Is ag an Ollamh Heikki Ylikangas atá a fhios an callán is féidir a tharraingt fríd thréimhse íogair i stair na tíre dúchais a chardáil go macánta i saothar taighde. Nuair a d'fhoilsigh sé a mhórshaothar Tie Tampereelle sa bhliain 1993, leabhar a bheir cuntas beacht cruinn ar na cathanna eadar na Gardaí Dearga is na Gardaí Bána le linn Chogadh Cathardha na Fionlainne in Earrach na bliana 1918, ní duais amháin a bhain sé amach ach callán binbeach comh maith. Chaith an nuachtán Ilkka in Vaasa, príomhchathair thraidisiúnta Chúige na hOstrabóitne, ocht mí ag caitheamh anuas ar an Uasal Ylikangas as ucht a leithéid de leabhar a chur i gcló. Dealraíonn sé nár imigh oiread is lá amháin nach dtabharfadh an nuachtán ionsaí eile fán údar.
B'é ba thoradh don fheachtas seo ná go dtug Ylikangas droim láimhe le fód a dhúchais agus a bhunadh. Go dtí sin bhí sé ag scríobh dráma fá choinne Amharclann Seinäjoki agus ag cur leabhar le chéile fá stair áitiúil a cheantair dhúchais, ach i ndiaidh na raice seo d'éirigh sé as na jabanna uilig a bhí ar siúl aige agus nasc acu leis an Ostrabóitne.
"Ós rud é go bhfuil fios achan ruda níos fearr acu féin, is dócha nach bhfuil gá acu le mo chuid eolais", a deir an tOllamh fán scéal gan cor a chur de. Níl sé sásta dul chun comhréitigh leis an nuachtán ach príomheagarthóir nua a theacht ina bhun. Deir sé nach í an chriticeoireacht inti féin is mó a ghoilleanns air, ach a fhad is a mhair an feachtas, agus an nuachtán iontach drogallach deis a chosanta féin a thairscint dó.
B'é éirim na tromaíochta go rabh Ylikangas, dar leis na criticeoirí, ag iarraidh a n-"onóir a bhaint de mhuintir na hOstrabóitne" - an onóir a thabhaigh siad, dar leofa féin, cionn is go mb'iadsan a stop ionsaí an Bhoilséiveachais ar an Fhionlainn fríd chomhghuaillithe Léinín san Fhionlainn - na Gardaí Dearga - a chur faoi chois.
B'é réamhshampla an staraí Shualannaigh Peter Englund a spreag Ylikangas i mbun oibre, nó bhí Englund tar éis mórshaothar den chineál chéadna a scríobh fá dtaobh de chath tábhachtach eile i stair a thíre féin - an cath in aice le Poltava san Úcráin, a chuir deireadh le réim na Sualainne mar shárchumhacht réigiúnda: i ndiaidh an chatha seo cha rabh an acmhainn ins an tSualainn a thuilleadh dúshlán na Rúise a thabhairt. Ba dóigh le hYlikangas go mb'é cath Tampere an mhacasamhail ab fhearr i stair na Fionlainne do Pholtava na Sualainne. Ag déanamh staidéir ar an ábhar a bhí le fáil ar chath Tampere dó, áfach, tháinig athrú barúla aige i leith na tábhachta a bhí leis an chath seo. Go h-áithrid baineadh an-stangadh as Ylikangas nuair a fuair sé amach an oiread d'eolas a bhí á cheilt ar an tsaol mhór i gcónaí.
Is é paradacsa mór an chogaidh go mb'é an chiall ba ghnách le seanbhunaíocht ("establishment") choimeádach na sochaí a bhaint as an chogadh seo ná gur cath in éadan cumhacht choimhthíoch - in éadan na Rúise nuabhunaithe Sóibhéadaí - a bhí ann thar aon rud eile, agus an oiread sin de shaoránaigh ár dtíre féin curtha chun báis ag na buaiteoirí. Dá n-abrófaí ón tús gur cath inmheánach eadar na Fionlannaigh a bhí i gceist, bheadh sé i bhfad ní b'éascaí an fhírinne a inse i ndiaidh an iomláin.
