Caibidil a hAon - An Teagmháil sa Leabharlann
Bhí Samuli Paannevuoma, nó Somhairle, mar is fearr linn a thabhairt air as Gaeilge, i ndiaidh gnáthlá eile scoile a chur de, agus é ar a bhealach abhaile. Ón chéad lá ariamh ar scoil dó bhí sé ina ula mhagaidh ag an chuid eile de na daltaí, agus má bhí, ba bheag athrach a rinne an lá seo ar a chruachás ach oiread...
...Bhí Kalle i ndiaidh iomrá a chluinstin go raibh físeán úr ag Jalle, agus é smuigleáilte ón Danmhairg ag a
chol ceathrair nó cúigir nó mórsheisir nuair a bhí seisean ag cosaint clú an bhaile i gcomórtas éigin caide nó
haca oighir ar an choigríoch. Ní raibh Kalle in ann an scannán a choinneáil i dtaisce sa bhaile aige féin,
áfach, fiosrach is uile mar a bhí a mháthair. Bhí folachán maith ag Nalle, ach má bhí féin, ní raibh sé ag
réiteach go rómhaith le Kalle ná Jalle. Ach cén dochar - b'éasca a fuarthas fear eadraiscíne i measc aos
amharctha na bhfíseán leis na seanfhaltanais a thabhairt chun tsíochána go ceann tamaill, agus b'é deireadh
an éachta taidhleoireachta seo gur ghlac Nalle an físeán go sollúnta as láimh Khalle, siúd is nach rabh ach
seachtain amháin caite ó thug Kalle is a bhaicle buachaillí a leithéid de ghreadadh do Nalle agus go
mb'éigean dó filleadh abhaile ar na ceithre boinn...
..."Fan i do thost!" a scread sí de ghlór caointe, agus rinne Somhairle mar a hordaíodh dó. Déanta na fírinne, b'fhearr dó gan labhairt. Nó dá ndéarfadh sé nach raibh sórt bróid air as a bheith ar an t-aon chara amháin ag Eoin, thabharfadh sé a éitheach. I ndiaidh an iomláin ba mhór an chúis bhróid é, dar leis, cuideachta a choinneáil le duine a bhí ní ba mheasa as ná thú féin, le duine a bhí faoi dhímheas ní ba mheasa ná thú féin, agus fiú bheith in ann a chuid dea-cháilíochtaí a aithint agus urraim a thabhairt dó dá réir...
..."Thá an fonn san orm", ar sise. "Bíonn go minic. Nach dual dhom é, agus mé i ngrá leat?" Thug sí póg chraosach dó, póg a rabh ní ba mhó anghrá inti ná i lucht leoraí de fhíseáin chraicinn. "Is minic a chuirim féin an cheist orm an miste don saol mór dháiríre sinn a bheith ag déanamh leathair." Ansin d'éirigh sí ina seasamh agus léim siar ó Shomhairle. "Ach ón dtaobh eile de, an dtuigeann tú..."
Téigh go GAELPORT ar lorg tuilleadh líonláithreáin shuimiúla de chuid lucht na Gaeilge!
Scéal i stíl Lovecraft le S. Albert Kivinen, léachtóir fealsúnachta in Ollscoil Heilsincí agus an duine ba mhó a chuir saothar Lovecraft in aithne do mhuintir na Fionlainne. Le gluaiseanna do na foghlaimeoirí agus na múinteoirí ar mian leofa úsáid a bhaint as an scéal mar áis teagaisc.
Fabhalscéal fantaisíochta le Maarit Verronen, bainríon an fhicsin eolaíochta san Fhionlainn
Lón léitheoireachta do na foghlaimeoirí, maille le foclóir. Tá an teanga níos éasca agus níos caighdeánta ná mar a bhíonn i mo chuid scríbhinní de ghnáth. Tá na giobóga seo dírithe ar na daltaí scoile thar aon dream eile.
