an dtuigeann tú." Díol iontais dó féin ab eadh é go rabh sé in ann scéal casta a éadóchais a chur i mbeagán focal mar sin.

Rinn Éilís mar a hordaíodh daoithi, agus í ag déanamh a leithscéil.

"Caithfidh sé go bhfuil tú iargúlta uaigneach", ar sise, "agus tú ag amharc ar a mhacasamhail seo."

Tháinig fonn ar Eoin brachladh a chur ar Éilís lena dhéanamh soiléir daoithi nach rabh sé i gcall a cuid truamhéile. Ach d'éirigh leis an chéad tallann seo a chloí, agus nuair a labhair sé, bhí gnáthghlór comhráidh aige.

"Chan fhuil ann a thuilleadh ach seort seantugthacht nó drochnós nach bhfuil mórán taithnimh fágtha ann", ar seisean go malltriallach. "Nuair a bhí mé cúig bliana déag shíl mé an dúrud de na físeáin sin. Anois áfach..." Stad sé den chaint is chroith a chloigeann, agus é ag síneadh a dhá sciathán uaidh ar nós an Phápa ag beannú do na slóite síoraí ar an Cháisc.

Ansin bhuail a sheanchotadh é aríst. Cén seort urraidh a bhí aige an ghirseach seo a chéasadh lena chuid fadhbann féin. "Ó, ná bac leis. Ní suim leat mo shaol cibé."

"Lean ort", ar sise i dtoibinne. "Tá mé barúlach go dtuigim duit. 'bhFuil a's agat, tá sé díreach cosúil le mo chuid...bhail, le mo chuid buachaillí. Tchí tú, chan fhuil mórán suilt agam astu níos mó. Nuair a...nuair a luigh mé le fear an chéad uair riamh, bhí sé go deas, diabhal smid bhréige ann. Bhí mé cineál doirte dó, ach thréig sé mé i ndiaidh mé a chlárú. Ansin chuaigh mé ar lorg fir a bheadh comh maith leis sin, ach ní bhfuair mé aon duine a shásochadh mé, agus is dócha nach n-aithneochainn dá bhfaighinn."

"A shásóchadh thú? Ó thaobh an chraicinn de?"

"Ó thaoibh ar bith de. Ach ós rud é go bhfuil sé amuigh orm nach n-eitím stocach ar bith, bhail...tá siad uilig ag iarraidh a gcuid a fháil uaim, agus bím ag luí leofa, ach is beag an ríméad é ar na saolta seo. Tá mé ag toiseacht is ag éirí dúdhóite de. Chan fhuil ann, ach...goidé a d'úirt tú? Drochnós nach féidir éirí as?"

Lean an bheirt acu i bhfad i gceann an chomhráidh seo, agus an tuigbheáilt ag teacht ag Eoin: tuigbheáilt réabhlóideach a chuir achan rud bunoscionn lena rabh creidte aige go dtí seo. Iad sin a bhí i dteideal saol collaíochta a bheith acu, b'é an tuairim a bhí ag Eoin go rabh siadsan sásta sonasta, agus eisean ar an t-aon duine amháin a rabh léargas aige ar shuarachas an tsaoil, ar a mhí-ádhúlacht agus a dhochma. An amhlaidh go rabh an dochma céadna ag goillstin comh géar ar na daoiní óga eile agus air féin, ach amháin nach dtáinig sé fríothu mar a tháinig sé fríd féin?

Chaith Éilís agus Eoin an tráthnóna uilig ag labhairt le chéile. Cha rabh súil le tuistí Eoin chun an bhaile inniu, agus nuair a tháinig Éilís anseo a thabhairt an ghléas cisteanaí léithi, bhí sí le dhul go dtí an dioscó ar lorg fear úr aon oíche ina dhiaidh sin. Bhí sí ag caitheamh culaith ghalánta a d'fhág uachtar a cuid cíoch ris, mar is dual do bhanríon an dioscó. De réir a chéile, rinn Eoin dearmad iomlán den ragús a dhúisigh Éilís agus an chulaith seo ann, agus é ag cromadh ar an reitric filíochta sin a théadh an oiread sin i bhfeidhm ar Shomhairle. Thug Éilís cluas dó, agus chuaigh cineál baspairt fríthi ag éisteacht le hEoin daoithi.