Nuair a bhí an rialtas bán ag earcú óglaigh ins an Ostrabóitne, bhunaigh siad a gcuid bolscaireachta ar an mhaíomh nach rabh siad ach ag iarraidh na saighdiúirí Rúiseacha a ruaigeadh as an tír. Baineadh stangadh is geit mhór as na h-óglaigh agus iad ag tuigbheáilt gur Fionlannaigh ab eadh iad na naimhde, cosúil leofa féin. Tá fianaise na gcomhaimsearach ag cúr le h-anailís seo Ylikangas, ar nós a bhfuil le rádh ag Artturi Leinonen sa leabhar Ilkan ja Poutun pojat, a foilsíodh go gairid tar éis deireadh an chogaidh. Ceann urraidh polaitiúil agus intleachtúil de chuid na bhfeirmeoirí beaga san Ostrabóitne a bhí in Leinonen agus é ag tacú le gluaiseacht na nGardaí Bána. Scríobh K.H. Wiik, duine de na Sóisialaigh nár ghlac le h-éirí amach na nGardaí Dearga riamh agus a d'fhan i leataoibh uaidh, scríobh seisean chomh maith gur le cath a chur ar na Rúisigh a bhítí ag earcú óglaigh.
Deir Ylikangas go bhfuil miotas "chogadh na saoirse" fite fuaite le dúchas na nOstrobóitneach, leis an dóigh a ndearcann siad orthu féin inniu. Is é is cúis leis ná an dóigh ar slógadh na hOstrobóitnigh chun cogaidh an chéad uair. hÚradh leofa go rabh siad á n-earcú le díbirt a chur ar na Rúisigh, agus nuair a bhí an "fhírinne oifigiúil" seo cruthaithe, níorbh fhéidir cúlú uaithi a thuilleadh. Mar sin, is iomaí Ostrabóitneach lenár linn féin a gheibheanns deacair glacadh leis gur cogadh cathartha a bhí i gceist thar aon chineál cogaidh eile, agus gur daoiní de mhuintir na Fionlainne féin, seachas Rúisigh, a bhí á gcloí ag "laochra" na hOstrabóitne fadó, agus an urraim a thugtar dófa ina gcúige dúchais inniu féin, ceithre scór bliain in éis an chogaidh.
Is dóigh le hYlikangas gurb é an buanleanúnachas a bhaineanns le polaitíocht na Fionlainne an chúis is tábhachtaí le fad saoil seo na miotas stair, bun os cionn is uile mar atá siad le fírinne na staire. An dream a bhí i mbun na tíre le linn an chogaidh chathartha, níl i lucht rialtais an lae inniu ach clann altrama do chlann clainne altrama an tseandreama seo, agus an seandearcadh beo i gcónaí.
Tá go leor ama caite ag mo dhuine ins an Ghearmáin, áit ar chaith an córas polaitíochta craiceann i ndiaidh a chéile de, ionas nár mhair "fírinne" aon ghlúine ach seal go dtí go dtáinig glúin eile ar an fhód lena gcéill féin a bhaint as an "fhírinne" seo - rud a chrothnaíonns Ylikangas go mór i dtír seo na síorchobhsaíochta a dtugtar an Fhionlainn uirthi. Creideann Ylikangas gur féidir go dtiocfaidh athrú le ballraíocht na Fionlainne ins an Aontas Eorpach, siúd is nach dócha liom féin a leithéid - go dtí seo cha rabh ins an Eoraip ach seans maith ar obair dea-thuarastail do sheansáracháin pholaitíochta ar nós Erkki Liikanen, an daonsóisialach nach rabh aon daonnachtúlachas ná sóisialachas ag roinnt leis riamh.
Tá an leathanach seo bunaithe ar an agallamh le hYlikangas a foilsíodh sa bhliain 1995 ar an tseachtaineán udaí Ny Tid i Heilsincí. Caith súil anseo leis an agallamh a léamh, má tá Sualainnis agat.