Má léigh tú an scéal cheana féin, cuir focal molta nó lochtaithe chuig an údar, agus má tá tú eadar dhá chomhairle i gcónaí, caith súil ar bharúlacha na léitheoirí eile:
Lá:
Dé Máirt, an cúigiú lá de Mhí na Samhna 2002, 23:09:44 EST
Ó:
JamusN@aol.com
Chuig:
GAEILGE-A@LISTSERV.HEANET.IE, phoglund@abo.fi
Ábhar: Re:Tachtaimis
Léigh mé scéal Phanu seo an tseachtain seo, tar éis spreagadh ó Sheán agus Iarla. Seo mo thuairimse féin air.
Seo mo dhearcadh ar "Tachtaimis an Grádh Sin," le Panu Höglund.
Ar an gcéad dul síos, is scéalaí an-mhaith é Panu, agus is déantús ealaíonta é mar scéal. Fíor "leathanach iompróir" is ea é, déarfá.
Tá fadhb ag an údar leis a lucht léite, sílim. Cé gur oiriúnach don aois óg (do na déagóirí) dar leisean, tá sé sin maith go leor, ach amháin dhá rud. Is i gcanúint Uladh gan trócaire é, agus mórán focail ann nach bhfuil ag foghlaimeoirí, agus nach bhfuil ann ach sna foclóirí móra, má tá siad ann. Ach mar fhoghlaimeoir féin, bhí mé in ann é a léamh gan fhoclóir, an chuid is mó de, ach amháin le roinnt focal ar gach leathanach a léim. Agus tháinig mé i dtaithí ar fhocail nua de réir a chéile. Is féidir nach mbainfeadh déagóir triall as mar gheall air seo. An dara rud, má tá Gaeilge ó dhúchas ag an déagóir, is dóchúil go bhfuil sí ag a thuismitheoirí freisin, agus bheadh sé ar an déagóir an leabhar seo a choimeád i dtaisce uathu. Ní bheidh an leabhar seo ar fáil ar scoil ar bith, ach amháin b'fhéidir san ollscoil. Bheadh fearg ar thuismitheoirí dá mbeadh, mar tá ábhair chonspóideach sa scéal.
Sin ráite, tá an leabhar seo ceart go leor do dhaoine fásta. Dá ndéanfadh scannán de, ba chóir go mbeadh an t-amhráin "Rock Bottom" le UFO ann mar fuaimlorg. Níl daoine sona séanmhara ann. Cuireann sé "Deoraíocht" le Pádraig Ó Conaire i gcuimhne dhom - ach is scéal níos fearr is níos réadúla é an ceann seo.
Tá ábhair machnaimh go leor sa scéal, agus níl sé ag iarraidh do mhachnaimh a dhéanamh i do ionadsa - tá cead a chinn ag a léitheoir a bharúil féin a bhaint as, dar liom. Ábhair spreagúla atá ann do thuismitheoirí agus a ndéagóirí, más féidir leo caint le chéile fúthu. Is é teachtaireacht do thuismitheoirí a fuair mise as ná, bígí ag caint le do pháistí, agus déagóirí go háirithe- agus ná fágaigí iad ina n-aonar thar tamall beag!
Níl sé riachtanach gur mhaith leat na pearsaí, ach cibé tuairim atá agat ina leith, déanfaidh tú comhbhrón leo. Faigheann siad blas an dóchais i measc an uafáis, ach, bhuel, sin an scéal... I ndeireadh na dála, is é éifeacht an scéil ort féin an rud is suimiúla, ar léibhéil éagsúla.
Finnscéal brocach substaintiúil is ea é, mar focal scor. Ceannóidh mé é nuair atá sé i gcló.
le meas, Séamas Ó Neachtain
Úrscéal gan Fhoilsitheoir
Iarla Mac Aodha Bhuí
Tá an t-alt seo le foilsiú ar an iris FEASTA. Cheadaigh eagarthóir na hirise domh an t-alt a chur ar ais anseo.