Níor luigh siad le chéile. Cha dtearnadar oiread agus lámh a chrathadh le chéile. Bhí Éilís ina leathluí ar an tolg, agus eisean tumtha suncáilte isteach ins an chathaoir bhoig os coinne an teilifíseáin. Bhí siúlghuthán ar iompar ag Éilís, agus cairde dá cuid ag glaoch uirthi cúpla uair le ceist a chur uirthi fá dtaobh den ábhar nach rabh sí ins an dioscó inniu comh maith le duine. Thug sí cur ó dhoras ínteacht dófa agus chrom ar ais ar an chomhrádh a bhí ar siúl aici le hEoin.

B'é deireadh an scéil gur chodail Éilís an oíche sin ar tholg an tseomra suí in árasán mhuintir Eoin, agus fear an tí féin ag míogarnaigh ins an chathaoir. Nuair a gheal an lá aríst, ba bheag an lúth a d'fhan ina gcuid géag, ach ba chuma fá sin. Bhí giúmar aerach aigeanta ar Éilís, agus í ag agairt Eoin í a chomóradh chun an bhaile. Rud a thoiligh sé a dhéanamh.

Cuid súl a bhí iontu agus iad ag siúl sráideanna Narkkaus an mhaidin sin: Éilís ag seoladh léithi ar nós long de chuid Chríostóir Columb faoina feisteas dioscó go léir, agus an stocach leathramhar ag caitheamh casóg ghorm earraigh a bhí comh neamhghalánta coiteann agus go gcuirfeadh sé sainéide lucht leanstana Mao i gcuimhne duit, comh maith le bríste ghéine agus an beagán féin den dath a bhí ag fanacht inti ag tréigbheáilt go géar gasta. Bhí siad ag coinneáil lámh a chéile anois: cha rabh cuma na lánún óige áilíosaí orthu a bhéarfadh barróg ar a chéile a thúisce is a thiocfaidíst thar an chéad choirnéal eile. Bhíodar i bhfad ní ba chosúla le cupla seanduine a rabh leathchéad bliain caite acu pósta ceangailte le chéile, agus iad in ann intinn a chéile a thuigbheáilt ar leathfhocal.

Mhair an staid sin go dtí nach rabh ach deich méadar is dhá scór eadar iad agus tairseach theach Éilís. Ansin chualathas an chéad scairt scigiúil.

"Amharcaigí, a bhuachaillí! An bhfaca sibh a leathbhreac seo! Fuair an bhodóinseach an bod deireanach anois nár bhain sí triail as go fóill!"

"An scúille is an bhodóinseach, nach deas an dís iad sin!"

Ar áit na mbonn bhí drong de bhuachaillí cúig bliana déag ina dtimpeall mar fháinne léigir, agus iad ag preabarnaigh is ag léimrigh síos suas, síos suas le teann gliondair.

Má mhothaigh Eoin é féin ar a shocairshuaimhneas go dtí seo, agus cineál mórtais air as a bheith ag spaisteoireacht na sráideanna i gcuideachtain an chailín álainn seo - agus é ag déanamh beag is fiú de dhroch-chliú Éilís, ar ndóighe, nó an rabh mórán measa ag na daoiní air féin? - bhí an fhéinmhuinín úr seo ina conamar ar an toirt, agus é ag amharc air féin frí shúile lucht a chéasta aríst. Phléasc a ghol air, agus é ag búirfigh chaointe mar a bheadh tarbh as a mheabhair ann. Rinn sé ionsaí ar an chéad fhear den traighean a fuair sé in aice láimhe, ach nuair a chúb an buachaill sin uaidh, b'éigean d'Eoin leanstan leis an rúchladh ar aghaidh, ar eagla go dtitfeadh sé as a sheasamh le tréan a ghluaiseachta féin. Lean sé ag scairtigh agus é ina reachtáil sna fathaibh fásaigh i lár na sráide gan a chloigeann a bhuaireamh fá na carranna a thiocfadh an bealach.

Thoisigh Éilís a dh'éagaoint, agus í ag glaoch ar Eoin ina ainm: "A Eoin! A Eoin, a stór! Gabh ar ais! Gabh anseo! Bascfaidh na gluaisteáin thú!"

