AINMNEACHA - nimet
Is iomaí ainm nach bhfuil aon leide le haithne air cé acu ainm fir nó mná atá ann. Mar shampla, is mná iad Anu, Satu, Mirkku, Sari - ach is fir iad Panu, Tatu, Markku, Kari. Mar sin, bí cúramach agus iarr ar do chairde Fionlannacha a n-ainmneacha a litriú duit.
Is beag an sólás atá ann, ach is ann do chupla ainm nach bhfuil na Fionlannaigh féin ar aon tuairim faofa. Mar shampla, is ábhar conspóide é cé acu ainmneacha fir nó mná iad Mertsi agus Vieno.
Aapo(fear) = Abraham
Heikki (fear) = Annraoi (Henrik > Henrikki, Heinärikki > Heikki)
Jussi(fear) = Eoin, Seán (Maidir leis an amhránaí cháiliúil ceoldrámaí, Jussi Björling, ba Sualannach é nach rabh focal Fionlainnise ina phluic, ach bhí gaolta Fionlannacha aige ar bhaist duine acu an leasainm Jussi air.)
Kaija(bean) = Caitríona, Cáit
Kaapo(fear) = Gabriel
Maija(bean) = Máire
Satu(bean) = scéal, finscéal
Tapio(fear) = dia págánta na foraoise
Taru(bean) = scéal, finscéal (is ainm mná é Saga san tSualainn freisin) (taru < tarina < stariná na Rúisise)
Tiina(bean) = Cairistíona
Unelma(bean) = aisling
Varma-Kosto(an dá ghnéas) = díoltas cinnte (!)
Valo(fear) = solas
Ceadaíonn an dlí trí ainm a bhaisteadh ar pháiste amháin, ach féachann tuistí na bpáistí le theacht thart timpeall ar an dlí fríd úsáid a bhaint as ainmneacha comhshuite ar nós Annamaria, Katjamaaria (< Katja + Maaria), Terttutuulikki(< Terttu + Tuulikki), Hetaleena(< Heta + Leena) agus mar sin de.

ARÁN DUBH - ruisleipä
Ní maith linn aráin mhilse na dtíortha Eorpacha - san tSualainn, fiú, cuireann sé go mór isteach ar an Fhionlannach go bhfuil blas an tsiúcra (!) san arán. Cha rithfeadh a leithéid riamh le Fionlannach, nó is dóigh linn go gcaithfidh an t-arán a bheith géar, seachas milis. Biadh folláin is eadh é arán dubh na Fionlainne, ach is féidir go gcuirfidh sé ag briseadh gaoithe thú mura bhfuil tú ina thaithí.

BÉARLA - englanti
Síleann cuid mhór de na Fionlannaigh go bhfuil sé go paiteanta acu, ach ní mar a shíltear a bítear. (Amharc ar EASCAINÍ.) Is é an Béarla an teanga iasachta is fearr a bíos ag na Fionlainnigh, ach ní bhíonn muintir na Fionlainne i dtaithí Bhéarla na hÉireann. Caithfidh tú aithris a dhéanamh ar bhlas chraoltóirí an raidió le do chuid ráiteas a dhéanamh intuigthe ag do chéile chomhráidh.
Is dócha freisin go bhfaighfidh tú deacair Béarla na bhFionlannach a thuigbheáil. Is minic nach n-éiríonn leis an Fhionlannach b, d, g a fhuaimniú - déanann sé p, t, k díofa. Mar sin, ní thig le cuid mhór de na Fionlannaigh, líofa is uile mar a bíos labhairt na teanga acu, eadardhealú a dhéanamh eadar pig, pick, big. Chan fhuil mé féin róchinnte fá fheabhas m'urlabhraíochta maidir leis an phointe áithrid seo. Puhutko englantia? An bhfuil Béarla agat?

BEOIR - olut, kalja
Leann geal an seort beorach is mó a óltar san Fhionlainn. Ní bhíonn sé chomh láidir agus na leanna Gaelacha, nó baintear cuid den alcól de leis an tseort de bheoir leathlag a dhéanamh ar a dtugtar keskiolut nó "beoir scothláidir". Bíonn na Fionlannaigh in ann áfach dhul ar meisce ar an keskiolut féin, nó níl aon chotadh orthu fiche pionta a ól an oíche chéadna.

