CUIMHNÍ CINN Ó THEACH NA MARBH

le

Feodor Míocháileoivits

DOSTAIGHÉAVSCAÍ

***

Brollach

Aon duine a dhéanfas críocha cúil na Sibéire a thaisteal, eadar mhachairí móra, shléibhte agus choillte aistreánacha, is dual dó a theacht trasna ar an chorr-chathair bheag, áit a bhfuil míle nó cupla míle de dhaoiní ag cur fúthu. Tithíocht adhmaid uilig go léir a bíos ins na cathracha seo, agus sin a mbíonn de chuid súl iontu, maille le dhá theach pobail - ceann acu ina sheasamh i lár na háite, agus an ceann eile suite in aice na reilige. Is ar éigean a thig leat "cathair" a thabhairt ar a leithéid, nó is leis an chuid is fearr de na sráidbhailte taobh amuigh de Mhoscó is cosúla iad. Bíonn a gcuid féin de státseirbhísigh ag obair ins na cathracha seo, agus siúd is go mb'é a fuacht a thabhaigh a cliú don tSibéir, is féidir leat bheith i do shuí go te teolaí ar fad ins na bólaí seo, más státseirbhíseach thú. Na daoiní a bhfuil cónaí orthu anseo, is macánta an cineál muintire iad nár bhuair a gcloigne riamh le smaointeachas na haoise nua; is fearr leofa cloí go dian daingean leis an tseort saoil a chleachtaíodh a sinsir rompu. Is iad na státseirbhísigh a ghní cúis na huasaicme anseo, rud nach mbeadh sé cuí ná óraice iad a dhiúltú faoi. Bundúchasaigh de phór na Sibéire féin atá i gcuid mhaith acu; an chuid eile, áfach, is muintir isteach iad a tháinig ó chroí na Rúise, ó na cathracha móra ach go háithrid, nó is é an tuarastal a mheall an bealach seo iad, agus an dóchas atá acu as an todhchaí. An chuid acu a gheobhfas amach cad é is ciall cheart don tsaol seo, fanfaidh a bhformhór anseo, agus teasghrádh is taithneamh acu don tír seo a bhfuil siad á gcló léithi. Dá réir sin, is dual dófa go dtiocfaidh rath Dé ar a gcuid oibre. An chuid eile acu, áfach, níl iontu ach lucht aerachais, agus ós rud é nach bhfuil sé daite dófa a theacht isteach ar chuspóir ár mbeatha ar dhroim an domhain, ní bheidh siad i bhfad á dtuirsiú den tSibéir, agus iad á gceistiú féin, cad é an cineál cat mara a d'fhág an taobh seo den tír iad an chéad uair riamh. Beidh mífhoighid orthu deireadh an téarma trí bliana a bhaint amach, agus nuair a bhéas lá an chaighdeáin ann, pillfidh siad chun an bhaile in áit na mbonn le conablach saoil a chur díofa ag caitheamh anuas ar an tSibéir agus ag draothadh gáirí fúithi. Níl an ceart ag an dream seo, áfach. Ní hiad na státseirbhísigh an t-aon aicme amháin a bhfuil rath in aice láimhe acu sa tSibéir. Tá an aeráid taghna ar fad; tá an tír lán ceannaitheoirí agus trádálaithe saibhre nár theip a soicheall riamh orthu; agus go leor daoiní de na saindúchasaigh féin ag déanamh go maith. Bíonn na mná óga comh hálainn agus a bíos siad geanmnaí; agus bíonn an géim ag siúl síos suas na sráideanna comh flúirseach is nach bhfuil de dhíth ar an tsealgaire ach a ghunna a airdiú. Bítear ag ól seaimpéine mar a bheadh uisce ann, agus tá an caibheár thar barr ar fad. Le fiche focal a chur in aon fhocal amháin, tír í an tSibéir nach bhfuil a sárú ann, ar acht is go bhfuil tú in ann a barr a aithne is a bhaint. Agus níl máistir a muintire ann le barr a bhaint.