Cha rabh na háibhirseoirí ach ag gáirí, agus na carranna ag baint gail as a gcuid coscán ag iarraidh gan teagmháil a dhéanamh le hEoin. Ach ba ghairid go dtiocfadh gluaisteán a chinniúna, agus mífhoighid ag teacht ar na tiománaithe: an duine sin acu a tháinig i ndiaidh an chéad duine bhí sé i gcónaí i bhfad níos neamhchúramaí fá bheith ag seachaint an stocaigh, agus é barúlach gur ar Eoin féin a bheadh an milleán dá bhfaighfeadh sé bás. Tháinig carr agus carr eile gan maolú ar bith a dhéanamh ar a luas, agus iad ar shéala buille a thabhairt do Eoin nuair a chuireadar díofa thart leis. Ansin nocht gluaisteán a mharfa. Carr Seapánach a bhí ann den chineál sin a úsáideanns fir óga ar comhaois le hEoin féin le girseachaí a bhréagadh in eangaigh. Stocach ínteacht a bhí ar an stiúir ceart go leor, b'fhéidir fiú gur aithin sé Eoin, ach cibé fá sin cha dtearn sé lá iarrachta leis an fheithicil a chur ar athrú treo. Lean sé an bealach céadna, agus é ag teacht salach ar Eoin, glan salach, a thiocfadh a rádh. Ba mhór millteanach an ghastacht a bhí faoin charr seo, agus nuair a bhuail tús an ghluaisteáin faoi Eoin sna heasnacha, chualathas na cnámha ag pléascadh as a chéile, agus crith á bhaint as an charr uilig le tréan na teagmhála.

Thug corp Eoin léim mhór fhada agus d'fhan ina spréiteachán áit a dtáinig sé ar an talamh aríst, agus an fhuil ag taoscadh amach ina scórthaí. Nuair a scrúdaigh Éilís an marbhán lena súile, b'é an t-iontas an chéad mhothúchán dár bhuail í: tháinig sé go hiomlán formhothaithe uirthi an oiread fola a bhí i nduine, an lochán mór dearg ar asfalt na sráide thart timpeall ar an chorp. De réir a chéile tuigeadh daoithi go mb'é ba bhrí leis an linn seo ná nach dtiocfadh Eoin chuige choíche, nach rabh sé le héirí as a luí choíche, agus ansin chuaigh sí a chaoineadh, agus orla ag teacht uirthi comh maith: theilg sí leacht liathuaine aisti féin, agus níor bhac sí leis go dteánfadh sí dochar ar a cuid éadaí daora lonracha.

Ghlaoigh mé ort is do ghlór níor chualas,
Ghlaoigh mé aríst is freagra ní bhfuaireas.

Cha rabh a fhios ag Somhairle é seo a thitim amach, agus é ag déanamh a airneáil i dtigh mhuintir Mhetsänkankare. Mhéadaigh sé go mór ar an tsult a bhí á bhaint aige as an am a chaith sé i gcuideachtain a ghráidh ghil go mbeadh Máire ina haonar i mbun an tí go dtí go bpillfeadh a tuistí chun an bhaile ar an chéad lá eile. Bhí an tUrramach Amhlaoibh ar chomhdháil ínteacht de chuid Chumann na Ministéirí, agus an scríbhneoir Teuvo Saavalainen ag tabhairt léacht nó óráid uaidh ansin; agus maidir lena mhnaoi chéile Bríd, bhí sise á cur faoi agallamh oibre taobh amuigh den chathair, agus í ag iarraidh post múinteora a fháil ar an scoil chéadna a rabh máthair Shomhairle ag teagasc.

Ba deas an lá é ón chéad tús, dar le Somhairle. I dtosach báire rinn siad a gcuid obair thinteáin ón scoil in éineacht le chéile, eisean ag cuidiú le Máire lena cuid matamaitice is eolaiochta, ise ag cabhrú le Somhairle ciall a bhaint as an stair agus an teagasc Críostaí. Agus an chuid sin thart acu, d'imir siad babhta fichille, agus b'í Maire an duine acu a bheir an bhuaidh, mar ba dual daoithi: cha rabh mórán cur amach ag Somhairle ar an chluiche i ndiaidh is go rabh na rialacha ar eolas aige. Thréaslaigh sé a buaidh le Máire frí phóg a thabhairt daoithi, agus mhaireadar i bhfad snaidhmthe ina chéile.

"Tá mé i ngrádh leat", ar seisean.

"Abair arís é le do thoil", a d'fhreagair sise.