BIOTÁILTE - viina, viinakset, alkoholijuomat.
"Is druga í an bhiotáilte dúinn, agus úsáid an druga á baint aisti, ach ní cheadaítear dúinn a rádh gur druga í." Tá go leor fadhbanna sóisialta ag baint leis an bhiotáilte san Fhionlainn, agus tchítear déagóirí dubhólta amuigh ar na sráideanna achan oíche. Cha chuireann sin aon chúl ar na polaiteoirí coiméadacha, áfach, agus iad ag iarraidh na srianta uilig a chur ar ceal atá le díoltóireacht na biotáilte go fóill. An locht is mó is féidir a fháil ar an dóigh a n-ólann na Fionlannaigh ná nach n-ólann siad ar mhaithe leis an chuideachtain, ach a mhalairt ar fad - cha dtig siad le chéile ach amháin le goblach maith biotáilte a chaitheamh siar, agus spréadh ar an chomhluadar.

CAIRDIÚLACHT - ystävällisyys.
Ní thig sí ó dhúchas ag aon Fhionlannach. Na geáitsí cairdiúlachta a chuireanns muintir na tíre seo orthu agus iad ag caidreamh strainséirí, bíonn an oiread sin aibhéile agus mí-ionraicis ag baint leofa agus go mb'fhearr leat an ciníochas féin. Ní bhíonn na Fionlannaigh róchairdiúil le chéile, ná aon mhuinín acu as a chéile, agus iad barúlach, dá réir sin, go gcaithfidh siad a bheith uafásach milis leis na cuairteoirí nach bhfuil i dtaithí ár gcuid grusachta, dúrantachta is goineadóireachta, na créatúirí bochta.

CINÍOCHAS - rasismi
Is dóigh leis na Fionlannaigh gur tír mhór ciníochais an tír seo, ach déanta na fírinne níl an fhadhb seo leath chomh holc agus atá sí i gcuid mhór den Eoraip. Is dócha go mbeidh ródhiograis luch an fhrithchiníochais ag cur as duit i bhfad níos measa. Is minic a ionsaítear daoiní amuigh ar na sráideanna gan fios fátha ná siocair, ach ní ciníochas is cúis leis sin - bíonn eagla ar na dúchasaigh féin roimh a leithéidí de ruathair!

COGADH - sota
Tá bród an domhain ar Fhionlannach amháin as achan bheirt as gaisce ár saighdiúirí sa Dara Cogadh Domhanda. Tá an Fionlannach eile den bheirt dubh dóite bréan tuirseach den bhuaileam sciath sin, agus an dá dream níos fanaicí ná a chéile. Is fearr duit an t-ábhar cainte seo a sheachnadh - ach amháin gurb iomaí Fionlannach nach bhfuil fonn air ábhar ar bith eile a tharraingt air!
Is fiú a phointeáil amach nár ghlac an Fhionlainn mórán páirte sa Chéad Chogadh Domhanda, agus ár radharc féin againn ar an Darna Cogadh Domhanda féin. "Na cogaíocha" - san uimhir iolra - is minicí a bheirthear air, agus difríocht bhunúsach eadar an dhá cheann: cogadh an gheimhridh (1939-1940) agus cogadh na leanstana (1941-44). B'é Stailín a chuir bun leis an chéad chogadh acu frína chuid diormaí a shaighdeadh fúinn le "poblacht" Shóivéadach eile a dhéanamh den tír. Bhí ár gcuid fear in ann, áfach, na fórsaí Sóivéadacha a choinneáil siar an oiread sin agus gur fágadh uain ag ár gcuid taidhleoirí a dhul i dteagmháil le Stailín agus comhchainteanna síochána a chur ar obair. B'éigeann dúinn cuid mhór de na ceantair oirthearacha - an Chairéil thar aon rud eile - a ghéilliúint do Stailín, agus ar ndóighe is ábhar mór díospóireachta é san Fhionlainn inniu an mba chóir dúinn na ceantair seo a éileamh ar ais ar an Rúis, agus í comh lag fann anois. - An darna cogadh acu, cha rabh i gceist leis go bunúsach ach na Fionlannaigh ag dul i gcomhar le Hitler i súil is go mbéarfadh seisean buaidh ar an Aontas Shóivéideach, ionas go bhfaighimis ár gcuid talaimh ar ais ó Stailín. Ní hionann sin is a rádh, áfach, nach mbíodh tionchar mór ag lucht leanstana Hitler ar chomhairlí na gcinnirí polaitiúla is míleata san Fhionlainn uaireanta: ábhar conspóide eile atá ann.

