Tycho Brahe - Réalteolaí Mór na Danmhairge

Rugadh Tyge Brahe ins an bhliain 1546 i ndeisceart na Sualainne, i gcúige a bhain leis an Danmhairg an tráth sin den stair. B'é deartháir a athara a thug a oiliúint is a thabhairt suas do Tyge óg, agus ní rabh sé i bhfad ag tarraingt líofacht na Laidine air. Bhaist sé Tycho air féin ins an teanga seo. Ní rabh trí bliana déag d'aois slán aige agus é ag dul a staidéar in ollscoil cheana féin. Bhí a uncail ag féacháil le heaglaiseach nó státseirbhíseach a dhéanamh de mo dhuine, ach bhí i bhfad ní ba mhó suime aige ins an mhatamaitic agus ins an eolaíocht. Bhí spéis aige ins an réalteolaíocht ó thús báire, nó ba díol iontais dó go rabh na matamaiticeoirí in ann uruithe na gréine a thairngreacht roimh ré.

Ins na 1560idí, fuair uncail Tycho bás, agus bhain an fear óg úsáid as an oidhríocht a fuair sé le huacht le tuilleadh oideachais a mhaoiniú dó féin. Chuaigh sé a fhad leis an Ghearmáin agus rinne sé staidéar ar cheimic agus ar leigheaseolaíocht. Bhí sé ar tí éirí as an réalteolaíocht, nó bhí uncail eile (ó thaobh a mháthara) aige a bhí ag dul le gnoithe déantúis an pháipéir, agus é ag spreagadh Tycho chun ceimic agus innealtóireacht a fhoghlaim - ábhair staidéir a mbeadh úsáid ínteacht iontu le monarchanna a phleanáil is a thógáilt. Ó bhí an t-uncail seo ar an t-aon duine muinteartha amháin de chuid Tycho a thuig an tsuim a bhí ag an fhear óg ins an eolaíocht, b'olc an seanadh do Tycho é a dhiúltú fána achainí. Nuair a chonaic Tycho an t-ollnóva, áfach, chuaigh sé le réalteolaíocht aríst eile. Thoisigh sé a thomhas gluaiseachtaí na "réalta úire" sin lena chuid gléas le fáil amach cé acu feiniméan de chuid an atmaisféir nó fíor-réalt nua a bhí ann. B'iad na tomhais seo ba mhó a thabhaigh cáil eadarnáisiúnta do Tycho.

Mar sin féin, caithfidh muid cuimhne a choinneáil air i gcónaí go rabh Tycho cosúil le muintir a chomhaimsire: ghéill sé don astralaíocht, agus nuair a rinne sé a chuid tomhas, ba treisiú iad fosta leis an chreidiúint a thug sé don tsaoldearcadh gheolárnach - is é sin, a ndearcadh siúd a deireadh gurbh é an Domhan s'againn a bhí i lár na hollchruinne ar fad, agus go rabh sé dobhogtha as a áit.

Nó is amhlaidh - de réir mar a réasúnaigh Tycho, - ná, dá mbeadh an Domhan ag dul timpeall na Gréine, mar a d'áitíodh lucht leanstana an héilealárnachais (sin le rádh, a ndearcadh siúd a shíl gurbh í an Ghrian an lárphointe - thiocfadh linn "grianlárnachas" a thabhairt ar an dearcadh sin, comh maith), go gcaithfeá an saobhdhiallas a aithne ar spéir na réaltaí, agus an domhan ag dul i bhfad ó chuid acu agus ag teacht i ngaire na coda eile. Ós rud é nár chuir Brahe sonrú in aon saobhdhiallas, íogair is uile mar a bhí a chuid gléas de réir chaighdeán a lae, is é an tátal a bhain sé as an scéal, ná, go rabh an ceart ag lucht an gheolárnachais. Cha rabh a fhios ag lucht a chomhaimsire a fhad ar shiúl uainn agus atá na réaltaí dáiríribh, ná gléas acu le saobhdhiallas comh beag sin a thomhas. Dá réir sin, rinne siad talamh slán de nach rabh ins na réaltaí ach poill ins an sféar criostail a scar an ollchruinne shaolta theamparálta ó Neamh mar ríocht Dé.