"Tá mé i ngrádh leat."

"An difear leat sin a rá arís eile."

"Tá mé i ngrádh leat. Cén cineál céarach atá i do chuid cluas?"

"Níl aon rud cearr le mo chluasa, ach is maith liom na focail sin."

Phléasc a ngáirí ar an dís acu agus chrom Somhairle ar leathleiceann Mháire a phógadh. Nuair ba lánfhada léithi é ar obair le sin chuir sí ceist air:

"Céard athá á dheanamh agat ansan?"

"Cineál triail eolaíochta."

"Céard is brí leis sin?"

"Tá mé ag iarraidh a fháil amach cá mhéad póg atá de dhíth le do leiceann a chlúdach."

Thoisigh sí a sciotaíl, agus eisean ag cíoradh a cuid gruaige duibhe lena dheasóg gan éirí as na póga. Ba bheag eile a mhothaigh sé ach macalla a chroí féin ag greadadh is ag lascadh istigh ina chluasa. Rinn sé áilleacht Mháire a adhradh agus é ag moladh is ag móradh loinnir a gruaige is déanamh a sróine, agus dóchas ag borradh ina chroí go ngéillfeadh Máire a maighdeanas dó inniu. Ó, a d'áitigh sé air féin, déan dearmad de na brionglóidí sin, ní ghéillfidh, agus sin a bhfuil de...Girseach chráifeach... Ach nuair a tháinig adharc air agus é ag brath teas cholainn Mháire faoina cuid éadaí bhain sé triail as. Chrom sé ar chnaipí a léine sise a fhoscal go dtí gur leath a cíocha os coinne a shúl, agus é ag baint an chíochbhirt den chailín.

Níor chuir sise ina éadan. Nuair a thoisigh sé a phógadh na gcíoch mar a phóg sé a leathleiceann roimhe seo, ní dhearna sí ach magadh faoi, agus í ag rá gur "buachaill deas drochmhúinte" a bhí ann. Chuimil sé a lámha lena rabh nochtaithe de chraiceann Mháire agus bhain an léine di go hiomlán. Nuair a d'fhéach sé leis an bhríste ghéine a scaoileadh di, áfach, tháinig místá ar Mháire, agus í ag cosc a lámha seisean.

"Ná déan san!" a scréach sí. "Sid í an teorainn dhosháraithe."

"Cad fáth?"

"Thá a fhios go maith agat cén fáth. Nílim ródhiograiseach leanbh a bhreith duit fós. Caithfir ocht mbliana eile a fhanacht, ar a laghad."

"Cé a thrácht riamh ar aon leanbh?" Thum Somhairle a dheasóg i gcúlphóca a bhríste féin gur thóg sé amach pacáiste beag coiscíní. Dea-chleas a d'fhoghlaim sé ó Jarmo Koskinen, ní miste a rá!

"Ó, nach tusa an diabhal tiomanta", arsa Máire go gealgháireach. Ní raibh sí go díreach ag dréim le seo. Bhí sí i ndiaidh an oiread sin litreacha a léamh ó chailíní óga chuig colúnaithe crá croí ar na hirisí ag déanamh clamhsáin fá dtaobh de stócaigh nach raibh sásta freagracht na frithghiniúna a ghlacadh orthu féin - bhí an oiread sin den chineál seo léite ag Máire, agus nach raibh sí in ann a shamhlú le Somhairle go mbeadh de shiosmaid ann coiscíní a cheannach. Nuair a thiontaigh sé amach go raibh agus fáilte, tháinig sé cineál formhothaithe, nó ainchleachta, ar an ghirseach. Níor fhan aon fhocal aici a thuilleadh le cur in éadan Shomhairle, agus é á bréagadh chun leapa.

Mar sin féin, d'éirigh léi í féin a fhuascailt ó ghreim an stócaigh, agus í ag déanamh a leithscéil nach raibh de dhánacht inti géilleadh dó, ar na cúiseanna a bhí mínithe aici le fada anuas. Ansin tháinig aoibh gháirí uirthi. "Caithfead a admháil", ar sise go haerach, "gur chuiris an-chathuithe orm. Má leanann tú ort le do chuid iarrachtaí, n'fheadar an fada eile a éireoidh liom cur i d'aghaidh. Tabhair dhom mo chuid éadaí anois."