I gceann de na cathracha beaga suáilceacha seo, áit a rabh togha na ndaoiní ina gcónaí comh laghach cineálta is a bhí siad, i gcruth is nach bhféadfainn choíche cuimhne na muintire seo a ruaigeadh as mo chroí, - ina leithéid d'áit a casadh Aileacsandar Peatróivits Goiriaitsniocov orm. Ina fhear uasal agus ina oidhre fearainn a rugadh mo dhuine thall sa Rúis, ach nuair a mharaigh sé a bhean chéile, b'é an pionós a ghearr an dlí dó ná an díbirt go dtí an tSibéir ina phríosúnach daorbhroide den darna rang. Nuair a bhí an téarma deich mbliana istigh aige, d'fhan sé i gcathair C. ina chóilíneach shaorthoilteanach, agus b'ansin a chaith sé a shaol go síochánta suaimhneach. Déanta na fírinne, bhí sé cláraithe go hoifigiúil i gceann de na paróistí tuaithe taobh amuigh den chathair, ach b'ins an bhaile mhór a chuir sé faoi, agus é ag saothrú a chodach measartha maith ag múinéadh scoile do na páistí. Is iomaí duine de lucht na díbeartha a bíos ag dul le múinteoireacht mar ghléas beo ins an tSibéir, agus ní gnách a leithéidí a chur ó dhoras ná a dhiúltú fán obair. An teanga Fraincise is mó a mhúintear, ós rud é nach féidir le haon duine mórán dul chun cinn a dhéanamh ina huireasa; agus is fánach duine ins na críocha corracha cúil seo a mbeadh aon chur amach aige uirthi, murach na múinteoirí díbeartha. Casadh Aileacsandar Peatróivits orm an chéad uair i dteach Íobhán Íobhánoivits Gvozdiocov; státseirbhíseach maith mórintinneach a bhí ann, mar Gvozdiocov, agus cúigear clainne aige: nighneacha uilig go léir a bhí ann, agus an mhóréirim chéadna chun foghlama iontu uilig, ainneoin éagsúlacht a n-aoise. Mhúineadh Aileacsandar Peatróivits ceachtanna dófa ceithre huaire in aghaidh na seachtaine, ar dheich gcóipéice fichid an laisín. B'í a chosúlacht a tharraing mo shúil ar mo dhuine an chéad uair. Fear seang mílítheach a bhí ann, ach ní rabh sé thar cúig bliana déag is fiche d'aois, an fear beag díomasach seo. B'fhearr leis riamh éadaí glana a chur air, éadaí ba mhó a shamhlófá le hIarthar na hEorpa ná leis an Rúis s'againn. An té a bhuailfeadh bleid air, d'airdeochadh mo dhuine a shúile go furchaidh faichilleach air, mar a bheifí ag iarraidh fuascailt fichille nó scaoileadh rúin a bhaint as. I ndeireadh na dála, d'fhreagraíodh sé go gonta giorraisc, agus é ag meá gach focal dá labhróchadh sé comh cúramach is gur chuir sé míchompord ort, agus tú i bpianpháis ag fanúint le deireadh an chomhráidh. Chuir mé ansin a sheanchas ar Íobhán Íobhánoivits, agus fuair mé le cluinstint gur duine dea-mhúinte ardbhéasach gan locht gan smál a bhí ann, ó thaobh an chineál saoil a bhí aige; nó ní bheadh Íobhán Íobhánoivits sásta an fear seo a bheith ag múineadh scoile dá chuid nighneach, dá mbeadh a mhalairt fíor. Chuala mé uaidh, fosta, gur éan corr a bhí ann a sheachnaíodh comhluadar na ndaoiní eile; gur duine thar a bheith léannta a bhí ann, agus é ag léamh na scórtha leabhar; gur duine a bhí ann nach labhraíodh mórán, agus é comh ciúin, comh tostach is go rachadh sé rite le haon duine mórán thar an leathfhocal a bhaint as. Na daoiní eile a cheistigh mé, bhí siad géarbharúlach gur gealt a bhí ann, siúd is nach rabh an duáilce áithrid seo ag cur isteach orthu ar aon dóigh ar leith. Bhí a lán de na daoiní ba mheasúla amuigh sásta a bhféile a riar ar Aileacsandar Peatroivits, nó is amhlaidh gur fear úsáideach a bhí ann le litreacha molta agus a leithéid a scríobh. Bhíothas ag déanamh go rabh gaolta uaisle aige thiar sa Rúis, ach ba léir go rabh sé, agus é ina phríosúnach daorbhroide go fóill, i ndiaidh éirí as cibé caidreamh a bhíodh aige lena mhuintir. Feat a bhí ann, mar sin, nach n-aithneochadh a leas féin. Thairis sion, bhí a fhios ag cách scéal a bheatha is a bhreithe: ní rabh sé bliain pósta ar a mhnaoi chéile nuair a mharaigh sé í le teann éada, agus ansin chuir sé féin in iúl do na húdaráis go mb'eisean a rinne an choir. Bhain an aidmheáil seo a lán blianta den téarma príosúnachta a bhí dlíte dó ar son an ainghnímh. Is gnách glacadh leis an chineál seo dúnmharuithe mar ábhar bróin gan aon duine a mhilleánú mórán, agus is truaidhe le cách an coirpeoir féin. Ina dhiaidh sin féin, sheachnaíodh mo dhuine cuideachta an tsaoil mhóir, agus b'fhearr leis gan a dhul i bhfianaise na ndaoiní eile ach lena chuid ceachtanna a thabhairt uaidh.