Is beag duine a tógadh lasmuigh d'Éirinn a thug faoi litríocht a chumadh sa Ghaeilge, agus is ar éigean gur thug duine ar bith nach de bhunadh na tíre seo é nó í faoi úrscéal Gaeilge a scríobh. Ach le cúpla bliain anuas tá sé tugtha faoi deara ag daoine a bhíonn ag faire ar an Idirlíon go bhfuil spéis á cur ag eachtrannaigh inár dteanga dúchais, agus go bhfuil ag éirí go hiontach le cuid acu an Ghaeilge a fhoghlaim. I measc na ndaoine is mó atá ag saothrú na Gaeilge tá Panu Högland, teangeolaí óg Fionlannach a bhfuil an-taighde déanta aige go háirithe ar scríbhneoirí Thír Chonaill. Tá aistí agus gearrscéalta dá chuid foilsithe ar an idirlíon aige le cúpla bliain anuas agus chuir sé críoch le húrscéal anuraidh. Ba mhaith leis an saothar seo a chur i gcló i bhfoirm leabhair ach chinn air go dtí seo spéis na bhfoilsitheoirí a mhúscailt. Tá an t-úrscéal seo, Tachtaimís an Grádh Seo, ar fáil ar an idirlíon le tamall anuas, (http://www.oocities.org/faolchu.geo/tachtaimis-tulleathanach.html) chomh maith le scéalta eile i nGaeilge agus altanna i dteangacha éagsúla a léiríonn fealsúnacht an údair.
'Saoi sna hilbhéarlaibh' a thugann sé air féin ar a shuíomh idirlín, agus tá an saothar seo, agus saothar eile nach é, ina fhianaise nach mórtas tóin gan taca atá ar bun aige. 'Úrscéal fá choinne an aos óig' atá sa saothar seo, dar leis an údar, agus is fá dhaltaí meánscoile atá sé. Ach ní gnáthscéal rómánsúil do dhéagóirí é seo: pléitear sa scéal le téamaí dorcha a sheachnaítear de ghnáth i litríocht na Gaeilge, cé go bhfaca mé a leithéid i scéalta as an Fhrainc agus Québec atá dírithe ar dhéagóirí. Déantar cur síos lom ar chiapadh gnéis sa scoil, agus ar airneáil phornagrafaíochta ag buachaillí óga na cathrach, agus seans gur mar gheall air seo a bheadh drogall ar fhoilsitheoirí an scéal a chur i gcló. Tugtar léiriú réadúil ar ghné den saol a sheachnaítear de ghnáth, an andúil sa phornagrafaíocht atá go forleathan ar fud an tsaoil mhóir sa lá atá inniu ann. Ar bhealach is oiriúnach an meán foilsithe é an tIdirlíon mar gheall ar a bhfuil air de ghraostacht ghrafach neamhshrianta, agus a ghreim ar dhaoine de gach aois ar fud an domhain. Cuireann a dhúil sna scannáin seo náire ar phríomhcharachtar an leabhair, ach leanann sé féin agus a chara ag amharc orthu mar nach dtig leo an nós a bhriseadh.
Cuireann an andúil isteach ar a chaidreamh le mná ar ndóigh agus is cuid thábhachtach den scéal na fadhbanna caidrimh atá ann dá bharr. Léargas neamhchoitianta a thugtar sa saothar seo ar an tromaíocht a scriosann an saol don oiread sin daoine go háirithe agus iad ar scoil, ar an bhfonn a bhíonn ar roinnt daoine a chinntiú an saol a mhilleadh orthu siúd a roghnaíonn siad mar íobartaigh, fonn fíochmhar neamhshrianta a mbíonn an bás féin mar thoradh air. Tá an scéal suite i gcathair Narkkaus in oirthear na Fionnlainne, agus cé go bhféadfadh a leithéid céanna titim amach i mórán cathracha eile ar fud na hEorpa, agus in Éirinn féin gan amhras, tugann an t-údar blas láidir dúinn dá thír dhúchais.