Níor thug, áfach; chúb sé uaithi ag croitheadh na mbalcaisí san aer go mioscaiseach.

"Aosaigh suas, a bhuachaill", arsa Máire. Ba feic í, dar le Somhairle, agus í ina seasamh i lár an tseomra gan téad éadaí ar uachtar a colainne.

"Thánn tú ag tiomsú trioblóide ort, a mhic-ó", ar sise go bagarthach, ach ní bhfuair sí an léine ná an cíochbheart go fóill.

"An rabhadh deireannach", ar sise, "an rabhadh deireannach é seo."

"Ó, nach ormsa atá an faitíos", arsa Somhairle go fonóideach.

"Anois", ar sise, "ortsa an milleán!" Thug sí ruathar millteanach léime fá Shomhairle agus chuir a lámha faoi ascailleacha an stócaigh. Thoisigh sí a chur cigilt air go dtí go raibh sé ina luí spréite ar an urlár agus é ag iarraidh trócaire uirthi. Bhí sé i ndiaidh a cuid éadaí a thabhairt uaidh ach níor mhaolaigh sin ar an chailín ar aon nós. Nuair a bhí Somhairle traochta go hiomlán, d'éirigh sí as, thug póg dó agus bhailigh a cuid ceirteacha den urlár gan a gcur uirthi aríst.

"Má thánn tú chomh tugtha san do mo chíocha, bain lán do shúl astu anois", ar sise go súgach. "Cogar a stór, an miste leat mé an teach allais a chur ar téamh?"

Bhí teach allais leictreachais ag muintir Mháire Gráinne, agus í ag smaoineamh go mion minic ar chomh deas a bheadh sé tamall a chaitheamh ansin in éineacht le Somhairle. Chuaigh sí ansin anois leis an ghléas teasa a chur ar obair.

Agus i ndiaidh leathuair an chloig bhí an dís acu ina suí ar ardán an tí allais agus iad lomnocht. Bhí Máire ag teilgean uisce as bucaeid ar chlocha teo na tinteoige, agus Somhairle á guí éirí as, nó bhí aer an tseomra allais comh ramhar le gail agus go rabh sé ag éirí deacair anál a tharraingt. Ní dhearna Máire ach scig-gháirí fána chruachás seisean, agus é ag fáscadh a chloiginn eadar na glúnta. Ní raibh mórán acmhainn teasa ann, mar Shomhairle; maidir le Máire áfach, bhí sise díreach chomh tugtha don teach allais agus go sílfeá gur andúil a bhí ann, agus í ina suí le droim cruinn díreach agus a haghaidh in airde.

"Tá mé bruite beirithe", arsa Somhairle go pianmhar, agus thug Máire soncadh uillinne dó.

"Fan socair", ar sis. "Ní dochar duit an teas. Ná bíodh imní ort, beidh do leordhóthain fuachta agat amuigh nuair a fhillfir abhaile."

"Cha dtig liom anál a fháil", a d'úirt Somhairle de mhairgnigh chéasta.

"An créatúir", arsa Máire leath grámhar, leath mioscaiseach. "Bíodh mar is mian leat. Tógfam cith anois."

B'é Somhairle an chéad duine acu a chuaigh faoin scaird uisce, agus ansin d'iarr Máire air a droim a ní. Rinn Somhairle mar a hiarradh air, agus sin faoi chroí mhór mhaith. Chrom sé ar an bhloc gallúnaí a chuimilt le craiceann Mháire. Nuair a fuair sé go raibh go leor cúir ann chuir sé an ghallúnach i leataoibh uaidh, agus a chuid lámh ag toiseacht a leathadh an chúir ar dhroim Mháire. De réir a chéile chuaigh a mhéara ar strae ón droim, agus iad ag tadhall a boilg, a cíocha, a sciatháin is a ceathrúna, agus fá dheireadh tháinig a chuid méar a fhad leis an áit ba rúndiamhaire. An turas seo níor bhog Máire géag le cur ina aghaidh.

Lig Máire gíog lag fhann, ar shéala a bheith dochluinte, agus crith ag dul fríd a colainn. Labhair Somhairle gos íseal léithi, ag blandar is ag maolú ar oibriú a hintinne, ach d'fhan sise ina tost amach ón chorrosna a d'imigh uirthi.