Ar tús, ba chuma liom faoi, a bheag nó a mhór, ach de réir a chéile, níl a fhios agam cad chuige, tháinig spéis agam ann. Bhí sé ag dul díom aon chiall nó tuigse cheart a bhaint as an fhear seo. Cha rabh lá áiméir agam é a bhréagadh chun comhráidh liom. Ar ndóighe, agus tú ag cur ceist air, shílfeá gur ghlac sé leis mar phríomhdhualgas a shaoil freagra a thabhairt comh réidh is a thiocfadh leis; ach má rinne mé iarracht tuilleadh cainte a fháscadh as mo dhuine i ndiaidh na bhfreagraí seo, tháinig gnúis na fuilstine is na tuirse ar a cheannaightheacha. Is cuimhin liom oíche iontach álainn shamhraidh agus an bheirt againn ag fágáilt tigh Íobhán Íobhánoivits in éineacht. I dtoibinne, rith liom é a iarraidh isteach chugam féin le toitín a chaitheamh. Níl léamh ná scríobh ná inse bhéil ar an scanradh a d'aithin mé ar a aghaidh ansin. Rinneadh stangaire de, agus thoisigh sé a mhonamar focla scartha nach rabh ag teacht le chéile ar aon nós, agus ansin, i ndiaidh dó súil fheargach a chaitheamh ormsa, abhae go deo leis i malairt treo ar fad. Fuair mé mé féin faoi dhubhiontas. Ón uair sin i leith, agus é ag castáil ormsa, ba nós leis bheith ag stánú is ag starógacht orm agus cuma cineál sceimhlithe air. Níor ghéill mé féin, áfach; mhothaigh mé go rabh mo dhuine do mo tharraingt ina leith in ainneoin an bheirt againn; agus i ndiaidh aon mhíosa amháin, chuaigh mé i mo dheoin i bhfianaise Ghoiriaintsiocov. Is léir go rabh mé do m'iompar go tútach mímhúinte. Bhí cónaí ar an fhear seo ar imeall na cathrach i dtigh sheanmhná de phór na mbuirgéiseach, a rabh nighean aici, agus í ag éileamh le créachta. Bhí leanbh tabhartha ag an nighin seo í féin, cailín a bhí thart ar dheich mbliana d'aois. Leanbh álainn cineálta a bhí ann. Nuair a tháinig mé isteach, bhí Aileacsandar Peatroivits ag múineadh léitheoireacht don pháiste seo. Agus é ag fáil radhairc ormsa, tháinig a leithéid de náire air is go sílfeá gur i mbun míghnímh nó coire a bhí sé. Rinneadh stangaire de mo dhuine ar fad, sheas sé suas óna chathaoir agus sháith sé orm a rabh de shúile ina cheann. Shuigh muid síos sa deireadh, ach d'fhan sé ag coinneáil diansúil orm, mar a bheadh sé in amhras go rabh plean éigin glactha agam lena chabhóg a dhéanamh. Thuig mé go rabh sé comh drochamhrasach is nach rabh mórán eadar é agus deargmhire. Mhair sé ag amharc go fuafar orm, agus é ag tabhairt in amhail a rádh liom go mba chóir domh greadadh liom anois. Labhair mé liom, agus mé ag trácht ar nuacht na háite, ach má labhair féin, is beag freagra a bhain mé as mo chéile comhráidh ach amháin go dtáinig meangadh feargach draothgháirí air. Tuigeadh domh go rabh sé aineolach ar fad ar an ghnáthshaol sa chathair ina thimpeall - go mba chuma leis sa diabhal faoi, fiú. Ansin, tharraing mé orm cúrsaí na mbólaí ina rabh an áit suite, agus na rudaí a bhí de dhíth le saol a dhéanamh ansin. D'éist sé liom ina thost ar fad, agus an dóigh a rabh sé ag dearcadh orm tháinig náire agus aiféaltas orm gur labhair mé amach an chéad uair riamh. Le haisfhreagra éigin a bhréagadh ó mo dhuine, rith liom na hirisí agus na leabhartha a thairiscint dó a bhí mé a iompar liom ó oifig an phoist: bhí siad ar fad comh húr is nach dtearn mé féin oiread is na leathanaigh a scaradh ó chéile go fóill. Ba bheag nár chuir an cineál seo flaithiúlachta fearg ar mo dhuine. Chaith sé súil chíocrach ar na leabhartha, ach tháinig sé chuige féin ansin, agus dhiúltaigh sé don tairiscint, siocair is nach rabh am saor aige. Sa deireadh thiar thall, d'fhág mé slán is beannacht ag mo dhuine, agus ag tréigbheáilt na háite domh, mhothaigh mé ualach trom ag titim de mo chroí. Ba náir liom an scéal ar fad ina dhiaidh, nó i ndiaidh an iomláin b'amaideach is ba drochmhúinte an mhaise domh a bheith ag cur isteach ar dhuine a bhí comh meáite leis an fhear seo ar é féin a choinneáilt ceilte ar an tsaol mhór. Ach anois, bhí an mordadh déanta agam, agus an giorria ina shuí. Is cuimhin liom nach minic a chonaic mé leabhar aige, rud a tháinig crosach ar an ghnáthchaint a luaigh léitheoireacht leis. Mar sin féin, an cupla uair a tharla mé ag dul thart lena áit chónaithe in antráth na hoíche, chuir mé sonrú ann go rabh lampa lasta ag soilsiú istigh aige i gcónaí. Cad é a bhí sé a dhéanamh ansin, agus é ag déanamh airneál aonair go teacht an lae? An ag breacadh síos scríbhinní a bhí sé? Agus má b'eadh, cad é an cineál rudaí a bhí á scríobh aige?