Samhlaítear dúinn go bhfuil muintir na Fionnlainne saibhir, lách, fuinniúil, spórtúil, sláintiúil, daonlathach, carthannach, go bhfuil a gcathracha glan agus saor ón bhochtanas agus ón choiriúlacht, go bhfuil an tsíocháin agus an deamhéin i réim agus go bhfuil na seirbhíse sláinte agus sóisialta gan locht. Ní hí sin an íomhá a thugann Högland dúinn. Daoine dúra doicheallacha an dream a chiapann a chuid carachtar agus is iad lucht an spóirt agus na corpoiliúna is measa, a n-inchinn millte ag drugaí a dhéanann brúideanna díobh. Ionsaí ar chur i gcéill atá sa scéal, ar an chur i gcéill gur laochra gan cháim iad lucht spóirt, ar an chur i gcéill go bhfuil an tsochaí chomh folláin sin san Fhionnlainn nach bhfulaingíonn aon duine ciníochas ná bulaíocht ná maistíneacht. Ionsaítear na seandaoine nach bhfuil d'ábhar comhrá ná maíte acu ach an cogadh fadó in aghaidh Stalin, agus na daoine a chaitheann a gcuid ama le Béarla nuair ba chóir dóibh teangacha a gcomharsana féin a fhoghlaim. B'fhéidir nár cheart 'úrscéal fá choinne an aos óig' a thabhairt air, nó is scéal é a bheadh spéisiúil do dhuine d'aois ar bith, agus scéal a thugann léargas ar ghnéithe den saol a sheachnaítear rómhinic.
Luaigh mé gur Fionnlannach é údar an scéil seo, ach scríobhann sé go líofa i nGaeilge Uladh. Tá an stíl bunaithe ar na leabhair a scríobh na Conallaigh sa chéad leath den aois seo caite, agus is iomaí athrú a tháinig ar an saol agus ar an teanga ó shin.
Ba mhór an trua é dá n-éireodh an scríbhneoir seo as a ghairm mar go bhfuil sé chomh deacair dó foilsitheoir a fháil. Is úrscéal maith é, is úrscéal maith Gaeilge é, agus ní haon locht ar an údar nach Gael é. Tá an t-údar le cuairt a thabhairt ar Éirinn an mhí seo. Tá súil agam go mbeidh conradh foilsitheora aige agus é ag pilleadh abhaile.
Drochaimsir againn anseo inniu, gaoth mhór, báisteach agus mo ghairdín ar maos sa chaoi nach bhfuil ar mo chumas an néatú deiridh a chur ar mo cheapaigh. Tá sé in am dom, mar sin, nóta a cheapadh duit faoi d'úrscéal.
Tríd is tríd, thaitin sé liom. Tá réalaíocht ann agus tugann sé léiriú ar cheann des na deacrachtaí is mó i saol an déagóra. Ar a shon sin is uile, ní dóigh liom gur "úrscéal fá choinne an aos óg" é. Dá mbeadh déagóir le Gaeilge agam ní thabharfainn dó é. (A bhuí le Dia, tá siad go léir fásta agus triúr díobh pósta agus muirir orthu). Tá mé ag ceapadh, áfach, go dtabharfainn dom chéile é mar maíonn sí go raibh a saol meánscoile ina phraiseach de bharr bulaíochta agus cúthaileachta, rud nár tharla domsa, chor ar bith.
Tá scéal na beirte chomh lán sin de phian, gliondar agus uaigneas an déagóra gur rith sé liom go bhfuil an-chuid den dírbheathaisnéis ann agus, ag a dheireadh, baineadh geit asam nuair a chualas macalla de gháire searbh Chalvin an réamhordaithe. Go nuige sin ba scéal dóchais a bhí á léamh agam ach shíothlaigh sin ar an leathanach deiridh.
Tá rithim mhaith leis an scríbhneoireacht ach ina ainneoin sin ní scéal é seo a bhí éasca a léamh. Tá, ar a laighead, céad focal ann nár aithin mé ar an dtoirt agus thairis sin tá sé thar a bheith canúnach. Tá's agam an fáth pearsanta atá agat le seo ach más ar dhéagóirí na hÉireann a bhí tú á dhíriú, creid uaim é go bhfuil sé ró-dheacair dóibh.
Mo bhuíochas leat as an scríbhinn a chur ar fáil. Bhain mé taitneamh as agus molaim thú as do shaothar.