B'é deireadh an scéil go ndearna siad rúchladh millteanach as an tseomra folctha le tamall maith ama a chaitheamh snaidhmthe ina chéile ar leabaidh Mháire, agus nuair a bhí sé thart bhí cúpla ceann de choiscíní Shomhairle caite ar an urlár i ndiaidh a n-úsáidte, agus an dís ghrámhar ag análú go trom, nó ba mhaslach an obair é bheith ag bualadh craicinn ar lorg an tí allais. Bhíodar comh tuirseach agus nach rabhadar in ann éirí ina suí féin.

"A Mháire", ar seisean.

Lig sí gnúsachtach aisti lena chur in iúl go raibh sí ag éisteacht.

"An bhfuil tú cinnte go hiomlán nach mbeidh do thuistí ar ais ach amárach?"

"Bhuel, tháim...tháim cinnte mo dhóthain."

Ní rabh Somhairle róchinnte an raibh a sháith féin i ndóthain Mháire. "Ba mhaith liom", ar seisean, "gan iad pilleadh anois."

"Cén dochar?" arsa Máire. "Cén dochar má thagaid féin?" Thug sí póg do Shomhairle.

"Nach bhfuil aon eagla ort?"

"Níl", ar sise. "Tháim cinnte go dtuigfid dúinn. Thá an oiread san áthais orm anois gur cuma liom."

Ansin baineadh stangadh astu, nó chualadar an teileafón ag clingireacht. B'éigean do Shomhairle cuidiú le Máire theacht ar a bonnacha, agus ansin chuaigh sí a fhad leis an ghuthán ag baint taca as na baill trioc is na doirse.

"Metsänkankare, Máire ag labhairt."

"Thá, thá sé anso ceart go leor."

"Tuigim. Is diail an tubaiste é dháiríre, thá sé uafásach, an ceart agat go hiomlán... Labhród leis."

Phill Máire go malltriallach go dtína seomra féin, áit a rabh Somhairle ag fanacht léithi. D'aithin sé láithreach bonn go raibh smúid ínteacht uirthi.

"A Shomhairle", ar sise go faichilleach, "do mháthair a bhí ann. Drochscéala a bhí aici."

Chlis Somhairle as a luí. "Mamó?"

"Ní hea. Ní baol di. Duine eile ar fad." Chuir sí a lámha thart ar Shomhairle agus í ag dearcadh go domhain isteach ina shúile.

"Cé a...cé a fuair bás?" a d'fhiafraigh sé. Bhí sé ag súil go mb'é a athair a bheadh i gceist. B'eisean an chaill ba lú. Nuair a tháinig an crú ar an tairne bhí sé comh sáite sin ina dhomhnán féin agus nach rabh mórán caidreamh daonna ar obair aige le Somhairle ná le haon duine eile dá mhuintir.

"Do chara Eoin Rosas. Bhasc gluaisteán é ar maidin. Timpiste a bhí ann."

"Goidé tá tú a rádh? Gluaisteán a bhasc é a deir tú? De thaisme? Taisme mo thóin! Mharaigh siad é!"

"Cé a mharaigh é, a stór? Cé h-iad féin?"

"Tá a fhios ag an tsaol mhór cé hiad féin! Narkkaus! Narkkaus a mharaigh é...!"

Phléasc a ghol ar Shomhairle, agus nuair a thug Máire iarracht barróg a bhreith ar a leannán le sólás a thabhairt dó, bhrúigh sé a colainn uaidh.

(A CHRÍOCH SIN)

Stair Scríofa an Úrscéil Seo:

Varkaus 1984-85 (an chéad iarracht as Fionlainnis)
Turku 1995-1998 (an chéad chupla caibidil a cuireadh ar fáil do bhaill Ghaelic-L, maille lena n-athscríobh)
Gaillimh 1998-1999 (an trí chaibidil eile)
Caighdeánú: Lúnasa 2002

Buíochas/Kiitokset:

Jouni Rossi, Marion Gunn, Ciarán Ó Duibhín, Anders Ahlqvist, Pádraig Ó Cíobháin, Deirdre Swain, Pádraigín Riggs, Seán O'Connor, Iarla Mac Aodha Bhuí.

Agus

i ndilchuimhne ar Lulu Rossi, née Lampinen.

Pill ar Thulleathanach an Scéil: tarraing do luchóg anseo agus gliogáil. Ná déan dearmad do thuairim a thabhairt.