Tharla go rabh gnoithe le socrú agam in áit eile, b'éigean domh an chathair s'againn a fhágáilt ar feadh thréimhse cupla mí. Nuair a tháinig mé ar ais, agus an geimhreadh ann, fuair mé tásc mo dhuine in ainriocht a thuairisce. Ina aonar a shíothlaigh sé, agus níor bhac sé le cur fá choinne an dochtúra. Bhí sé leath ligthe i ndearmad ag muintir na háite cheana féin. Bhí a árasán tréigthe ar fad. Ní rabh aon mhoill orm aithne a fháil ar bhean an tí, nó theastaigh uaim seanchas an mharbháin a chur, nó fáil amach fá dtaobh de, ar aon nós: cad é a bhíodh eadar lámhaibh ag an tionónta, cén cineál scríbhneoireachta a bhí i gceist? D'íoc mé sciúrtóg airgid leis an tseanmhnaoi le theacht i seilbh oidhríocht a tionónta, is é sin, a chuid scríbhinní. D'aidmhigh an chailleach gur chlis uirthi a theacht trasna ar dhá cheann de na leabhráin nótaí a bhí ann ar tús. Bean dhuairc thostach a bhí ann nach rabh mórán eolais inbhainte aisti. Ní rabh sí ábalta ach beagáinín a rádh i dtaoibh a tionónta, thar a rabh cluinte agam ó fhaisnéiseoirí eile roimhe sin. Dar léithi, chaitheadh an tionónta na míosa fada díomhaoin ar fad, gan leabhar a fhoscal amach ná breith ar pheann. Nuair a bhuaileadh an tallann é, áfach, d'fhéadfadh sé na hoícheanta a chur de ag dul ó cheann ceann an tseomra i mbun a mhachnaimh, nó fiú ag caint leis féin. Thairis sin, bhí grádh aige don chailín bheag, garnighean na caillí, go háithrid ó chuala sé gurb é Cáit ab ainm daoithi. Níor imigh bliain nach dteachaidh mo dhuine ar aifreann le Féile Naomh Caitríona a cheiliúradh. Ní rabh cuideachta ná cuairteoirí ag teastáil uaidh, agus ní fhágadh sé an baile ach le scoil a fhoghlaim do na páistí. Bhí sé cineál míshásta, fiú, leis an dóigh a dtigeadh sí féin, bean an tí, isteach chuige uair in aghaidh na seachtaine leis an áit a scuabadh glan. Siúd is gur chaith sé trí bliana ar aíocht ag an tseanmhnaoi, ní labhraíodh sé léithi ach an-chorruair. Chuir mé ceist ar Cháit bheag, an mba chuimhin léithi a múinteoir. Stán sí orm gan gíocs ná míocs a ligint aisti, thug sí a droim liom agus thoisigh sí a chaoineadh. Dhealraigh sé go rabh an fear sin in ann grádh a mhealladh ó aon chroí amháin ar a laghad.