CRAICEANN - seksi
Ní ábhar oibriú intinne ann. Is féidir comhluadar leapa a fháil don chéad oíche eile go héascaidh, nó ní shíltear an dúrud céadna de chúrsaí an chraicinn anseo agus a shíltear díofa i Meiriceá, cuir i gcás. Ach tá an fíorghrádh chomh gann scáinte anseo agus in áit ar bith eile.
Tá coiscíní le fáil sna siopaí bídh chomh maith leis na bothanna nuachtáin. B'fhusa na háiteanna a ríomh nach bhfuil siad le fáil. Is féidir go dtabharfaidh an sagart paróiste féin coiscín duit má iarrann tú ceann air. Kondomi an focal Fionlainnise, ar ndóighe. Is beag áit san Fhionlainn nach bhfuil fógraí móra le feiceáilt ag déanamh reacaireachta fá dtaobh de na coiscíní.

DRUGAÍ - huumeet
Is féidir iad a cheannacht ins an Fhionlainn, ach ba chirte duit iad a sheachnadh. Nó ní ghlactar go hoifigiúil leis na toitíní raithní féin, agus is eol domh Fionlannach ar baineadh a phas de nuair a beireadh air ag caitheamh marachuain. Níor mhaolaigh ar dhearcadh údaráis na Fionlainne i leith na ndrugaí ó shin.
Is féidir go bhfuil tú den tuairim nach bhfuil an oiread sin dochair ins na toitíní cnáibe agus go mb'fhiú lánchosc a chur orthu. Ach mura gcuiridh tú suas dófa le linn bheith ar cuairt inár dtír, fágfaidh tú siocair ag na húdaráis tú a chaitheamh amach as an tír gan cead pilleadh aríst. An dóigh leat gur fiú an dainséar seo cupla toitín suaracha?

EAGLAIS - kirkko
Chan fhuil le fáil san Fhionlainn ach corrChatoiliceach, nó is Liútaránaigh ár bhformhór. Tá a lán gluaiseachtaí athbheochana creidimh - nó athmhúscailte mar a bheirthear as Fionlainnis orthu - gníomhach taobh istigh den Eaglais, agus a ndearcadh ar an chreideamh agus ar choincheap an pheaca an-éagsúil le chéile. Mar shampla, is iomaí duine de Lucht an Chráifeachais (körttiläiset) nach gcuireann suas do bhraoinín fíona; ach is beag peaca is mó is fuath le Lucht Leanstana Laestadius (lestadiolaiset) ná "uafás na biotailte"(viinan kauhistus).
Cráifeacht chiúin mhacánta is eadh é creideamh na bhFionlannach nuair atá sé ar bharr a mhaitheasa. Ón taobh eile de, áfach, is dóigh lena lán go bhfuil blas ró-lionndubhach ar reiligiún na Fionlainne. Sin a bheir ar na hintleachtóirí tiontú i leith an chreidimh Ortadocsaigh Rúisigh, arb é an dara creideamh is coitianta san Fhionlainn.

EASCAINÍ AGUS MIONNAÍ MÓRA - kiroilu, kirosanat
Is cuid nádúrtha den Fhionlainnis labhartha iad, rud a choinníonns na Fionlannaigh ag eascainíocht agus ag caitheamh mionnaí móra astu cibé teanga atá á labhairt acu. Is cuimhneach liom an buachaill óg a thug eolas an bhealaigh do chúpla cailín Meiriceánacha mar seo:
"First you go past that fucking church, and then you fucking cross the fucking river - there is this fucking bridge there you know - and then you just fucking turn right and then you fucking walk just a fucking little bit - and remember to stick to the fucking bank of the fucking river - and then you'll fucking find your fucking library there."
Is dócha gur vittu (báltaí, pit, baill ghiniúna mná) an focal a bheadh ag an bhuachaill seo in ionad fucking, dá mbeadh sé leis an méid céadna a chanstan ina theanga dhúchais. Ar ndóighe is beag a chuireas a leathbhreac seo isteach ar Éireannach, ach murar baineadh cliseadh an domhain as na cailíní sóntacha Poncánacha ní lá go maidin é.