Thug mé liom a chuid páipéar agus chaith mé lá iomlán ag cur ord is eagar orthu. Trí cinn as gach ceathrar, ní rabh ann ach truflais, ar nós ceachtanna scoile nó nótaí sealadacha eile; ach bhí leabhrán amháin ann, ceann sách mór, agus é á chur thar maoil le mionscríbhneoireacht. Ní tháinig mo dhuine go bun an leabhráin riamh: gach seans gur éirigh sé as an obair roimh a críochnú nó gur lig sé i ndearmad í. Cur síos a bhí ann, nó díolaim de chuimhní cinn fánacha, b'fhéidir, ar bhlianta a bhraighdeanais, an deich mbliana a chaith sé i ngeimhle. Uaireanta, thigeadh athrach scéil i leaba na nótaí seo, áfach: scéal aistíoch, uafásach fiú, a bhí breactha síos anseo agus ansiúd, mar a bheadh mo dhuine á scríobh ina ainneoin féin, agus tallann mire nó racht gealtachta ag luí air - sin é an dóigh a dteachaidh soad i bhfeidhm orm, ar a laghad, agus iad léite agam cupla uair. Maidir leis na cuimhní cinn ó laetha na daorbhroide, Cuimhní Cinn ó Theach na Marbh mar a bhaist sé féin orthu in áit éigin den lámhscríbhinn, ba dóigh liom go rabh díol suime iontu agus go mb'fhiú iad a chur faoi bhráid an léitheora. Saol úr anaithnid a bhí ann, agus bhí draíocht orm agus mé ag teacht isteach ar thoscaí aistíocha an tsaoil áithrid sin, i gcruth is gur léigh mé féin cuid mhaith de le fiosracht mhór. Is féidir nach bhfuil an ceart agam. Leis an scéal a chur in aithne daoibh, roghnaím cupla caibidil ar tús...

Ar an drochuair, an "cupla caibidil" a bhfuil Dostaighéavscaí ag tagairt dófa, níl siad aistrithe agam go fóill.

Panu Petteri Höglund