FORÉIGEAN - väkivalta
Fadhb mhór ins an Fhionlainn, agus í i bhfad níos measa sna sráidbhailte beaga ná ins na cathracha móra. Amharc ar CINÍOCHAS.

FRAINCIS - ranska
Cuirfidh sé iontas ort cé chomh gann atá lucht foghlamtha na Fraincise san Fhionlainn. Ní cuidiú ar bith duit Fraincis inár dtír - nó ní rabh go dtí seo. B'fhéidir go dtiocfaidh athrú air seo anois agus sinn inár mbaill den Aontas Eorpach.

GAEILGE - gaeliiiri
Char chuala na Fionlannaigh iomrá uirthi ariamh. Is dóigh leofa gur canúint de chuid an Bhéarla atá ann. Agus an dream a bhfuil a fhios acu gur teanga ar leith í, tá siad uilig cinnte dearfa go bhfuil sí marbh leis na cianta cairbhreacha anuas.

GEARMÁINIS - saksa
Teanga a bíos go maith ag cuid de na seanfhundúirí, agus cuid acu an-doirte i nGearmáin Hitler féin, toisc go rabh sé ar aon taoibh linn sa chogadh.

KALEVALA
Fiannaíocht na Fionlainne, éipic náisiúnta a rabh tionchar mór aici ar J.R.R.Tolkien. Tá Tiarna na bhFáinní (Taru sormusten herrasta - Kersti Juva a d'aistrigh ón Bhéarla) léite ag formhór mór na bhFionlannach, ach is fuath leofa Kalevala.

KOSKENKORVA - nó kossu, kosanderi
An deoch náisiúnta, agus a lán alcóil inti, mar is dual do dheochanna náisiúnta.

PUUKKO
Scian mhór mhillteach. Úsáidtear na sciana seo chun adhmad a oibriú agus chun ceisteanna prionsabalta a shocrú eadar fir fhásta (amharc ar FORÉIGEAN). Tá ráchairt mhór orthu freisin mar phronntanais is mar chuimhneacháin ón Fhionlainn. Tá lucht déanta na scian seo - puukkomestari a thugtar ar a leathbhreac sin de cheardaí - le fáil go fóill i gKauhava, sílim, agus praghsanna arda ar sciana fíor-lámhdhéanta dá gcuid féin.

RÚISIS - venäjä
Teanga nach bhfuil ag mórán duine san Fhionlainn, murar lucht inimirce ón Rúis iad. Níl aon ghaol ag an Fhionlainnis léithi.

TEANGA NA TÍRE - suomi le s beag
Tá an Fhionlainnis againn uilig, ach is teanga dheacair í. Rud eile fós, má éiríonn leat Fionlainnis na leabhar a fhoghlaim ní chuirfidh sin ar do chumas go fóill mórán abhrais a bhaint as caint na ndaoiní. Bíonn béarlagair cainte nó canúint ínteacht ag formhór mór na bhFionlannach, agus rachfaí a gháirí fán té a d'fhéachfadh le leagan oifigiúil na Fionlainnise a labhairt amach ó ócáidí oifigiúla. Maidir leis an fhuaimniú, áfach, tá sé iontach cóngarach don teanga scríofa, agus litir amháin ag freagairt d'achan fhóinéim, den chuid is mó. Thairis sin, tá an bhéim ar an chéad siolla ins achan fhocal - ní eol domh d'eisceachtaí ach an iasacht Bhéarla udaí okei agus an focal eascainíochta jumalauta, agus é bunaithe ar abairt iomlán: Jumala, auta! - "A Dhia, cuidigh [liom]!"